Showing posts with label Coiste Gaeilge. Show all posts
Showing posts with label Coiste Gaeilge. Show all posts

17.12.23

Feidhmiú na Reachtaíochta Teanga Nua – Inniúlacht agus Freagrúlacht.

Seo Ráiteas Tosaigh an Choimisinéara Teanga, Séamas Ó Concheanainn, ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agusPhobal Labhartha na Gaeilge ar an ábhar ‘Feidhmiú na Reachtaíochta Teanga Nua – Inniúlacht agus Freagrúlacht.’ Bhí an cruinniu ar an 13ú lá Nollag 2023 ag Tithe an Oireachtais. Sé Aengus O Snodaigh TD atá mar Chathaoirleach ar an gcoiste seo.

>>A Chathaoirligh, agus a chomhaltaí coiste uile,
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leatsa agus le comhaltaí an Chomhchoiste as an gcuireadh freastail. Is mór an chomaoin atá curtha ag an gComhchoiste orm teacht in bhur láthair inniu i ndiaidh mo cheapacháin mar Choimisinéir Teanga ag Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, an tseachtain seo caite. Tá mé féin agus foireann Oifig an Choimisinéara Teanga ag súil go mór leanacht den dea-chaidreamh idir an Oifig agus an Comhchoiste chun go neartófaí cearta teanga phobal labhartha na Gaeilge. Tá an dea-chaidreamh sin ríthábhachtach ar mhaithe le tapú na deise atá againn anois cearta teanga phobal na Gaeilge a láidriú de thoradh theacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.

Rónán Ó Domhnaill & Seán Ó Cuirreáin
Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin aitheantas a thabhairt don obair cheannródaíoch a rinne na Coimisinéirí Teanga a bhí ann romham. Is iad a sheas an fód do chearta teanga in Éirinn. Bhí sé de dheis agam a bheith ag obair le Rónán Ó Domhnaill le breis agus dhá bhliain agus is é a rinne obair chéadach ar réim reachtaíochta nua a thabhairt chun cinn, réim a laghdaíonn an bhearna idir fís agus feidhmiú na gceart teanga. Leag an chéad Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, dúshraith théagartha agus sheasmhach do shaothrú cearta teanga phobal na Gaeilge agus d’Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá moladh ar leith ag dul do na hAirí Gaeltachta agus d’oifigigh uile na Roinne a chinntigh go gcuirfí acmhainní cuí ar fáil do thionscnamh, d’achtú agus d’fheidhmiú na reachtaíochta agus Oifig an Choimisinéara Teanga i gcaitheamh na mblianta.

Is iad an líon ard gearán agus ábhar na ngearán a fhaigheann Oifig an Choimisinéara Teanga ó bhliain go bliain a léiríonn an géarghá le cearta teanga a neartú. Má tá feabhas le teacht ar an bhfreastal a dhéanann an Stát ar phobal na Gaeilge trí sheirbhísí poiblí, creidim go bhfuil tréimhse chinniúnach amach romhainn. Bainfear amach bunaidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla – is é sin líon na seirbhísí poiblí atá á gcur ar fáil don phobal a mhéadú agus caighdeán na seirbhísí a fheabhsú – trí fheidhm iomlán a thabhairt d’fhorálacha an Achta leasaithe. Tá forálacha suntasacha sa reachtaíocht teanga leasaithe chun críche na bunaidhme seo.

An Plean Náisiúnta.

Séamas Ó Concheanainn & Uachtarán na hÉireann
I gcroílár an dualgais náisiúnta seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú agus a mhéadú ar bhonn earnála agus córasach beidh an Plean Náisiúnta do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tá an Plean Náisiúnta reachtúil seo á fhorbairt i láthair na huaire faoi stiúir an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge, a bhunaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán anuraidh (2022). Cuimseofar bearta criticiúla sa Phlean Náisiúnta, lena n-áirítear caighdeáin teanga a leagfaidh amach na seirbhísí nua a mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a sholáthar (Ailt 18 & 19 d’ Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021). Cuimseoidh na caighdeáin teanga freisin sainiú ar na hinniúlachtaí teanga a bheidh de dhíth ar fhoireann na gcomhlachtaí poiblí leis na seirbhísí a bheidh leagtha amach a sholáthar ar chaighdeán sásúil, do phobal na Gaeilge. Is é an tAire a dhéanfaidh forordú ar na caighdeáin teanga a chuimseoidh na seirbhísí éagsúla a mbeidh ar chomhlachtaí poiblí, nó ar chatagóirí de chomhlachtaí poiblí, a chur ar fáil don phobal(Alt 19(A)(2) d’ Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021).

Tá sé soiléir ó nádúr na ngearán atá á bhfáil ag m’Oifigse ón bpobal ar bhonn rialta go mbeidh dóthain foirne le cumas sásúil sa Ghaeilge a bheith ar fáil, cinniúnach lena chinntiú go dtiocfaidh feabhas, ar líon agus ar chaighdeán seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tá soláthar soiléir sa reachtaíocht teanga leasaithe don riachtanas seo tríd an mórsprioc 20% d’earcaithe nua le Gaeilge a bhaint amach faoin mbliain 2030. Beidh sé riachtanach go leagfaidh an Plean Náisiúnta, a bheidh forbartha faoi stiúir an Choiste Comhairligh, cosán soiléir amach a mbeidh dul chun cinn céimnitheach agus intomhaiste leagtha amach ann. Mar aon leis an gcur chuige do shroichint na mórsprice 20% d’earcaithe nua le Gaeilge leagfar síos na leibhéil inniúlachta teanga faoi réir Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CECR Fraincís) a bheidh i gceist don fhoireann a bheidh freagrach as seirbhísí poiblí ar leith a sheachadadh. Foráil shuntasach freisin gur féidir leis an gCoiste Comhairleach comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí faoi líon agus faoi ghráid na foirne a bheidh riachtanach leis na seirbhísí poiblí éagsúla trí Ghaeilge a chur ar fáil. Beidh tuairisc le foilsiú ag an gCoiste Comhairleach ar chur i bhfeidhm an Phlean (Alt 18(F)(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021) agus beidh tráchtaireacht le heisiúint agamsa mar Choimisinéir Teanga taobh istigh de 6 mhí ar obair an Choiste Chomhairligh agus ar an dul chun cinn leis an bPlean Náisiúnta. Tacóidh mise le haon iarracht cur le comhar, comhpháirtíocht agus comhoibriú idir comhlachtaí poiblí, an pobal, agus Tithe an Oireachtais, ar mhaithe le fíorú na móraidhme náisiúnta seo.

Forálacha Nua.

Oifig an Choimisinéara Teanga
In 2022 mar ullmhúchán do theacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 reachtáil an Oifig an clár ardaithe feasachta ba mhó riamh ó bunaíodh an Oifig. D’fhreastail breis is 2,100 rannpháirtí ar sheimineáir ghréasáin a reachtáil an Oifig, cuid acu a reáchtáladh i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Díol suntais ab ea an méadú de 81%, ó 189 go dtí 284, a tháinig ar líon na gcásanna inar roinn an Oifig comhairle le comhlachtaí poiblí faoina ndualgais faoin Acht. D’eascair an méadú is suntasaí ar líon na gcásanna comhairleacha go príomha ó theacht i bhfeidhm foráil fógraíochta na gcomhlachtaí poiblí i mí Dheireadh Fómhair 2022 (Alt 10A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021). Tá an méadú atá tagtha ar líon na bhfógraí trí Ghaeilge atá le feiceáil ar na meáin chumarsáide le roinnt míonna ag cur go mór le seasamh agus le feiceálacht na Gaeilge i measc an phobail. Beart tábhachtach atá san fhoráil seo a thacaíonn le forbairt earnáil na meán Gaeilge trí shruthanna úra ioncaim a ghiniúint. Beidh faireachán á dhéanamh ag an Oifig an bhliain seo chugainn ar ghéilliúlacht na gcomhlachtaí poiblí don fhoráil fógraíochta.

Tabharfar feidhm do dhualgais reachtúla nua gan mhoill. Ina measc, tá an dualgas a bheidh ar chomhlachtaí poiblí ainm, sloinne agus seoltaí baile an duine aonair a thaifeadadh agus a úsáid go cruinn trí mheán na Gaeilge. Bhí an fhaillí a bhíothas a dhéanamh ar an bpobal ina leith seo ar cheann de na húdair ghearáin ba mhó a tarraingníodh anuas leis an Oifig le roinnt blianta. Táthar ag súil go dtabharfar feidhm go luath freisin d’fhorálacha maidir le foirmeacha oifigiúla, lógónna agus ainmneacha comhlachtaí poiblí nuabhunaithe. Dualgas nua suntasach eile ná dualgas conraitheoirí nó soláthraithe tríú páirtí atá ag obair thar ceann comhlachtaí poiblí a bheith géilliúil don reachtaíocht. Is cumhacht reachtúil bhreise a bheith in ann faireachán agus tráchtaireacht réamhghníomhach a dhéanamh ar achtacháin eile a bhaineann le stádas nó úsáid na Gaeilge. Treiseoidh na cumhachtaí breise seo le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga an phobail sa Ghaeltacht agus mar theanga náisiúnta chomhaimseartha.

Inniúlacht agus Freagrúlacht Chórais na Seirbhíse Poiblí.

Aengus O Snodaigh TD, Cathaoirleach
Mar is eol daoibh, tá fiche bliain ann ó bunaíodh an Oifig agus is údar bróid domsa mar Choimisinéir agus d’fhoireann na hOifige go ndearnadh freastal fónta ar éilimh phobal na Gaeilge agus cuidiú le comhlachtaí poiblí a ndualgais reachtúla a chur i bhfeidhm. Ó bunaíodh an Oifig go deireadh na bliana 2022, tá os cionn 12,000 ghearán curtha faoinár mbráid. Le linn na tréimhse céanna, tháinig breis agus 3,000 iarratas ar chomhairle chugainn ó chomhlachtaí poiblí. Déantar gach iarracht freastal go pras ar fhiosruithe agus ar ghearáin ón bpobal. Seoladh 149 n-imscrúdú foirmiúil ar chomhlachtaí poiblí idir 2003 agus 2022 nuair a bhí gach iarracht déanta ag foireann na hOifige an cás a réiteach go neamhfhoirmeálta.

Ina dhiaidh sin féin, tá roinnt dúshlán ag teacht chun cinn maidir le hinniúlacht (nó cumas) an chórais bunseirbhísí a sheachadadh trí mheán na Gaeilge nuair a éilítear sin. Tar éis fiche bliain, ba dhóigh leat go mbeadh socruithe ardleibhéil déanta ionas go ndéanfaí soláthar don seachadadh teanga ina cheann ar sheachadadh na mbunseirbhísí mar bhunsraith feidhmithe. Is iad na himscrúduithe is fearr a léiríonn na bearnaí córasacha. Má scrúdaítear fionnachtana an 149 n-imscrúdú atá seolta ó 2003, is minic trí dhúshlán ar leith a bheith le tabhairt faoi deara iontu:

  1. Ní thuigtear an dualgas reachtúil teanga ag leibhéal ard ceannaireachta;
  2. Ní dhéantar córais inmheánacha phleanála a dhearadh dá réir;
  3. Ní bhíonn dlús criticiúil de líon foirne atá inniúil ar an nGaeilge le leanúnachas soláthair a chinntiú.

Cuirfidh forálacha sa reachtaíocht leasaithe feabhas ar cheist na feasachta agus an rialachais chorparáidigh i measc comhlachtaí poiblí. Tá freagracht tuairiscithe le leagan ar bhall foirne sinsearach i ngach comhlacht poiblí chun maoirsiú a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta. Beidh ar an gcomhlacht poiblí tuairisc a thabhairt i dTuarascáil Bhliantúil an chomhlachta ar aon ábhar a ndéantar tuairisciú air maidir leis an reachtaíocht teanga. (Alt 3 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021) Maidir leis na dúshláin dlús criticiúil de líon foirne atá inniúil ar an nGaeilge a bheith ar fáil do chomhlachtaí poiblí, teastaíonn béim atreisithe a leagan ar inniúlacht teanga mar thréith infhostaitheachta sa tSeirbhís Phoiblí, an tSeirbhís Phoiblí Shinsearach san áireamh. Mura bhfuil ceannaireacht teanga ón mbarr anuas, agus cultúr treoraithe comhlíonta, is beag is fiú an líofacht Ghaeilge a bheith luaite le gráid shóisearacha amháin. Mar a luaigh mé cheana, tá an-tábhacht leis an gcosán soiléir a leagfaidh an Coiste Comhairleach amach sa Phlean Náisiúnta chun go mbeadh 20% d’earcaithe nua le Gaeilge faoi mbliain 2030. Beidh ról cinniúnach freisin le himirt ag earnáil an ardoideachais Ghaeilge i soláthar na gcéimithe a chinnteoidh go mbeidh an acmhainn dhaonna sin ar fáil.

Creidim go bhfuil tábhacht mhór leis an mbéim atá leagtha ar phróiseas agus ar an bhonneagar na Pleanála Teanga sa reachtaíocht (Alt 18(3)(a) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021). Tá sé i gceist go méadófar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge. Don chéad uair riamh, beidh ailíniú reachtúil idir cuspóirí náisiúnta Acht na Gaeltachta 2012 agus Achtanna na dTeangacha Oifigúla agus is fearr an seans go bhfíorófar cur chun cinn na Gaeilge dá bharr. Léiríonn gearáin an phobail teanga go gcuirtear bac ar phobal na Gaeilge rochtain a bheith acu ar sheirbhísí Gaeilge atá ar chomhchaighdeán le seirbhísí comhchosúla i mBéarla. Is fiú gach leas seiftiúil a bhaint as an mbonneagar náisiúnta pleanála teanga atá forbartha ag an Stát le blianta beaga anuas chun freastal i bhfad níos fearr a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge go náisiúnta.

Séamas Ó Concheanainn, Coimisinéir Teanga
Bíodh seirbhísí poiblí trí Ghaeilge á seachadadh go fíorúil, ar líne nó ar láithreacha fisiciúla sa Ghaeltacht, i mBailte Seirbhíse nó trí Líonraí Teanga, d’fhéadfaí forbairt a dhéanamh ar mholchampais sheachadta seirbhísí poiblí tríd an mbonneagar náisiúnta pleanála teanga. Laghdófaí ar na bearnaí reatha i seachadadh seirbhísi poiblí trí Ghaeilge dá dtapófaí na deiseanna seo agus mhaolófaí ar an mbearna idir an pobal teanga agus an córas stáit go fíorúil agus go fisiciúil.

Focal scoir.
Mar chlabhsúr, is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl don phobal agus do na comhlachtaí poiblí as a gcomhar agus a gcúirtéis. Táim thar a bheith buíoch freisin den Chomhchoiste as a n-airdeall seasta ar cheisteanna a bhaineann le cearta teanga. Is é mo rún daingean é cur le creat na gceart sin trí bhéim a leagan ar inniúlacht chórais agus treisiú a dhéanamh ar an obair a dhéanfar i bpáirt le comhlachtaí poiblí chun an fhreagrúlacht a shaothrú ag gach leibhéal den chóras. Cé go bhfuil bóthar dúshlánach amach romhainn, creidim gur féidir éachtaí a dhéanamh agus cearta teanga phobal na Gaeilge á gcur chun cinn trí chomhar agus trí chomhpháirtíocht idir an pobal, an tSeirbhís Phoiblí agus Tithe an Oireachtais.<<


@ceartateanga @aosnodaigh @OireachtasNews #CGGPLnaG

Share/Save/Bookmark

8.5.23

Leasú Údarás na Gaeltachta.

Bhí cruinniú de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge de chuid Tithe an Oireachtais ar an gCeadaoin, 3ú lA Bealtaine 2003. Ba ag plé Grinnscrúdú Réamhreachtach ar Cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2022 a bhí an Coiste.

Seo an ráiteas a cuireadh ós comhair an Choiste maidir le Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) a bhí ullmhaithe ag: Donncha Ó hÉallaithe. Shocraigh sé gan é a léamh amach ag an gcruinniú cé go raibh sé ceapaithe len é sin a dhéanamh. Cheap sé gur mó an éifeacht a bheadh le labhairt amach ag breathnú ar na hionadaithe, Teachtaí Dála agus Seanadóirí, seachas bheith ag breathnú ar an bpíosa páipéir os a chomhair. (Má fhéacann tú ar an taifead físe ar shuíomh an Oireachtais ( is féidir leat d'aigne féin a dhéanamh suas faoin sin ar suíomh an choiste féin  -  3 Beal 2023)

Seo, mar sin, a pháipéar a leagadh síos ós comhair ball an Choiste.

Réamhrá.
Cuireadh an tÚdarás ar bun i 1980, mar thoradh ar feachtas a fuair tacaíocht forleathan sna Gaeltachtaí. Údarás tofa go daonlathach a bhí á éileamh ag pobail na Gaeltachta le cumhachtaí forbartha mar a bhíonn ag údarás áitiúil. Faoi reachtaíocht bunaithe, Acht Údarás na Gaeltachta 1979, toghadh 7 den 13 ball den bhord go daonlathach i dtoghchán Nollaig 1979.

Cuireadh deireadh leis an gné daonlathach le Acht na Gaeltachta 2012. Le 10 mbliain anuas tá cead ag na Comhairlí Chontae le ceantair Ghaeltachta faoina gcúram - seachas Comhairle Chathrach na Gaillimhe - ionadaithe a ainmniú ar Bhord an Údaráis.

Fáiltím roimh cinneadh an rialtais toghchán a reachtáil an chéad bhliain eile le go mbeidh deis arís ag pobail na Gaeltachta a gcuid ionadaithe féin a roghnú ar Bhórd an Údaráis.

Moltaí.
Agus an reachtaíocht leasaithe á réiteach le feidhm a thabhairt don chinneadh na toghcháin a athbhunú, ba mhaith liom an deis a thapú le roinnt moltaí a chur os comhair an Chomhchoiste inniu.

1. Go ginearálta fáiltím roimh an chomhdhéanamh atá fógraithe: 10 tofa go daonlathach agus seisear roghnaithe mar thoradh ar chomórtas poiblí. Fáiltím chomh maith roimh an aitheantas atá tugtha i gcomhdhéanamh an bhoird do na Gaeltachtaí beaga, sa mhéid is go mbeidh ionadaíocht bhuan ag na pobail Ghaeltachta i Múscraí, i gCo na Mí agus sna Déise. Ach tá dearmad déanta ar na hoileáin Ghaeltachta: Oileáin Árann, Árann Mór,Tóraigh agus Cléire. Bíonn a gcuid fadhbanna agus riachtanaisí féin ag na pobail sin agus ba mhaith go mbeadh ionadaíocht bhuan acu ar an mbord chomh maith.

2. Eagraíochtaí pobail: Ba mhaith ról a thabhairt do eagraíochtaí pobail i bpróiseas ainmniúcháin na n-iarrthóirí, m.sh. go mbeadh ar dhuine ainmniúchán a fháil ó thrí eagraíocht aitheanta pobail a bheadh cláraithe le Údarás na Gaeltachta. Chuige sin theastódh go mbeadh liosta curtha le chéile de eagraíochtaí aithinte, a chomhlíonadh critéir bhunúsacha.

3. Cathair na Gaillimhe: Ceist achrannach ar cheart go mbeadh vótaí ag daoine i gCathair na Gaillimhe?* Ní dóigh liom go mba cheart ar dhá chúis:
(i) Bheadh níos mó daoine i dteideal vóta a chaitheamh i dToghchán an Údaráis i gCathair na Gaillimhe ná i gConamara ar fad ó Bhearna go Cárna do réir figiúirí daonáireamh 2016.
(ii) Ní bhíodh Údarás na Gaeltachta ag feidhmniú i gCathair na Gaillimhe. Aithníodh é sin nuair nár tugadh aon ionadaíocht ar Bhord an Údaráis do Bhárdas na Gaillimhe sa reachtaíocht Acht na Gaeltacht 2012. Má bhíonn 10,000 vóta i gCathair na Gaillimhe agus na toghcháin á reáchtáil, mar atá beartaithe is cosúil, ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla, d’fhéadfadh sé an toghchán a chur as riocht. Ní bheadh an scéal chomh dona dá leagfaí síos sa reachtaíocht go mbeadh toghcháin an Údaráis ar lá as féin seachas ar an lá céanna le toghcháin eile.

4. Tithíocht: Tá easpa cumhachtaí faoin reachtaíocht ag an Údarás. An bhféadfadh an tÚdarás talamh a chur ar fáil sa nGaeltacht faoin reachtaíocht do thithíocht nó talamh a cheannacht a bheadh feiliúnach do thithíocht? Tá éirithe leis an Údarás fostaíocht a chur ar fáil ach bíonn deacrachtaí ag daoine ón nGaeltacht tithíocht a fháil le gur féidir leo fanacht sa nGaeltacht, clann a thógáil le Gaeilge agus an pobal Gaeltachta a neartú. Ar cheart ról a bheith ag an Údarás le fadhb na tithíochta sa nGaeltacht a réiteach? Más ceart, nár chóir sa mBille nua atá á ullmhú cumhacht tithíochta a thabhairt don Údarás, a cheadódh don eagraíocht talamh feiliúnach a cheannach, cead pleanála imlíneach a fháil, suíomhanna a réiteach agus na suíomhanna a dhíol le lánúin le Gaeilge, go speisialta sna ceantair Ghaeltachta, ina bhfuil an Ghaeilge fós in usáid?
Im thuairimse tá cumhacht tithíochta faoin reachtaíocht riachtanach le go mbeidh an tÚdarás in ann an príomhfheidhm reachtúil a chomhlíonadh: ‘caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh’.


*Aguisín:
Daonra sa gcuid de Chathair na Gaillimhe sa nGaeltacht: 15,300
Daonra i nGaeltachtaí na Mumhan ar fad le chéile: 14,504
Daonra na Gaeltachta óna Forbacha siar go Cárna: 14,194

[Foinse: CSO, Daonáireamh 2016]


Share/Save/Bookmark

11.11.21

Admháil annamh!

Admhaímid go hionraic gur deineadh éagóir ar an nGaeilge...gabhaimid leithscéal ó chroí!

Is rud annamh leithscéal ó chroí a fháil ó aon Roinn Rialtas go mór mór nuair is cúrsaí teanga atá i gceist.  Seo a méid a bhí le rá ag Ard-Rúnaí Cúnta sa Roinn Sláinte, Muiris O'Connor,  agus é ós comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an 10 Samhain 2021. I Seanad Éireann thosaigh díospóireacht ar an mBille Nua Theanga.  Tré sheans sé an 11ú lá Samhain lá breithe Phádraig Mhic Phiarais a rugadh ar an lá se sa bhliain 1879. 

Muiris O'Connor
Seo mar a labhair Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte inné.

"A Chathaoirligh, a Theachtaí agus a Sheanadóirí, a chairde,

Ar dtús báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh as an gcuireadh a bheith anseo ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, chun labhairt faoi: ‘‘Seirbhísí Sláinte trí mheán na Gaeilge i gcomhair Phobal na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le linn phaindéim an Choróinvíris agus ina diaidh, chomh maith le Teiripe Urlabhra agus Sainteiripí eile.”

Táimid sásta a bheith anseo chun stádas na Gaeilge sa chóras sláinte a phlé leis an gComhchoiste. Is mise Muiris O’Connor, Ard-Rúnaí Cúnta leis an Roinn Sláinte agus in éineacht liom, tá Jade Pepper, Oifigeach Gaeilge na Roinne.

Le beagnach 20 mí anuas, ní féidir a shéanadh go raibh córas sláinte na tíre seo faoi bhrú as cuimse, de thoradh COVID-19 go háirithe. Anuas air sin, mar is eol do chách, d’fhulaing an Roinn Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cibirionsaí, a tharla i mí Bealtaine i mbliana. In ainneoin seo, d’fheidhmigh an córas go dícheallach, ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin a bhí os a chomhair. Cuireadh an córas vacsaínithe i bhfeidhm, mar chuid den iarracht seo, chomh maith le Teastais Dhigiteacha COVID an AE. Faoi bhrú mór ama agus oibre, d’éirigh linn na córais sin a chur i bhfeidhm, le cabhair mhór ó eagraíochtaí agus Ranna eile.

Ní ionann seo le rá go raibh an córas gan locht - admhaímid go hionraic gur deineadh éagóir ar an nGaeilge, go sonrach i gcomhthéacs an aistriúcháin Ghaeilge ar na Teastais féin, litreacha clúdaigh ar eisíodh i mBéarla amháin, agus síntí fada a bhí in easnamh ar ainmneacha i gcásanna áirithe, chun cuid de na lochtanna sin a lua anseo.

Admhaíonn an Roinn Sláinte inniu go raibh botúin déanta agus gabhaimid leithscéal ó chroí, leis an ngealltanas go ndéanfar gach iarracht a bheith níos cúramaí le dualgais na Roinne i leith na Gaeilge amach anseo. In ainneoin na mbotún seo, dearbhaíonn an Roinn go bhfuil an Ghaeilge mar thosaíocht thábhachtach againn agus táimid lánsásta agus oscailte i gcónaí d’athruithe dearfacha, do mholtaí agus do cháineadh, ionas gur féidir linn soláthar na seirbhísí sláinte trí Ghaeilge a fheabhsú agus a shaibhriú as seo amach.

Ónar bhuail an Roinn leis an gComhchoiste an uair dheireanach, tá feabhas suntasach tar éis teacht ar an Roinn Sláinte maidir leis an nGaeilge de; scaiptear eolas go rialta le gach ball foirne, ag meabhrú dóibh faoi na dualgais reachtúla atá ar an Roinn maidir leis an nGaeilge, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Chomh maith leis sin, tá Scéim Teanga nua dréachtaithe againn, a chuirfear i bhfeidhm go luath; tá líon maith daoine nua le Gaeilge líofa fostaithe sa Roinn agus líonra nua cruthaithe de chainteoirí Gaeilge trasna na n-aonad éagsúla. Trí thacú leis an líonra seo, táimid ag súil go spreagfaidh seo tuilleadh aitheantais, spéise agus airde ar an teanga, chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge lárnach i ngach togra, polasaí agus cinneadh a dhéanann an Roinn amach anseo.

Go raibh maith agaibh."

Beidh le feiceáil!

@roinnslainte @OireachtasNews #CGGPlnaG 



Share/Save/Bookmark

29.9.21

Cearta Teanga in Éirinn - Fís agus Feidhm.

Labhair an Coimisinéar Teanga ar an ábhar ‘Cearta Teanga in Éirinn - Fís agus Feidhm’ ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dTeach Laighean ar an 22ú lá Meán Fomhair 2021. Pléadh é sin agus chomh maith leis , pléifidh an Comhchoiste na doiciméid ‘An Coimisinéir Teanga Tuarascáil Bhliantúil 2020’ agus ‘An Coimisinéir Teanga Tuarascáil Faireacháin 2020/2021’ leis an gCoimisinéir Teanga ag an gcruinniú seo.

Seo mar a labhair sé:

A Chathaoirligh, agus a chomhaltaí coiste uile, 
Is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl duitse agus don choiste seo as an gcuireadh teacht in bhur láthair agus plé a dhéanamh ar an ábhar ‘Cearta Teanga in Éirinn’. Ní foláir dom a rá gur mór agamsa agus ag m’Oifig aird an Choiste seo ar gach gné den bheartas náisiúnta teanga agus cearta teanga phobal na Gaeilge go háirithe.

Is téama thar a bheith uileghabhálach é sin agus níor mhiste beachtú áirithe a dhéanamh air. Dá bhféadfainn dhá mhórcheist shonracha a chur faoi chaibidil sa ráiteas tosaigh seo creidim go gcuideodh sé le brí a thabhairt don phlé:

  1. Cén tábhacht a bhaineann le fís na gceart teanga?
  2. Cén chaoi ar cheart feidhm a thabhairt don fhís sin?

FÍS NA gCEART TEANGA

Is ceart tús áite a thabhairt do cheist na físe. Éascaíonn teangacha an chumarsáid; cuireann teangacha lenár dtuiscint ar chultúir a chéile; ligeann teangacha dúinn dul i mbun plé, cainteanna agus idirbheartaíocht ar cheisteanna móra amhail féiniúlacht, flaitheas agus fís. Níor ghá ach oiread go mbeifí taobh le fís chúng i dtaca le féiniúlacht agus flaitheas.

Gluaiseacht náisiúnta ionchuimsitheach a chuir dlús leis an athbheochan náisiúnta breis is céad bliain ó shin. Ba iad tréithe na héagsúlachta agus na mór-rannpháirtíochta sa ghluaiseacht chéanna a chinntigh gur bhain fís leathan leis an athréimniú teanga ó bunaíodh an Stát. Is fearr go mbeadh fairsinge ann don éagsúlacht, don rannpháirtíocht, don ionchuimsitheacht in aon phlé faoi theangacha i gcomhthéacs idirnáisiúnta na gceart daonna. A bhuíochas de Bhunreacht na hÉireann agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 baineann réim leathan le fís na gceart teanga. Is é dúshlán seasta ár gcuid comhlachtaí poiblí agus m’Oifige é freastal ar thnútháin réasúnacha an tsaoránaigh maidir leis an bhfeidhm a thugtar don fhís chéanna.

Fís an dóchais atá ag pobal na teanga i dTuaisceart Éireann. Beart praiticiúil atá sna moltaí maidir leis an Oifig úr um Léiriú Féiniúlachta agus Cultúrtha. Tugaim faoi deara go bhfuil beannacht na Comhaireachta Thuaidh-Theas (CATT) le Comhaontú an Túis Úir agus leis an gcreatlach polasaí Ré Nua, Cur Chuige Nua a bhfuil meas, ómós agus dínit mar bhunsraith aige. Má dhéantar reachtaíocht teanga a thabhairt chun cinn faoina gceapfar Coimisinéir Teanga agus faoina mbunófar Oifig nua um Léiriú Féiniúlachta agus Cultúir níl aon amhras orm ach go gcuirfear le stádas na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Oifig an Choimisinéara Teanga
Tá m’Oifigse lánsásta comhairle a roinnt leis an Tionól, an Feidhmeannas agus an dá Rialtas ar na ceisteanna polasaí a bhaineann le reachtaíocht dá leithéid. Is fiú dom a lua freisin go bhfuilimse i m’iarchathaoirleach ar Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga. Cuidíonn Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga le coimisinéirí teanga ar fud an domhain tríd an gcleachtas is fearr agus caighdeáin den scoth a chur chun cinn agus tríd an gcomhionannas agus an éagsúlacht i gcúrsaí teanga a chur chun tosaigh. Bheinnse, agus baill uile an chumainn, lántoilteanach cuidiú le hiarrachtaí ar bith cur le cultúr na gceart teanga i dTuaisceart Éireann.

Maidir leis an dara mórcheist – cén chaoi a dtugtar feidhm d’fhís na gceart teanga – tá ábhar plé agus machnaimh sa reachtaíocht reatha atá ar fáil don Stát seo agus sna próisis agus sna dúshláin a tháinig chun cinn go mór mór le bliain go leith anuas, in aimsir éigeandála agus paindéime.

Gearáin Phaindéim COVID-19
Olldúshlán as cuimse a bhí sa phaindéim a tháinig aniar aduaidh ar an domhan agus ar chórais stáit ar fud na cruinne. Is ábhar bróid dúinn uile mar shaoránaigh agus mar sheirbhísigh phoiblí (sa chiall is leithne den téarma sin) an teacht aniar a léirigh an pobal agus an Stát araon chun rochtain ar bhunseirbhísí ardchaighdeáin a chinntiú ainneoin na srianta sláinte poiblí. D’imir paindéim COVID-19 tionchar ollmhór ar imeachtaí reáchtála na hOifige, idir obair iniúchta agus imscrúdaithe, agus a lorg sin ar Thuarascáil Bhliantúil 2020 agus Tuarascáil Faireacháin 20-21 a foilsíodh le tamall míonna anuas. Tugadh faoi dhá thuarascáil théamacha ó thús na bliana seo: tuarascáil ar an nGarda Síochána i mí Aibreáin agus tá tuarascáil ar an gcóras Eircode á leagan os comhair gach Tí den Oireachtas inniu agam.

Má bhíonn cearta ag an saoránach de bhun na reachtaíochta teanga léirítear croífheidhm Oifig an Choimisinéara Teanga sna gearáin a chuirtear faoi bhráid m’Oifige ar bhonn bliantúil. 604 gearán a cuireadh faoi bhráid m’Oifige le linn 2020 arbh ionann é agus laghdú 14% ar líon na ngearán in 2019. Laghdú 6.7% a tháinig ar líon na ngearán a rinneadh leis an Ombudsman mar ábhar comparáide (Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2020: 12). Is i míonna tosaigh na paindéime – Feabhra, Márta agus Aibreán 2020 – is mó a mhaolaigh ar na gearáin a cuireadh faoi bhráid m’Oifige agus bheadh sin ag teacht le cúinsí na paindéime trí chéile. Tháinig laghdú suntasach (382 > 203) ar líon na ngearán a rinneadh le hOmbudsman na Leanaí le linn mhíonna Márta, Aibreáin agus Bealtaine freisin (Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman do Leanaí 2020: 6).

Tugadh ceithre cinn d’imscrúduithe chun críche le linn na bliana 2020 agus bhain dhá cheann acu siúd go díreach le seirbhísí don phobal nár cuireadh ar fáil go dátheangach ar bhonn comhuaineach le linn na paindéime. Ó thús na paindéime go deireadh 2020, rinneadh gearáin le m’Oifig 86 uair faoi ghníomhartha comhlachtaí poiblí a bhain le paindéim COVID-19 ar shlí éigin.

Bhain bunáite na ngearán le modhanna cumarsáide éagsúla chun eolas a chur ar fáil don phobal, idir chomharthaí, leabhráin eolais, shuíomhanna gréasáin agus fógraíocht sna meáin agus an tslí nár soláthraíodh ábhar don phobal as Gaeilge. Ba sciar suntasach de na gearáin córais idirghníomhacha chun clárú nó chun iarratais a dhéanamh ar líne. Ar ndóigh, b’éigean úsáid mhór a bhaint as córais dá leithéid de bharr na paindéime ach ba é an trua é nár chomhlíon líon mór comhlachtaí poiblí an dualgas teanga a bhí orthu. Is i gcúinsí den chineál seo is fearr a léirítear cén ghéilliúlacht a bhíonn ag comhlachtaí poiblí do reachtaíocht amhail Acht na dTeangacha Oifigiúla. Bhraith go leor de na gearánaithe go raibh leithcheal á dhéanamh ar an nGaeilge nó ar lucht a labhartha sa dioscúrsa náisiúnta in aimsir éigeandála. Ar an ábhar céanna seo, thug mé suntas don tráchtaireacht seo ón Dr John Walsh a foilsíodh in eagrán an Mheithimh den iris Comhar in 2020:

    ‘Nuair a tháinig an crú ar an dtairne agus srianta Covid-19 á bhfógairt, fágadh an Ghaeilge in áit na leithphingine i réimsí eile den saol seachas an chomharthaíocht, mar shampla eolas sláinte poiblí ar an idirlíon, an fhoinse is mó a mbaineann an pobal úsáid as.’
An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Dónaill
Tá faitíos orm go dtagann an anailís seo le taithí agus cleachtadh m’Oifige le linn na paindéime. Os a choinne sin, aithním le buíochas an comhoibriú a fuair m’Oifig ó fhormhór na gcomhlachtaí poiblí a rabhthas i dteagmháil leo agus a ghlac leis gur chóir an tseirbhís nó an t-eolas a bhí faoi chaibidil a chur ar fáil sa dá theanga, go mór mór sna cásanna nár léir go raibh aon dualgas sonrach reachtúil i gceist lena leithéid a dhéanamh.

Sna cásanna ina raibh dualgas soiléir reachtúil i gceist agus a d’fhiosraigh m’Oifig, feictear dom go bhfuil téamaí coiteanna sna freagraí a tugadh:
  • go mb’éigean gníomhú go práinneach agus, i gcúinsí fíoreisceachtúla na géarchéime sláinte;
  • cinneadh na dualgais reachtúla teanga a chur i leataobh nó iad a chur ar atráth;
  • nó níor tugadh aird ar na dualgais sin ar chor ar bith toisc go gcuirfeadh sé moill ar an ngníomh a chur i gcrích.

Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlacht poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó é sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin go bhfuil an teidlíocht reachtúil seirbhís a fháil as Gaeilge ag brath ar thosca nó acmhainn an chomhlachta phoiblí. Ba dhócha, i gcás mar sin, nuair ba thábhachtaí agus ba phráinní an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í.

Is ceart a rá go soiléir nach bhfuil an teidlíocht reachtúil seirbhís a fháil as Gaeilge ag brath ar thosca, tosaíochtaí nó acmhainn an chomhlachta phoiblí. Níor cheart go mbeadh coimhlint idir na gníomhartha tromchúiseacha náisiúnta a bhí, agus atá, idir lámha agus dualgais i dtaca le cearta teanga.

An Roinn Oideachais
Rinneadh dhá gearán liom nach raibh fáil ar leagan Gaeilge den chóras clárúcháin do ghráid ríofa a cuireadh ar fáil do dhaltaí na hArdteistiméireachta i mí na Bealtaine 2020. Bhí sárú ar an Acht Oideachais agus ar scéim teanga na Roinne Oideachais dá bharr. Chuir cinneadh na Roinne Oideachais gan rogha a thabhairt clárú trí Ghaeilge as do dhaltaí, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí araon. Cuireadh leagan Gaeilge ar fáil nuair a osclaíodh an tairseach arís i mí Iúil ach i ndáiríre bhí an dochar déanta faoin tráth sin.

Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Ábhar amháin a rinne buairt do ghearánaigh ná comharthaí a bhí curtha in airde ag comhlachtaí poiblí amhail Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi COVID-19 i mBéarla amháin. Sin in ainneoin gur chuir an Roinn Sláinte leaganacha Gaeilge de na comharthaí buí comhairle sláinte ar fáil. Tugadh faoi imscrúdú i gcás Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ach thángthas ar réiteach neamhfhoirmeálta i líon mór cásanna eile (13) agus molaim stuaim na gcomhlachtaí poiblí as a gcomhoibriú le m’Oifig sna cásanna sin. Teip shuntasach fheiceálach is ea é ar bhundualgas reachtúil faoi réir na rialachán a rinneadh faoin Acht, dualgas atá i bhfeidhm le breis agus deich mbliana faoin tráth seo.

An Roinn Sláinte agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta
Fuarthas líon suntasach gearán i dtaca le dhá leabhrán a ndearna an Roinn Sláinte agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta dáileadh orthu chuig gach teach sa Stát. Sa dá chás seo foilsíodh agus dáileadh leabhrán eolais i mBéarla amháin. Bhain moill le foilsiú agus dáileadh leagain Gaeilge de na leabhráin. Is cosúil gur sháraigh an dá Roinn an dualgas reachtúil toisc nár táirgeadh leabhrán dátheangach in am trátha. Ní raibh socruithe sásúla i bhfeidhm sna ranna sin chun a chinntiú go gcomhlíonfaí an dualgas reachtúil i gcás práinne.

Feidhmeannacht na Seirbhise Sláinte.

Ba chóir go n-aithneofaí gaisce cheannaireacht agus foireann na seirbhísí sláinte in aimsir ghéarchéime agus is maith a thuigtear go raibh móréileamh gan choinne ar an uile acmhainn a bhí faoi stiúir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. San am céanna, nuair is mó an riachtanas eolas agus faisnéis iontaofa a scaipeadh ar an bpobal trí chéile is ceart nach ndéanfaí loiceadh ar bhuncheart teanga an tsaoránaigh agus an fhaisnéis chéanna a chur ar fáil ag an am céanna i nGaeilge agus i mBéarla.

Ní léir go bhfuil dualgas reachtúil ar an bhFeidhmeannacht i dtaca le roinnt mhaith de na hábhair ghearáin a cuireadh faoi bhráid m’Oifige mar nach bhfuil scéim teanga náisiúnta aontaithe ag an eagraíocht fós. Áirítear an aip rianaithe teagmhálaithe a chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar fáil sa réimse gearán seo. Socraíodh an aip a chur ar fáil i nGaeilge den chuid is mó, cé nach raibh dualgas reachtúil i gceist. B’amhlaidh a tharla i gcás na bhfoirmeacha agus na gcóras idirghníomhach ar líne.

Ocht gcineál gearáin a tháinig chun cinn ón bpobal agus a cuireadh faoi bhráid na Feidhmeannachta. Baineann na gearáin ar fad le heaspa seirbhíse i nGaeilge ar bhealaí difriúla. Cuimsítear idir dhualgais reachtúla agus neamhreachtúla sna gearáin seo agus tá teagmháil leanúnach i scríbhinn ag m’Oifig le FSS ó lár mhí Feabhra i mbliana agus fuarthas an comhfhreagras is deireanaí uathu mí Lúnasa.

Aithnítear an t-ualach a bhí ar an FSS le linn na paindéime agus an dúshlán a bhain le leanúnach seirbhíse a sholáthar i ndiaidh an chibirionsaithe go speisialta. Mar sin féin, ba chóir an réamhphleanáil chuí a bheith déanta lena chinntiú go mbíonn ar chumas an chomhlachta phoiblí na seirbhísí sin a sholáthar sa chéad teanga oifigiúil nuair a thagann brú ar a cuid seirbhísí ar chúiseanna éagsúla. Níor mhór do chomhlachtaí poiblí a bheith airdeallach air sin agus pleanáil á déanamh acu i dtaca le leanúnachas gnó agus seirbhíse in aimsir éigeandála. Ní thagann dualgas seirbhíse teanga salach ar aon dualgas seirbhíse eile. D’iarr Aire na Gaeltachta ar an FSS scéim náisiúnta teanga a dhéanamh chomh fada siar le 2007. Tá Scéim Teanga daingnithe le Limistéar an Iarthair den Fheidhmeannacht ó 2005, ach leag an Oifig seo tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais sa bhliain 2011 de bharr easpa cur i bhfeidhm na Scéime sin. Ina theannta sin, ba léir go raibh baint ag córas Eircode le brú an Bhéarla i gcuid de na gearáin a cuireadh faoi bhráid na hOifige, agus tá tuarascáil faoin ábhar sin ann féin á leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais inniu agam, mar a luaigh mé i dtús na cainte seo.

Tharraing na gearáin seo aird arís eile ar laigí na reachtaíochta teanga reatha. Faoin mBille Teanga nua tá i gceist córas fabhtach na Scéimeanna Teanga a chur i leataobh agus córas nua caighdeán comónta a chur ina áit. Ba cheart go gcinnteodh an córas leasaithe go mbeadh caighdeáin chuí reachtúla teanga leagtha síos do chomhlachtaí poiblí ar nós Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ionas go gcuirfí seirbhís shásúil trí Ghaeilge ar fáil don phobal. Réiteach riachtanach eile is ea an dea-mhéin agus an dea-thoil ina cheann ar acmhainn foirne le Gaeilge a bheith ar fáil. Ní mór do chomhlachtaí poiblí réamhphleanáil a dhéanamh don riachtanas reachtúil seo agus earcaíocht thráthúil a dhéanamh d’fhonn soláthar cuí foirne a bheith faoi réir.

Teastais, Sínte fada agus Córas TFC

Ábhar mór díomá don phobal teanga an samhradh seo atá imithe tharainn ab ea an chaoi inar eisíodh Teastas Digiteach COVID an Aontais Eorpaigh. Ní raibh comhstádas ag an nGaeilge leis an mBéarla ar na Teastais a cuireadh amach agus ní dhearnadh próiseáil cheart ar an síneadh fada. Cuireadh ainmneacha Gaeilge as a riocht mar thoradh díreach air sin.

Níor cheart go mbeadh an scéal amhlaidh agus ní mór do chomhlachtaí poiblí féachaint chuige go mbeidh an córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide atá acu láninniúil ar an síneadh fada a phróiseáil in ainmneacha, sloinnte agus seoltaí ár gcuid saoránach. Dearbhaím arís eile in bhur láthair inniu gur ‘buncheart céannacht duine a bheith aitheanta ina rogha teanga oifigiúla i ngnóthaí an Stáit’. 

IMSCRÚDUITHE

Ina cheann ar na imscrúduithe a bhaineann go sonrach le COVID (Comhairle Cathrach na Gaillimhe, An Roinn Oideachais) atá luaite agam cheana tugadh imscrúduithe eile chun críche le linn 2020.

An Foras Taighde ar Oideachas
Rinne mé imscrúdú ar an bhForas Taighde ar Oideachas. Léirigh an t-imscrúdú sin gur theip ar an bhForas Taighde ar Oideachas dualgais reachtúla teanga den Acht Oideachais, 1998 a chomhlíonadh. Chuir an Foras Taighde ar Oideachas scoileanna lán- Ghaeilge as an áireamh nuair a bhí sampla á roghnú do chaighdeánú trialacha léitheoireachta Béarla agus trialacha Matamaitice a bhí á bhforbairt aige do bhunscoileanna. 

Chun an dualgas reachtúil a chomhlíonadh, níor mhiste na scoileanna lán-Ghaeilge a bheith san áireamh (seachas as an áireamh) mar bhun-réamhshocrú in aon fhorbairt ábhartha. Mhol mé don Fhoras Taighde ar Oideachas aird a thabhairt feasta ar na dualgais reachtúla teanga atá daingnithe san Acht Oideachais, 1998 nuair a bhíonn trialacha measúnaithe á gcaighdeánú aige do bhunscoileanna feasta.

MÓRTHÉAMAÍ INIÚCHTA AGUS FAIREACHÁIN

Baineann mórchuid den obair iniúchta agus faireacháin le comharthaíocht, fógraí poiblí agus seirbhísí idirghníomhacha a bheith ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.

Oifig na nOibreacha Poiblí
Rinneadh iniúchadh agus faireachán ar Oifig na nOibreacha Poiblí in 2019 agus tá dul chun cinn maith le tuairisciú bunaithe ar an iniúchadh a rinneadh ar dheich láthair oidhreachta atá suite lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. 784 comhartha a scrúdaíodh san iomlán. Bhí leibhéal iomlán géilliúlachta 75% bainte amach ag na suíomhanna a scrúdaíodh.

Eisíodh tuarascáil chuig Oifig na nOibreacha Poiblí i mí Aibreáin 2020 agus i mí Dheireadh Fómhair 2020, thug Oifig na nOibreacha Poiblí le fios go nglactar le toradh an iniúchta agus tá gealltanas tugtha ag Oifig na nOibreacha Poiblí go mbeidh gach comhartha nua dátheangach feasta, ina n-áirítear comharthaí athsholáthair agus comharthaí sealadacha. Is mór againn comhoibriú Oifig na nOibreacha Poiblí san obair seo.

Boird Oideachais agus Oiliúna.
Scrúdaíodh ceithre Bhord Oideachais agus Oiliúna in 2020 féachaint an raibh na dualgais reachtúla atá orthu i dtaca le comharthaíocht, stáiseanóireacht agus fógairtí taifeadta béil agus ar ghealltanais reachtúla na scéimeanna teanga á gcomhlíonadh acu.

  • Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí
  • Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fhailí
  • Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí
  • Bord Oideachais agus Oiliúna Thiobraid Árann

Bhain Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) an grád is airde amach in earnáil na mBord Oideachais agus Oiliúna agus grád ‘comhlíonadh iomlán’ á bhaint amach acu. Grád ‘comhlíonadh méid áirithe’ a bronnadh ar BOO Lú agus na Mí agus ar BOO Laoise agus Uíbh Fhailí. Níor éirigh le BOO Thiobraid Árann ach grád ‘neamhchomhlíonadh den chuid is mó’ a thuilleamh.

Thug Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fhailí le fios go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar na comharthaí atá curtha in airde faoi scáth an Bhoird agus go ndéanfar athbhreithniú iomlán ar shuíomh gréasáin an Bhoird faoi dheireadh na bliana 2021. Gheall Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí go ndéanfadh sé a dhícheall a chinntiú go mbeidh córais ríomhaireachta nua atá á suiteáil agus a dhéileálann le sonraí ón bpobal, lánábalta ortagrafaíocht na Gaeilge a láimhseáil go cruinn. Ghlac Bord Oideachais agus Oiliúna Thiobráid Árann le torthaí an iniúchta agus tugadh le fios go mbeadh an tuarascáil mar bhunús dá phlean oibre chun géilliúlacht a bhaint amach in 2021.

Údaráis Áitiúla
Tá ag méadú ar líon na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí agus údaráis áitiúla ar fáil don phobal ar líne agus is ceart go mbeidís ar fáil sa dá theanga oifigiúla. Scrúdaíodh comhlíonadh gealltanas maidir leis an nGaeilge ar shuíomhanna gréasáin deich n-údarás áitiúla agus áiríodh gealltanais maidir le seirbhísí idirghníomhacha a chur ar fáil i nGaeilge sa chás gurbh ann do na gealltanais sin. Seo é an tríú bliain den tionscadal áirithe faireacháin seo. Is ann don fheabhas leanúnach agus do shamplaí forbartha dea-chleachtais.

Is mór agam an comhoibriú a fuarthas ó na húdaráis áitiúla seo a leanas:

  • Comhairle Contae Shligigh
  • Comhairle Contae Mhuineacháin
  • Comhairle Contae Ros Comáin
  • Comhairle Contae Chorcaí
  • Comhairle Contae Fhine Gall
Is ann chomh maith céanna don easpa dul chun cinn agus don neamhaird iomlán in amanta. Is dona liom go mór an cur chuige a ghlac cúig údarás áitiúla chucu féin maidir le próiseas faireacháin agus iniúchta na bliana seo.
  • Comhairle Cathrach Chorcaí
  • Comhairle Contae na hIarmhí
  • Comhairle Contae Cheatharlach
  • Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin
  • Comhairle Contae Uíbh Fhailí
In ainneoin na ndúshlán a bhí roimh an earnáil go náisiúnta, ní léiriú sásúil easpa shoiléir gnímh na gcúig údarás áitiúla thuasluaite seo i leith a gcuid dualgas reachtúil faoin Acht. Tá tús curtha le himscrúdú amháin cheana féin.

TUARASCÁLACHA OIREACHTAIS

An Gharda Síochána

Seoladh tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas maidir le líon na nGardaí atá ar dualgas i limistéar Gaeltachta Dhún na nGall agus táim buíoch de Choimisinéir an Gharda Síochána, an tUasal Drew Harris agus den Choiste seo as iniúchadh mion a dhéanamh ar ábhar na tuarascála sin i mí na Bealtaine agus den tuarascáil a d’eisigh an Comhchoiste i mí Iúil. Creidim go gcuideoidh na cúig mholadh atá sa tuarascáil sin leis an nGarda Síochána feidhm a thabhairt do mo chuid moltaí féin. Cuirim fáilte ar leith roimh an moladh go mbeidh tuarascáil bhliantúil á leagan ag Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair an Oireachtais, ina léireofar an dul chun cinn atá déanta aige nó aici le linn na bliana roimhe sin, chun seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht, agus chun seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil taobh amuigh den Ghaeltacht, agus chun líon na nGardaí dátheangacha, i ngach grád sa Gharda Síochána a mhéadú.

