28.10.09

20 Bl Ciorruithe

Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2009
Caithfear acmhainn na Gaeilge a cosaint ó chiorruithe san 20 bliain romhainn





Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, a bheidh ag labhairt ag Seimineár an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge in Óstán Mount Errigal (Suíomh Béarla amháin), Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ag 11.00rn Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2009, áit a phléifear todhchaí na teanga agus An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais atá le foilsiú roimh dheireadh na bliana seo.

An Ghaeilge: An 20 Bliain Romhainn atá mar theideal ar Sheimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge i mbliana agus beidh Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán an Chonartha agus Éamonn Mac Niallais, Guth na Gaeltachta ag labhairt ag an ócáid mar aon leis an Aire Ó Cuív. Is é Seán Ó Curraoin, Coimisinéir Teanga a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an Sheimineár an Chonartha.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá tábhacht nach beag ag baint leis an bplé ar chur chun cinn agus ar spreagadh úsáid na Gaeilge in Éirinn a dhéanfar ag Seimineár an Chonartha 2009 i bhfianaise an Bhoird Snip Nua agus Tuairisc an Ghrúpa Speisialta um Líon Fostaithe sa tSeirbhís Phoiblí agus um Chláir Chaiteachais a foilsíodh le déanaí. Is ar an bpobal, ar shaoránaigh, atáimid ag brath, agus caithfimid fís chomhdhaonnach a bheith againn chun teacht as an tsáinn a chruthaigh saint náisiúnta agus idirnáisiúnta.

“Ní dhéantar tagairt ar bith don Straitéis 20 Bliain i dTuairisc an Ghrúpa Speisialta agus glacann Conradh na Gaeilge leis dá réir sin nach raibh údair na tuairisce ar an eolas faoi, nó gur cheap siad nach raibh tábhacht leis. Caithfear na moltaí atá déanta ag an nGrúpa Speisialta maidir leis an nGaeilge a mheas in éineacht leis na moltaí a bheidh sa Straitéis 20 Bliain i leith na teanga, chun go dtiocfar ar an mbealach is fiúntaí chun an acmhainn chultúir, chogneolaíochta agus pobail seo a neartú agus a chur chun cinn, agus sin a bheas idir lámha ag Seimineár Oireachtais an Chonartha an Satharn beag seo.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: “Beidh páirt ríthábhachtach le himirt ag pobal na Gaeilge sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus tá Conradh na Gaeilge ag súil go mbeidh an pobal lárnach, ní hamháin sa phlé leis an Aire Ó Cuív faoi thodhchaí na teanga ag Seimineár Oireachtais an Chonartha, ach i gcur i bhfeidhm agus cur chun cinn na straitéise trí chéile amach anseo.”

Beidh deis ag an bpobal ceisteanna agus moltaí a chur maidir le cothú agus cur chun cinn na Gaeilge sa laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht i ndiaidh díospóireacht na n-aoichainteoirí ag an Seimineár. Seolfar an fhéile nua Ghaeilge Rith 2010 agus an feachtas pobail in éadan mholtaí an Bhoird Snip Nua Guth na Gaeltachta i ndiaidh Sheimineár Chonradh na Gaeilge san Óstán Mount Errigal 31 Deireadh Fómhair 2009 ag 1.00in agus ag 1.30in faoi seach.

Share/Save/Bookmark

27.10.09

Cara sa chúirt?

An Ghaeilge sa Chúirt
feachtas eolais seolta ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, le dul i ngleic leis an tuairim go bhfuil “Béarla éigeantach” i bhfeidhm i gcúrsaí dlí, trí phobal labhartha na Gaeilge a chur ar an eolas faoina gceart reachtúil an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt.


“Is cosúil go bhfuil go leor de phobal labhartha na Gaeilge, fiú sna ceantair Ghaeltachta is láidre, nach bhfuil ar an eolas faoina gcearta an Ghaeilge a úsáid i ngnóthaí cúirte nó atá den tuairim láidir gur chun a leasa féin a bheadh sé a gcearta agus a rogha teanga a fhágáil ar leataobh agus dul i muinín an Bhéarla mar theanga réamhshocraithe an dlí,” a dúirt sé.

Níl an drogall seo le feiceáil i measc lucht labhartha teangacha eile. Rinneadh os cionn 10,000 iarratas ar an tSeirbhís Chúirteanna anuraidh d’ateangairí maidir le 71 teanga éagsúil. Bhí an Pholainnis ar bharr an liosta don bhunseirbhís seo atá riachtanach do cheartriaradh an dlí. Ba iad na príomhtheangacha eile Rómáinis, Liotuáinis, Rúisis, Sínis Mhandairín, Laitvis, Portaingéilis, Fraincis, Seicis agus Araibis. “Ní raibh an Ghaeilge fiú i measc na chéad deich dteanga,” a dúirt Seán Ó Cuirreáin.

Is cosúil ó thuairiscí sna meáin chumarsáide go gcosnaíonn an tseirbhís ateangaireachta sna cúirteanna os cionn dhá mhilliún euro sa bhliain. De réir figiúirí oifigiúla a chuir an tSeirbhís Chúirteanna ar fáil don Choimisinéir Teanga, bhí caiteachas faoi bhun €2,000 ar sheirbhísí ateangaireachta Gaeilge sa bhliain 2006 agus thit sé go dtí €1,012 sa bhliain 2007.

“Léiríonn na staitisticí seo a scéal féin,”
a dúirt Seán Ó Cuirreáin. “Ar ndóigh, téann cásanna cúirte áirithe ar aghaidh trí Ghaeilge gan ateangaireacht ar bith sa chás go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag an mbreitheamh agus ag na daoine eile atá páirteach sa chás, ach bheadh céatadán na gcásanna sin fíoríseal ar bhonn bliantúil agus ar scála náisiúnta.”

Tá sé de cheart ag duine an Ghaeilge a úsáid sa chúirt mar fhinné, mar chosantóir, mar ghearánach nó mar íospartach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ní féidir leis an gcúirt aon stró nó caiteachas breise a chur ar dhuine de bharr gur roghnaigh sé nó sí an Ghaeilge seachas an Béarla.

Baineann an ceart seo le haon chúirt agus is ar an gcúirt féin a thiteann sé cibé socrú is cuí a dhéanamh d’ateangaireacht.

Cinntíonn an reachtaíocht teanga freisin nach féidir iallach a chur ar dhuine fianaise a thabhairt in aon teanga ach an teanga oifigiúil is rogha leis nó léi féin. “Ní chuireann an reachtaíocht cosc ar aon bhealach le húsáid teangacha iasachta sa chúirt agus is treascairt ar chearta daonna a bheadh ann a bheith os comhair cúirte gan tuiscint ar theanga na cúirte,” a dúirt an Coimisinéir.

Rinne an Coimisinéir Teanga tagairt do shuirbhé a rinne Ipsos Mori d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (suíomh i mBéarla amháin) i gceantair sa Ghaeltacht sa bhliain 2007 a léirigh go ndúirt 75% den phobal gur fearr a bhí siad ábalta iad féin a chur in iúl trí Ghaeilge ná trí Bhéarla agus iad ag déileáil le lucht gairmiúil leighis.

“Luíonn sé le réasún go mbeadh an scéal amhlaidh agus iad ag déileáil leis na cúirteanna agus le cúrsaí dlí. Tá sé fíorriachtanach go mbeadh tuilleadh eolais ag daoine faoina gcearta teanga agus muinín breise acu nach mbeidís faoi aon mhíbhuntáiste dá roghnóidís an Ghaeilge,” a dúirt Seán Ó Cuirreáin.

“Aithnítear go hidirnáisiúnta gur féidir teangacha atá faoi bhrú a chur i mbaol a gcaillte má chuirtear srianta nó teorainn leis na háiteanna inar féidir iad a úsáid. Má chruthaítear áit níos lárnaí don Ghaeilge sna cúirteanna i gcomhréir leis an reachtaíocht, is chun leas na teanga a bheidh sé,”
a dúirt sé.

Share/Save/Bookmark

20.10.09

Tacaíocht

Ceann ródaithe ó thuaidh

Ghlac Comhairle Contae Dhún na nGall d’aonghuth le rún tacaíochta d’achainí Ghuth na Gaeltachta ar an 28 Meán Fómhair, 2009.

Ag an chruinniú a bhí acu inniu, ghlac siad le leasú ar an rún sin ag moladh gur choir an achainí a sheoladh ar aghaidh go dtí na hÚdaráis Áitiúla ar fud na tíre. Deireann Éamonn Mac Niallais, Urlabhraí, Guth na Gaeltachta, "Iarraimid oraibh mar sin labhairt le bhur gComhairleoirí Contae áitiúla agus iarraidh orthu tacú leis an rún seo nuair a thagann sé os a gcomhair.

"Ár mbuíochas le Comhairleoirí Contae Dhún na nGall as an seasamh aontaithe a ghlac siad don Ghaeltacht agus don Ghaeilge."


Beidh seoladh náisiúnta ag an bhfeachtas ar 1.30i.n. in Óstán an Mount Errigal, Leitir Ceanainn, Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2009 le linn Oireachtas na Gaeilge.
Share/Save/Bookmark

12.10.09

Naonraí

Fás rábach sna Naíonraí gaelacha i lár an Cúlú Eacnamaíochta

Chuir Seán Ó hAdhmaill, Oifigeach Forbartha Forbairt Naíonraí Teo. fáilte roimh oscailt ceithre naíonra nua i mbliana.

Dúirt sé: “Ba mhaith liom comhghairdeas mór ó chroí a dhéanamh le stiúrthóirí agus coistí na cúig naíonraí nua as an dul chun cinn atá déanta acu agus ag obair ullmhúchán go léir atá déanta acu chun cinntiú gur oscail siad i mbliana.”

“Léiríonn oscailt na naíonraí nua seo go bhfuil méadú leanúnach tagtha ar an éileamh ó thuismitheoirí ar an réamhscolaíocht lán-Ghaeilge d’ardchaighdeán. Feictear dúinn go bhfuil tuismitheoirí anois ag aithint níos mó ná riamh buntáistí an luath-thumoideachas iomlán dá gcuid páistí.”

“Táimid i lár cúlú eacnamaíochta mar nach bhfaca go leor do na tuismitheoirí nua riamh ina saol, agus is mian leo an bunús forbartha is fearr a thabhairt dá gcuid páistí. Ofrálann an córas luath-thumoideachas iomlán na naíonraí gaelacha bunchloch an dátheangachais agus na buntáistí breise a thagann uaidh seo, ina measc, buntáistí acadúla, cognaíocha, féinmhuinín, féiniúlachta agus cumarsáide.”


Dúirt Ben Ó Floinn, Cathaoirleach na comhluchta, “Fáiltím go mór roimh oscailt na cúig naíonraí nua agus an fás leanúnach atá ag tagtha ar na naíonraí gaelach thar an tríocha cúig bliain deireanach.
“Tá athraithe móra ag tarlú san earnáil réamhscolaíochta agus i sochaí na hÉireann. Beidh tionchar mór ag cinnidh an Rialtas ar thodhchaí na tíre agus thodhchaí an ghlúin óg. Má chomhlíonfar moltaí ciorruithe Tuairisc an Coimisiún um Cánachas nó Tuairisc Mac Cárthaigh déanfar dochar do struchtúr tacaíochta forbartha an linbh in Éirinn i bhfoirm na seirbhísí cúraim leanaí ina measc siúd na naíonraí gaelacha.”


Seo a leanas na Naíonraí nua a d’oscail i mbliana:

  • Naíonra Lios na nÓg, Áth Luain, Co. na hIarmhí.
  • Naíonra Montessori, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22.
  • Naíonra Grian na nÓg, Rath Cúil, Co. Bhaile Átha Cliath.
  • Naíonra na gCloch Liath, Co. Chill Mhantáin.
  • Little Acorns, Gaillimh, Co. na Gaillimhe.

Tá 205 naíonraí agus naíscoileanna ag feidhmiú sna 32 Chontae lasmuigh den Ghaeltacht ag cur réamhscolaíocht lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.


Cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta a fheidhmíonn lasmuigh den Ghaeltacht a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliamháin ar aghaidh. Tugann Foras na Gaeilge agus POBAL deontais d'FNT.
Share/Save/Bookmark