Showing posts with label Donncha Ó hÉallaithe. Show all posts
Showing posts with label Donncha Ó hÉallaithe. Show all posts

15.6.15

Caillte sna figiúirí!

Ar bhealach nach bhfuul an iomarca béim á chur ar na staitisticí.

Cinnte tá gá le rudaí a thomhas ach níl ann ach comharaimh. Mura bhfuil iniúchadh agus meastóireacht neamhspleách á dhéanamh, ní dócha gur féidir linn aon pholasaí a mheas is gceart nó a cheartú. Más féidir a rá go bhfuil polasaí ar bith ann.

Agus figiúirí, tuairiscí, meastúcháin agus easpa pholasaithe á phlé againn tagann focail Sheáin Uí Chuirreáin chugainn: "...idir an dá linn, tic-toc, tá an t- am ag sleamhnú agus más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais, go speisialta i réimse na teanga." (23/1/2014). 

Nach mbeadh sé níos tabhachtaí "ceist" na Gaeilge a thógaint ar ais ón Stát Chóras agus ó "acamademia" agus a thabhairt thár n-ais do phobal na sráide, Pobal na hÉireann, muide, gur linne í an Ghaeilge?

Chuireann iGaeilge a mhéar ar an fhadhb nuair a deireann sé:  "Ag croí na ceiste a thog Donncha Ó hÉallaithe,  bhí seo:  cé mhéid den aos óg atá ag labhairt na Gaeilge go laethúil le cáirde dá comhaois?

"In áit bheith ag brath ar thaighdeoirí acadúla, mar a dúirt fear liom le déanaí, agus aontaim leis, tá gá le comhrá a thosnú leis an aos óg faoin dteanga.  Cad é a dearcadh ina leith, i bhfirinne?   Tá gá seo a dhéanamh go leitheadach is go cuimsitheach is gan mhoill."

Tá céim mar sin tógtha  mar shampla ag Seo Linn ag tús na míosa seo agus iad a tabhairt "cic sa tóin do chultúr na ndeontaisí!" . Thárla sé anuireadh nuair a tháinig na sluaite amuigh ar Shráideanna Naofa Átha Cliath agus Béal Feirste agus iad "Dearg le Fearg!" Agus ar phríomh bhóthair Chois Fharraige le "Slán le Seán" a rá.

Mar a dúirt duine níos léanta ná mé "Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae!" Agus beidh sé i gcónaí mar sin má tá muide, mise agus tusa atá á léamh seo sásta an obair go léir a fhágáil ag "Lucht na Gluaiseachta!"

Ach conas?

Rud simplí amháin agus tú ar na meáin shóisialta cén teanga a úsáideann tú? Nuair atá radharc álainn á roinnt agat is féidir leat "Beautiful view!" nó "Radharc álainn!" le do leantóirí.  "Seo caifé deas i mBaile Átha Claith!" nó "This is a nice place to eat in D!" Más ceist politiúil is féidir do thuairimí a thabhairt i nGaeilge - cursaí Uisce Éireann, ceist chóid phoist agus an praiseach atá á dhéanamh ar sin.

Fiú má tá tú ag iarraidh a dhíriú ar alt sna meáin Bhéarla abir rud mar, "Iar-rúnaí sa an Roinn Airgeadais le bheith ós comhair choiste oireachtas - http://www.irishtimes.com/business/economy/banking-inquiry-cardiff-to-challenge-trichet-evidence-1.2249320" agus eile.

Ach má deireann scríobhnóir iGaeilge, "Ní gá fánacht ar údarás stáit chun é a dhéanamh.  Is féidir linne é a dhéanamh. Ní mór dúinn tabhairt faoi seo.  Ceisteanna deacair 'fasta suas' iad seo le plé le na glúinte níos óige - ach tá taithí ag dhaoine fásta ceisteanna deacra a phlé lenár bpáistí nach bhfuil?  

"Nó an bhfagfaimíd faoin idirlíon é?   Má dheinimíd amhlaid, íocfaimíd go daor as!

"I ndiaidh an comhrá, gníomh."

Thár aon rud eile  oscailímís ar mbéal agus labharaimís Gaeilge ní hamháin le chéile ach leis an saol!


Share/Save/Bookmark

9.4.14

Freagra ón Aire! Freagra ar léirsiú "Slán le Seán!"

D'fhágamar "Slán le Seán" ar an 23ú lá Feabhra 2014. Shiúlamar - thárt ar míle againn - ansin chuig príomh-oifig Roinn na Gaeltachta. Chuireamar ár míshasamh, na fáthanna a rabhamar "dearg le fearg," i bhfoirm litir, litir ó "phobal labhartha na Gaeilge sa mhéid bheag den Gaeltacht atá fágtha!" a fagadh ag feidhmeanach ag an oifig sin d'Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D. Léadh amach an litir sular cuireadh isteach é ag óige na Gaeltachta. Tá sé le léamh anseo

Anois tá freagra faighte ag an gcoiste eagraithe agus seo h-é ina iomláine!

Donncha Ó hÉallaithe
Coiste eagraithe an mhórshiúil ‘Slán le Seán’
Na hAille
Indreabhán
Co. Na Gaillimhe

24 Márta 2014
A Dhonncha a chara
Táim ag scríobh chugat ós rud é go dtuigim ó do litir dar dáta 19 Feabhra chugam go bhfuil tú ag feidhmiú ar son choiste eagraithe an mhórshiúil ’Slán le Seán’. Táim buíoch díot as an litir a cuireadh chugam agus ba dheas liom an deis seo a thapú chun freagra a thabhairt ar an méid atá ráite san achainí dar dáta 23 Feabhra a chuir an coiste eagraithe faoi mo bhráid.

Aire-Stáit na Gaeltachta ag léamh éilithe Phobal 

Mhichíl Uí Leidhin ar Twitter)
Sa bfoth-pic tá an céad ghlúin eile ag tabhairt
an litir isteach chuig Roinn  na Gaeltachta ar
na Forbacha ar Lá " Slán le Seán!" (23/2/2014)
Ní ghlacaim leis gurbh thubaiste chríochnaitheach a bhí in achtú Acht na Gaeltachta 2012. Cuireann an tAcht sin an chreatlach reachtúil ar fáil chun tabhairt faoin phróiseas pleanála teanga ar bhonn comhordaithe. Thóg an Rialtas cinneadh go leanfaidh na limistéir Ghaeltachta de bheith ina limistéir Ghaeltachta tar éis don Acht teacht i bhfeidhm agus tá soláthar déanta faoi alt 7(1) den Acht don chinneadh sin. Is cinneadh polasaí a bhí i gceist anseo chun deis a thabhairt do gach ceantar a bhí sa Ghaeltacht go dtí sin an phleanáil chuí a dhéanamh chun an Ghaeilge a bhuanú agus a láidriú ina bpobal féin.

Déantar foráil faoin Acht freisin maidir le hainmniú na Gaeltachta láithrí mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta agus úsaid á baint as critéir pleanála teanga seachas as critéir thíreolaíochta, mar a bhíothas á dhéanamh roimhe seo. Tá an cur chuige sin bunaithe ar an chomhairle a cuireadh ar an Rialtas faoin Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsaid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá na Rialacháin, a dhéanann na critéir pleanála teanga a fhorordú, foilsithe faoi alt 12 den Acht. Beidh na critéir seo riachtanach chun measúnú a dhéanamh amach anseo ar na pleananna teanga a ulllmhófar do na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus do na Líonraí Gaeilge. Is é an cuspóir a bheidh ag na pleananna teanga ná cur le húsáid na Gaeilge sna ceantair lena mbaineann siad chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí teaghlaigh, pobail, oideachais, sóisialta, gnó agus poiblí.

Maidir le gnóthaí odeachais sa Ghaeltacht, ní miste a nótáil go bhfuil athbhreithniú ar bun ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar a polasaí oideachais i scoileanna Gaeltachta. Tá sé ráite sna téarmaí tagartha go bhfuil sé riachtanach do ndéanfaidh an Roinn Oideachais agus Scileanna athbhreithniú ar a polasaí i leith an tsoláthair a dhéantar d’oideachas i scoileanna Gaeltachta le bheith cinnte go bhfuil sé ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus le forálacha an Acht Oideachais 1998; chun tacaíocht a thabhairt do chuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus polasaithe oifigiúla eile; agus chun dea-phleanáil ar aghaidh i gcomhair sholáthar an oideachais i gceantair Ghaeltachta a chumasú. Failtím roimh an athbhreithniú seo atá idir lámha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Maidir le seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil ón Státchóras, ta bearta éagsúla idir lámha chun cumas na Státseirbhíse sa réimse seo a threisiú mar thoradh ar chinneadh a thóg an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2013. Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna Rialtais agus ar Oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird a leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta. Beidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháín i bpoist a dteastaíonn ofigigh le Gaeilge.

Ina theannta sin, sonrófar na poist sin ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge i scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oigfigiúla 2003 amach anseo. Mar chéad chéim sa phróiseas seo cuirfear na socruithe nua i bhfeidhm don chomórtas earcaíochta d’oifigigh feidhmiúcháin. Tá sé beartaithe fophainéal de dhaoine ata inniúil sa Ghaeilge a chruthú ar a mbeidh 6% de líon an phainéil iomláin air. Chomh maith leis sin, tá comhaontú seirbhíse sínithe ag mo Roinnse leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástail inniúlachta a sholáthar don Státseirbhís agus d’eagraíochtaí seirbhíse poiblí ar leith.

Maidir le nuachtán clóite seachtainiúil trí Ghaeilge a chur ar fáil le freastal go príomha ar cheantair Ghaeltachta, ní miste a aithint gur chuir Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil i leith nuachtán clóite seachtainiúil ar feadh na mblianta ach gur cuireadh deireadh leis sin i bhfinaise an chostais a bhain lena leithéid. Ag eascairt as torthaí an phróisis chomhairliúcháin a reáchtáil Foras na Gaeilge chun tuairimí an phobail a fháil faoin chineál seirbhís nuachta atá de dhíth orthu sa saol comhaimseartha, tuigtear dom go bhfuil cinneadh tógtha ag bord an Fhorais maoiniú a chur ar fail do sheirbhís nuachta ar líne agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh an tseirbhís sin ar fáil níos moille i mbliana.

Maidir le bord Údarás na Gaeltachta, tá bonn daonlathach faoin bhord sa mhéid is go n-ainmníonn comhairlí contae a bhfuil ceantair Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhalta don Aire i gcomhar ceapacháin ar bhord an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012. Creidim go bhfuil an struchtúr boird atá anois ann níos éifeachtúla agus níos bisiúla chun spriocanna an Údaráis a bhaint amach.

Ba mhaith liom a rá go bhfuil mé féin, mar Aire Stáit le freagrachtaí na Gaeilge agus na Gaeltachta orm, lán-dáiríre faoi na dúshláin a bhaineann leis an teanga. Ba mhaith liom a dhearbhú go bhfuil me breá sásta plé a dhéanamh sa tréimhse atá amach romhainn ar na héilimh éagsúla atá déanta maidir le cearta lucht labhartha na Gaeilge. Mar chéad chéim sa phróiseas plé seo, d’fhógair mé le déanaí go bhfuil coiste comhairleach á bhunú ag mo Roinn, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge ar a mbeidh ionadaíocht ag eagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta. Is í an phríomhaidhm ata leis an choiste comhairleach eolas a roinnt maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012 chun comhoibriú agus comhthuisicint níos fearr a chothú idir na páirtithe éagsúla i dtaca leis an réimse oibre sin. Tá súil agam go gcuideoidh bunú an choiste seo go mór le haidhmeanna na Straitéise a chur i gcrích ar bhonn comhpháirtíochta.

Ní féidir liom glacadh leis go bhfuil tréas déanta ag an Rialtas ar lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht. In ainneoin go bhfuil acmhainní an Stáit faoi bhrú mór faoi láthair agus go raibh cinntí crua le tógáil dá réir, tá beagnach €55 milliún san iomlán le caitheamh ag mo Roinn i mbliana ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán, lena n-airítear an Foras Teanga. Sa Ghaeltacht is í Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar scéim teangalárnaithe is tábhachtaí atá ag mo Roinn agus tá obair leanúnach ar siúl chun todhchaí na scéime sin – gur fiú thart ar €50 milliún in aghaidh na bliana í don Ghaeltacht – a chinntiú. Comh maith leis sin, tá córas nua le tacú go praicticiúil le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge, nó go deimhin a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh, a fheidhmiú ag mo Roinn faoin Chlár Tacaíochta Teaghlaigh. Go deimhin, d’fhógair mé ar an 12 Márta an Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile chun cúnamh airgid a chur ar fáil d’ionaid tacaíochta teaghlaigh agus d’ionaid chúraim leanaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Cuirfidh an scéim ar a gcumas gníomhaíochtaí breise faoi leith a reachtáil chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta.

Mar fhocal scoir, tuigim go maith gur cuid iontach tábhachtach dár n-oidhreacht í an Ghaeilge agus tá mé féin agus an Rialtas tiomanta dá cur chun cinn ar gach bealach ar féidir linn. Tá acmhainní substaintiúla á gcur ar fáil don Ghaeilge ar bhonn leanúnach trí mo Roinn agus trí Ranna agus comhlachtaí poiblí eile; tá dúshraith láidir ann le tógáil uirthi; agus tá ceimeanna dearfacha tógtha agus á dtógáil chun an Straitéis 20 Bhliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm.

Is mise le meas

Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D.
Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Share/Save/Bookmark

31.3.14

Toscaireacht ó Chonamara le stocaireacht a dhéanamh ar na gCoiste Comhairleach!

Tá sé socraithe ag toscaireacht ó Chonamara taisteal go Bailr Átha Cliath ar an gCéadaoin seo chugainn (2 Aibreáin 2014) le stocaireacht a dhéanamh ar ionadaithe atá roghnaithe ag na heagraíochtaí éagsúla Gaeilge is Gaeltachta ar Coiste Comhairleach (Féach Tic Toc...coiste eile 28 Márta 2014) atá á bhunú ag Roinn na Gaeltachta.

Litir don Aire Stáit 23 Feabh 2014
An tseachtain seo tháinig freagra i bhfoirm litreach ón Aire Stáit Mc Ginley ar an achainí a leagadh isteach sa Roinn dhó ar an 23 Feabhra, tar éis an máirseáil ó Oifig an Choimisinéara Teanga go Ceanncheathrú Roinn na Gaeltachta. Sa bhfreagra tugtar le fios go bhfuil an Coiste Comhairleach atá bunaithe ag Roinn na Gaeltachta le bheith mar 'chéad chéim sa phróiséas plé' maidir leis na héilimh atá ag lucht labhartha na Gaeilge.

Ach deireann Donncha Ó hÉallaithe, urlabhraí an grúpa a dhréachtaigh an achainí ar an Aire, go bhfuil sé tábhachtach nach mbeidh lámha an Choiste Comhairleacht ceangailte ag na téarmaí tagartha atá leagaithe síos ag an Roinn don choiste agus go mbeidh deis ag an gComhairle buaileadh le chéile níos minicí ná uair sa ráithe faoi cathaoirleacht neamhspléach.

"Tá sé tábhachtach chomh maith go mbeidh deis ag an gCoiste Comhairleach nithe a chur ar an gclár oibre as nós na leasaithe a theastaíonn a bheith curtha ar Acht na Gaeltacht 2012 agus an gá práinneach atá le Bord Oideachais don Ghaeltacht, má tá aon rath le bheith leis an bpleanáil teanga, sa mhéid bheag den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt."

Seo píosa ó Julian de Spáin, Rúnaí Chonradh na Gaeilge,  faoin gcruinniú: Beidh an chéad chruinniú de Coiste Comhairleach faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar siúl Dé Céadaoin ag 11.00. Mar a luamar cheana féin, beidh le feiceáil an ionann an coiste seo agus an struchtúr a bhí ag teastáil uainn, i. an mbeimid in ann mianta an phobail a chur chun cinn ann agus go mbeidh gníomh déanta orthu go sásúil. 
Is féidir aon mholtaí don chruinniú a chur chuig an Chonradh féin. (mar eolas, tháinig na moltaí seo a leanas ó Dhonncha Ó hÉallaithe cheana féin: 

  • (i) cathaoirleach neamhspleách ach rúnaíocht ón Roinn; 
  • (ii) castáil le chéile ar a laghad uair sa mhí, ní uair sa ráithe, mar atá ráite; 
  • (iii) cead fochoistí a chur ar bun faoi gnéithe éagsúla, mar shampla Teorannacha na Gaeltachta, Cúrsaí Oideachais sa Ghaeltacht, Leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla etc.)"

Share/Save/Bookmark

16.10.12

Dleathach nó mí dleathach!

Bhí cospóid le deanaí faoi dhream na péinte duibhe anseo i gConamara. Scríobh mé píosa Creachadóireacht nó gníomh fónta dhá sheachtain ó shin.

Dúradh ar thaobh amháin go raibh sé mar ionsaí ar an mBearla, (agus mar sin ar lucht an Bhéarla) gur tharaing sé drochcháil ar na Gaeilgeoirí agus muintir na Gaeltachta. Mar aon le sin bhí argóint gur i gcoinne réadmhaoine phríobháideacha a bhí sé dírithe agus nach raibh sé sin ceart dá bharr. (Ach mar a dúradh ar RnaG le deanaí tá an-chuid de na fógraí ar a cuireadh an ornáidíocht nua seo ortha, táid fhéin mí dleathach cheanna féin mar níor fhuarathas cead pleanála dóibh).

Sílim fhéin nach féidir íomhá níos measa a bheith ag lucht an Bhéarla, ar phobal na Gaeilge bíodh sa "Ghalltacht" nó sa Ghaeltacht iad, ná mar atá ná atá léirithe ag a leithéid Kevin Myres, Declan Lynch, nó fiu Miriam Lord!

Ach féach siar sa stair.

Ar bhaineadh rud ar bith sa tír seo gan an dlí a bhriseadh?

Bhí alt ag Donnchadh Ó hÉallaithe sa nuachtán le deanaí faoin Stáisiún Teilifís Bradach a cruthaíodh ar bharr Chnoc Mordáin sna hochtódaí, gníomh a "a las an lóchrann 25 bliana ó shin!" Níl aon amhras ach tréan gníomh brádach sin a bunaíodh TG4. Fiche bliain roimhe sin stáisiún bradach eile i Ros Muc a d'oscail Raidío na Gaeltachta. Gníomhartha dleathacha agus neamhdleathacha ghlórach de chuid Cumann Cearta Sibhialta Gaeltachta agus a cháirde a thug Údarás na Gaeltachta - lag go leor is atá sé - ar an saol. Agus is aithreacha agus máithreacha lucht péintéireachta an lae inniú a dhubhaigh Bhéarla ar chomharthaí bóithre a chuir iallach ar an Rialtas gníomh dá réir.

Deireann éagarfhocal Gaelscéal, Molaimis a misneach, agus é ag caint faoin ngníomhícht theilifíse, "Is cinnte go rabhadar ag feachtasaíocht ar gach bealach roimhe seo agus gurb é seo an rogha dheireanach a bhí acu.
I ndeireadh na dála, is cumhachtaí gníomh na focail agus chuaigh siad i mbun ghnímh, gníomh a bhí ‘bradach’."

Leanann Gaelscéal:

"In amanna, is riachtanach an rud é an dlí a bhriseadh chun cearta daonna a bhaint amach agus b’amhlaidh sin sa chás seo.

Tá an Ghaeilge ag dul i léig sna Gaeltachtaí i rith an ama ach faraor is róshéimh atá ár gcainteoirí dúchais.

Seans go bhfuil Gaeilgeoirí na Galltachta ‘níos radacaí’ agus ní cinnte sin, go fóill féin is í gluaiseacht na Gaeilge an ghluaiseacht teanga is coimeádaí ar an saoil.

Tá go leor le foghlaim ó mhuintir ‘Theilifís na Gaeltachta’ is léir."

Seans gur fhoghlaim Lucht na Péinte Duibhe, an ceacht sin?






Share/Save/Bookmark

12.8.10

Údarás na Gaeltachta: Donncha & Éamonn

Níl fhios agam an mar fhreagra ar litir oscailte Dhonncha Úi Éallaithe an ráiteas seo ó Éamonn Ó Cuív ach tá sé spéisiúil nach bhfuil siad ag caint faoin rud céanna. Is ar stair atá an chuid is mó den ráiteas Uí Chuív agus is le himní faoin todhchaí atá litir Uí Éallaithe.

Bórd Snip Nua IILéirítear a méid oibre fiontach atá déanta ag an Aire (go mór mhór ina Dháil Cheantair féin!), agus ní fheadach éinne é a shéanadh ar an bpointe sin. Deireann sé gur tiomántas Fhianna Fáil (Béarla) don Ghaeilge atá ann, ach ag breathnú ar suíomh an pháirtí is rí bheag an méid tiomántas atá le feiscint ann. Deireann sé áfach go bhfuil sé "le feiceáil go soiléir nach bhfuil i ceist ag an Rialtas cumhachtaí a aistriú o hÚdaras na Gaeltachta na ón Roinn go heagraíochtaí eile."

Ach an bhfuil? An bhfuil an Straitéis 20 bliain "ardchéimiúil" ar an gClár nua Caipitil a d'fhoilsigh an Rialtas i mí Iúil? Cuireann Donncha Ó hÉallaithe ceisteanna lom nach fhreagraíonn an tAire go lom. Cuireadh na lom-cheisteanna céanna nach mór ag cruinniú i nGaoth Dobhair i rith na seachtaine seo caite.

Conas is féidir cuir le hobair fiúntach Éamonn Uí Chuív ar ar caitheadh €140m ar in 2008 sa bhliain 2015 agus 2016 le €30m? Nó anamhlaidh go bhfuil deireadh leis? Deireadh le Roinn na Gaeltachta, Deireadh le hÚdarás na Gaeltachta? Deireadh leis an nGaeltacht? Deireadh leis an nGaeilge mr teanga phobail?


Litir oscailte ag an Aire Éamonn Ó Cuív T.D.

A Aire, a chara
Is cúis imní a bhfuil sa Clár nua Caipitil a d'thoilsigh an Rialtas le gairid dóibh siúd ar chás leo todhchaí na Gaeltachta. Bhi sé sach dona go raibh sé ráite sa "Dréacht Stráitéis 20
Bliain don Ghaeilge
", a foilsíodh ag deire na bhliana seo calte go raibh plean ag an rialtas Údarás na Gaeltachta a iompó isteach ina Údaras na Gaeilge. Ag an am d'ardaigh mé an cheist go poiblí faoin mbaol a bhí ann, go gcaillfeadh an tÚdaras an fócas ar an nGaeltacht.

Mar Aire, a raibh cúram na Gaeltachta ort ag an am, thug tú le fios, nach raibh sé i gceist aon chumhacht a bhaint ón Údarás faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ach a mhalairt. Thuig mé uait, is tú ag caint ar RnaG, nach ndéanfaí aon Iagú ar ról an Údaráis i dtaobh cothú na fiontraíochta agus ó thaobh cruthú fostaiochta faoin Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Dúirt tú go ndéanfaí athstructúrú ar an Údarás, rud a theastafonn go géar.

Chreid go leor daoine tú ag an am, mar is duine thú, le do cheart a thabhairt dhuit, nach n-insíonn bréaga de ghnáth, cé gur féidir leat an dubh a chur ina gheal ar dhaome go minic le argóintí casta is le clisteacht. Bhí an cuma ar an scéal, do réir do chuid cainte ag an am, go mbeadh an tÚdarás fós ag plé le forbairt eacnamíochta, fiontraíochta agus le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, mar a bhí ó 1980 agus mar a bhí Gaeltarra Éireann roimhe sin.

Faoi láthair is ón Roinn Chomhionnais, Pobail & Gaeltachta, a fhiaigheann an t-Údarás an t-airgead caipiteal, a theastaíonn le tograí nua fostaíochta a fhorbairt sa Ghaeltacht agus le postanna atá ann cheana a shábhailt. Fuair an tÚdarás €19.65 miliúin sa bhliain 2009 agus tá sé ceapaithe €15 milliún a fháil ón bhfoinse céanna i mbliana. Ach anois, do réir Aithbhreithniú ar an gClár Caipitil, (Béarla) a d'fhoilsigh an Rialtas le gairid; tá deire le cur leis an socrú seo agus as seo amach 'any residual or ongoing investment needs should be funded by the Government Department with pnmary sectoral responsibility', sé sin ó Roinn Bhatt O Keefe, (Enterprise, Trade and Employment).(Béarla amháin!)

Mar duine den Aireacht, a cheadaigh an Aithbhreithnú ar an gClár Caipitil agus mar Aire a raibh freagracit na Gaeltachta ort le 12 bliliain roimhe sin agus mar Theachta Dála don ceantar Ghaeltachta is mó sa tir, ar mhiste leat ceist simplí a fhreagairt.

An bhfuil sé i gceist ag an Rialtas seo airgead caipitil a sholáthar idir 2011 agus 2016 do Údarás na Gaeltachta, le usáid chun brú ar aghaidh le forbairt eacnamaíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht?

Má ta, ar mhiste leat a inseacht cé mhéad a chuirfear ar fáil faoin bplean caipitil, a mhinú cé as a dtiocfaidh sé agus a soiléiriú dúinn cá bhfuil an soláthar sa phlean don airgead caipitil sin?

Más amhlaigh go bhfuil sé socraite ag an Rialtas, go dtiocfaidh deire le ról Údaras na Gaeltachta i dtaobh cothú na fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, ar mhiste leat é sin a admháil go hoscailte is go macanta, sa gcaoi is gur féidir feachtas náisiúnta a eagrú lena chinntiú nach scriosfar an t-aon eagraíocht amháin atá ag an nGaeltacht faoi láthair, ceal acmhainní caipitil.

Is de bharr brú ón bpobal agus feachtas Cearta Sibhialta na Gaeltachta, a cuireadh Údarás na Gaeltachta ar bun sa biliain 1980. Ní go héasca a ligfear don Rialtas seo deire a chur leis an Údaras ag am a bhfuil géarchéim teanga agus fostafocita sa gcuid bheag sin den Gaeltacht oifigúul, ina bhfuil an Ghaeilge fós in usáid mar theanga cumarsaide i measc an phobail,
Ádh mor,

Donncha Ó hÉallaithe,
Na hAille, Cois Fharraige.


Ráiteas ón Aire Ó Cuív
Tá a lán cainte le gairid maidir le todhchaí na Gaeltachta, todhchaí Údarás na Gaeltachta agus na n-institiúidí Gaeltachta. Sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tá sé le feiceáil go soiléir nach bhfuil i ceist ag an Rialtas cumhachtaí a aistriú o hÚdaras na Gaeltachta na ón Roinn go heagraíochtaí eile. Go deimhin, is é a mhalairt atá ann mar tá i gceist féachaint an bhfuil seirbhísí a gcur ar fáil ag eagraiochtai éagsúIa faoi lathair a d'théadfadh an tÚdarás agus an Roinn a chur ar fail i bhfad níos éifeachtaí sa Ghaeltacht.

Le blianta beaga anuas, ó bunaíodh MFG agus Comhar na nOileán le déileáil leis an nGaeltacht agus na hoileáin, tá láidriú ar an gcoincheap eagraíochtaí faoi leith a bheith ann le freastal ar na ceantair seo.

Tá tuairimí an Rialtais faoin nGaeilge leagtha amach go soiléir sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus táthar ag leanúint le tiomántas Fhianna Fáil (Béarla) don Ghaeilge ó tháinig siad ar ais i gcumhacht i 1997. Bhi sé de phribhléid agamsa a bheith i m'Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta agus i m'Aire Gaeltachta don chuid is mó den am seo. Tá go leor dul chun cinn déanta i rith an ama seo maidir le seirbhísí breise a bheith curtha ar fáil sa Ghaeltacht. Orthu sin tá, achtú an Achta Teanga 2003, stádas oifigiúil don Ghaeilge san Eoraip agus foilsiú na Straitéise 20 Blain don.Ghaeilge. Cuirfear i bhfeidhm an straitéis seo anois sa 20 bliain atá ámach romhainn.

Chomh maith leis sin, tharla go leor forbairti eile atá mar thairbhe don Ghaeltacht. Ina measc sin tá Scéim na gCúntóirí Teanga, Scéim na gCampaí Samhraidh agus méadú ar an gcúnamh do Scéim na bhFoghlaimeoiri Gaeilge ón Roinn Gnóthai Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

I rith an ama seo freisin, tugadh cúnamh breise d'Oideachas Triú Leibhéal tré Ghaeilge go háirithe tri Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Olscoil na hÉireann, Gaillimh.

Maidir leis an infrastruchtúr, is fíor a rá go raibh infrastruchtúr an-dona sa Ghaeltacht i 1997 agus go raibh fior-ghá le maoiniú a dhéanamh air. Ó shin, faoi Scéim na mBóithre Straitéiseacha, a bhunaigh mise, tá feabhsúchán mór déanta ar bhóithre straitéiseacha na Gaeltachta. Faoi Scéim na
mBóithre Áise, a bhí curtha ar fionraí ag Micheál D. Ó hUiginn nuair a bhí sé ina Aire, tá caoi curtha ai bhóithre beaga chomh maith. Le blianta beaga anuas tá obair déanta ar bhóithre pobail ai nós bóithre portaigh agus cladaigh faoin Scéim Bóithre Pobail. Déanadh a lán oibre freisin ar chéibheanna sa Ghaeltacht. Déanadh obair fheabhsúcháin ar chéibheanna straitéiseacha ar nós Céibh Chill Chiaráin agus ar chéibheanna beaga chomh maith.

Déanadh forbairt ar Áiseanna Pobail agus Caitheamh Aimsire agus tá sé seo le feiceáil go soiléir ar fud na Gaeltachta. I gConamara, feictear sampla de seo i Ros Muc áit a déanadh forbairt ar an bPáirc Peile, Spórtlann Michael Mhóir i Leitir Móir agus i mBaile Chláir na Gaillimhe áit a déanadh forbairt mhór ar an Ionad Spóirt ansin.

Maidir leis na hoileáin, tá an t-infreastruchtúr feabhsaithe agus seirbhísí taistil feabhsaithe chomh maith. Ar Inis Mór, tá beagnach €4Om caite ar chéibh nua ansin. Tá pleanáil ag dul ar aghaidh maidir leis an gcéibh in Inis Oírr agus tá riar mhaith airgid caite freisin ar Inis Meáin. Chomh maith leis si faoin Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, bunaíodh a lán scéimeanna nua a raibh tionchai dearfach acu ai an nGaeltacht. Scéimeanna ar nós an Scéim Shóisialta Tuaithe, An Clár Sheirbhisí Pobail, a leathnaíodh amach, agus an scéim CLAR a chuir airgead ai fáil le huisce, seirbhísí oideachais, leathanbhanda and a lán seirbhfsi eile nach iad.

Mar Aire Coimirce Sóisialaí, táim sásta go bhfuil an Clár Sheirbhisí Pobail, an Scéim Fostaíochta Pobail agus an Scéim Shóisialta Tuaithe ag aistriú go dtí mo Roinn agus tá súil na scéimeanna seo a leathnú amach sna míonna agus blianta amach romhainn ionas go gcuirfidh siad obair fhónta ar fáil do dhaoine agus freisin go bhfeabhs6idh said seirbhísí in imeachtaí éagsúla do mhuintir na Gaeltachta.

Éamon Ó Cuiv T.D.
Aire Coimirce Sóisiala


Foilsíodh an dá phíosa seo i nGlór Chonamara, saor-nuachtáin a foilsítear ó Chnoc na Cathrach agus atá dálaithe go forleathan i ndeaisceart Chonamara agus Cois Fharraige.
Share/Save/Bookmark