EIRCODE

Tabharfaidh mé forléargas ar an tuarascáil Oireachtais maidir leis an gcóras Eircode agus logainmneacha Gaeilge a leagtar faoi bhur mbráid inniu. Is ceart a mheabhrú go dtiteann an dualgas reachtúil ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide sa chás seo agus ní ar Eircode féin, ná ar an Post, a dháil na héirchóid. Is í an Roinn atá freagrach as an gconradh don chóras a bhronnadh agus a stiúradh. Dá mhínádúrtha agus dá thútaí é mar nós ag comhlacht stáit logainmneacha Béarla a úsáid do sheoltaí daoine lasmuigh den Ghaeltacht ainneoin gur mian leo go n-úsáidfí an logainm Gaeilge, ba léir nach raibh sárú reachtaíochta i gceist leis. Is léiriú eile an neamhréir seo ar easpa cosanta ar bhuncheart teanga in Acht na dTeangacha Oifigiúla.

LEASUITHE MOLTA AR BHILLE na dTEANGACHA OIFIGIÚLA (LEASÚ)

I mí Iúil na bliana seo, thug an Rialtas le fios go gcuirfear breis is 30 leasú suntasach ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2019 (Leasú) faoi bhráid an Oireachtais. Ba mhaith liom fáilte eatramhach a chur roimh mhianaidhm na leasuithe uile atá molta ag an Rialtas ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú). Léiríonn gearáin a thagann chun cinn arís is arís eile a riachtanaí agus atá cuid acu. Má tá teorainn le mo chuid cainte ar an ábhar seo tuigfidh sibh níos fearr ná mise gur gnó de Thithe an Oireachtais iad na leasuithe seo anois, go bhfuil mo thuairim faoi na heasnaimh éagsúla san Acht curtha in iúl go rialta agus céard atá ag teastáil dul i ngleic leis na heasnaimh sin. Go deimhin, agus m’oráid á chur faoi bhráid an Choiste agam seachtain roimh an chruinniú seo, níor foilsíodh téacs na leasuithe go fóill agus níorbh fholáir grinnstaidéar a dhéanamh ar an téacs ionas go gcinnteofaí gurbh é toradh foriomlán an 32 leasú – astu féin agus tógtha le chéile – ná láidriú suntasach ar fhorálacha reatha an Bhille.

Is cinnte go mbeidh cabhair agus ábhar comparáide sna moltaí stuama atá le fáil sa Tuarascáil ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (leasú) 2017 a réitigh réamhtheachtaí an Choiste seo i mí na Bealtaine 2018. Dá thúisce a rithfear an Bille is amhlaidh is téagartha a bheidh an reachtaíocht teanga a bheidh ar fáil chun cearta teanga a chosaint. Dá ghaire fís agus feidhm na gceart teanga dá chéile is amhlaidh is fearr é.

Earcaíocht sa Státseirbhís
Tuigtear dom go mbaineann leasuithe 17-23 go dlúth le líon na státseirbhíseach dátheangach a fhostófar feasta. Fáiltím chomh maith roimh an tagairt shonrach don sprioc 20% faoi 2030 d’earcaigh nua ar cainteoirí Gaeilge iad i Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse a foilsíodh i mí na Bealtaine. Is maith a thuigimid gur mórchóras atá sa Státseirbhís féin ina bhfuil breis is 40 míle státseirbhíseach ag obair. Aithním dea-obair Ghaelchultúr agus na deiseanna oiliúna teanga atá curtha ar fáil do bheagnach 1300 státseirbhíseach ó 2018 i leith.

Thug mé suntas don anailís a chuir an tUasal David Cagney, Príomhoifigeach Acmhainní Daonna don Státseirbhís, ar fáil don Choiste seo i mí Iúil. Idir 2017 agus 2021, tréimhse a chuimsíonn breis agus ceithre bliana, fud fad na Státseirbhíse bhí riachtanas teanga ag níos lú ná 1% de na ceapacháin a rinneadh sa tréimhse sin go léir. Thug mé suntas freisin do laghad an éilimh i measc cainteoirí Gaeilge ar cheapacháin mar Oifigeach Cléireachais agus Oifigeach Feidhmiúcháin.

Aontaím go láidir le hanailís an RCPA (An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe) gur tionscadal fadtréimhseach uile rialtais é seo a mbeidh toil agus comhoibriú iliomad páirtithe leasmhara i gceist leis. Ba mhaith liom a cheapadh go dtiocfadh nósanna imeachta chun cinn a d’éascódh soghluaiseacht idir ranna, a chinnteodh cosáin forbartha ghairmiúla do chainteoirí dátheangacha, a d’fhéachfadh chuige go mbeadh cainteoirí ardchumasacha Gaeilge i ngráid uile na Státseirbhíse – idir Oifigigh Cléireachais is Ard-Rúnaithe agus gach grád eatarthu – agus go mbeadh córas éifeachtach earcaíochta ann a bheadh oiriúnach dá feidhm a d’fhreastalódh go pras ar riachtanais na ranna éagsúla.

Chuige sin, dá thráthúla iad na leasuithe atá molta, chuideodh tuilleadh beachtaithe fós ar rannpháirtíocht fhorleathan sa Choiste Comhairleach go mór le pleanáil earcaíochta agus cur i bhfeidhm Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse féin. Measaim go mbeidh sé riachtanach freagrachtaí soiléire a bheith luaite sa phlean earcaíochta, amlínte sonraithe agus treoracha cinnte do ranna a bheidh ag earcú foirne idir seo agus 2030. Beidh géarghá le stiúradh stuama agus comhordú cumasach ar imeachtaí an Choiste ina cheann ar shúil seabhaic ar chur i bhfeidhm chinnithe an Choiste féin.

CONCLÚID

Mar fhocal scoir, fillfidh mé ar an dá mhórcheist – tábhacht na físe agus feidhm na físe. Is maith a aithnítear an tábhacht a bhaineann le stádas, siombalachas agus comhionannas measa. Is cóir gach leas a bhaint as an dea-mhéin agus an chomhthoil chun go gcuirfí lenár dtuiscint choitianta ar chearta teanga in Éirinn. San am céanna, má dhaingnítear ceart teanga go reachtúil is ann don tnúthán réasúnach go mbainfí lánúsáid as an gceart céanna agus go ndéanfadh an Stát agus comhlachtaí poiblí freastal dá réir ar an bpobal teanga.

Sílim go bhfuil deis chinniúnach ag Oireachtas Éireann tuilleadh brí a thabhairt don fhís tríd an mBille leasaithe agus, ar an ábhar sin, is mian liom aitheantas a thabhairt do dhíograis an Choiste agus buíochas a ghlacadh leatsa, a Chathaoirligh, agus le comhaltaí uile an Choiste, as bhur ndúthracht. Is ábhar misnigh domsa go pearsanta go bhfuil próiseas maoirseachta agus monatóireachta i réim a láidríonn rialachas teanga an stáit. Déanann an scrúdúchán poiblí a dhéantar ar obair m’Oifige éascaíocht mhór don phobal teanga maidir le freagrúlacht, cuntasacht agus trédhearcacht m’Oifige.

A bhuíochas de chlár oibre agus éisteachtaí poiblí an Choiste le tamall míonna anuas, is léir go bhfuil airdeall seasta ar chearta teanga an tsaoránaigh in aimsir phaindéime go háirithe. Táimid uile faoi bhur gcomaoin dá bharr.

@ceartateanga #CGGPLnaG


Share/Save/Bookmark

21.10.20

Coimisinéir ós comhair an Choiste nua!

"Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlacht poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin nuair ba thábhachtaí agus ba phráinne an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í."

Tionóladh an chéad cruinniú de Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal na Gaeilge ar an 21ú lá Deireadh Fomhair 2020. Bunaíodh an coiste i mí Feabhra agus tá baill ón dá Theach den Oireachtas. Sé Aonghus Ó Snodaigh T.D. atá ina Chathaoirleach ar an gCoiste. Bunaíodh an Coiste seo mar comharba ar Bhuan-choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. (2016-2019) a bhí faoi cathaoirleacht Catherine Connolly T.D. Tá an Coiste tiomanta d’úsáid na Gaeilge mar theanga choiteann i ngach gné de shaol na hÉireann a chur chun cinn.

Tugadh cuireadh do gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, labhart leis an gcoiste ar a chuairimí an Choimisinéara, faoin dTuarascáil 2019, Tuarascáil Fearacháin 2019 agus faoin Bille Teanga atá ós comhair Tithe an Oireachtas faoi láthair.

Seo mar a labhair sé

Gabhaim buíochas leat, agus leis an gCoiste, as an gcuireadh teacht in bhur láthair. Is ábhar misnigh dom gur bunaíodh an Coiste seo chun úsáid na Gaeilge mar theanga choiteann i ngach gné de shaol na hÉireann a chur chun cinn. Nuair atá an oiread airde á tabhairt ar thosaíochtaí móra ar nós phaindéim COVID-19 agus an Bhreatimeachta, d’fhéadfadh ceisteanna tábhachtacha eile imeacht as radharc. Is ceist díobh sin inmharthanacht na teanga náisiúnta mar theanga bheo.

Pleanáil Teanga
Tá sé tráthúil mar sin go bhfuil an óráid seo á tabhairt agam agus leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla faoi chaibidil ag Tithe an Oireachtais. Tá géarghá leis na leasuithe lena chinntiú go mbeidh freastal níos fearr á dhéanamh ag an Stát ar phobal labhartha na Gaeilge, ina rogha teanga, sa Ghaeltacht agus go náisiúnta. Chun léiriú a thabhairt ar an ngá atá leis an leasú, ba mhaith liom sliocht as litir ó dhuine a rinne gearán linn anuraidh a chur faoi bhur mbráid – gearán nach raibh ar ár gcumas a fhiosrú toisc nár tháinig an t-ábhar faoi dhlínse mo chuid feidhmeanna. (Seo roimh fhoilsiú an Bhille agus cuid de na leasuithe molta, dar ndóigh:)

 “Léiríonn a bhfuil sa litir agat, dar liom, cé chomh lag is atá Acht na dTeangacha mar uirlis chun cearta phobal na Gaeilge agus cearta an tsaoránaigh aonair le Gaeilge a chosaint…Cén t-ord luachála a chuireann lucht dréachtaithe Achta i bhfeidhm chomh fada is a bhaineann le Gaeilge? Mar shampla: an gcuirtear éascaíocht oibre na Státseirbhíse mar atá i láthair na huaire chun tosaigh ar feabhas a chur ar chumas na Státseirbhíse céanna oibriú trí Ghaeilge? An gcuirtear costas earcaíochta chun tosaigh ar inmhianaitheacht seirbhíse trí Ghaeilge? An gcuirtear éileamh poiblí chun tosaigh ar chearta absalóideacha teanga? An gcuirtear an status quo chun tosaigh ar nuálaíocht?...”

Tá cead tugtha ag scríbhneoir na litreach seo í a chur faoi bhur mbráid ina hiomláine agus más mian libh is féidir liom í a chur ar aghaidh chuig an gCléireach.

"...ní deirtear sa mBille leasaithe cé a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an phlean do sholáthar seirbhísí stáit a bheidh le hullmhú ag an gCoiste Comhairleach. Gan a leithéid a bheith ann, d’fhéadfadh éiginnteacht mhór a bheith ann amach anseo faoi cé air a dtiteann an fhreagracht go gcuirtear an plean i bhfeidhm."
Is léir go bhfuil cumas an Stáit seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil ar bhonn sásúil ag brath ar líon leordhóthanach foirne le Gaeilge a bheith ann chuige sin. Fáiltím, mar sin, roimh an sprioc inmholta sa mBille leasaithe go mbeadh dualgas reachtúil ann a chinntiú gur cainteoirí Gaeilge iad fiche faoin gcéad d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí. Tá sé tábhachtach, áfach, go mbeadh muinín ag an bpobal go gcloífear leis an sprioc sin taobh istigh den tréimhse fhada ama, deich mbliana, atá curtha ar fáil chuige sin agus go dtabharfaí barántas nach gcuirfí an sprioc sin siar arís agus arís agus arís eile.

Is cinnte go mbeidh sé dúshlánach sprioc ghinearálta 20% a bhaint amach in earnálacha áirithe agus caithfear tabhairt faoin obair ar bhealach eagraithe, pleanáilte. Dírítear sa mBille ar Choiste Comhairleach a bhunú chun plean a ullmhú do sholáthar na seirbhísí poiblí. Tá an Coiste Comhairleach le bheith comhdhéanta den chuid is mó d’ionadaithe ón earnáil phoiblí. Arís, le muinín an phobail a chothú, ba chóir comhdhéanamh níos leithne a bheith ar an gcoiste sin.

Níos tábhachtaí fós, sílim, ní deirtear sa mBille leasaithe cé a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an phlean do sholáthar seirbhísí stáit a bheidh le hullmhú ag an gCoiste Comhairleach. Gan a leithéid a bheith ann, d’fhéadfadh éiginnteacht mhór a bheith ann amach anseo faoi cé air a dtiteann an fhreagracht go gcuirtear an plean i bhfeidhm. Maidir leis an bplean féin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí freastal inti ar riachtanais phobal na Gaeltachta. Tá molta agam go rialta foráil a chur sa mBille le cinntiú gur oifigigh stáit le Gaeilge a bheidh lonnaithe sa nGaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair shainiúla aitheanta sin. D’fhéadfaí, mar shampla, sainriachtanais phobal na Gaeltachta a thabhairt san áireamh sna caighdeáin teanga a leagfar amach faoi scáth an phlean.

Fáiltím roimh an bhfeidhm bhreise do m’Oifig atá leagtha síos sa mBille nua, is é sin gur féidir faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúla. Tá os cionn céad píosa reachtaíochta ann a d’fhéadfadh teacht faoi scóip obair faireacháin na hOifige de thoradh an leasaithe seo – an tAcht Craolacháin, an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, agus an tAcht Oideachais, gan ach cúpla ceann a lua. Roimhe seo is i bhfoirm imscrúdú amháin a d’fhéadfainn aghaidh a thabhairt ar aon sárú féideartha.

Tá iarracht déanta sa mBille nua dul i ngleic leis na fadhbanna aitheanta ó thaobh reachtaíocht teanga de. Táimid tagtha chomh fada anois, agus ag fanacht chomh fada, ba thrua go mór gan cur leis an méid atá geallta. Teastaíonn níos mó cinnteachta a chur faoin sprioc cainteoirí Gaeilge a earcú, breis ionchuimsitheachta a chinntiú i gcás an Choiste Chomhairligh agus an fhreagracht a shoiléiriú ó thaobh chur i bhfeidhm an phlean.

Tuarascáil Bhliantúil - Léargas Ginearálta. 
Tugadh cuireadh dom anseo inniu chun phríomhthorthaí mo Thuarascála Bliantúla agus mo Thuarascála Faireacháin, 2019 a chur in bhur láthair.

Tá cur síos sa Tuarascáil Bhliantúil ar na himscrúduithe a cuireadh i gcrích le linn na bliana 2019. Bhain an ceann is suntasaí díobh sin le Comhairle Contae Chiarraí.

Ba é seo an chéad uair a tionscnaíodh imscrúdú faoi fhoráil de chuid an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000. Leagtar síos san Acht sin nach mór d’údaráis phleanála a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram cuspóirí a áireamh ina bplean forbartha contae a bhaineann le cosaint oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta. Léiríodh san imscrúdú gur sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an reachtaíocht sin nuair nár chuir sí i bhfeidhm coinníoll teanga a cheangail an Bord Pleanála de chead pleanála a deonaíodh d’fhorbairt tithíochta i mBaile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Is den riachtanas é go gcuirtear i bhfeidhm mar is ceart an fhoráil reachtúil seo mar gheall ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar inmharthanacht na teanga má thagann ardú ar líon na ndaoine nach cainteoirí Gaeilge iad sna pobail a bhfuil an Ghaeilge i réim iontu go fóill.

Mhol mé go n-ullmhódh agus go mbunódh an Chomhairle Contae nósanna imeachta a bheidh le leanúint in aon chás ina gceanglófar coinníoll teanga de chead pleanála le haghaidh forbairt tithíochta sa nGaeltacht. Mhol mé, chomh maith, go gcuirfeadh Comhairle Contae Chiarraí m’Oifig ar an eolas maidir le haon chead pleanála a dheonófar i nGaeltacht Chiarraí go ceann cúig bliana i dtaca le hiarratais mhóra phleanála. Tá an faireachán atá á dhéanamh ag m’Oifig ar chur i bhfeidhm mholtaí an imscrúdaithe leanúnach, agus tá mé sásta leis an gcomhoibriú atá faighte ag m’Oifig ó Chomhairle Contae Chiarraí.

Faireachán
Is feidhm eile de mo chuidse, mar Choimisinéir Teanga, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla. Chomh fada siar le 1925 dúradh i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, chun an dochar a dhéantar do stádas na Gaeilge sa nGaeltacht ag feidhmeannaigh stáit gan Ghaeilge a thuiscint, nár ghá ach stáisiún de chuid an Gharda Síochána a shamhlú, lán de chomhaltaí gan Ghaeilge i lár ceantair Gaeltachta.

Tá cuntas i dTuarascáil 2019 ar an bhfaireacháin a rinneadh ar chur i bhfeidhm moltaí a bhí déanta in imscrúdú a rinne mo réamhtheachtaí, Seán Ó Cuirreáin, in 2011 inar léiríodh gur sháraigh an Garda Síochána foráil de chuid Acht an Gharda Síochána. Bhain an fhoráil sin lena chinntiú, an oiread agus is féidir, gur comhaltaí den Gharda Síochána atá inniúil sa nGaeilge a bheidh ar stáisiún i ndúiche ina bhfuil limistéar Gaeltachta.

Rinneadh moltaí san imscrúdú sin a raibh d’aidhm acu a chinntiú gur Gardaí atá inniúil sa nGaeilge a bheadh ar dualgas sna stáisiúin sa nGaeltacht. In ainneoin teagmhálacha leanúnacha m’Oifige, níos mó ar an ábhar seo ná le haon chomhlacht poiblí eile maidir le cur i bhfeidhm moltaí imscrúdaithe riamh, níor cuireadh i bhfeidhm mar is ceart moltaí an imscrúdaithe sin. De réir na faisnéise a cuireadh ar fáil anuraidh ní raibh inniúlacht sa nGaeilge ach ag tuairim agus trian de chomhaltaí an Gharda Síochána atá ar stáisiún sa nGaeltacht.

I gcás ina measaim nár cuireadh moltaí imscrúdaithe i bhfeidhm go cuí laistigh d’achar réasúnta ama, is féidir liom tuarascáil ar an ábhar a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá chuile chosúlacht ar an scéal gurb é sin an t-aon rogha a bheidh os mo chomhair amach maidir leis an ábhar seo.

COVID-19
Tá an tír seo, fearacht an chuid eile den domhan, i ngreim ag géarchéim de bharr phaindéim COVID-19. Tá seirbhísí stáit ag tabhairt a n-aghaidhe ar dhúshláin mhóra san am i láthair agus soláthar á dhéanamh do riachtanais agus leas an phobail.

Is i gcúinsí den chineál seo a fhaighimid léargas éigin ar a dhaingne agus atá reachtaíocht atá dírithe ar chearta – ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla – fréamhaithe i gcórais riaracháin an Stáit.

Maidir leis na gearáin a d’fhiosraigh m’oifig, a bhain bealach amháin nó bealach eile leis an bpaindéim, feictear dom téama coitianta i gcuid de na freagraí a tugadh: go mb’éigean gníomhú go práinneach agus, i gcúinsí fíoreisceachtúla na géarchéime sláinte, cinneadh an dualgas reachtúil teanga a chur i leataobh, é a chur ar atráth, nó níor tugadh aird ar an dualgas sin toisc go gcuirfeadh sé moill ar an ngníomh a chur i gcrích.

Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlacht poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin nuair ba thábhachtaí agus ba phráinne an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í.

Críoch
Mar fhocal scor agus chun filleadh ar an bpríomh chúis go bhfuilim i bhur láthair anseo inniu, sé sin chun labhairt faoin leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, is cinnte go mbeidh go leor cainte idir seo agus achtú an Bhille faoi chéard atá indéanta agus céard nach bhfuil. Ba chóir, dar ndóigh, ag chuile staid den phróiseas seo, go bhféachfaí́ i gcónaí le freastal ar riachtanais phobal na teanga agus a gcearta, ag cur san áireamh stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar chéadteanga oifigiúil na tíre.

@Ceartateanga @aosnodaigh @OireachtasNews 

Share/Save/Bookmark

21.5.19

Ráiteas an Choimisinéara Teanga san Oireachtas. (Bealtaine 2019)

Bhí an Coimisinear Teanga, Rónán Ó Domhnaill ós comhair  Buan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar an 21ú lá Bealtaine 2019 ag plé  tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga do 2018. Seo an Preas Ráiteas ón gCoiste roimh an chruinnithe.

"...ghoill sé orm mar Choimisinéir Teanga, nach raibh ar mo chumas thart ar leath de na gearáin a rinneadh liom a fhiosrú, de thoradh, den chuid is mó, gan dualgas a bheith ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí cuimsitheacha Gaeilge a chur ar fáil."

A Chathaoirligh,
Gabhaim buíochas leat féin agus leis an gCoiste as an gcuireadh teacht in bhur láthair anseo tráthnóna. Is mór an tacaíocht dom an tsuim leanúnach a chuireann an Comhchoiste i gcúrsaí cearta teanga agus reachtaíochta teanga. Tá an pháirt ghníomhach atá á glacadh agaibh sna cúrsaí seo agus an díospóireacht a spreagann sibh fíorthábhachtach, tráth a dteastaíonn athmhachnamh ar chur chuige an Stáit i leith na Gaeilge.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL – LÉARGAS GINEARÁLTA
Tugadh cuireadh dom anseo inniu chun príomhthorthaí mo Thuarascála Bliantúla, 2018 (pdf) a chur in bhur láthair agus aon cheisteanna atá agaibh a fhreagairt chomh maith, dar ndóigh.

Fearacht oifigí ombudsman agus oifigí géilliúlachta eile tá an t-idirphlé a bhíonn againn leis an bpobal thar a bheith tábhachtach inár gcuid oibre. Bíonn muid ag brath ar an bpobal chun na deacrachtaí a bhíonn acu seirbhísí a fháil ón státchóras i nGaeilge a chur faoinár mbráid. Minic go maith réitítear cuid mhaith de na deacrachtaí aonaracha a bhíonn ag daoine cé nach n-éiríonn linn gach deacracht a réiteach, go háirithe nuair nach ann do dhualgas reachtúil seirbhísí áirithe a chur ar fáil i nGaeilge nó i gcásanna nach dtagann comhlacht poiblí faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is bunfhadhbanna iad sin a bhaineann leis an Acht féin agus a bhfuil cuid mhaith plé déanta orthu roimhe seo. Táthar freisin ag brath ar thoil an Stáit caitheamh go cothrom le daoine a dteastaíonn uathu a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Ní aon amhras orm ach nach bhfuil an státchóras sách réamhghníomhach i soláthar na seirbhísí sin agus go minic go mbaineann crá croí le bheith ag iarraidh cuid de na seirbhísí poiblí is bunúsaí a fháil i nGaeilge.

Bhí líon na ngearán a rinneadh le m’Oifig le linn 2018 mórán mar an gcéanna leis an mbliain roimhe sin, titim an-bheag ó 638 go 634. Bhain os cionn 90% de na gearáin le cúig réimse faoi leith: forálacha i scéimeanna teanga, comharthaíocht agus stáiseanóireacht, freagra i mBéarla ar chumarsáid i nGaeilge, comharthaí bóthair, agus fadhb le húsáid ainmneacha agus sloinnte i nGaeilge. Tháinig aon tríú de na gearáin ó dhaoine i mBaile Átha Cliath agus ceann as chuile chúig cinn ó dhaoine sna ceantair Ghaeltachta.

Arís, ghoill sé orm mar Choimisinéir Teanga, nach raibh ar mo chumas thart ar leath de na gearáin a rinneadh liom a fhiosrú, de thoradh, den chuid is mó, gan dualgas a bheith ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí cuimsitheacha Gaeilge a chur ar fáil.

Bhí an fhadbh maidir le húsáid ainm agus sloinnte i nGaeilge go mór sa nuacht le deireanaí. Thagair mé sa Tuarascáil chomh míshásúil is atá sé nach bhfuil córais ríomhaireachta roinnt comhlachtaí poiblí in ann déileáil le síntí fada go fóill. Is cuid lárnach de chéannacht an duine a ainm. Ní sé míréasúnach a bheith ag súil go ndéanfaí soláthar don mhéid sin i gcórais ríomhaireachta na gcomhlachtaí poiblí i ré theicneolaíochta na linne seo. Tá mé ar an eolas faoi chinneadh a rinne an Coimisiún Cosanta Sonraí ar an ábhar seo le deireanaí agus an rialú nach raibh dualgais cosanta sonraí á sárú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nuair nach raibh ar chumas a gcórais ríomhaireachta síntí fada ar ainm duine a thaifeadadh. Tuigfidh sibh nach dtagann cúrsaí cosanta sonraí faoi mo dhlínsese agus mar sin níor mhaith liom aon tuairim a thabhairt ar chinneadh an Choimisiúin.

An méid sin ráite creidim go láidir nár chóir gur ceist cosanta sonraí a bheadh anseo ó thús deireadh. Is ábhar í a bhaineann le húsáid teanga oifigiúla de chuid an Stáit seo agus is gá go ndéileálfaí leis ar an mbealach sin. Léiríonn an deacracht atá ann an tábhacht go mbeadh an t-ábhar seo cuimsithe ag reachtaíocht teanga. Gan foráil reachtúil tá sé soiléir nach féidir glacadh leis go réiteofar an fhadhb seo go huathoibríoch nó in imeacht ama. Tá sé tráthúil mar sin go scrúdófaí an cheist seo go mion agus Bille na dTeangacha Oifigiúla ag teacht faoi bhur mbráid go luath. Tá fáilte le cur roimh an bhforáil a bhí sna ceannteidil ina leith seo ach mar atá ráite agam roimhe seo creidim go dteastaíonn í a threisiú. D’fhéadfaí sin a dhéanamh ach dáta cinnte a shocrú le dlí faoina gcaithfeadh córais ríomhaireachta atá in úsáid ag an Státchóras a bheith in ann glacadh le síntí fada. Ní gá agus níor cheart go bhfágfaí faoi chomhlachtaí poiblí na dátaí sin a shocrú.

Ar ábhar gaolmhar ní mór chomh maith aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhíonn ag daoine a n-ainm i nGaeilge a úsáid nuair a bhíonn na sonraí sin i mBéarla ar bhundoiciméid chéannachta. Is fadhb leanúnach í seo agus ba cheart an deis atá ann réiteach reachtúil a fháil ina leith a thapú anois.

IMSCRÚDÚ RTÉ
"...is bocht an scéal é sin d’aon chraoltóir náisiúnta; is é sin go mbeadh céadteanga oifigiúil na tíre fágtha ar lár ar fad beagnach ó chraoladh teilifíse an chraoltóra chéanna."

Tá cur síos sa Tuarascáil Bhliantúil chomh maith ar cheann de na himscrúduithe is tábhachtaí a rinneadh i stair na hOifige; b’in an t-imscrúdú ar an gcraoltóir seirbhíse poiblí, RTÉ. D’eascair an t-imscrúdú seo ó ghearán a rinne duine den phobal liom faoi easpa craoltóireachta trí Ghaeilge a bhí le brath ar sheirbhísí craoltóireachta RTÉ. Léirigh an t-imscrúdú féin gur beagán le cois céad uair an chloig de chláir theilifíse Ghaeilge a craoladh ar RTÉ le linn 2017 i gcomparáid le hos cionn ocht déag míle uair an chloig de chláir Bhéarla. Is ionann sin agus pointe a seacht faoin gcéad agus is léir, faraor géar, go bhfuil craoladh clár teilifíse Gaeilge beagnach caite i dtraipisí ar fad ag an gcraoltóir náisiúnta faoin tráth seo. Cibé céard faoi aon sárú reachtaíochta is bocht an scéal é sin d’aon chraoltóir náisiúnta; is é sin go mbeadh céadteanga oifigiúil na tíre fágtha ar lár ar fad beagnach ó chraoladh teilifíse an chraoltóra chéanna.
Rabhadh le tabhairt ag an gCoimisinéir Teanga do RTÉ i dTithe an Oireachtais (Tuairisc.ie)

'Cláir Ghaeilge beagnach caite i dtraipisí ar fad ag RTÉ' (RTÉ)

Síneadh fada ar bith ar fáil le linn chuairt an Choimisinéara Teanga ar Thithe an Oireachtais (Tuairisc.ie)

RTÉ criticised over Irish language television output (RTÉ)

Irish language watchdog criticises RTÉ again at Oireachtas committee (Irish Times)
Ba í seo an chéad uair a fiosríodh na forálacha reachtúla teanga de chuid an Achta Craolacháin, 2009. Sorcaíonn na fionnachtana agus na moltaí atá déanta agam fasach thábhachtach don todhchaí.

Chinn mé san imscrúdú go gcaithfeadh RTÉ réimse cuismsitheach clár Gaeilge a chraoladh ar sheirbhís raidió agus ar sheirbhís teilifíse an chraoltóra. Nuair a socraíodh an fhoráil reachtúil seo ba léir gurbh é toil an Oireachtais go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil ar sheirbhís teilifíse agus raidió an chraoltóra náisiúnta. Socraíodh an dualgas sin agus lánfheasacht ar ról TG4. Gan dabht tá breithiúnas i gceist le céard is brí le ‘réimse cuimsitheach’ ach nuair ba léibhéal íosta ar fad an méid clár a bhí á chraoladh ar an tseirbhís teilifise b’éasca a aithint nach raibh an dualgas á chomhlíonadh.

Má chuirtear mo chuid moltaí i bhfeidhm, mar a bheinn ag súil go ndéanfadh aon chomhlacht poiblí freagrach, beidh tionchar mór aige ar sholáthar na gclár teilifíse Gaeilge san am atá le teacht.

Sna míonna beaga amach romhainn beidh mé ag súil le tuarascáil agus plean ó RTÉ ar an mbealach a dtabharfar faoi chomhlíonadh na ndualgas reachtúil teanga seo. Is é comhlíonadh na ndualgas sin an t-aon slat tomhais a bheidh in úsáid agamsa agus mé ag tabhairt mo bhreithiúnais an leor na moltaí a dhéantar in aon phlean a thagann ó RTÉ.

Tráth ar eisíodh an tuarascáil bhliantúil thagair RTÉ an athuair do na réimsí seirbhísí eile, idir seirbhísí digiteacha agus ar líne, a chuirtear ar fáil i nGaeilge. Níl aon cheist ach go bhfuil fiúntas le forbairt na réimsí sin ach déanaim an pointe go daingean an athuair nach laghdaíonn siad an dualgas atá ann maidir le craoladh réimse cuimsitheach clár teilfíse agus raidió i nGaeilge.

Ar ndóigh, má thagaim den tuairim nach bhfuil moltaí an imscrúdaithe á gcur i bhfeidhm go sásúil tá i gceist agam tuarascáil maidir leis an méid sin a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais i gcomhréir leis na cúraimí atá leagtha orm.

IMSCRÚDUITHE EILE
I measc na n-imscrúduithe eile is suntasaí a tugadh chun críche le linn na bliana tá ceann ar an Roinn Talmhaíochta, a shocraigh poist a fhógairt in dhá cheantar Gaeltachta gan aon riachtanas Gaeilge a bheith luaite leo; an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil as an gCreat Náisiúnta Pleanála, a bhí mar chuid de Thionsnamh Éire 2040, a fhoilsiú i mBéarla amháin; Comhairle Contae Chorcaí as Google Translate a úsáid chun suíomh gréasáin na heagraíochta a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge; agus Amharclann na Mainistreach de thoradh comharthaíocht a bheith ar neamhréir leis na rialacháin. Tá tábhacht le gach ceann de na himscrúduithe seo astu féin ó tharla gur bhain siad le neamhchomhlíonadh gné éigin d’fhoráil teanga nár éirigh linn a réiteach tríd an bpróiseas neamhfhoirmiúil reitithe gearáin a fheidhmíonn m’Oifig. Ach oiread le RTÉ scrúdófar cur i bhfeidhm mholtaí na n-imscrúduithe sin le linn na bliana seo.

FAIREACHÁN
D’fhógair mé anuraidh ag cruinniú den Chomhchoiste seo go raibh mé ag cur deireadh leis an bpróiseas monatóireachta a bhí i bhfeidhm ag m’Oifig go dtí sin, is é sin iniúchadh ar Scéimeanna Teanga aonaracha den chuid is mó. Is mar thoradh ar mo Thráchtaireacht ar Chóras na Scéimeanna Teanga, a léirigh go raibh úsáid á baint as an gcóras chun cúngú agus lagú a dhéanamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge, a chinn mé an méid sin a dhéanamh. Mheas mé nach mbeadh sé cuí dom mar Choimisinéir Teanga acmhainní teoranta na hOifige a dhírú den chuid is mó ar chóras atáthar a fheidhmiú go fabhtach.

Ó lár na bliana seo caite chuir m’Oifig córas nua faireacháin i bhfearas lena ndéantar iniúchadh ar:
  • líon an bpost atá sainaitheanta ag Ranna Rialtais lena mbaineann riachtanas Gaeilge,
  • úsáid na dteangacha oifigiúla ar chomharthaíocht ag suíomhanna oidhreachta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí, agus
  • cur i bhfeidhm gealltanas reachtúil a bhaineann le suíomhanna gréasáin de chuid na n-údarás áitiúil.
Tá súil agam an Tuarascáil Faireacháin don bhliain 2018 a fhoilsiú faoi cheann roinnt seachtainí agus na torthaí sin a chur faoi bhur mbráid. Idir an dá linn, táim féin agus ár mbainisteoir géilliúlachta Eileen Seoighe breá sásta tuilleadh plé a dhéanamh ar an múnla nua libh agus an modh oibre a bhí againn.

Forbrófar an córas seo de réir a chéile agus tá i gceist agam tuarascáil faireacháin a fhoilsiú go bliantúil feasta. Faoi láthair níl aon údáras agam monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh aon fhorálacha teanga d’aon Achtachtáin eile seachas na cinn sin a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Creidim go gcuirfeadh sé go mór le mo chuid feidhmeanna dá bhféadfaí aghaidh a thabhairt air seo agus an tAcht á leasú.

BILLE NUA

Tá tagairt déanta agam sa Tuarascáil Bhliantúil don mhoill atá ann le foilsiú Bhille na dTeangacha Oifigiúla chun leasú a dhéanamh ar an Acht reatha. Tá an tAcht ar an bhfód anois le os cionn cúig bliana déag, agus dhá bhliain caite ó foilsíodh na ceannteidil is deireanaí. Mar sin féin tá muid ag fanacht go fóill le foilsiú an Bhille. Tá na leasuithe a theastaíonn pléite agus athphléite faoin tráth seo, tá bhur moltaí féin curtha i láthair sa tuarascáil a d’fhoilsigh sibh i mí na Bealtaine 2018 agus is beag eile is féidir a rá faoin ábhar nach bhfuil ráite go minic cheana. Ní theastaíonn uaim dóchas ná éadóchas a léiriú faoi fhoilsiú an Bhille ag an tráth seo ó tharla gur ábhar í nach bhfuil aon smacht agamsa air. Is faoin Aire agus faoin Roinn atá sé anois an Bille a fhoilsiú agus a achtú.

Glactar leis go coitianta go dteastaíonn Acht nua go géar chun aghaidh a thabhairt ar na feabhsúcháin atá de dhíth. Dá fheabhas a bhíonn aon reachtaíocht, ní leor í aisti féin. Níl aon amhras ach go dteastaíonn athrú ón mbun aníos ar chur chuige an Státchórais chomh maith. Níor cheart go mbeadh eagraíochtaí stáit ag féachaint ar an nGaeilge mar ualach nó mar dhualgas atá le comhlíonadh go drogallach nó le seachaint nuair is féidir. Ba cheart go bhféachfaí i gcónaí le stádas a thabhairt don teanga agus a húsáid a chur chun cinn in chuile bheartas agus gníomhaíocht de chuid an Stáit más ann go bhfuiltear chun caitheamh léi mar theanga oifigiúil atá ar comhchéim leis an mBéarla.
Share/Save/Bookmark

20.3.18

Bille na dTeangacha - An Coimisinéir Teanga ós comhair Chomhchoiste Oireachtais.

Tá an Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán de chuid an Oireachtais ag déanamh grinnscrúdú réamhreachtach ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017 – An Scéim Ghinearálta agus Dréacht-Cheannteidil an Bhille.
Mar chuid de sin bhí an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ag a 4i.n. ar 20 Márta 2018. Tá nótaí cainte dá ráiteas tosaigh anseo againn.

A Chathaoirligh,
Rónán Ó Domhnaill - An Coimisnéir Teanga
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an gComhchoiste as an gcuireadh freastal ar sheisiún an lae inniu agus labhairt libh faoi Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla a foilsíodh anuraidh. Tá doiciméad eile á chur faoi bhráid an Chomhchoiste agam ina dtugtar léargas níos iomláine daoibh ar mo dhearcadh i leith gach ceann de na Ceannteidil.

Is léir ó aon chomparáid a dhéanfaí idir na Ceannteidil sin agus na cinn a foilsíodh in 2014 go bhfuil athrú ollmhór tagtha ar chur chuige na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i leith Acht teanga leasaithe. Ar ndóigh, is athrú chun feabhais atá tagtha mar go bhfuil na Ceannteidil reatha i bhfad níos cóngaraí don mhéid a lorg an pobal mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh sa bhliain 2011. Ba mhaith liom ón tús aitheantas a thabhairt don iarAire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne, a ghlac an cinneadh stuama na Ceannteidil a fhoilsiú i mí an Mheithimh anuraidh.

