Showing posts with label Údarás na Gaeltachta. Show all posts
Showing posts with label Údarás na Gaeltachta. Show all posts

29.5.25

Gradaim na Gaeltachta 2025.

Údarás na Gaeltachta ag lorg iarratas ó eagraíochtaí pobail agus coistí deonacha ar fud na Gaeltachta do chomórtas náisiúnta Ghradaim na Gaeltachta 2025. Is deis iontach é seo d'eagraíochtaí a gcuid oibre a chur i láthair agus aitheantas a fháil don obair fhiúntach atá ar siúl acu ina bpobail féin, i gcomórtas atá ag dul ó neart go neart ó bunaíodh é dhá bhliain ó shin.

Pádraig Ó hAoláin 1944-2021
Bronnfar gradam speisialta - Gradam Phádraig Uí hAoláin i mbliana, chomh maith le duaiseanna réigiúnacha do na coistí pobail is fearr. Ainmníodh an gradam i gcuimhne ar iar-Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, fear a bhí ceannródaíoch ina chur chuige agus tiomántas don earnáil forbartha pobail. Tabharfaidh an gradam seo, lena n-áirítear trófaí buan, aitheantas ar leith don choiste nó don eagraíocht dheonach a léiríonn sárobair ina bpobal.

"Is mór an onóir dár gclann go bhfuil gradam á ainmniú i gcuimhne ar m'athair," arsa Fionnuala Ní Aoláin, iníon Phádraig ar son mhuintir Uí hAoláin. "Chaith sé a shaol ag obair ar son phobal na Gaeltachta agus bhí grá mór aige don obair dheonach a rinne daoine ina bpobail féin. Tá sé thar a bheith oiriúnach go mbeidh a chuimhne á cheiliúradh trí aitheantas a thabhairt don obair iontach atá ar siúl ag coistí deonacha ar fud na Gaeltachta. Thar ceann ár gclainne, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hÚdarás na Gaeltachta as an onóir seo a bhronnadh ar oidhreacht m'athar."

Tá réimse leathan catagóirí sa gcomórtas, lena n-áirítear:

  • Fiontraíocht Shóisialta
  • Turasóireacht
  • Timpeallacht
  • Seirbhísí Sóisialta Pobail
  • Obair na gCoistí Pobail
  • Tionscnaimh don Óige

Spreagtar gach eagraíocht agus coiste deonach sa Ghaeltacht le hiarratas a chur isteach, beag beann ar mhéid nó ar réimse oibre roimh spriocdháta an 25 Iúil 2025.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Pobail Réigiúnaí agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta: "I ndiaidh an rath a bhí ar chomórtas na bliana seo caite, táimid ag súil go mór leis na hiarratais a thiocfaidh isteach i mbliana. Bhí caighdeán na n-iarratas an-ard anuraidh agus léirigh sé an obair dochreidte atá ar siúl inár bpobail Ghaeltachta. I mbliana, táimid ag súil le tuilleadh tograí nuálacha a fheiceáil, go háirithe ó na coistí deonacha beaga atá ag obair go dian ina bpobail féin."

"Is mór an onóir dúinn gradam a bhunú in ómós do Phádraig Ó hAoláin, a d'fhág oidhreacht shaibhir i bhforbairt pobail na Gaeltachta," Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin. "Is breisiú tábhachtach é seo ar Ghradaim na Gaeltachta, atá anois sa tríú bliain agus a bhfuil meas agus ardchéim bainte amach acu. Léiríonn an gradam nua seo ár dtiomantas leanúnach don phobal agus don obair dheonach atá mar chroílár shaol na Gaeltachta. Tá súil againn go spreagfaidh an gradam seo níos mó coistí agus eagraíochtaí chun a gcuid oibre luachmhaire a roinnt agus a cheiliúradh."

Moltar do gach eagraíocht agus coiste deonach sa Ghaeltacht smaoineamh ar iarratas a chur isteach agus a gcuid oibre luachmhar a chur os comhair an phobail. 

Ní mór na hiarratais a chuir isteach ar an bhFoirm Iontrála Oifigiúla atá le fáil anseo.


@UdarasnaG #Gaeltacht

Share/Save/Bookmark

8.5.23

Leasú Údarás na Gaeltachta.

Bhí cruinniú de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge de chuid Tithe an Oireachtais ar an gCeadaoin, 3ú lA Bealtaine 2003. Ba ag plé Grinnscrúdú Réamhreachtach ar Cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2022 a bhí an Coiste.

Seo an ráiteas a cuireadh ós comhair an Choiste maidir le Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) a bhí ullmhaithe ag: Donncha Ó hÉallaithe. Shocraigh sé gan é a léamh amach ag an gcruinniú cé go raibh sé ceapaithe len é sin a dhéanamh. Cheap sé gur mó an éifeacht a bheadh le labhairt amach ag breathnú ar na hionadaithe, Teachtaí Dála agus Seanadóirí, seachas bheith ag breathnú ar an bpíosa páipéir os a chomhair. (Má fhéacann tú ar an taifead físe ar shuíomh an Oireachtais ( is féidir leat d'aigne féin a dhéanamh suas faoin sin ar suíomh an choiste féin  -  3 Beal 2023)

Seo, mar sin, a pháipéar a leagadh síos ós comhair ball an Choiste.

Réamhrá.
Cuireadh an tÚdarás ar bun i 1980, mar thoradh ar feachtas a fuair tacaíocht forleathan sna Gaeltachtaí. Údarás tofa go daonlathach a bhí á éileamh ag pobail na Gaeltachta le cumhachtaí forbartha mar a bhíonn ag údarás áitiúil. Faoi reachtaíocht bunaithe, Acht Údarás na Gaeltachta 1979, toghadh 7 den 13 ball den bhord go daonlathach i dtoghchán Nollaig 1979.

Cuireadh deireadh leis an gné daonlathach le Acht na Gaeltachta 2012. Le 10 mbliain anuas tá cead ag na Comhairlí Chontae le ceantair Ghaeltachta faoina gcúram - seachas Comhairle Chathrach na Gaillimhe - ionadaithe a ainmniú ar Bhord an Údaráis.

Fáiltím roimh cinneadh an rialtais toghchán a reachtáil an chéad bhliain eile le go mbeidh deis arís ag pobail na Gaeltachta a gcuid ionadaithe féin a roghnú ar Bhórd an Údaráis.

Moltaí.
Agus an reachtaíocht leasaithe á réiteach le feidhm a thabhairt don chinneadh na toghcháin a athbhunú, ba mhaith liom an deis a thapú le roinnt moltaí a chur os comhair an Chomhchoiste inniu.

1. Go ginearálta fáiltím roimh an chomhdhéanamh atá fógraithe: 10 tofa go daonlathach agus seisear roghnaithe mar thoradh ar chomórtas poiblí. Fáiltím chomh maith roimh an aitheantas atá tugtha i gcomhdhéanamh an bhoird do na Gaeltachtaí beaga, sa mhéid is go mbeidh ionadaíocht bhuan ag na pobail Ghaeltachta i Múscraí, i gCo na Mí agus sna Déise. Ach tá dearmad déanta ar na hoileáin Ghaeltachta: Oileáin Árann, Árann Mór,Tóraigh agus Cléire. Bíonn a gcuid fadhbanna agus riachtanaisí féin ag na pobail sin agus ba mhaith go mbeadh ionadaíocht bhuan acu ar an mbord chomh maith.

2. Eagraíochtaí pobail: Ba mhaith ról a thabhairt do eagraíochtaí pobail i bpróiseas ainmniúcháin na n-iarrthóirí, m.sh. go mbeadh ar dhuine ainmniúchán a fháil ó thrí eagraíocht aitheanta pobail a bheadh cláraithe le Údarás na Gaeltachta. Chuige sin theastódh go mbeadh liosta curtha le chéile de eagraíochtaí aithinte, a chomhlíonadh critéir bhunúsacha.

3. Cathair na Gaillimhe: Ceist achrannach ar cheart go mbeadh vótaí ag daoine i gCathair na Gaillimhe?* Ní dóigh liom go mba cheart ar dhá chúis:
(i) Bheadh níos mó daoine i dteideal vóta a chaitheamh i dToghchán an Údaráis i gCathair na Gaillimhe ná i gConamara ar fad ó Bhearna go Cárna do réir figiúirí daonáireamh 2016.
(ii) Ní bhíodh Údarás na Gaeltachta ag feidhmniú i gCathair na Gaillimhe. Aithníodh é sin nuair nár tugadh aon ionadaíocht ar Bhord an Údaráis do Bhárdas na Gaillimhe sa reachtaíocht Acht na Gaeltacht 2012. Má bhíonn 10,000 vóta i gCathair na Gaillimhe agus na toghcháin á reáchtáil, mar atá beartaithe is cosúil, ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla, d’fhéadfadh sé an toghchán a chur as riocht. Ní bheadh an scéal chomh dona dá leagfaí síos sa reachtaíocht go mbeadh toghcháin an Údaráis ar lá as féin seachas ar an lá céanna le toghcháin eile.

4. Tithíocht: Tá easpa cumhachtaí faoin reachtaíocht ag an Údarás. An bhféadfadh an tÚdarás talamh a chur ar fáil sa nGaeltacht faoin reachtaíocht do thithíocht nó talamh a cheannacht a bheadh feiliúnach do thithíocht? Tá éirithe leis an Údarás fostaíocht a chur ar fáil ach bíonn deacrachtaí ag daoine ón nGaeltacht tithíocht a fháil le gur féidir leo fanacht sa nGaeltacht, clann a thógáil le Gaeilge agus an pobal Gaeltachta a neartú. Ar cheart ról a bheith ag an Údarás le fadhb na tithíochta sa nGaeltacht a réiteach? Más ceart, nár chóir sa mBille nua atá á ullmhú cumhacht tithíochta a thabhairt don Údarás, a cheadódh don eagraíocht talamh feiliúnach a cheannach, cead pleanála imlíneach a fháil, suíomhanna a réiteach agus na suíomhanna a dhíol le lánúin le Gaeilge, go speisialta sna ceantair Ghaeltachta, ina bhfuil an Ghaeilge fós in usáid?
Im thuairimse tá cumhacht tithíochta faoin reachtaíocht riachtanach le go mbeidh an tÚdarás in ann an príomhfheidhm reachtúil a chomhlíonadh: ‘caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh’.


