31.5.19

Athmhuscailt ó thuaidh?

"Macalla as cnoic agus gleannta na Gaeltachta?"

Cuireadh fógra mór in airde i gceartlár Ghaoth Dobhair agus ar dhroichead Chroithlí le déanaí, ag cur tús le feachtas le toghcháin a thabhairt ar ais fá choinne bhord Údarás na Gaeltachta. Céard faoi na ceantair eile Ghaeltachta?

Chuir Dinny McGinley, (Fo-Aire Ghaeltachta 2011 - 2016) deireadh leis na toghcháin thiar i 2012 nuair a bhí sé ina Aire Gaeltachta, ag rá ag an am go raibh barraíocht costais le toghcháin. Nuair a cuireadh deireadh le díospóireacht ar Ach na Gaeltachta i mí Iúl 2012 shúil an freasúra amach. Níos moille an bhliain chéanna, d’inis sé do choiste Oireachtais go sábhálfadh an stát €500,000.  Dúirt an Fo-Aire i ráitis fhrithráiteacha, "...táimid ag tabhairt láimhe do mhuintir na Gaeltacht ina giniúint teanga féin...."

Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga ag an am, "Tá Acht Gaeltachta nua achtaithe agus níor bhain an fháilte a cuireadh roimhe aon mhacalla as cnoic agus gleannta na Gaeltachta. D’athraigh sé an struchtúr atá ar bhord an Údaráis agus bhronn sé cúraimí pleanála teanga nár iarr siad féin ar phobail na Gaeltachta agus na Gaeilge i gcomhar leis an Údarás agus Foras na Gaeilge. Ní ar phobail áitiúla a d’fhágfaí an fhreagracht maidir le pleanáil eacnamaíochta ná ní faoina gcúram a d’fhágfaí cinntí faoi fhorbairt tithíochta, bóithre ná cúrsaí comhshaoil. Ach cúrsaí teanga, bhuel, sin scéal eile!"1

Bhí an Ghaeltacht faoi ionsaí ag rialtas Fianna Fáil/Comhaontas Glas agus ó rialtas úr Fine Gael/Lucht Oibre. Gearradh buiséad an Údaráis go leanúnach ó €25 milliún i 2008 go dtí €6 milliún i 2011.

Nuair a bunaíodh eagraíocht pobail le cur in éadan na gciorruithe seo, cuireadh ina tost í nuair a bhagair an rialtas an t-urlabhraí a bhriseadh as a phost mar gharraíodóir.

Údarás neamhionadaithe!
Ó shin, chuir an tÚdarás straitéis úr ar fad in áit, na coistí pleanála teanga. Mar a dúirt Seán Ó Cuirreáin ag an am faoi pholasaí an Stáit: "Ag tráth go bhfuil an státchóras ag díriú i dtreo dualgais phleanála teanga a leagan ar na pobail féin sa Ghaeltacht, creidim go mbeadh sé áiféiseach go mbeadh an státchóras féin ag brú Béarla orthu lena gcuid gnóthaí a dhéanamh. B’ionann sin agus an Stát ag rá le pobal na Gaeltachta 'Labhraígí Gaeilge le chéile, coinnígí beo í mar theanga pobail ach ná labhraígí linne í!'"2

Taobh istigh de sé mhí  d'éirigh sé as mar Coimisiinéir ionas nach mbeidh sé "páirteach sa chur i gcéill!"

Cé gur dhúirt an Rialtas gur éirigh an straitéis as moltaí Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch Ar Úsáid Na Gaeilge Sa Ghaeltacht (2007), sáraíonn cuid de straitéis an Údaráis moltaí an staidéir. Mar shampla, cé gur moladh gur chóir caitheamh le ceantar Gaeltachta mar aonad amháin teangeolaíoch, rinneadh an ceantar Gaeltachta i dTír Chonaill a scoilt ina dhá chuid agus tá a gcoistí féin ag na hoileáin. Tá Conamara scoilte mar an gcéanna.3

Deir na saineolaithe uilig gur seo an seans deireanach leis an Ghaeltacht a chaomhnú agus níl ciall nó réasún leis nach bhfuil baill thofa ar bhord an Údaráis leis an obair thábhachtach seo a stiúradh. Tá sé thar am ag an rialtas an daonlathas a thabhairt isteach ar ais sa Ghaeltacht agus toghcháin don bhord a fhógairt.

Má thugtar bord tofa isteach, beidh pobal na Gaeltachta ag cur brú orthu déanamh cinnte go bhfuil achan chruinniú boird foscailte don phobal agus go mbeadh siad uilig craolta beo ar an idirlíon sa dóigh is go bhfuil an pobal ábalta feiceáil daofa féin caidé mar a dhéanann an bord cinneadh ar na dúshláin tromchúiseacha atá os comhar phobal na Gaeltachta.

1. Moill, moilliú nó stopadh? (3 Meán Fomhair 2013).

2:  Fochoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, (23 Eanáir 2014).

3: Scoilt i nGaeltacht Chonamara! (26 Meith 2018)


Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment