31.10.25

Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí (Alt10a).

€20 milliún nach mór an tsuim a chaith comhlachtaí poiblí in 2024 ar fhógraíocht i nGaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

I dtuarascáil atá Oifig an Choimisinéara Teanga tar éis a fhoilsiú, léiríonn torthaí iniúchta gur chaith comhlachtaí poiblí €19m ar fhógraíocht i nGaeilge in 2024. Is ionann an caiteachas €19m sin agus méadú 34% ar an gcaiteachas a rinne comhlachtaí poiblí in 2023. Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí faoi alt 10A, (Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, arna leasú, sciar dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge chuile bhliain.

Ar na torthaí eile ba shuntasaí caitheadh €5.2m ar fhógraíocht ar na meáin Ghaeilge in 2024, arb ionann é sin agus méadú 37% ar an mbliain 2023. Cuimsíodh gníomhaíochtaí fógraíochta 397 comhlacht poiblí san iniúchadh do 2024. D’éirigh leis na 397 comhlacht poiblí trí chéile, ar an meán, na tairseacha reachtúla caiteachais 5% de bhuiséad bliantúil fógraíochta a chaitheamh ar na meáin Ghaeilge a bhaint amach, agus 20% dá bhfógraíocht iomlán a dhéanamh i nGaeilge ar mheáin Bhéarla agus Ghaeilge trí chéile.

Tháinig méadú 32% ar an méid airgid a caitheadh ar fhógraíocht i nGaeilge ar na meáin Bhéarla freisin, ó €10.4m in 2023 go €13.7m in 2024. Deir an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn gur: “ábhar misnigh i dtreisiú chearta teanga Phobal na Gaeilge an méadú €5 mhilliúin nach mór a tháinig ar chaiteachas ar fhógraíocht i nGaeilge in 2024, i gcomparáid le 2023. Is tuar dóchais é an méadú ar láithreacht agus ar fheiceálacht na Gaeilge ar na meáin nua thraidisiúnta agus dhigiteacha do neartú na Gaeilge go náisiúnta. Is maith ann an borradh a tháinig ar na meáin Ghaeilge agus na sruthanna breise ioncaim a chruthaigh an reachtaíocht. Tá Oifig an Choimisinéara Teanga ag leanúint den iniúchadh ar chomhlachtaí poiblí lena chinntiú go gcloíonn gach comhlacht poiblí aonair leis an bhforáil i dtaca le fógraíocht i nGaeilge.”


@ceartateanga


Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment