2.10.14

Teachtaireacht ón Rialtas: "Is cuma faoin nGaeltacht agus faoin dteanga náisiúnta"


Dúirt Seán Ó Cuirreáin agus é ag éirí as oifig mar Coimisinéir Teanga: "Mura féidir leis an Stát aghaidh a thabhairt ar an dá ghné sin – úsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta agus cinntiú go mbeadh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí ‒ nuair a bheidh an tAcht á leasú, creidim go dtuigfear ansin gur mugadh magadh, briolla brealla nó bréaga a bheas i gceist. Tráth a bhfuil muid ag teannadh lenár bhflaitheas eacnamaíoch a fháil ar ais, ba mhór an feall é dá gcaillfimis ár bhflaitheas teanga – bunchloch dár bhféiniúlacht chultúrtha, dár n-oidhreacht agus dár n-anam mar náisiún. Creidim gur measa mar bhaol é sin anois ná riamh." (4/12/2013 - le Coiste Oireachtais)

Cearta á shéanadh?
Tá mé ag ceapadh go ládraíonn na grafanna atá leis an alt seo an méid a dúirt se - an easpa suime agus leanúint polasaithe i leith na Gaeilge ó 1928 ar aghaidh. "Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis: is deacair brí ar bith eile a bhaint as polasaí an stáit ó 1928 ar aghaidh." (2/9/2013 - Oscailt Choláiste na hÉireann)

Is gá cothrom na féinne a thabhairt don Ghaeltacht sa cháinaisnéis. Níl dabht ar domhain ná gur gá na forais le freagracht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a mhaoiniú i gceart. Stop a chur le haon laghdú eile ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, TG4, na ranna cuí agus na buiséid sin a mhéadú go straitéiseach go bliantúil.

Má breathnítear ar na figiúirí tá sé soiléir nach bhfuil suim ag an státchóras i bpobal na Gaeltachta ná i lucht labhartha na Gaeilge.

Údarás na Gaeltachta.
Is léir ón ngraf thíos a léiríonn an t-athrú i mbuiséid caipitil na n-áisíneachtaí Stáit ó 2007 go 2012 go bhfuil slad déanta ar bhuiséad Údarás na Gaeilge go háirithe.

Tá sé deacair an slad seo a thuiscint i gcomhthéacs na géarchéime sa tír ó thaobh fostaíochta de. Luífeadh sé le ciall go mbeadh breis infheistíochta déanta le cur ar chumas an Údaráis fostaíocht a chruthú.

  • Íslíodh buiséad caipitil an Údaráis ó €22.5 milliún in 2007 go €5.938 milliún in 2012, laghdú de 74%. Sa tréimhse chéanna méadaíodh buiséad an IDA 8% agus buiséad Fiontraíocht Éireann 38% (ní amháin sin ach tugadh breis airgid dóibh sna blianta is deacra den chúlú eacnamaíochta - 2009 i gcás Fiontraíocht Éireann agus 2010 i gcás an IDA)
  • Mar thoradh ar an slad seo tá líon na bhfostaithe i gcliant‐chomhlachtaí an Údaráis tar éis titim go suntasach agus tá srian mór ar chumas an Údaráis fostaíocht nua a chruthú agus infheistíochta a dhéanamh i mbonneagar gnó.
  • Dar ndóigh, tá dlúthbhaint idir fostaíocht sa Ghaeltacht agus inmharthanacht na Gaeltachta. Bíonn caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge ag croílár ghníomhaíochtaí an Údaráis
  • De réir mheastacháin an Údaráis féin, bheadh toradh fiúntach don Ghaeltacht agus don stát trí chéile dá méadófaí buiséad Údarás na Gaeltachta ó €6 mhilliún go €12 mhilliún ó 2015-17
  • Faoi láthair, tá c.7,000 post lánaimseartha i gcliant chomhlachtaí an Údaráis sa Ghaeltacht, agus cruthaítear c.500 post nua gach bliain. Chun 1,000 post nua breise a chruthú anuas ar sin, sna 3 bliana atá romhainn, teastaíonn buiséad an Údaráis a mhéadú go €12m in aghaidh na bliana (2015- 2017). Leis an 1,000 post nua breise seo, bheadh tionchar eacnamaíochta de luach €42m don Stáit agus €10m i gcáin aisíoctha don stáit-chiste.


Chun stáit eacnamaíochta an Gaeltachta a dhaingniú ní mór buiséad caipitil de €12 mhilliún a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta sa cháinaisnéis do 2015

Agus cad faoi Foras na Gaeilge?

Suíomh Reatha:
Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge, eagraíochtaí eile agus grúpaí pobail ar fud an oileáin le stádas na Gaeilge, le cumas an phobail sa Ghaeilge agus le híomhá na teanga a láidriú.

Is léir ón ngraf thíos, a léiríonn an t-athrú i mbuiséid na Comhairle Ealaíon1 agus Foras na Gaeilge ó 2001 go 2013, nach raibh aon mhéadú suntasach i mbuiséad an Fhorais ó cuireadh ar bun é, fiú i rith an tíogair Cheiltigh nuair a tugadh méaduithe móra do bhuiséid áisíneachtaí stáit éagsúla ar nós na Comhairle Ealaíon:
Níl ann sa chomparáid leis an gComhairle Ealaíon ach comparáid le háisíneacht stáit eile a dhéanann obair chomhchosúil. Is chóir gan amhras an Chomhairle Ealaíon a mhaoiniú níos fearr ná mar atá faoi láthair.
Ní amháin sin ach nuair a chuirtear an boilsciú treoiruimhir praghsanna san áireamh tá léiriú scanrúil thíos den laghdú 21% ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge ó 2001 go 2013 agus laghdú 41% measta go 2015:

Fíor-mhaoiniú Fhoras na Gaeilge le boilsciú treoiruimhir praghsanna san áireamh ó 2001 (2014 & 2015 mar mheastachán)

Mar is eol dúinn go léir, tá drochthorthaí i ndiaidh éirí as an easpa infheistíochta i mbuiséad an Fhorais, ar nós nach mbeidh nuachtán Gaeilge i gcló a thuilleadh, go bhfuil deireadh le maoiniú do roinnt mhaith eagraíochtaí Gaeilge, go bhfuil deireadh le maoiniú d’irisí Gaeilge éagsúla, go bhfuil bac ar fhás agus ar fhorbairt tograí reatha agus nua

Luach eacnamúil
Tá luach eacnamúil leis an nGaeilge don gheilleagar, m.sh. is fiú €6 mhilliún don bhaile / chathair a mbíonn an tOireachtas eagraithe ann; is fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar na Gaillimhe go bliantúil; is fiú os cionn €20 milliún na coláistí samhraidh Gaeilge don gheilleagar. Is fiú a infheistiú mar sin i bhForas na Gaeilge ní amháin leis an teanga a láidriú ach leis an ngeilleagar a neartú chomh maith

Mar sin ní cheart , ar a laghad, aon chiorrú a dhéanamh ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge sa cháinaisnéis do 2015.



Share/Save/Bookmark

1 comment:

  1. Ach ar caitheadh mórán den airgead go héifeachtúil riamh? Seachas go mb'fhéidir go bhfuil a gclann á dtógáil le Gaeilge ag fostaithe an Fhorais agus an Údaráis ....

    ReplyDelete