28.9.09

Freagra CnaG

Freagra Chonradh na Gaeilge
ar an tuairisc a chuir an Grúpa Speisialta ar fáil don Rialtas le déanaí darbh ainm ‘Report of the Special Group on Public Service Numbers and Expenditure Programmes’


Cóip pdf den bhfreagra seo (Includes English language translation)
CÚLRA:
Ní miste athstruchtúrú agus coigiltí ar an airgead a chaitheann Rialtas na hÉireann ar ár son. Tá an ‘Report of the Special Group on Public Service Numbers and Expenditure Programmes’, grúpa a bunaíodh ag deireadh 2008, ar fáil anois. Tá freagra Chonradh na Gaeilge ar an tuairisc a chuir an Grúpa Speisialta sin le chéile le léamh thíos. Díríodh ar thagairtí don Ghaeilge sa Tuairisc agus ar mholtaí a mbeadh tionchar acu ar chaomhnú, ar chur chun cinn agus ar spreagadh úsáid na Gaeilge in Éirinn.


COMHTHÉACS AGUS ÉILEAMH:
Is faoin Rialtas féin atá sé cinneadh a dhéanamh faoi na moltaí sa Tuairisc ón nGrúpa Speisialta, faoina bhfuil le cur i bhfeidhm, nó nach bhfuil le cur i bhfeidhm, nó atá le leasú sula gcuirfear i bhfeidhm é.

Éilíonn Conradh na Gaeilge ar an Rialtas, áfach, an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá le foilsiú ag deireadh Meán Fómhair a chur san áireamh sula ndeintear aon chinneadh faoi na moltaí sa Tuairisc a bhaineann le caomhnú, le cur chun cinn agus le spreagadh úsáid na Gaeilge in Éirinn.


Ní luaitear an Straitéis 20 Bliain seo sa Tuairisc, agus is gá dúinn glacadh leis, dá réir sin, nach raibh údair na tuairisce ar an eolas faoi, nó gur cheap siad nach raibh tábhacht leis. Caithfear na moltaí atá déanta ag an nGrúpa Speisialta maidir leis an nGaeilge a mheas in éineacht leis na moltaí a bheidh sa straitéis 20 bliain i leith na teanga, chun go dtiocfar ar an mbealach is fiúntaí chun an acmhainn chultúir, chogneolaíoch agus pobail seo a neartú agus a chur chun cinn.

Beidh páirt ríthábhachtach le himirt ag pobal na Gaeilge sa straitéis, agus táimid ag súil go mbeidh an pobal lárnach i gcur i bhfeidhm agus cur chun cinn na straitéise.


BUNPHOINTÍ:
Is gá go mbeadh an pobal agus an Rialtas feasach faoi easnaimh, faoi mhíthuiscintí, agus faoin easpa eolais fiú i gcásanna áirithe, a bhí ar an ngrúpa speisialta maidir le hearnáil na Gaeilge agus le tábhacht na Gaeltachta: d’fhéadfadh nach raibh dóthain ama acu iad fhéin a chur ar an eolas, nó nach raibh taithí acu ar an earnáil roimh ré. De réir a ndeirtear faoi bhaill an Ghrúpa Speisialta sa Tuairisc féin, tá sé le tuiscint gur roghnaíodh iad ar a dtaithí ar chúrsaí gnó agus airgeadais. Ní
léir gur roghnaíodh aon duine acu toisc a chur amach ar chultúr agus ar an gcéad teanga oifigiúil. Dá réir seo, ba mhaith leis an gConradh roinnt bunphointí a chur os comhair an Rialtais:
    • Creideann Conradh na Gaeilge, dá gcuirfí na moltaí atá sa tuairisc ón nGrúpa Speisialta i bhfeidhm gurb ionann é agus díscor ar pholasaí an stáit ó 1922 anall, maidir le cothú agus cur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht, agus lasmuigh den Ghaeltacht féin.

    • Léirítear easpa tuisceana, agus déantar éagóir, dá réir, sa Tuairisc cúpla uair. Mar shampla sonrach, déantar beag den obair riachtanach atá curtha i gcrích ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), a cuireadh ar bun sa bhliain 2002 le freastal ar riachtanais oideachais chéad leibhéil agus dara leibhéal na hearnála Gaeilge. Sa tuairisc, luaitear go bhfuil COGG bainteach leis an dara leibhéal amháin. Ní fíor sin. Aithnítear chomh maith go bhfuil dúshlán faoi leith ag baint le forbairt theagasc na Gaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Mar shampla eile: tugtar le fios gur gá de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 gach foilseachán oifigiúil a aistriú, agus gur gá an riachtanas sin a leasú. Ní fíor in
    aon chor gur gá gach foilseachán oifigiúil a aistriú: níl de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí ach doiciméid áirithe a mbeadh spéis ag an bpobal iontu a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna, mar shampla, tuarascálacha bliantúla (Alt 10 den Acht).

    • Is léir nach ngéilltear go bhfuil mórán tábhacht le Gaeltacht ná le Roinn Gaeltachta. Ní réitíonn seo le Straitéis Spásúlachta Náisiúnta an Rialtais, áit a n-admhaítear gur gá cúram a dhéanamh de limistéir a bhfuil tábhacht cultúrtha leo, an Ghaeltacht san áireamh (National Spatial Strategy for Ireland, e.g Mír 3.5.1., lgh. 51- 52), toisc: ‘These cultural identities can make a significant contribution… to underpinning the rural economy…’. I gcás na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ní hamháin go moltar deireadh a chur leis an Roinn sin, ach i gcás na bhfeidhmeanna a chomhlíonann an Roinn, moltar laghdú maoinithe de 31.7%. Sin laghdú atá breis is a trí oiread níos mó ná an meánlaghdú de 8.9% i gcás na ranna eile. Chomh maith leis sin, moltar laghdú foirne de 23.2%, laghdú atá beagnach a ceithre oiread níos mó ná an meánlaghdú de 6.3% i gcás na ranna eile.

Táimid ag éileamh ar an Rialtas na fíricí sin, chomh maith lenár n-aiseolas ar gach moladh a bhaineann leis an nGaeilge thíos, a chur san áireamh sula ndeintear aon chinneadh ar na moltaí a bhaineann le caomhnú, le cur chun cinn agus le spreagadh úsáid na Gaeilge in Éirinn.

MOLTAÍ NA TUAIRISCE AGUS FREAGRAÍ AN CHONARTHA ORTHU:


1. An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a dhúnadh.
Tá Conradh na Gaeilge in aghaidh deireadh a chur le Roinn na Gaeltachta, mar ba bhuille é a d’fhéadfadh a bheith marfach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, agus ní thagann sé le ciall go ndéanfadh an Rialtas dochar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gcomhthéacs an aitheantais agus na tacaíochta atá tugtha don teanga, san áireamh :
    • Achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla in 2003
    • An brú a cuireadh le stádas a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach, agus an obair atá ar siúl ó shin d’fhonn fáil réidh leis an maolú ar an stádas sin

    • An Ráiteas i leith na Gaeilge a d’eisigh an Rialtas in 2006

    • An Straitéis 20 Bliain atá curtha le chéile ag an Rialtas le dhá bhliain anuas, agus atá le foilsiú go luath anois, straitéis a chuimsíonn plean le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a ardú go dtí 250,000 duine taobh istigh de 20 bliain, agus an Ghaeltacht agus úsáid na teanga ar fud na tíre a chaomhnú agus a láidriú.

Beidh gá le hAire sinsearach agus le Roinn na Gaeltachta chun comhordú a dhéanamh ar obair na Straitéise dúshlánaí 20 Bliain seo a chur i bhfeidhm mar thosaíocht Rialtais. Sonraímid, chomh maith, go bhfuil neartú na Gaeltachta ag teacht le Straitéis Spásúlachta an Rialtais, straitéis a bhfuil an Ghaeltacht luaite inti, toisc gur ceantar í a bhfuil a oiread tábhacht cultúrtha léi.

2. Feidhmeanna na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir leis an nGaeltacht agus leis an bhForas Teanga a aistriú go dtí an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
Creideann Conradh na Gaeilge gur chun aimhleas na teanga agus na Gaeltachta trí chéile a rachadh sé feidhmeanna Gaeilge agus Gaeltachta (‘matters relating to Irish language & culture’ mar a mholtar sa Tuairisc) na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a aistriú go dtí an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Níl an Roinn Oideachais in ann cúram a dhéanamh díobh ar fháthanna éagsúla, ina measc:
    • Tá i bhfad níos mó i gceist le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh ná oiliúint scoile, mar is eol faoi seo d’oideachasóirí, agus do phleanálaithe teanga agus riarthóirí. Tá an tuiscint ag fás agus ag leathnú, chomh maith, gur acmhainn cogneolaíoch, cultúir agus eacnamaíoch í an Ghaeilge, arbh ionann agus féinmharú polaitiúil, sóisialta agus cultúrtha é fáil réidh léi. Ach caithfear cur chuige iomlánaíoch a fheidhmiú chun í a neartú i sochaí ina bhfuil sí in iomaíocht leis an mBéarla, teanga idirnáisiúnta a bhfuil forlámhas eacnamaíochta domhanda aici, agus b’fhearr dá réir go mbeadh Roinn faoi leith agus Aire sinsearach ag plé go díreach leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, ach go háirithe leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm.

    • Nótáiltear nach bhfuil ach 3% d’fhoireann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta in ann seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn sin, agus dá réir, creideann an Conradh nach bhfuil ar chumas na Roinne sin freastal ar phobal na Gaeilge go sásúil, sa Ghaeltacht nó lasmuigh di. Creideann Conradh na Gaeilge, chomh maith, nach mbeadh an líon foirne sa Roinn Oideachais atá in ann freastal ar an bpobal trí Ghaeilge titithe chomh híseal, mura raibh sainmheon na Roinne Oideachais & Eolaíochta féin easnamhach.

    • Ag cur leis an bpointe sin, tá an Roinn Oideachais agus Eolaíochta i mbun an Ghaeilge a lagú sa chóras oideachais le tamall anuas. Mar shampla, tá an Roinn fós ag iarraidh deireadh a chur leis an luath-thumoideachas iomlán i ngaelscoileanna an Stáit, in ainneoin go n-aithníonn oideachasóirí sa bhaile agus go hidirnáisiúnta gurb é seo an bealach is fearr leis an dara teanga a mhúineadh. Is ionsaí tromchúiseach é polasaí seo na Roinne Oideachais agus Eolaíochta ar sheachadadh na teanga ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht, chomh maith. Is faillí do-mhaite é, chomh maith, go bhfuil na scoileanna náisiúnta i gcoitinne fágtha gan cúrsa ceart comhtháite Gaeilge (lena leorsholáthar d’acmhainní tacaíochta) agus tá COGG i mbun oibre sa réimse seo faoi
    láthair.

3. Deireadh a chur leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)
Aithníonn an Conradh go bhfuil obair riachtanach á dhéanamh ag COGG i dtaca le múineadh agus le foghlaim na Gaeilge inár scoileanna ar fud an stáit, cúraimí nach raibh agus nach bhfuil á gcomhlíonadh go sásúil ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Is iomlánú é an obair atá ar siúl ag COGG ar shaothar dhá ghlúin de thuismitheoirí agus gníomhaithe teanga a thug faoi gaelscoileanna bun agus dara leibhéal a bhunú i ngach contae sa tír, i dtreo go mbeadh eolas maith ag a bpáistí ar an teanga shinseartha. Is obair é seo atá fós ag dul chun cinn, Ní cóir deireadh a chur le COGG; is le cúnamh COGG a fhreastalaítear ar an nGaelscolaíocht agus ar riachtanais múinte na Gaeilge i gcoitinne ar chostas 1.2 milliún. (300,000 euro ar phá agus riaracháin & 900,000 euro ar acmhainní, taighde agus obair eile na comhairle). Is áisínteacht é ar gealladh a leithéid in Acht Oideachais 1998, b’ísliú ar stádas na Gaeilge é a chur ar ceal, agus b’ionsaí frithoideachasúil é sin ar obair na mílte saoránach. Is gá na fíricí a leanas a chur san áireamh:
    • Léirítear easpa tuisceana sa Tuairisc, agus neamhshuim fiú, san obair fhiúntach atá déanta ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ó cuireadh ar bun í sa bhliain 2002 le freastal ar riachtanais oideachais an chéad leibhéil agus an dara leibhéil. Cheapfá ó Vol 1, lch. 44, (C.6), go bhfuil COGG bainteach le teagasc na Gaeilge in iarbhunscoileanna amháin. Ní iontas go raibh an Grúpa Speisialta aineolach ar obair COGG ar an gcéad leibhéal, mar nach ndearnadh teagmháil le COGG nuair a bhí an tuairisc á hullmhú.

    • Moltar sa tuairisc go bhfaighfí réidh le COGG ina iomláine. Ní léir go dtuigtear gur gá buiséad a bheith ar fáil chun na hacmhainní agus na téacsanna riachtanacha don 35,000 dalta atá ag freastal ar an ngaelscolaíocht ar an gcéad leibhéal agus ar an dara leibhéal a sholáthar. Cuir san áireamh, chomh maith, gur gá cúrsaí cearta
    comhtháite Gaeilge a chur ar fáil do dhaltaí na scoileanna náisiúnta i gcoitinne, chomh maith le scoileanna Gaeltachta, agus go bhfuil an cúrsa comhtháite Séideán Sí fós le críochnú le haghaidh na mbunscoileanna lánGhaeilge. Arís, faillí de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta is ea é nach bhfuil cúrsa ceart comhtháite Gaeilge ann do scoileanna náisiúnta i gcoitinne. Is gá COGG a bheith ann chun an fhaillí seo a
    leigheas ar son leas oideachais shaoránaigh óga na tíre i gcoitinne.

    • Cheana féin fógraíodh nach bhfuiltear ag dul ar aghaidh, faoi láthair, leis an ionad náisiúnta oideachais i mBaile Bhúirne. Bhí ceathrar breise le bheith fostaithe ag COGG ann, agus ní beag an dochar é sin do chumas na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta téacsanna agus acmhainní riachtanacha a sholáthar le haghaidh mhúinteoirí agus daltaí an stáit, agus dea-mhúineadh na Gaeilge a chothú, sna gaelscoileanna agus sna scoileanna náisiúnta i gcoitinne. Ar mhaithe le luach ar airgead is gá go mbeadh acmhainní tacaíochta a gceirde ar fáil ag múinteoirí Gaeilge an Stáit ag an dá leibhéal.

    • Nach bhfuil soláthar téacsleabhar i nGaeilge ar fáil don teastas sóisearach nó don ardteist i bhformhór na n- ábhar scoile. Tá sé de cheart ag daltaí agus múinteoirí téacsleabhair i nGaeilge a bheith acu.


4. Deireadh a chur le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
Faoin scéim seo cuirtear páirtmhaoiniú ar fáil do na mná tí a sholáthraíonn lóistín do dhaltaí na gcoláistí samhraidh Gaeltachta. Is í an tréimhse a chaitheann scoláirí óga ag coláistí samhraidh an deis is fearr atá acu a gcuid scileanna cumarsáide Gaeilge a fheabhsú, go háirithe a scileanna labhartha. Tá lucht eagraithe na gcoláistí ag brath ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge leis an bpraghas a choinneáil ag leibhéal réasúnta do thuismitheoirí. Dá gcuirfí an moladh seo i bhfeidhm, chuirfí na coláistí samhraidh Gaeilge i mbaol. Is gá na pointí a leanas a thabhairt san áireamh:-
    • Is ionann an scéim seo agus infheistíocht rialtais de €5m sa bhliain i dtionscal a ghineann tuairim is €50m sa bhliain don gheilleagar áitiúil i gceantair Ghaeltachta, agus a chruthaíonn 2,000 post sealadach gach samhradh, chomh maith le fostaíocht lán-aimseartha a chruthú do 60 duine ar a laghad i rith na bliana.

    • Tá coláistí samhraidh Gaeilge á reáchtáil i gcuid de na ceantair is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tír. Céad bliain ó shin is coláistí Gaeltachta a chothaigh an mheanma a shaolaigh stát Éireannach, agus státseirbhís Éireannach. Ní dea-bhainistíocht ar acmhainní stáit é deireadh a chur le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, agus buille trom a bhualadh ar eacnamaíocht na Gaeltachta. Drochthorthaí eacnamaíochta, cultúir agus Gaeltachta a thiocfadh de, in ainneoin an Ghaeltacht a bheith luaite go sonrach sa Straitéis Náisiúnta Spásúlachta toisc gur ceantar í a mbaineann luach ar leith léi.

    • Chuirfeadh deireadh le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le claontacht aicme ag an dara leibhéal oideachais. Beidh níos mó marcanna ar labhairt na teanga sna scrúduithe stáit ón mbliain 2012 ar aghaidh, beidh buntáiste ag mic léinn a bhfuil sé d’acmhainn ag a dtuismitheoirí íoc as cúrsa Gaeltachta dóibh, agus chuirfeadh an moladh seo ón nGrúpa Speisialta leis an gclaonadh seo.

    • Tionscal dúchasach turasóireachta is ea Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a chothaíonn fostaíocht i gceantair atá imeallach. Tá tionscal na turasóireachta faoi bhrú eacnamaíoch faoi láthair, agus ní cóir cur isteach a thuilleadh ar thurasóireacht a bhaineann ó nádúr le cultúr na gceantar seo ach go háirithe.


5. Feidhmeanna fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a aistriú go Enterprise Ireland

Is cuid lárnach agus ríthábhachtach iad feidhmeanna fiontraíochta Údarás na Gaeltachta de ghnó an institiúid sin, agus níor chóir iad a aistriú go dtí Enterprise Ireland. Tá cúpla fáth leis sin ach go háirithe:
    • Deirtear sa tuairisc: ‘The group considers that the new enterprise body should operate a regional office based upon the nine gateways identified in the National Spatial Strategy.’ Dhéanfadh sé seo dochar agus dhéanfaí tuilleadh imeallú ar fhiontraíocht sna Gaeltachtaí, mar bheadh béim ag Enterprise Ireland ar na cathracha agus na bailte tairseacha, agus dhéanfaí neamhshuim de riachtanais na mbailte iargúlta Gaeltachta.

    • Tá taithí na mblianta ag Údarás na Gaeltachta agus d’éirigh ar fheabhas leis an Údarás fiontair a mhealladh go dtí na Gaeltachtaí.

    • Beidh athrú ar fheidhmeanna an Údaráis, agus ar struchtúr bhord an Údaráis, neamhspleách ar fad ar mholtaí an Ghrúpa Speisialta. Tiocfaidh na hathruithe sin chun cinn sa chéad leath den bhliain romhainn, mar tá sé ráite ag an Aire Gaeltachta go gcuirfear toghchán an Údaráis siar ó Aibreán go Deireadh Fómhair más gá.


6. An riachtanas líomhnaithe in Acht na dTeangancha Oifigiúla 2003 le gach foilseachán oifigiúil a aistriú a leasú
Léirítear easpa eolais an Ghrúpa Speisialta áit a luaitear sa Tuairisc gur gá leasú ar riachtanas in Acht na dTeangancha Oifigiúla 2003 gach foilseachán oifigiúil a aistriú. Ní fíor gur gá gach foilseachán oifigiúil a aistriú. Níl de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí ach doiciméid áirithe a mbeadh spéis ag an bpobal iontu a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna, mar shampla, tuarascálacha bliantúla (Alt 10 den Acht).

7. Ciste na Gaeilge a laghdú de €1 milliún
Dar leis an nGrúpa Speisialta, is cóir Ciste na Gaeilge a laghdú pro rata: ‘the allocation for the funds should be reduced by €1m consistent with its recommendations for similar reductions in other cultural programmes.’ Ní aontaíonn Conradh na Gaeilge gur chóir go mbeadh laghdú chomh mór leis seo ar Chiste na Gaeilge. Féach an comhthéacs: Foras Trasteorann.

8. Deireadh a chur le Scéim Labhairt na Gaeilge
Faoin scéim seo féadann an Roinn deontas €260 in aghaidh na scoilbhliana a íoc le teaghlaigh sa Ghaeltacht, má shásaíonn siad an Roinn gurb í an Ghaeilge a ngnáth-theanga labhartha agus go bhfuil líofacht nádúrtha dá réir acu. Caitear thart ar €700,000 sa bhliain ar Scéim Labhairt na Gaeilge. Ba chóir an Scéim seo a choinneáil ar na fáthanna a leanas:
    • De réir thorthaí taighde an Staidéir Chuimsithigh Theangeolaígh ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a thionscnaigh an Roinn GPTG agus a d’ulmhaigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, tá an Ghaeltacht mar aonad teangeolaíoch i mbaol, agus déantar moltaí leis an meath a chosc agus úsáid na Gaeilge sna Gaeltachtaí a neartú. Ina measc san, moltar leasuithe ar Scéim Labhairt na Gaeilge - ní mholtar deireadh a chur leis an scéim.

    • Tá tobar na Gaeilge, saibhreas teanga, le fáil sna Gaeltachtaí. Is buntáiste do phobal an stáit é go gcaomhnófaí agus go gcothófaí an saibhreas cultúir agus teanga sin, i dtreo go mbeidh deis ag cách é a bhlaiseadh. Más pobal sinn seachas aonad eacnamaíochta gan phréamhacha, is fiú labhairt na Gaeilge sa teaghlach Gaeltachta a chothú. Ní mórán d’infheistíocht í €260 sa bhliain, ach is aitheantas é agus cothabháil ar shaibhreas gur féidir é a roinnt ar shaoranaigh uile na tíre, agus:

    • Baineann an scéim le líon lucht labhartha na Gaeilge sna Gaeltachtaí a mheas. Bheadh córas eile ag teastáil ina áit dá bhfaighfí réidh leis, córas a mbeadh costas leis. Tá sé beartaithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta leasuithe a dhéanamh ar an scéim, agus bheadh sé ciallmhar fanacht leis na leasuithe sin a mheas, sula ndéanfar cinneadh i dtaobh na scéime seo.

    9. Deireadh a chur leis na scéimeanna pobail agus áineasa
    Tá na scéimeanna seo tar éis cur go mór leis an líon ionad pobail agus áineasa sna Gaeltachtaí le roinnt blianta anuas. Tá sé tábhachtach a leithéid de scéimeanna a bheith ar fáil ar na fáthanna a leanas:

    • De bhíthin na n-ionad pobail agus áineasa, cothaítear snaidhmeanna pobail agus Gaeilge sa Ghaeltacht, agus soláthraítear deiseanna siamsaíochta a spreagann daoine chun fanacht sa cheantar nó bogadh ar ais chuige.

    • Is fearr iniúchadh a dhéanamh ar na háiseanna atá ann anois de thoradh na scéime, agus a bhfuil fós ag teastáil a mheas, sula ndéantar aon chinneadh fáil réidh leis an scéim. Le cúnamh na n-ionad pobail d’fhéadfadh go gcothófaí labhairt na Gaeilge ar bhealach níos éifeachtaí ná mar a dhéanfaí i mór-mhonarcha, cuir i gcás, a bhféadfadh a lán fostaithe nár chainteoirí líofa Gaeilge iad a bheith ag taisteal chuici ó cheantair lasmuigh den Ghaeltacht féin.


10. Anailís traschláir ar gach caiteachas ar an nGaeilge
Níl aon fáth nach gcuirfí a leithéid de mholadh i bhfeidhm mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Ar ndóigh, bheifí ag súil go mbeadh saineolaithe agus ionadaithe ó earnáil na Gaeilge rannpháirteach san anailis.

Eile:
Na Forais Trasteorann
Luaitear sa tuairisc go bhfuil na hAirí cuí ó dheas agus ó thuaidh ag déanamh athbhreithnithe ar chaiteachais na bhForas Trasteorann. Áitímidne gur ceadaíodh arduithe beaga d’Fhoras na Gaeilge, ach go háirithe i gcomparáid leis na harduithe a ceadaíodh sa Phoblacht le 5 bliana anuas do ranna rialtais agus forais eile stáit.
Cúinsí polaitiúla Thuaidh / Theas a luaitear mar chúis nach bhfuair Foras na Gaeilge níos mó d’ardú sna blianta go raibh níos mó cistíochta i gcoitinne ar fáil ar fud an chórais stáit. Nuair a bheidh na hAirí cuí ag plé chaiteachas an Fhorais, is gá an easpa meadaithe seo ar chistíocht thar na blianta a chur san áireamh, agus déileáil go cothrom leis an institiúid.

Maoiniú TG4
Faigheann TG4 €10 milliún de mhaoiniú díreach ón Roinn Chumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha. Moltar sa Tuairisc go dtiocfadh seo chun deiridh agus go gcuirfí an €10 milliún ar fáil ón gCeadúnas Teilifíse. Tá TG4 ag cur seirbhís mhaith ar fáil ar airgead beag i gcomhthéacs na mórchostas a bhaineann le stáisiún teilifise a reáchtáil, agus ní cóir go gcuirfí an t-airgeadú dó i mbaol ar aon tslí. Soláthraíonn comhlachtaí beaga dúchasacha cláir don chraoltóir seo, agus mhéadaigh a líon ó tháinig ann do TG4. San earnáil chraoltóireachta seo, dá réir, forbraítear scileanna ‘sochaí an eolais’ i measc na n-óg, agus soláthraíonn an earnáil fostaíocht chomh maith le traenáil a bhaineann le scileanna leictreonacha. Riachtanas is ea é fostaíocht mar seo a chosaint le bheith réidh d’aon chasadh san eacnamaíocht, agus is fiú a lua go gcothaíonn TG4 dea-íomhá don tír de dheasca go leor duaiseanna idirnáisiúnta a bheith
buaite ag an stáisiún. Ní miste a leithéid sin agus an droch-chlú airgeadais atá tuillte againn go hidirnáisiúnta le tamall.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment