Trevor le Martin McGuinness i nGaillimh i rith feachtas Uachtarántachta. |
'Faoin mír maidir le 'Gearradh siar ar Chaiteachas' sa gcáipéis réamh bhuiséad a d'fhoilsigh Fianna Fáil inné, fáiltíonn siad roimh beartais an Rialtais maidir le líon na neagrais Stáit a laghdú. Tá an comhnascadh idir an Choimisinéara agus Oifig an Ombudsman lárnach sa bplean sin. Ní aontaíonn muidne i Sinn Féin leis an seasamh sin agus cuireann sé iontas orainn go dtacaíonn Fianna Fáil leis. Throid pobal na Gaeilge go láidir ar son Acht Teanga agus Oifig an Choimisinéara leis an Acht a chuir i bhfeidhm. Is léir nach raibh comhoibriú dhá fháil ag an gCoimisinéir ó na heagrais Stáit a bhfuil na dualgais teanga seo orthu. In áit díriú ar an easpa comhoibriú a cheartú sé'n chaoi a bhfuil na páirtithe eile ag iarraidh cumhachtaí na h-oifige a lagú', a deir Ó Clochartaigh, 'agus níl sé sin ceart ná cóir'.
Is ceart a rá gur shéan an TD Éamonn Ó Cuív ar Raidío na Gaeltachta ar maidin (1/12/2011) gur féidir an míniú sin a thabhairt ar an doiciméad áirithe sin. Tá Fianna Fáil i bhfabhar roinnt mhaith de na heagrais stáit a chomhnascadh ach ní luadh Oifig an Choimisinéara Teanga ina measc. Dúirt sé go bfhuil Fianna Fáil idir ceannaire agus baill glan ina choinne mar a léiríonn an géar-cheistiúchán a rinne Micael Kitt, urlabhraí FF ar an nGaeltacht sa Dáil le déanaí faoin ábhar.
Ostán Pillo, Gaillimh 2 Nollaig 2011 · 14:00 - 17:00 | Béarla amháin! Ait go leor nuair a chuamar chuig bheathfhaithnéis Trevor Uí Chlochartaigh ar shuíomh Shinn Féin is i mBéarla amháin atá sé. Mar atá ar leathanach Éamon Uí Chuív ar shuíomh Fianna Fáil. |
No comments:
Post a Comment