*Aguisín:
Daonra sa gcuid de Chathair na Gaillimhe sa nGaeltacht: 15,300
Daonra i nGaeltachtaí na Mumhan ar fad le chéile: 14,504
Daonra na Gaeltachta óna Forbacha siar go Cárna: 14,194

[Foinse: CSO, Daonáireamh 2016]


Share/Save/Bookmark

31.5.19

Athmhuscailt ó thuaidh?

"Macalla as cnoic agus gleannta na Gaeltachta?"

Cuireadh fógra mór in airde i gceartlár Ghaoth Dobhair agus ar dhroichead Chroithlí le déanaí, ag cur tús le feachtas le toghcháin a thabhairt ar ais fá choinne bhord Údarás na Gaeltachta. Céard faoi na ceantair eile Ghaeltachta?

Chuir Dinny McGinley, (Fo-Aire Ghaeltachta 2011 - 2016) deireadh leis na toghcháin thiar i 2012 nuair a bhí sé ina Aire Gaeltachta, ag rá ag an am go raibh barraíocht costais le toghcháin. Nuair a cuireadh deireadh le díospóireacht ar Ach na Gaeltachta i mí Iúl 2012 shúil an freasúra amach. Níos moille an bhliain chéanna, d’inis sé do choiste Oireachtais go sábhálfadh an stát €500,000.  Dúirt an Fo-Aire i ráitis fhrithráiteacha, "...táimid ag tabhairt láimhe do mhuintir na Gaeltacht ina giniúint teanga féin...."

Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga ag an am, "Tá Acht Gaeltachta nua achtaithe agus níor bhain an fháilte a cuireadh roimhe aon mhacalla as cnoic agus gleannta na Gaeltachta. D’athraigh sé an struchtúr atá ar bhord an Údaráis agus bhronn sé cúraimí pleanála teanga nár iarr siad féin ar phobail na Gaeltachta agus na Gaeilge i gcomhar leis an Údarás agus Foras na Gaeilge. Ní ar phobail áitiúla a d’fhágfaí an fhreagracht maidir le pleanáil eacnamaíochta ná ní faoina gcúram a d’fhágfaí cinntí faoi fhorbairt tithíochta, bóithre ná cúrsaí comhshaoil. Ach cúrsaí teanga, bhuel, sin scéal eile!"1

Bhí an Ghaeltacht faoi ionsaí ag rialtas Fianna Fáil/Comhaontas Glas agus ó rialtas úr Fine Gael/Lucht Oibre. Gearradh buiséad an Údaráis go leanúnach ó €25 milliún i 2008 go dtí €6 milliún i 2011.

Nuair a bunaíodh eagraíocht pobail le cur in éadan na gciorruithe seo, cuireadh ina tost í nuair a bhagair an rialtas an t-urlabhraí a bhriseadh as a phost mar gharraíodóir.

Údarás neamhionadaithe!
Ó shin, chuir an tÚdarás straitéis úr ar fad in áit, na coistí pleanála teanga. Mar a dúirt Seán Ó Cuirreáin ag an am faoi pholasaí an Stáit: "Ag tráth go bhfuil an státchóras ag díriú i dtreo dualgais phleanála teanga a leagan ar na pobail féin sa Ghaeltacht, creidim go mbeadh sé áiféiseach go mbeadh an státchóras féin ag brú Béarla orthu lena gcuid gnóthaí a dhéanamh. B’ionann sin agus an Stát ag rá le pobal na Gaeltachta 'Labhraígí Gaeilge le chéile, coinnígí beo í mar theanga pobail ach ná labhraígí linne í!'"2

Taobh istigh de sé mhí  d'éirigh sé as mar Coimisiinéir ionas nach mbeidh sé "páirteach sa chur i gcéill!"

Cé gur dhúirt an Rialtas gur éirigh an straitéis as moltaí Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch Ar Úsáid Na Gaeilge Sa Ghaeltacht (2007), sáraíonn cuid de straitéis an Údaráis moltaí an staidéir. Mar shampla, cé gur moladh gur chóir caitheamh le ceantar Gaeltachta mar aonad amháin teangeolaíoch, rinneadh an ceantar Gaeltachta i dTír Chonaill a scoilt ina dhá chuid agus tá a gcoistí féin ag na hoileáin. Tá Conamara scoilte mar an gcéanna.3

Deir na saineolaithe uilig gur seo an seans deireanach leis an Ghaeltacht a chaomhnú agus níl ciall nó réasún leis nach bhfuil baill thofa ar bhord an Údaráis leis an obair thábhachtach seo a stiúradh. Tá sé thar am ag an rialtas an daonlathas a thabhairt isteach ar ais sa Ghaeltacht agus toghcháin don bhord a fhógairt.

Má thugtar bord tofa isteach, beidh pobal na Gaeltachta ag cur brú orthu déanamh cinnte go bhfuil achan chruinniú boird foscailte don phobal agus go mbeadh siad uilig craolta beo ar an idirlíon sa dóigh is go bhfuil an pobal ábalta feiceáil daofa féin caidé mar a dhéanann an bord cinneadh ar na dúshláin tromchúiseacha atá os comhar phobal na Gaeltachta.

1. Moill, moilliú nó stopadh? (3 Meán Fomhair 2013).

2:  Fochoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, (23 Eanáir 2014).

3: Scoilt i nGaeltacht Chonamara! (26 Meith 2018)


Share/Save/Bookmark

28.5.18

Plean forbartha le cur le chéile!

Tá preas ráiteas éisithe ag Coiste Jabanna do Cheantair Iorras le fáilte roimh cinneadh an Údaráis plean forbartha a thosú don gceantair.

"Tá Coiste Jabanna do cheantar Iorras Aithneach an-sásta go bhfuil Údarás na Gaeltachta sásta Plean Forbartha a chur le chéile don cheantar. Tá sí ríthábhachtach plean a ullmhú don áit chun todhchaí na háite a shlánú. 

Molann muid go hard ÚnaG agus na hiarrachtaí atá siad ag déanamh chun an áit a chur chun cinn. É sin ráite, is iontach an rud plean forbartha a bheith ar na bacáin ach caithfear déanamh cinnte anois go gcuirfear ag obair é. Tá súil againn go mbeidh ionchur ag an gcoiste sa bplean a chuirfear le chéile. 

Creideann muid go dteastaíonn tascfhórsa chun é seo a chur chun cinn agus bhí an tAire Seán Kyne agus comhairleoirí Contae ar aon intinn linn ar seo freisin nuair a bhuail muid leo le gairid."




Share/Save/Bookmark

12.3.16

An baile s'againne! - an Ghaeltacht digiteach! #PnaG

"Tá daoine ag cúrdach pobal.... tá pobal againne!"


An Baile Beag
Bhí mé ocáid an suimiúil ar siúl i rith na seachtaine a bhí ag plé "Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach!" Deirtear liom go minic gur giolcaire neamhshrianta mé, "ar an ríomhaire i gcónaí," bhí orm dul ann. Agus bfhiú an lá iomlán a caitheam i measc iad siúd ar a bhfuil aithne agam, ní le buaileadh leo sa "fíor shaol" ach is saol eile atá bfhéidir ar bhealach chomh fíor leis - an saoil "réaltachta fíorúla!"

B'íontach buaileadh le daoine cosúil le @andycaomhanach - Fear an Ríomhairí,  @TomaiRua - an Ruabhlóidí iomráiteach, agus @kscanne, laoch fíorúla na dteangacha dúchasacha mar aon le daoine eile.

V.R. - mar a bhí 20 bl ó shin mar atá anois
Bhí léiriú an spéisiúil ó James Corbett (Simvirtua) ag taispeáint an dul chun chinn atá déanta i ngort na Réaltachta Fhíorúla. Tá sé ann anois is cosúil agus tá an cuma air go n-athródh sé ár saol amach anseo, luath nó mall.

Ní raibh fhios ag a lán dúinn an méid oibre atá ar siúl in "earnáil na Gaeilge" ó thaobh acmhainní agus taighde agus tá gá le cruinnithe mar seo le oan obair seo a nochtadh don saol mór. Obair mar atá ag Forbairt in Olscoill Cathair Bhaile Átha Cliath ar tearma.ie (agus na chomh suíomhanna) agus Foras na Gaeilge ar focloir.ie, mar aon le h-obair le do na scoileanna.

Bhí an léiriú ar an obair atá ar siúl ag na hollscoileanna eile agus ar úsáid na teichneolaíochta ar líne - daoine ag úsáid na Gaeilge sna meán shóisialta. Bhí tagairt don nos atá ag Pobal na Gaeilge, sa Ghaeltacht fiú, ag úsáid Béarla sna meán nua seo. Ach i ndairíre tá an-chuid á phostáil i nGaeilge agus tá an méid sin ag méadú an t-am ar fad. Ach is ceart chuir leis a dúirt Eilís Ní Dhúill ó OEG. "Bígí ag tuíteáil i nGaeilge!" a dúirt sí ag deireadh a píosa cainte!

Neart Gaeilge ag an Dalai Lama!
Léríodh todhchaí mheáin na Gaeilge ar-líne ag eagarthóir Tuairisc.ie, agus ubhlábhraí ó TG4 & NÓS. Bhí duine le bheith ann ó RTÉ ach bhí se tinn agus ní raibh sé i ndán bheith linn. Sa mír seo chuir Tommaí Rua Ó Chonghaile, in aithne dúinn a shean chara an Dalaí Láma agus a dhearcadh ghéarchúiseach ar an nGaeilge.

Ag an deireadh bhi scrudú ar an obair atá á dhéanamh le forbairt a dhéanamh ar líne. Breatníodh ar an tionscnamh ag Conradh na Gaeilge, Peig.ie á fhorbairt mar "Lár-phointe eolais ar shaol na Gaeilge." Bhí léiriú ar ghníomhaíocht ag gluaiseacht i dtreo Ghaeltacht fhíorúil ag Ciarán Ó Cofaigh , "Mairfidh tú go deo ar lín, ábhar dóchais don Ghael!" Dúirt sé nach bhfuil aon teorainn ann ar líne ach teorainn na samhlaíóchta.

Pic ó Peig.ie
Bhi an tOll Kevin Scannell ag caint faoi a dtaithí féin agus a chuid oibre le teangaí dúchasacha - is fuath leis an tearma "mionteanga" - níl a leithéad ann dár leis is móre teangacha iad uilig is cuma cé mhéid daoine atá a n-úsáid. Rine sé tagairt do bheirt cheannródaithe i saol na dteangacha dúchasacha duine sa Siséivis sa Mhaláiv, Edmond Kachale,  agus Michael Bauer i nGaeilge na hAlban atá ag déanamh obair na gcapal ag chuir an teicneolaíocht in oiriúnt dá dteangacha éagsúla. Tá sé tabhachtach a rá go raibh an Ghaeilge ar an bhfód i bhfad roimh Google ná Facebook agus beidh sí ann nuair a bheidh siad imithe. mar aon le h-aon teang ar sa saol digiteach tá gá le  saineolas teicniúil, saineolas teanga, acmhainní agus comhoibriú. (tá nos mó ar a dúirt se i d tuairisc.ie‘Ní mór don phobal agus don Rialtas araon brú a chur ar leithéidí Apple agus Google tacú leis an nGaeilge’

Bhí mír amháin ann áfach a chuir beagáinín díomá ann agus b'shin an chaint a thug Aodhán Mac Cormaic ón Roinn OEG. An Straitéis Dhigiteach a bhí air agus bhí mé ag súil gur faoi straitéis an Rialtais a bheidh sé, ag tabhairt dúinn léiriú ar atá beartaithe ag Rialtas na hÉireann a láithreacht in nGaeilge ar líne agus sa saol VR a fhorbairt. Ní mar sin a bhí agus cé go raibh sé an suimiúl (agus thár a bheith tabhachtach) an obair atá ar siúl agus an maoiniú atá ar fáil ón roinn don obair ar fhorbairt na Gaeilge féin mar theanga digiteach is beag a bhí ann, má bhí aon rud ann, a gcabhródh pobal na Gaeilge ceadúnas tiomána a fháil ar líne "gan ceist gan coinníol."  Ba thrua liom san.

Tríd is tríd is mór an rud é tionól mar seo a bheith ann, agus bhí a lán le foghlaim ann. Níl anseo agam ach blaseadh an bheag den méid a tháral ann agus mát tá fonn ort níos mó a fhaíl b'fhiú bhrathnó ar na tuíteanna go léir a roinneadh i rith na cruinnithe faoin haisclib #PnaG.

Molaim Gréasáin na Meán agus Rosg a d'eagraigh é le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta. Agus tá súil agam go mbeidh ceann eile ann amach anseo.



Share/Save/Bookmark

21.11.15

An Ghaeilge - oileáinín beag san fharraige amuigh ar Mapa an Stáit! @UdarasnaG @ForasnaGaeilge @ceartateanga

Stádas na Gaeilge i dtosaíochtaí an Stáit - oileáinín beag san fharraige amuigh! (Irish Times & Zero-G)
Nuair a labhair Iar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin le Coiste Oireachtais ag tús na bliaina seo caite rinne sé trácht ar rud a dúirt Seosamh Mac Donnachadh agus é ag caint faoin Stráitéis 20 Bliain sa bhliain 2013. Dúirt sé:

“níl againn ach fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – fo-rannóg de roinn atá mór agus ilghnéitheach...Agus tá an fho-rannóg sin lonnaithe i bhfad ó lár na cumhachta (thiar sna Forbacha i gConamara); tá siad ag bun an tslabhra cumhachta inmheánaigh laistigh dá Roinn féin; agus tá an mháthair-Roinn atá acu ag bun an tslabhra cumhachta lena mbaineann na Ranna Stáit i gcoitinne, rud a fhágann gur deacair di mórthionchar a imirt ar cheapadh polasaí ná ar fheidhmiú polasaí na Rann eile sin a bhfuil ról lárnach acu i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge...”

Tá alt san Irish Times inniú, Mapping the State, (Béarla 21/11/2015) a theaspáineann cé chomh cruinn a bhí an méid a dúirt sé. Rinne foireann Zero-G (Béarla), comhlucht dearadh lonnaithe i mBaile Átha Cliath (ar ndóigh!) learscáil bunnaithe ar an stáit. Tá an dearadh bunaithe ar méid bhuiséid gach rannóg agus ar tuairimí na dearthóirí ar an tabhacht nó an tionchar ata ag gach rannóg. Mar sin tá méid gach rannóg bunaithe ar an méid airgid atá tugtha dóibh agus an áit ina bhfuil siad an tábhacht agus an tionchar atá acu. Deireann duine de na deartheóirí gur roghbhlúire é an learscáil seo ar "tosaíochtaí na hÉireann!"  (Tá an mapa féin le feiscint ag Teach na gCóistí i gCaisleáin Dubhlinne go dtí deireadh Mí na Nollag!)

Deirtear san alt:
“These are placements based on our gut feeling . . . and what we’ve seen over the past few years. Our gut feeling would be that Justice and Equality has a lot of power.


"The same could not be said, for the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht. Even though it’s really important in terms of national profile, in terms of funding, the drop since the recession might suggest that is not as important as other aspects.”

Is beag ná nach féidir linn an Roinn a fheiscint tá sé chomh fada san ar dheis ar an mapa. agus tá trí oileáin beag siar ó dheas (Corca Dorca?) uaidh d'Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus an Coimisinéir Teanga.

Nach dearbhíonn sé seo "go bhfuil an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí?"


An féidir éinne sa Stáit Chóras é sin a shéanadh?
Fó rannóg de Roinn mór agus ilghnéitheach i bhfad ó lár ionad na cumhachta!


Share/Save/Bookmark

1.1.15

Friotal an chine?

Is gá do phobal na Gaeltachta freagracht a ghlacadh, is cinnte nach féidir bheith ag brath ar an stát.

Chuir an clár "An mar a chéile muid?" an chuid daoine ag smaoineamh, mé fhéin ina measc! Is cuimhin liom go maith an floscadh ag an am sin. An caint, an argóint, an polataíocht, agus eile. Léigh mé píosaí sna seascadaí ag  Deasún Fennell san Sunday Press ag caint faoin borradh a bhí ag tosú i nGaeltacht Iarthar na Gaillimhe, go raibh sé de mhisneach aige a shaol agus saol a chlainne a athrú go h-iomlán ar imeall na Farraige i Muighnis, nó mar a scríobh sé fhéin Maoinis, (nod d'fhear mór na Síne).

Bóithre na smaointe!
Thuig mé, mar duine nach ón tuath mé agus ar bheagán Ghaeilge, go raibh "rud éigin" aige mar a déarfá. Thuig sé nach faoi theanga amháin gur cóir dúinn ár n-iarrachtaí a dhíriú, ach ar phobal.  Thuig sé nár leor screamh Ghaeilge a bhualadh anuas ar smaointe lucht an Bhéarla. Ar ndóigh mar fáidh in aon tír níor ghlacadh leis a bhí á rá aige. Seafóid, cumanachas, briongloídi a dúradh ach maidir liom féin ba guth nua a bhí ann agus dár liom bhí radharc éagsúil aige a thuig mé agus a bhí difriúil ón na siobailit ag Gluaiseacht na Gaeilge agus ag an mbunaíocht bunaithe san bPríomh Chathair.

Níl fhios agam an toisc smaointe Fennell nó an as a stuaim féin d'éirigh ag an am céanna rud éigin nua sa Ghaeltacht, Conamara, Tír Chonaill agu Corca Dhuibhne. Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Geltachta a bhí ar i gConamara agus bhí níos mó eolas agam-sa ar an gceantair sin, an ceantair ar bhaist Fennell leis an tsean-ainm Iarchonnacht. Ar ndóigh bhí easaontas ann ní h-amháin i measc Pobal Chonamara ("Níl sibh ceart agus níl sibh sibhialta!" a dúradh mar luaigh Seosamh Ó Cuaig in alt le déanaí.), ach i measc baill GCnaG féin agus idir iad féin agus Fennell, agus (ar ndóigh) ag "lucht Bhaile Átha Cliath", an cuid is mó de bunaithe ar mí thuiscint. Fiú inniú nuair a luadh an tearma a bhí á úsáid ag Fennell, "Iosráel in Iarchonnachta!" deireann daoine gur seafóid nó rud níos measa fós atá ansin. Tá sé éasca rud a ionsaí mar sin ach nach fiú go mór rudaí a iniúcadh sular caithtear amach iad? Dár liomsa nuair atá duine ag cáineadh smaointe nua ní mór é a iniúcadh ar dtús agus ansin moladh níos fearr a chuir ós ár gcomhair.

Ach ar bhealach nach beag bhíodar, Fennell agus GCnaG agus na dreamanna sna ceantracha eile Gaeltachta,  ag troid ar son rud céanna, cumhacht a thabhairt thár n-ais don phobal, cumhacht atá sciobtha ó Phobal Chonamara, (agus Pobal na hÉireann i gcoitinne) le fada. Ar ndóigh sa Ghaeltacht tá rud éigin so-bhreis thar Phobal ar bith eile, traidisiúin ársa cheoil, amhránaíochta, teanga a síneann siar níos mó na míle bliain agus rud atá a chur faoi chois ag maorlathas na tíre. Agus inniú? Nach bhfuil sé "..á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí....go bhfuil fórsaí níos láidre agus níos forleithne fós ann ar cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta." (Seán Ó Cuirreáin, Eanáir 2014)



Do Dheasún

Guth ag glaoch san fhásach
ar an taobh eile den tSionainn!
Guth dúchas é, guth a thuigim,
ach cé ghéillfidh dó?

Is ionann a fhriotal

agus friotal an chine:
is ionall a aisling
agus aisling na Romani,
a tháining go hÁrainn.
Ach tá na céadta blian,
agus na glúnta máthar,
idir sinn agus iad.

Ba é liodán na máthar

ina hainnise is ina brácha:
'Soir leat a ghatlaigh,
fag an Gaeilge ag na faoileáin!
Soir leat ón mbualtrach
go sráide na cathrach
go só agus teaspach.
Níl ach ceachtaireacht thiar!'

Tá caiseal le tógáil!

Tá teallaigh le cóiriú!
Tá anam le beoú!
Tá ríocht nua le gnóthú!

Pádraig Ó Fiannachta, Inniú 28 Márta 1969
Bhí sé mar seo i gcónaí!
Ní rud nua é seo áfach mar sa bhliain 1922 agus an triú Dáil ina suí dúirt Pádraig Ó Conaire: "Sa tríú Dáil nuair a bheidh ceist an-chorraithe á phlé (sic) ag na teachtairí, is beag alt ann nach gcuirfear ina naghaidh. Ach bíonn gach duine dearfa gurb é an t-alt a bhaineann leis an teanga Ghaeilge an t-aon alt amháin nach gcuirfear ina aghaidh ... Agus tá daoine ar an tríú dáil seo, agus ní hé amháinn gur cuma leo an teanga ach is fuath leo í ina chroí istigh - cén fath mar sin, nach gcuireann said in aghaidh an ailt seo atá i gceist agam? An é an chaoi gur dóigh leo go mbeadh sé fánach acu? Ní hea ar chor ar bith, ach go bhfuil fhios acu go rímhaith nach bhfuil san alt ach ornáideachas. Tá a fhios ag cáirde na teanga é chomh maith le naimhde na teanga, agus fagann an dá dhream mar sin é mar scéal"

Bhí an méid sin fíor go dtí 2012 nuair a brúadh Acht na Gaeltachta sa Dáil gan tacaíocht ón Fhreasúra nuair a shiúladar amach.

Ar na imeall
Ach mar a dúirt mé ní ceist teanga amháin atá anseo. Is gnáth daoine iad pobal na Gaeltachta, ní gníomhairí teanga iad, ní fhreathnaíonn siad ortha féin mar iarsmalann nó foinnse na Gaeilge. Is léir go gceapann an Rialtas FG/LO é sin mar níl ann "..ach fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – fo-rannóg de roinn atá mór agus ilghnéitheach...Agus tá an fho-rannóg sin lonnaithe i bhfad ó lár na cumhachta (thiar sna Forbacha i gConamara)." (Seosamh Mac Donnacha)  Bhí níos mó chiall leis an mar chuid den Roinn Pobal, Tuaithe & Gaeltachta ná chuid de Roinn na hEalaíona agus Iarsmalanna.

Tá mo chuid thuairimí féin ar chonas ar éirigh leo a chuid aidhmeanna a bhaint amach. An rud is tabhachtaí a tháinig as ná Raidío na Gaeltachta, rud a nascann na ceantreacha le chéile. (Ach an bhfuil baol anois ann "Má leanann cúrsaí mar atá, feicim an lá nach mbeidh i TG4 & RnaG ach rannógaí do i RTE, BAC agus ní bheith gá le Roinn ná Udáras, " Seán Ó Cualáin ar twitter 30/12/2014)

Smaointe eile!
• Aindrias Ó Cathasaigh 5/1/2015
• Aonghus Ó hAlmhain 31/12/2014
• Conchbbhair Ó Liatháin 31/12/2014
Roim an gclár
• Seosamh Ó Cuaig 30/1/2014
Cé dhéanfaidh é?
Ach is beag ó thaobh caomhniú phobail atá déanta ag an "establishment." Sea, chuireadar infhéistiú i monarchanna ach is beag aird a thugadar don teanga nó do chultúr na ndaoine. Mar sin is in olcas atá rudaí ag dul. Mar a dúirt Joe Steve Ó Neachtain, cén mhaitheas a bheidh le pé dul chun cinn atá déanta más pobal Béarla a bheidh ann ag an deireadh?

Dár liomsa an teip is mó a bhí ann na Údarás na Gaeltachta gan bheith ina Chomhairle Chontae, tofa ag an bpobal le cumhacht chomhairle chontae ar chursaí pleanála, bóithre, reiligí, uisce agus na rudaí a bhaineann le saol an gnáth duine agus bhí áthas orm gurb é sin ceann de na rudaí a lúadh go láidir ar an gclár ag an dream nua. Is gá do phobal na Gaeltachta freagracht a ghlacadh, ni féidir brath ar an stát.

Dúradh san chlár úd tá jab anois le críochniú ag comharbaí na Gluaiseachta. Mar a scríobh an tAth Pádraig Ó Fiannachta i 1969.

"Tá caiseal le tógáil!
"Tá teallaigh le cóiriú!
"Tá anam le beoú!
"Tá ríocht nua le gnóthú!"



Share/Save/Bookmark

2.10.14

Teachtaireacht ón Rialtas: "Is cuma faoin nGaeltacht agus faoin dteanga náisiúnta"


Dúirt Seán Ó Cuirreáin agus é ag éirí as oifig mar Coimisinéir Teanga: "Mura féidir leis an Stát aghaidh a thabhairt ar an dá ghné sin – úsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta agus cinntiú go mbeadh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí ‒ nuair a bheidh an tAcht á leasú, creidim go dtuigfear ansin gur mugadh magadh, briolla brealla nó bréaga a bheas i gceist. Tráth a bhfuil muid ag teannadh lenár bhflaitheas eacnamaíoch a fháil ar ais, ba mhór an feall é dá gcaillfimis ár bhflaitheas teanga – bunchloch dár bhféiniúlacht chultúrtha, dár n-oidhreacht agus dár n-anam mar náisiún. Creidim gur measa mar bhaol é sin anois ná riamh." (4/12/2013 - le Coiste Oireachtais)

Cearta á shéanadh?
Tá mé ag ceapadh go ládraíonn na grafanna atá leis an alt seo an méid a dúirt se - an easpa suime agus leanúint polasaithe i leith na Gaeilge ó 1928 ar aghaidh. "Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis: is deacair brí ar bith eile a bhaint as polasaí an stáit ó 1928 ar aghaidh." (2/9/2013 - Oscailt Choláiste na hÉireann)

Is gá cothrom na féinne a thabhairt don Ghaeltacht sa cháinaisnéis. Níl dabht ar domhain ná gur gá na forais le freagracht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a mhaoiniú i gceart. Stop a chur le haon laghdú eile ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, TG4, na ranna cuí agus na buiséid sin a mhéadú go straitéiseach go bliantúil.

Má breathnítear ar na figiúirí tá sé soiléir nach bhfuil suim ag an státchóras i bpobal na Gaeltachta ná i lucht labhartha na Gaeilge.

Údarás na Gaeltachta.
Is léir ón ngraf thíos a léiríonn an t-athrú i mbuiséid caipitil na n-áisíneachtaí Stáit ó 2007 go 2012 go bhfuil slad déanta ar bhuiséad Údarás na Gaeilge go háirithe.

Tá sé deacair an slad seo a thuiscint i gcomhthéacs na géarchéime sa tír ó thaobh fostaíochta de. Luífeadh sé le ciall go mbeadh breis infheistíochta déanta le cur ar chumas an Údaráis fostaíocht a chruthú.

  • Íslíodh buiséad caipitil an Údaráis ó €22.5 milliún in 2007 go €5.938 milliún in 2012, laghdú de 74%. Sa tréimhse chéanna méadaíodh buiséad an IDA 8% agus buiséad Fiontraíocht Éireann 38% (ní amháin sin ach tugadh breis airgid dóibh sna blianta is deacra den chúlú eacnamaíochta - 2009 i gcás Fiontraíocht Éireann agus 2010 i gcás an IDA)
  • Mar thoradh ar an slad seo tá líon na bhfostaithe i gcliant‐chomhlachtaí an Údaráis tar éis titim go suntasach agus tá srian mór ar chumas an Údaráis fostaíocht nua a chruthú agus infheistíochta a dhéanamh i mbonneagar gnó.
  • Dar ndóigh, tá dlúthbhaint idir fostaíocht sa Ghaeltacht agus inmharthanacht na Gaeltachta. Bíonn caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge ag croílár ghníomhaíochtaí an Údaráis
  • De réir mheastacháin an Údaráis féin, bheadh toradh fiúntach don Ghaeltacht agus don stát trí chéile dá méadófaí buiséad Údarás na Gaeltachta ó €6 mhilliún go €12 mhilliún ó 2015-17
  • Faoi láthair, tá c.7,000 post lánaimseartha i gcliant chomhlachtaí an Údaráis sa Ghaeltacht, agus cruthaítear c.500 post nua gach bliain. Chun 1,000 post nua breise a chruthú anuas ar sin, sna 3 bliana atá romhainn, teastaíonn buiséad an Údaráis a mhéadú go €12m in aghaidh na bliana (2015- 2017). Leis an 1,000 post nua breise seo, bheadh tionchar eacnamaíochta de luach €42m don Stáit agus €10m i gcáin aisíoctha don stáit-chiste.


Chun stáit eacnamaíochta an Gaeltachta a dhaingniú ní mór buiséad caipitil de €12 mhilliún a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta sa cháinaisnéis do 2015

Agus cad faoi Foras na Gaeilge?

Suíomh Reatha:
Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge, eagraíochtaí eile agus grúpaí pobail ar fud an oileáin le stádas na Gaeilge, le cumas an phobail sa Ghaeilge agus le híomhá na teanga a láidriú.

Is léir ón ngraf thíos, a léiríonn an t-athrú i mbuiséid na Comhairle Ealaíon1 agus Foras na Gaeilge ó 2001 go 2013, nach raibh aon mhéadú suntasach i mbuiséad an Fhorais ó cuireadh ar bun é, fiú i rith an tíogair Cheiltigh nuair a tugadh méaduithe móra do bhuiséid áisíneachtaí stáit éagsúla ar nós na Comhairle Ealaíon:
Níl ann sa chomparáid leis an gComhairle Ealaíon ach comparáid le háisíneacht stáit eile a dhéanann obair chomhchosúil. Is chóir gan amhras an Chomhairle Ealaíon a mhaoiniú níos fearr ná mar atá faoi láthair.
Ní amháin sin ach nuair a chuirtear an boilsciú treoiruimhir praghsanna san áireamh tá léiriú scanrúil thíos den laghdú 21% ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge ó 2001 go 2013 agus laghdú 41% measta go 2015:

Fíor-mhaoiniú Fhoras na Gaeilge le boilsciú treoiruimhir praghsanna san áireamh ó 2001 (2014 & 2015 mar mheastachán)

Mar is eol dúinn go léir, tá drochthorthaí i ndiaidh éirí as an easpa infheistíochta i mbuiséad an Fhorais, ar nós nach mbeidh nuachtán Gaeilge i gcló a thuilleadh, go bhfuil deireadh le maoiniú do roinnt mhaith eagraíochtaí Gaeilge, go bhfuil deireadh le maoiniú d’irisí Gaeilge éagsúla, go bhfuil bac ar fhás agus ar fhorbairt tograí reatha agus nua

Luach eacnamúil
Tá luach eacnamúil leis an nGaeilge don gheilleagar, m.sh. is fiú €6 mhilliún don bhaile / chathair a mbíonn an tOireachtas eagraithe ann; is fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar na Gaillimhe go bliantúil; is fiú os cionn €20 milliún na coláistí samhraidh Gaeilge don gheilleagar. Is fiú a infheistiú mar sin i bhForas na Gaeilge ní amháin leis an teanga a láidriú ach leis an ngeilleagar a neartú chomh maith

Mar sin ní cheart , ar a laghad, aon chiorrú a dhéanamh ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge sa cháinaisnéis do 2015.



Share/Save/Bookmark

16.5.13

"Easpa tuisceana an Aire soiléar!"

Easpa tuisceana Aire na Gaeltachta ar chúrsaí Gaeltachta soiléir

Aire Dinny McGinley
‘Tá an easpa tuisceana atá ag Aire na Gaeltachta ar riachtanais na pobail Ghaeltachta Dinny McGinley léirithe aige san u-chasadh atá déanta aige ar na Limistéír Pleanála Teanga’, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. ‘Tá sé soiléir de bharr an chead atá tugtha ag an Aire d’Údarás na Gaeltachta líon na limistéir teanga a bheidh ag cur an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a athrú ó 19 go 26 go raibh an ceart ag Sinn Féin le linn na díospóireachta ar Bhille na Gaeltachta’, dar le Seanadoir Ghaillimh Thiar. (Ar ndóigh tá an poinnte seo déanta ag níos mó ná Sinn Féin le níos mó ná bliain anuas mar shampla nuair a shiúl an Freasúra sa Dáil ina iomláine amach i mí Iúl - "Tacaíocht iomlán don siúl amach!" Iul 2012.)

‘Tharraing muid an ábhar seo anuas leis an Aire le linn na díospóireachta sa Seanad agus sa Dáil anuraidh ag ra nach raibh bun ná barr leis an leagan amach a bhí aige. Is léir anois go n-aontaíonn Údarás na Gaeltachta linn agus gurb shin an fáth a bhfuil a intinn athraithe ag an Aire ina leith seo’.

‘Tá amhras orm go léiríonn seo fadhb níos bunasaí maidir le cur chuige an Aire. Is léir dom ó ráitis atá déanta aige le tamall agus le rudaí a dhéanann Airí Rialtais éagsúla nach dtuigeann siad an ghéarchéim ina bhfuil an teanga sa nGaeltacht, nach bhfuil siad dáiríre faoi cur chun cinn na teanga sa nGaeltacht agus go bhfuil an Straitéis Fiche Bliain i mbaol mar gheall ar cur chuige lochtach an Rialtais’.
Na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta (Údarás na Gaeltachta)
ráiteas éisithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus seo a deireann Kevin De Barra, Stiurthóir na Chomdhála, “Tá bliain caite anois ón uair a fógraíodh na ceantair pleanála teanga (26 Aibreán 2012), agus níl scála ama curtha leis an bpróiseas, nó níl spriocanna sonracha leagtha síos go fóill. Tá an obair seo iontach práinneach, agus is gá tabhairt faoi láithreach. Is gá spriocanna soiléire agus amchlár réadúil a aontú ionas go dtuigfidh na páirtithe ar fad a bhfuil le déanamh acu féin chun mórspriocanna na straitéise a bhaint amach.
"Cé gur dúradh anuraidh gur príomheagraíocht cinnireachta ar cheart a bheith ag stiúradh an phróisis i ngach ceantar, is gá breathnú arís air seo, agus féachaint ar phleananna áitiúla laistigh de na mórlimistéir agus iad siúd a thabhairt chun cinn i gcomhar leis an bpobal áitiúil”.

Tá curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta do Gaelport.com go dtuigtear dóibh óna phlé leis an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta go ndéanfar fógra oifigiúil maidir le comhdhéanamh na Limistéar Pleanála Teanga faoi lár an tsamhraidh.
Share/Save/Bookmark

6.12.12

Ciorraithe ar son na teanga? Céad amharc ar an gcáinfhaisnéis!

Airigead roinn na Gaeltachta laghdaithe €2,413,000 don bhliain seo chugainn ach "tacófaí leis an Straitéis 20 Bliain na Gaeilge!"

Dúirt an tAire Stáit Dinny McGinley go gcreideann sé go bhfuil soláthar dóthanach curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta, d'Oifig an Choimisinéara Teanga agus don Fhoras Teanga, lena n-áirítear Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, chun cur ar a gcumas a gcuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh le linn 2013.

I bpreaseisiúint a foilsíodh inné ar an gcáinfháisnéis dúirt sé, "Cé go bhfuil cinntí crua le tógáil againn i gcomhthéacs an leithdháilte laghdaithe, tá sé i gceist agam na seirbhísí túslíne a chosaint oiread agus is féidir. Sa chomhthéacs sin, beimid ag cur béim níos mó ná riamh ar luach ar airgead a fháil ó allúntas an Státchiste."

Go bunúsach tá buiséad don Ghaeltacht agus do na hOileáin laistigh den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ciorruithe de bhreis agus 4%, ó €35,853,000 go dtí €34,290,000 agus buiséad caipitil na Roinne seo don Ghaeltacht íslithe de 10% ó €8,927,000 go dtí €8,077,000.

Lean an Aire Stáit , "Agus Acht na Gaeltachta ina dhlí anois, tá sé i gceist againn tús áite a thabhairt don phróiseas pleanála teanga agus muid ag treabhadh ar aghaidh le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Dá bhrí sin, tá allúntas méadaithe de mhaoiniú reatha tugtha d'Údarás na Gaeltachta chun an próiseas pleanála teanga a chur i gcrích. Ina theannta sin, táim an-shásta go mbeidh an t-allúntas céanna ann do na seirbhísí iompair do na hoileáin."

Ach má scrúdaítear mionsonraí na cinntí sin is cosúil nach bhfuil an scéal chomh maith san.

Deireann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge áfach i ráiteas ar Buiséad 2013, "Tá buiséad don Ghaeltacht agus do na hOileáin laistigh den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ciorruithe de bhreis agus 4%, ó €35,853,000 go dtí €34,290,000 agus buiséad caipitil na Roinne seo don Ghaeltacht íslithe de 10% ó €8,927,000 go dtí €8,077,000. 

Ach ná bíodh aon imní orainn faoin Stratéis 20 Bliain, "Luaitear i gcáipéisí an lae inniu freisin go dtacófaí leis an Straitéis 20 Bliain na Gaeilge agus go soláthrófaí na torthaí ar féidir a bhaint amach."

Maoín an Aire Stáit go bhfuil maoiniú tugtha d'Údarás na Gaeltachta, agus tá sin fíor ach nuair a smaoinítear nach bhfuil ach €6m le bheith acu i gcomparáid le €26m+ sé mbliain ó shin. Anuireadh bhí €5,938,000 agus tá €62,000 (páigh beirt stáit sheirbhíseach shoisearach) á thabhairt acu sa bhliain 2013.

Meabhraíonn urlabhraí Shinn Féin na Gaeltachta, an Seanadóir Trevor Ó Clochartigh, "Tá laghdú praiticiúil de €3m ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta, in ainneoin go bhfuil méadú de €30m curtha ar fáil d’Fhiontraíocht Éirinn, €12m don IDA & €1.5m do SFADCO.  Is léir ó na figiúir seo nach bhfuíl cothrom na féinne dhá thabhairt don Ghaeltacht sa réimse seo." I ráiteas a d'éisigh sé go déanach aréir (agus nach bhfuil ar shuíomh a pháirtí go bhfios dúinn), deireann sé, "Tá beagnach sé mhilliún déag euro bainte de bhuiséad na Gaeilge & na Gaeltachta ag Aire Stáit na Gaeltachta le dhá bhliain. Is ionann sin agus 16% den bhuiséad iomlán agus caillfear postanna dá bharr".

Go bhfios dúinn níor éisigh ionadaí Gaeltachta Fianna Fáil, Michael Kitt, ráiteas ar bith faoin mbuiséad seo.



Share/Save/Bookmark

16.10.12

Dleathach nó mí dleathach!

Bhí cospóid le deanaí faoi dhream na péinte duibhe anseo i gConamara. Scríobh mé píosa Creachadóireacht nó gníomh fónta dhá sheachtain ó shin.

Dúradh ar thaobh amháin go raibh sé mar ionsaí ar an mBearla, (agus mar sin ar lucht an Bhéarla) gur tharaing sé drochcháil ar na Gaeilgeoirí agus muintir na Gaeltachta. Mar aon le sin bhí argóint gur i gcoinne réadmhaoine phríobháideacha a bhí sé dírithe agus nach raibh sé sin ceart dá bharr. (Ach mar a dúradh ar RnaG le deanaí tá an-chuid de na fógraí ar a cuireadh an ornáidíocht nua seo ortha, táid fhéin mí dleathach cheanna féin mar níor fhuarathas cead pleanála dóibh).

Sílim fhéin nach féidir íomhá níos measa a bheith ag lucht an Bhéarla, ar phobal na Gaeilge bíodh sa "Ghalltacht" nó sa Ghaeltacht iad, ná mar atá ná atá léirithe ag a leithéid Kevin Myres, Declan Lynch, nó fiu Miriam Lord!

Ach féach siar sa stair.

Ar bhaineadh rud ar bith sa tír seo gan an dlí a bhriseadh?

Bhí alt ag Donnchadh Ó hÉallaithe sa nuachtán le deanaí faoin Stáisiún Teilifís Bradach a cruthaíodh ar bharr Chnoc Mordáin sna hochtódaí, gníomh a "a las an lóchrann 25 bliana ó shin!" Níl aon amhras ach tréan gníomh brádach sin a bunaíodh TG4. Fiche bliain roimhe sin stáisiún bradach eile i Ros Muc a d'oscail Raidío na Gaeltachta. Gníomhartha dleathacha agus neamhdleathacha ghlórach de chuid Cumann Cearta Sibhialta Gaeltachta agus a cháirde a thug Údarás na Gaeltachta - lag go leor is atá sé - ar an saol. Agus is aithreacha agus máithreacha lucht péintéireachta an lae inniú a dhubhaigh Bhéarla ar chomharthaí bóithre a chuir iallach ar an Rialtas gníomh dá réir.

Deireann éagarfhocal Gaelscéal, Molaimis a misneach, agus é ag caint faoin ngníomhícht theilifíse, "Is cinnte go rabhadar ag feachtasaíocht ar gach bealach roimhe seo agus gurb é seo an rogha dheireanach a bhí acu.
I ndeireadh na dála, is cumhachtaí gníomh na focail agus chuaigh siad i mbun ghnímh, gníomh a bhí ‘bradach’."

Leanann Gaelscéal:

"In amanna, is riachtanach an rud é an dlí a bhriseadh chun cearta daonna a bhaint amach agus b’amhlaidh sin sa chás seo.

Tá an Ghaeilge ag dul i léig sna Gaeltachtaí i rith an ama ach faraor is róshéimh atá ár gcainteoirí dúchais.

Seans go bhfuil Gaeilgeoirí na Galltachta ‘níos radacaí’ agus ní cinnte sin, go fóill féin is í gluaiseacht na Gaeilge an ghluaiseacht teanga is coimeádaí ar an saoil.

Tá go leor le foghlaim ó mhuintir ‘Theilifís na Gaeltachta’ is léir."

Seans gur fhoghlaim Lucht na Péinte Duibhe, an ceacht sin?






Share/Save/Bookmark

4.10.12

Creachadóireacht nó gníomh fónta!

Comharthaíocht Bhéarla sa Ghaeltach (Eagarfhocal Gaelscéal 3/10/2012)
Tá an-chuid díospóireachta ar siúl faoin bhfeachtas péintéireachta atá ar siúl ag dream i gConamara. Is cosúil gur dream a dtugann Ceithearnach Coille Chonamara ortha féin atá ina mbun. Níl fhios agam cé h-iad agus is cosúil nach bhfuil fhios ag éinne atá sásta a rún a scaoileadh! Ach rud is aistí gur cuid mór de na comharthaí a fuair an "athdhearadh" nua seo is i gcoinne an dlí atá siad mar cuireadh suas iad gan cead pleanála.

Bhí caint cuíosach bríomhar ar twitter mar shampla bhí roinnt a cheap gur rud maith an feachtas a bhí ann agus dream eile nár cheap, agus dream eile a cheap gur ceart fán amach ó réadmhaoin nó gnóanna príobháideacha.

Creachadóireacht
Glaoadh "Creachadóireacht," ar an ngníomh agus seans go bhfuil an ceart aige ach léiríonn sé (an gníomh féin) mothúcháin eile. Léiríonn ainm na Gluaiseachta "Ceathearnach Coille" an mothú chéanna. "Is daoine gan cumhacht iad Pobal na Gaeilge agus Muintir na Gaeltachta," a deireann sé!

Baineadh na comharthaí Béarla sa Bhreatain Bheag sna Seascaidí
Thuas i dTuaisceart Éireann, faoi Comhaontú Chill Rìmhinn, is ceart go mbeadh stáid teanga na Gaeilge á cosaint ansin. Níor thárla aon rud faoi go dtí seo, (agus is beag atá déanta ag na polaiteoirí "náisiunacha" chun gníomh a dhéanamh). Anseo sna 26 contaethe céard tá déanta? Ácht Gaeilge atá lochtach go leor agus srianta eile a chuir leis ó ritheadh é. Deireadh le daonlthas (lochtach agus a bhí sé) in Údarás na Gaeilge agus fiú scéimeanna faoin Ácht úd a bhriseadh ag iad siúd a chum iad.  Mar a léiríónn Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga 2011 easnaimh mhóra reatha i gcur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Lagmisneach!
Ní nach íonadh go ndúirt an Coimisinéir Teanga, "Ní dóigh liom go bhfaca mé oiread lagmhisnigh nó easpa muiníne riamh roimhe seo i measc cheannairí na n-eagras Gaeilge agus Gaeltachta is atá ann faoi láthair." (Ag cothú na todhchaí! 13 Iúl 2012). Agus má tá an lagmisneach agus a éadóchas seo sa gluaiseacht tá sé níos mó i measc pobal na Gaeltachta. Ar bhealach is íontach an rud é nár thárla rud i bhfad níos tromchúisí i rith na seachtaine mar tá muid ag caint faoi bhás teanga tré neamh-aird, tré "patuaireacht" agus tré  fimíneacht lucht polataíochta. D'fhéadfá a rá go bhfuil an meas ceanna a thabhairt ag Ceathearnach Coille Chonamara don dlí agus a thugann na Gárdaí Síochán i dTír Chonail! (Rialtas ag déanamh neamhaird ar sárú dlí na tíre! 25 Aib 2012).

Gníomh fónta?
Mar a dúirt mé bhí díospóireacht de shaghas éigin ar twitter. Bhí duine de na míshásta leis an gníomh seo. Dúirt agus an ceart aige gur ceart "Rud éigean fónta dearfach ar son Na Gaeilge" a dhéanamh. Agus nuair a cuireadh an cheist air "Cad a mholfása?" dúirt "Mholfainn paimfléad a fhoilsiú ag míniú cén cineál iompar teanga ar mhaith leo sa Ghaeltacht" Ceart go leor ach nach bhfuil na céadtha paimfléidí, páipéirí bán, uaithne, moltaí ag daoine aitheanta agus neamh aitheanta. Máirtín Ó Cadhain, Deasún Fennell, Olscoil Mágh Nuad agus foinse nach iad. Bheinn-sa féin sásta dá nglachfá le moltaí an Coimisinéara Teanga ina chuid tuairiscí fhéin. Bheinn sásta dá nglachfá leis na moltaí sin mar thús agus leanacht ar aghaidh ó shin.

Ar maidin chuala muid go bhfuil áit na Gaeilge i gcúrsaí dlí sabhálta fiú má dúntar an Teach Cúirte i nDoire n'Fhéich. (Cé creideann sin?) Inné chualamar faoi fear nach raibh i ndán bás a bhean a chlárú i nGaeilge i gCorca Duibhne. Chualamar le deanaí nach bhfuil Comhairle  Co na Gaillimhe logainmneach cearta na Gaeltachta a úsáid i gcúrsaí pleanála. Agus tá an coiste phobáil áitiúil ag gearán leis na húdaraisí nach bhfuil fáil ag pobal na háite ar sheirbhís leasa shóisialaigh trí Ghaeilge. Conas a cabhródh paimfléid eile leo siúd?

Mea culpa
Is cuimhín liom an chéad uair a bhí mé i  gConamara i 1967 (in my disrespectful youth!) chuamar amach  go rúnda, déanach san oíche, agus chuamar amach agus chuireamar péint dubh ar na comhairthaí bóthar ó Bhearna chomh fada siat le crosbhóthair Charna. Níos déanaí fuarthas amach go raibh tarra i bhfad níos éifeachtaí!

Is cosúil nach dtárlaíonn aon rud i gcúrsaí teanga sa tír seo gan an dlí a bhriseadh! Raidío na Gaeltachta, Comhairthaí Bóthre, Údarás na Gaeltachta, TG4 an féidir le h-éinne a rá go mbeadh siad ann gan agóid mí dleathúil?
Share/Save/Bookmark

13.7.12

Litir do na Theachtaí Dála


Mar is eol duit, tá plé ar siúl maidir leis an mBille Gaeltachta sa Dáil faoi láthair. Creideann Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta, agus aontaím leo,  go bhfuil géarghá leis an mBille a láidriú agus dá nglacfadh an Rialtas leis na moltaí atá déanta acu go mbeadh Bille fiúntach, fadradharcach ann a chabhródh go mór leis na Gaeltachtaí agus leis an Ghaeilge ar fud na tíre a láidriú.

Tá mé an-bhuartha faoin tslí go bhfuil an Bille seo á bhrú trí Thithe an Oireachtais ar dhá phríomhchúis:

1. Tá an tAire Stáit Dinny McGinley ceart nuair a deir sé go raibh go leor plé ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht le 10 mbliain anuas (idir an Staidéar Cuimsitheach ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2012-30, agus eile)  ach ní raibh aon phlé ceart ann ná eagraithe ar an mBille Gaeltachta mar Bhille i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

2. Creidim go bhfuil sé thar a bheith mídhaonlathach plé agus díospóireacht a bheith i dTithe an Oireachtais ar an mBille, ach ansin nach nglacann an an Rialtas le haon leasú atá molta ag an bhfreasúra ar an mBille. Seo moltaí atá ag teacht ó ghrúpaí Gaeltachta agus Gaeilge cosúil le conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta

Tá mé ag éileamh ort gach tionchar gur féidir leat a imirt sa Dáil agus i do pháirtí chun reachtú an Bhille seo a chur ar aghaidh go dtí an Fómhar le seans a thabhairt do phobal na Gaeltachta agus Gaeilge plé ceart, eagraithe a dhéanamh ar an reachtaíocht, ó beidh an-tionchar ag an mBille seo orthu. Ní gá ach síneadh ama gearr a thabhairt do bhaill reatha Bhord Údarás na Gaeltachta chuige seo, rud go bhféadfadh an Rialtas a chur i gcríoch go héasca trí reachtaíocht aon-líne a chur trí Thithe an Oireachtais, le ham a chur ar fáil leis an mBille a phlé sa phobal.

Tuigim gur chuir Guth na Geltachta na leasuithe atá molta acu  eis an mBille a láidriú cheanna.

Share/Save/Bookmark

25.1.12

Aire diúltach dearfach!

Chuir Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta fáilte roimh a bhí le rá ag an Aire Stáit Gaeltachta, Dinny McGinley TD, i dtaca le dul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge; leis an lántacaíocht a léirigh an tAire do COGG; agus le deimhniú an Aire go mbeidh a Roinn ag dul i gcomhairle le saineolaithe aitheanta pleanála teanga cosúil leis an Ollamh Colin Williams (Breathnais) mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ar athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, ag an díospóireacht Seanaid Dé Céadaoin, 18 Eanáir 2012. (Tuairisc ar an bplé sa tSeanad ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge 24/1/2011).

Duirt urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, Éamonn Mac Niallais: "Thug an tAire McGinley le fios go mbeidh feidhmeanna fiontraíochta ag Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil súil aige go mbeidh cinneadh á dhéanamh ag an Rialtas maidir le príomhfheidhmeannach lánaimseartha buan nua á cheapadh ar Údarás na Gaeltachta roimh dheireadh na míosa seo nó go luath ina dhiaidh. Is mór an faoiseamh é sin do mhuintir na nGaeltachtaí fud fad na tíre atá ag brath ar cheannasaíocht ón Údarás le fiontraíocht agus fostaíocht a chothú i gceantair atá ar uairibh imeallaithe agus scoite amach ó thionsclaíocht agus ó bhonneagar na gcathracha."

An Aire Stáit Gaeltachta
Ní raibh an chinnteacht chéanna ag baint le ceist Oifig an Choimisinéara Teanga áfach; ní raibh an tAire Gaeltachta soiléir an mbeadh an Rialtas sásta an cinneadh a rinne siad chun Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí, a tharraingt siar sna sála ar an athbhreithniú Achta.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Is ábhar dóchais é do phobal na Gaeilge go mbeidh moltaí an Ollaimh Colin H Williams á dtógáil san áireamh san athbhreithniú ar an Acht Teanga, óir is saineolaí mionteangacha mórmheasúil é Williams atá tar éis Seán Ó Cuirreáin agus obair Oifig an Choimisinéara Teanga a aithint agus a mholadh go hard."

"Thug an tAire McGinley le fios go raibh an cinneadh Rialtais maidir leis an gCoimisinéir Teanga "le cur i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Acht" ach an gciallaíonn sé sin go nglacfaidh an Rialtas treoir ón bpobal leis an gcinneadh sin a fhreaschur, má mholann an pobal go gcoimeádfaí Oifig an Choimisinéara neamhspleách ina gcuid aighneachtaí agus suirbhéanna atá á bhfreagairt acu mar chuid den athbhreithniú Achta?"

Aontaíonn Mac Niallais: "Ba mhaith le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheith lánchinnte de go n-éistear lena nguth sa phróiseas comhairliúcháin seo, agus má léiríonn siad a muinín in oifig neamhspleách an Choimisinéara Teanga, tá siad ag súil go ndéanfaidh an Rialtas freaschur ar an gcinneadh gan chiall a rinne siad chun Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách ar an gcéad dhul síos."

Creideann Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta nach bhfeidhmeodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 mar ba chóir gan Oifig an Choimisinéara Teanga reachtúil neamhspleách, agus tá siad ag éileamh ar an Rialtas a gcinneadh chun an oifig a chónascadh le hOifig an Ombudsman a tharraingt siar láithreach. Tá siad ag iarraidh ar phobal na Gaeilge a dtacaíocht a léiriú don Choimisinéir trí pháirt iomlán a ghlacadh san athbhreithniú Achta trí shuirbhéanna agus aighneachtaí a líonadh isteach roimh 31 Eanáir 2012 freisin.

• Féach ar Guth na Gaeltachta chuig an Seanad (18/1/2011)
Share/Save/Bookmark

3.6.11

Cinntí faoin nGaeilge

Cinntí Rialtais maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta

D'fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., inniu (3 Meitheamh 2011) go bhfuil cinntí críochnúla déanta ag an Rialtas maidir leis an sainmhíniú nua ar an nGaeltacht agus maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tógadh na cinntí seo ag an gcruinniú Rialtais Dé Máirt (31 Bealtaine 2011).

An tAire Stáit
Dúirt an tAire Stáit: "Tá lúcháir orm go bhfuil cinntí críochnúla déanta ag an Rialtas maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Fágann sé seo gur féidir le hoifigigh i mo Roinn, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, treabhadh ar aghaidh leis na Cinn a dhréachtú don Bhille Gaeltachta. Táim ag súil go bhfoilseofar an Bille a luaithe agus is féidir, ag brath ar amchlár reachtaíochta an Rialtais."

Beidh an sainmhíniú nua don Ghaeltacht bunaithe ar an Straitéis 20 Bliain agus ar na moltaí a rinneadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Dúirt an tAire Stáit: "Beidh mo Roinn, i gcomhar le heagrais Stáit eile, ag obair go dlúth le pobail Ghaeltachta ar an talamh chun cabhrú leo pleananna teanga, ina n-áireofar na gnéithe uile de shaol an phobail, a ullmhú agus a chur i gcrích."

Maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, dúirt an tAire Stáit: "Fágann na cinntí Rialtais seo go mbainfear leas as na struchtúir atá ann faoi láthair chun an Straitéis a sheachadadh agus go mbeidh deighilt shoiléir idir na feidhmeanna atá ag na príomhpháirtithe leasmhara maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht araon."

Dúirt an tAire Stáit: "Mar thoradh ar na cinntí Rialtais seo, creidimse go bhfuil todhchaí Údarás na Gaeltachta slán sábháilte, go n-éireoidh le hÚdarás na Gaeltachta a chuid feidhmeanna reachtúla a choinneáil agus go gcothófar comhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus áisíneachtaí fiontraíochta eile ar mhaithe le hinfheistíocht sa Ghaeltacht."
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a chead cuir ráiteas chugainn!

Údarás gan buiséad, Údarás gan chumhacht!
'Níl an Rialtas seo ach ag leanúint leis an bpolasaí a bhí ag an gceann a chuaigh rompu bás, mall pianmhar a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta muna gcuireann siad buiséad feiliúnach ar fáil dóibh lena gcuid oibre a dhéanamh', a deir an Seandadóir Trevor Ó Clochartaigh. Cé go bhfáiltíonn sé roimh an fhógra a rinne an tAire Stáit Dinny McGinley inniu, go gcoinneofar an eagraíocht agus go mbeidh cead acu Príomhfheidhmeannach a cheapadh, tá sé an-cháinteach nach ndearnadh fógra go mbeidh soláthar cuí dhá chur ar fáil dóibh le fostaíocht a chaomhnú gan trácht ar phoist nua a chruthú, mar a moladh i dtuarascáil Indecon.

'Thosaigh meath Údarás na Gaeltachta roinnt blianta siar, i lár an 'boom' nuair a thosaigh an tIar AIre Ó Cuív ag laghdú buiséad an Údaráis go mór, gach bliain. Níor tháinig siad as ariamh agus is léir anois go bhfuil Fine Gael agus an Lucht Oibre ag leanúint den chleachtas sin gan an maoiniú atá molta a thabhairt don eagraíocht lena gcuid dualgais a chomhlíonadh. Níl aon mhaith cumhachtaí gan buiséad', deir sé.

Tá imní ar an Seanadóir chomh maith nach mbeidh deis feasta ag pobal na Gaeltachta daoine a roghnú le seasamh ar a son ar Bhord an Údaráis. 'Beidh an Bord anois ainmnithe ag na hÚdaráis Áitiúla agus ag an Rialtas gan glór ar bith a thabhairt don chosmhuintir. Gheall Fine Gael agus an Lucht Oibre roimh an olltoghchán nach mbeidís ag dul don 'cronyism' ach is léir leis an gcinneadh seo go bhfuil siad chomh dona leis an Rialtas a chuaigh rompu agus iad ag baint cumhacht as lámha na gnáth dhaoine ar son leas na bpáirtithe móra polaitíochta agus is droch rud é sin. D'fhéadfadh an toghchán a bheith rite an t-am céanna le toghchán nó reifreann éigin eile agus ní bheadh gá dul i gcostas ró-mhór leis. Níl anseo ach leithscéal ag an Aire Stáit agus ba chóir don phobal a míshástacht a léiriú dó', a deir an Seanadóir.
Sainmhíniú nua ar an nGaeltacht
• Déanfar foráil faoin mBille Gaeltachta don sainmhíniú nua reachtúil ar an nGaeltacht a bheidh bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir gheografacha mar atá faoi láthair.

• Déanfar foráil faoin reachtaíocht do phróiseas pleanála teanga faoina ndéanfar pleananna teanga a ullmhú ag leibhéal pobail do gach limistéar Gaeltachta agus faoina ndéanfar faomhadh agus athbhreithniú ar na pleananna sin ar bhonn tréimhsiúil ag an Aire.

• Tabharfar stádas reachtúil do chineál nua ceantair, 'Gaeltacht gréasáin', a bheidh lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta reachtúla atá ann faoi láthair. Is ceantair iad seo a mbeidh a bhformhór i bpobail uirbeacha agus a mbeidh toirt bhunúsach chriticiúil de thacaíocht phobail agus Stáit acu don Ghaeilge.

• Tabharfar stádas reachtúil freisin do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, i.e. bailte ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta.

Struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
• Coimeádfaidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an lárfhreagracht maidir le gnóthaí Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

• Leanfaidh Foras na Gaeilge ag comhlíonadh a dhualgas i gcomhthéacs uile-oileáin mar áisíneacht den bhForas Teanga Forfheidhmithe Thuaidh Theas.

• Beidh an fhreagracht as forfheidhmiú na Straitéise lasmuigh den Ghaeltacht ar an Roinn i gcomhpháirtíocht le páirtnéirí ábhartha Stáit. Breathnófar ar na féidearthachtaí go bhféadfadh Foras na Gaeilge seachadadh a dhéanamh ar eilimintí áirithe den Straitéis ar bhonn comhaontaithe.

• Beidh an fhreagracht maidir le forfheidhmiú na Straitéise laistigh den Ghaeltacht ar Údarás na Gaeltachta.

Údarás na Gaeltachta

• Mairfidh an status quo maidir le feidhmeanna reatha Údarás na Gaeltachta go ginearálta, a chuid feidhmeanna fiontraíochta san áireamh, faoi réir:
(a)    foráil reachtúil a dhéanamh chun cumhacht a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir a thabhairt don Údarás a chuid acmhainní teoranta a dhíriú i dtreo earnálacha fiontraíochta ar leith; agus
(b)      meicníocht a fhorbairt chun go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann comhoibriú le háisíneachtaí fiontraíochta eile, ach go háirithe i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poitéinseal ard acu.

• Déanfar foráil faoin mBille Gaeltachta chun Bord Údarás na Gaeltachta a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin.



Seo dearcadh Chonradh na Gaeilge
2011-06-03: FÁILTE ROIMH BHUANÚ ÚDARÁS NA GAELTACHTA ACH CEISTEANNA LE CUR -

D’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh chinneadh an Rialtais, fógartha ag an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnghaile inniu, go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag coinneáil cúraimí fiontraíochta agus fostaíochta sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, d’fhógair an tAire Stáit go mbeidh Príomhfheidhmeannach nua le ceapadh ar Údarás na Gaeltachta go luath.

Julian de Spáinn: "Tá cúpla ceist..."
Dar le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá Conradh na Gaeilge an-sásta gur ghlac an Rialtas leis an éileamh chun cúraimí fiontraíochta agus fostaíochta a fhágáil le hÚdarás na Gaeltachta. Tá an t-éileamh seo curtha chun cinn ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ó foilsíodh an tuairisc ‘An Bord Snip Nua’ agus bhí plé againn le hos cionn 90 polaiteoir an tseachtain seo mar gheall air in Óstán Buswells.

"Tá cúpla ceist, áfach, a ardaíodh maidir leis an méid a bhí le rá ag an Aire mar chuid den fhógra:


• Fógraíodh go mbeidh comhoibriú foirmeálta idir Údarás an Gaeltachta leis an IDA agus Fiontraíocht Éireann amach anseo. Céard is brí leis seo os rud é go bhfuil caidreamh oibre eatarthu cheana féin?


• Fógraíodh nach mbeidh toghchán i measc an phobail sa Ghaeltacht amach anseo do Bhord Údarás na Gaeltachta. Tá sé i gceist an líon ball ar an mBord a laghdú agus an chuid is mó díobh a cheapadh amach anseo trí na comhairlí contae a bhfuil Gaeltachtaí ina limistéir acu. Cén fáth gur roghnaíodh an córas seo don todhchaí, córas a bhrisfidh an ceangal idir an Údarás agus an pobal? Cén fáth nach mbeidh an córas fógartha ag an Taoiseach sa Dáil ar an 3 Bealtaine le hiarratais a lorg ón bpobal le folúntais ar bhoird Stáit a líonadh i gceist[1 thíos] nó an córas a baineadh úsáid as le baill Bhord TG4 a cheapadh nó córas eile a ligfeadh do bhaill den phobal Gaeltachta iad féin a
chur chun cinn do Bhord an Údaráis?


• Níl cúram le bheith ag Údarás na Gaeltachta i gcur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain na Gaeilge 2010 – 2030 lasmuigh de na Gaeltachtaí a thuilleadh. Conas a bheidh Rialtas na hÉireann in ann cinnte a dhéanamh go mbeidh an Straitéis 20 Bliain do Phoblacht na hÉireann curtha i bhfeidhm anois gan an Údarás nua mar a bhí molta sa Straitéis, i. Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta?


• Ní fiú Údarás na Gaeltachta a bheith ann gan bhuiséad ceart chun an obair a chur i gcrích. Rinne an tAire Stáit tagairt don bhuiséad ach tá deimhniú fós de dhíth ón Rialtas go mbeidh buiséad caipitil de ar a laghad €12 ag an Údarás i 2012 chun go mbeidh siad in ann 1,000+ post a chruthú an bhliain seo chugainn”

Arsa Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta Chonradh na Gaeilge: “Dar ndóigh, beidh níos mó eolais againn nuair a bheidh Bille Údarás na Gaeltachta foilsithe ach idir an dá linn beidh cruinniú práinneach á lorg againn leis an Aire Stáit chun na ceisteanna thuas agus eile a phlé. Beidh an Conradh ag caint le Guth na Gaeltachta agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta eile leis an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit a mheas.”

[1] An Taoiseach, Enda Kenny, ar an 3 Bealtaine mar fhreagra ar cheist 1-3:
‘In future, Departments will invite expressions of interest on their websites for vacancies on the boards of bodies under their aegis. Ministers will not necessarily be confined to those who make expressions of interest, but will ensure all appointees have the relevant qualifications!" 



Ráiteas ó Ghuth na Gaeltachta:
Freagair Ghuth na Gaeltachta ar fógra an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnghaile inniú

3 Meitheamh 2011 16:30:59 ASÉ: Fáiltíonn Guth na Gaeltachta roimh an fhógra a rinne an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnghaile, inniu ag cinntiú go mbeidh lánchúraimí fiontraíochta á bhfágáil faoi stiúir Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht. Is aitheantas é seo gur bunchloch aon phleanála teanga sa Ghaeltacht nó fostaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta chun go mbeidh siad ábalta fanacht sa bhaile agus a gclann a thógáil le Gaeilge. Fáiltíonn muid chomh maith roimh an chomhoibriú le Fiontraíocht Éireann agus leis an Údarás Forbartha Tionscail (IDA) ach beidh muid ag coinneáil súil ghéar ar an reachtaíocht nuair a fhoilseofar í le cinntiú nach bhfuil aon 'veto' ag aon cheann de na heagraíochtaí sin ar ghníomhaíochtaí an Údaráis.

Measann muid gur cinneadh dearfach atá ann chomh maith Príomhfheidhmeannach úr a cheadú don Údarás, rud a chruthóidh cinnteacht agus soiléireacht do thodhchaí na heagraíochta. Ní drochrud é go mbeidh cúraimí an Údaráis srianta don Ghaeltacht amháin mar is léir nach mbeadh na hacmhainní acu le haon bhreis cúraimí a thógáil orthu féin. É sin ráite, caithfear a chinntiú anois go mbeadh soiléiriú á dhéanamh ar ról an Fhorais agus na Roinne i gcur i bhfeidhm na Straitéise taobh amuigh den Ghaeltacht mar is léir go bhfuil éiginnteacht mhór in earnáil na Gaeilge le tamall anuas.

Maidir le comhdhéanamh Bhord an Údaráis, measann muid ó thaobh an daonlathais agus na trédhearcachta de gur céim ar gcúl do phobal na Gaeltachta é gan toghchán a bheith ann do Bhord an Údaráis a thuilleadh. Tuigeann muid go bhfuil deacrachtaí móra airgid ann faoi láthair ach mholfadh muid mar shocrú gearrthéarmach go mbeadh Bord ainmnithe ann ar feadh tréimhse eatramhach go dtí go mbeadh tuilleadh acmhainní ar fáil arís. D'fhéadfaí chomh maith na costais a bhainfeadh le toghchán a laghdú tré iad a reáchtáil ar an lá céanna le toghcháin na gComhairlí Contae mar shocrú gearrthéarmach. Tá muid in aghaidh an socraithe atá ag moladh gur chóir d'Údaráis áitiúla baill an bhoird a ainmniú mar go measann muid go bhféadfadh contúirt láidir a bheith ann go mbeadh coimhlint leasa i gceist agus fosta nach mbeadh na baill sin á n-ainmniú ar mhaithe leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ach mar pháirt de shocrú 'polaitiúil' ag dáileadh amach post.

Fáiltíonn muid chomh maith roimh an fhógra go mbeidh teorainneacha na Gaeltachta á sainmhíniú de réir critéir theangeolaíochta mar a bhí molta sa S.C.T.(2007) agus tá muid ag moladh go mbeadh aitheantas á thabhairt de réir na gcritéir sin do cheantair láidre Gaeltachta ar nós Rann na Feirste tré atarraingt a dhéanamh ar na foroinn toghchánaíochta. Tá sé thar am chomh maith go mbeadh aitheantas á thabhairt do na pobail sin taobh amuigh den Ghaeltacht atá ag obair go deonach ar mhaithe leis an Ghaeilge le blianta fada agus fáiltíonn muid roimhe seo.

Is í an cheist mhór anois nó cad iad na hacmhainní a bheas ar fáil don Údarás agus don Straitéis 20 Bliain? An é an slat tomhais a bheas ag an Roinn Airgeadais nó an €6m de bhuiséid caipitil a tugadh don Údarás i mbliana nó an mbeifear ag tabhairt san áireamh go raibh €4m sa bhreis ag an Údarás i mbliana go heisceachtúil de bharr scaireanna a dhíol siad anuraidh?

Ráiteas ó Chomdháil Náisiúnta na Gaeilge!
Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh chinntí an Rialtais maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030

3/6/2011: Cuireann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh chinneadh an Rialtais leanúint le feidhmeanna reachtúla reatha Údarás na Gaeltachta, a feidhmeanna fiontraíochta san áireamh, agus go mbeidh cead tugtha don Údarás chun Príomhfheidhmeannach nua a cheapadh.  Molann an Chomhdháil, áfach, go gcuirfear soláthar cuí ar fáil don Údarás, ó thaobh maoinithe de, chun a fheidhm fiontraíochta a chomhlíonadh go héifeachtach. 

Ag labhairt faoi chinntí an Rialtais a d’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., inniu ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta, dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Fáiltíonn An Chomhdháil roimh chinneadh an Rialtais na ceantair Ghaeltachta a shainmhíniú bunaithe ar chritéir theangeolaíocha.  Cuirfidh an Chomhdháil pé cúnamh ar féidir léi ar fáil do phobail Ghaeltachta chun iad a chumasú chun tabhairt faoi phleananna teanga straitéiseacha a ullmhú agus a fheidhmiú a bheidh pobalbhunaithe”.

Bronnfar stádas reachtúil anois ar chineál nua ceantair, ‘Gaeltacht Gréasáin’ a bheidh lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta reatha.  Tabharfar stádas reachtúil freisin do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, is iad sin, bailte ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta. 

Dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, “Is céim mhór chun cinn atá glactha ag an Rialtas an tseachtain seo, maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.  Tá An Chomhdháil ullamh chun oibriú i gcomhar leis na háisíneachtaí stáit éagsúla, le pobail na Gaeltachta, agus le pobail eile na tíre chun an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm”. 


Share/Save/Bookmark