Is deacair a chreidiúint go bhfuil os cionn sé bliana imithe thart anois ó cuireadh tús leis an bpróiseas chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú agus nach bhfuil muid tagtha chuig céim an Bhille go fóill. Ní theastaíonn uaim an iomarca ama a chaitheamh ag dul siar ar an méid a tharla nó nár tharla le sé bliana anuas ach is cinnte go bhfuil go leor ama curtha amú agus go mba chóir dúinn a bheith imithe i bhfad níos faide chun cinn ón áit a bhfuil muid faoi láthair. Fáiltím mar sin roimh ráiteas an Aire Stáit Joe McHugh go bhfuil i gceist an reachtaíocht leasaithe a thabhairt trí Thithe an Oireachtais gan a thuilleadh moille.

I mo chur i láthair daoibh inniu ba mhaith liom díriú ar na Ceannteidil is tábhachtaí mar a fheicimse iad agus aird a dhíriú chomh maith ar roinnt ábhar nach bhfuil clúdaithe sna Ceannteidil faoi mar ba mhaith liomsa iad a bheith déanta.

Earcaíocht
Is daoine atá i gcroílár soláthair seirbhísí. Sa mhéid is go bhfuil an riachtanas d’fhoireann le Gaeilge sa Státseirbhís aitheanta sna Ceannteidil táthar ag glacadh leis nach bhfuil dóthain daoine le Gaeilge ann faoi láthair agus nach bhfuil na socruithe a fógraíodh sa bhliain 2013 ag tabhairt aon toradh fónta.

Tá trí sprioc luaite leis an gCeannteideal áirithe seo, Ceannteideal uimhir 9,
• go mbeidh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge,
• go bhfeidhmeoidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht trí mheán na Gaeilge agus
• go méadófar acmhainneacht comhlachtaí poiblí seirbhísí poiblí a sholáthar trí Ghaeilge

Fáiltím roimh an gCeannteideal seo mar chéim shuntasach chun cinn ach is gá anois feoil a chur ar na cnámha agus go sonrófaí na bearta a ghlacfar chun an sprioc earcaíochta a bhaint amach. Ní féidir a bheith ag súil go dtabharfadh an córas earcaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair go ceann scríbe muid. Is gá é a leasú agus más mian linn go mbeadh níos mó oibrithe le hinniúlacht sa Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí caithfear creidiúint níos mó agus níos luaithe a thabhairt don scil sin sa phróiseas earcaíochta. Ní mór a chur san áireamh freisin go mbaineann an moladh seo le feachtais earcaíochta a reáchtálfar sa todhchaí agus nach ndíríonn sé ar an lag trá atá ann ag an bpointe áirithe ama seo.


Colm Ó Coisdealbha 
Stiurthóir, Oifig an Choimisinéara
Mar sin féin is dul chun cinn suntasach atá sa gCeannteideal seo agus fáiltím roimh an moladh go mbeadh tagarmharc sonrach socraithe d’fheachtais earcaíochta as seo amach. Baineann an moladh seo le hearcaigh seachas le painéil agus dá bhrí sin is é an toradh a gcaithfear a bheith ag súil leis go mbeidh Gaeilge ag duine as gach cúigear a thiocfaidh isteach sa tseirbhís phoiblí. Tá sé suntasach freisin go luaitear an tseirbhís phoiblí agus nach bhfuil sé teorannaithe don Státseirbhís, nach gcuimsíonn ach ranna rialtais agus oifigí stáit amháin.

Creidim go mbeidh an cur chuige a ghlacfar i leith na hearcaíochta mar chuisle don Bhille nua agus ar an léiriú is mó ar an dáiríreacht i dtaobh seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Is uaidh a eascróidh gach ní eile. Ní bheidh aon fheabhas i ndáiríre ar sholáthar seirbhísí stáit trí Ghaeilge mura méadófar go mór líon na bhfostaithe le Gaeilge.

Caighdeáin seachas Scéimeanna Teanga
Tá an moladh córas na scéimeanna teanga a thréigean ar mhaithe le córas nua caighdeán ar cheann de na moltaí is fónta dá bhfuil sna Ceannteidil seo. Cuireann teip chóras na scéimeanna teanga an-díomá orm. Tá sé soiléir nár cuireadh córas na scéimeanna i bhfeidhm mar is ceart ón tús agus gurbh é sin a d’fhág sa riocht ina raibh siad iad.

Le tamall de bhlianta anuas bhí caighdeán na scéimeanna teanga a bhí á n-aontú ag cur an oiread sin imní orm gur iarr mé ar mo chuid oifigeach anailís chuimsitheach a dhéanamh orthu. I mbeagán focal léirigh an anailís sin go raibh scéimeanna teanga ag feidhmiú, i roinnt cásanna, ní mar uirlis chun cur le líon na seirbhísí trí Ghaeilge ach mar uirlis chun teorannú a dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí sin. Is minic a bhí friotal in úsáid a d’fhág nach raibh aon dualgas docht daingean ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. San áit a raibh dualgas ba bheag a bhí geallta agus níos measa fós bhí sé follasach i roinnt scéimeanna go raibh cúlú déanta ar ghealltanais a bhí tugtha roimhe sin. Thug mé cuntas roimhe seo daoibh ar thoradh na hanailíse sin agus mar sin ní theastaíonn uainn athrá a dhéanamh ar na pointí céanna.

Creidim go bhfuil an cinneadh ceart déanta imeacht ó chóras na scéimeanna teanga agus tabhairt faoi chóras nua ina leagfaí síos caighdeáin seirbhíse. Cuirfidh sé seo deireadh le córas idirbheartaíochta a bhí ag brath ar dhea-thoil na gcomhlachtaí poiblí.

Ar ndóigh, beidh go leor ag brath ar cén sórt caighdeán a shocrófar. Má tharlaíonn go mbíonn na caighdeáin lag is beag brí a bheas leo agus ní dhéanfaidh siad aon difríocht le hais na scéimeanna teanga. Molaimse go socrófaí ar dtús an toradh a theastaíonn uainn a bhaint amach maidir le soláthar na seirbhísí stáit trí Ghaeilge. Céard a theastaíonn uainn ó ranna rialtais, ó údaráis áitiúla, ó institiúidí oideachais agus mar sin de. An bhfuil roinnt de na heagrais sin níos tábhachtaí ná a chéile? Ar chóir dúinn a bheith ag súil le níos mó ó na heagraíochtaí sin a mbíonn níos mó plé acu leis an bpobal seachas cinn a bhfuil ról níos imeallaí acu? Nuair a bhíonn freagra na gceisteanna sin againn beidh muid in áit níos fearr le córas caighdeán a bhunú a bheas éifeachtach agus a oibreoidh don saoránach agus do na comhlachtaí poiblí. Tá go leor oibre le déanamh ar an ábhar seo ach mar thús caithfear an tsamhail atá ag an Roinn do na caighdeáin seo a chíoradh.

Go deimhin, táim ag moladh gur cheart go bhforbrófaí plean do sholáthar na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge ag an leibhéal náisiúnta. Molaim go mbeadh dualgas reachtúil ag baint lena leithéid de phlean a ullmhú, go ndéanfaí é laistigh de bhliain go leith ón tráth a dtabharfaí an tAcht leasaithe ar an bhfód, agus go gcaithfí an plean a nuashonrú uair gach cúig bliana.

An Ghaeltacht
Thug mé le fios roimhe seo go mba chóir prionsabal soiléir a leagan síos san Acht leasaithe a d’fhágfadh go gcaithfeadh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag oifigigh stáit atá lonnaithe nó ag cur seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht. Tá loighic shoiléir leis sin sa mhéid gur beag is fiú a bheith ag caint faoi phleanáil teanga mura bhfuil an Stát in ann a chuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Is teachtaireacht áiféiseach í a bheith ag iarraidh ar phobail Ghaeltachta tabhairt faoi ghníomhaíochtaí chun úsáid na Gaeilge a threisiú má thiontaíonn an Stát féin thart agus tabhairt le fios nach bhfuil i gceist aige a chuid seirbhísí chur ar fáil ach i mBéarla.

Léirigh torthaí dhaonáireamh 2016 an ghéarchéim theanga atá sna ceantair Ghaeltachta agus go cinnte tógfaidh sé iarracht ollmhór an taoide a chasadh. Ní réiteoidh soláthar na seirbhísí stáit trí Ghaeilge ann féin na dúshláin teanga atá sa Ghaeltacht. Ag an am céanna léireodh a leithéid de chur chuige dáiríreacht an Stáit maidir leis an nGaeltacht agus is gníomh ceannaireachta a bheadh ann a chuirfeadh le stádas na Gaeilge. Is teachtaireacht a bheadh ina leithéid go raibh an Stát ag aithint agus ag freastal ar cheantar teanga ann féin.

Tá an Ceannteideal a dhéileálann leis an ábhar seo tar éis dul cuid den bhealach, ach ba cheart, dar liom, é a láidriú. Má táthar muiníneach go dtacóidh an beartas nua earcaíochta le dóthain foirne le Gaeilge a bheith ar fáil chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, cén fáth nach ndaingneofaí an dualgas sin sa reachtaíocht? Is athrú cultúir atá i gceist le prionsabal den chineál seo agus ba chóir é a áireamh sa reachtaíocht. Tuigim, ar ndóigh, go mb’fhéidir go mbeadh deacrachtaí teacht ar dhaoine le sainscileanna éagsúla agus le hinniúlacht sa Ghaeilge ach is furasta socruithe a dhéanamh ina lorgófaí díolúine i gcásanna mar sin agus go gcuirfí tacaíocht teanga ar fáil nuair is cuí a leithéid a dhéanamh.

Seirbhísí á soláthar ag tríú páirtithe
Níl aon tagairt fhollasach sna Ceannteidil do sheirbhísí a chuireann tríú páirtithe ar fáil thar ceann comhlachtaí poiblí nó thar ceann an Stáit. Creidim gur bearna é seo sna rialacháin agus go mba cheart aghaidh a thabhairt air sa phróiseas reachtaíochta. Ba chóir go dtiocfaí ar mheicníocht san Acht a d’fhágfadh go mbeadh dualgas teanga i gceist i gcás seirbhísí a chuirtear ar fáil de thoradh conradh a bhronnann comhlachtaí poiblí nó de thoradh eintiteas a bhunaítear ina mbíonn páirt lárnach ag comhlachtaí poiblí iontu. Tugaim faoi deara go bhfuil sé seo ag tarlú ar bhonn níos coitianta mar a tharla i gcás Eircode, an Chrannchuir Náisiúnta nó na seirbhíse ceadúnais tiomána. Gan socruithe reachtúla a bheith in áit tá an baol ann nach mbeidh aon dualgas teanga i gceist do chonarthaí agus do sheirbhísí a bhfuil tábhacht don phobal dóibh.

Ainm agus Seoladh
Fadhb choitianta a thagann chun cinn do shaoránaigh ná a bheith in ann a n-ainm agus seoladh a úsáid i nGaeilge nuair a bhíonn a gcuid buncháipéisí aitheantais, ar nós a dteastais breithe, i mBéarla. Tá foráil déanta in Acht na bPasanna, 2008 a cheadaíonn don Aire glacadh le hainm agus sloinne seachas an t-ainm agus sloinne a bhíonn ar an teastas breithe nuair a chuirtear cruthúnas ar fáil go bhfuiltear ag baint gnáthúsáid as an leagan sin le dhá bhliain nó níos mó. Is dóigh liomsa go bhfuil géarghá lena leithéid d’fhoráil in Acht na dTeangacha Oifigiúla do réimse níos leithne comhlachtaí poiblí.

Fuair m’Oifig os cionn céad gearán le dhá bhliain anuas maidir le deacracht a bhíonn ag daoine a n-ainm agus sloinne i nGaeilge a úsáid ar leithéid a gceadúnais tiomána de thoradh a bpas agus a dteastas breithe a bheith i mBéarla. Is dóigh liom go mba chóir socruithe a bheith déanta sa reachtaíocht maidir le hábhar chomh bunúsach leis seo a tháinig go mór chun solais le linn ainmneacha agus seoltaí a bheith i mBéarla le linn don Eircode a bheith á sheachadadh.

Ní fheictear dom go dtéann an Ceannteideal ábhartha i ngleic mar ba chóir leis an deacracht seo a bhíonn ag saoránaigh; is é sin cead reachtúil a n-ainm agus sloinne i nGaeilge a úsáid. Cé go bhfuil an méid atá sa gCeannteideal, a dhíríonn ar chórais ríomhaireachta agus a leithéid a bheith in ann glacadh leis an nGaeilge, inmholta, tá an fhadhb níos doimhne ná sin.

Críoch
A Chathaoirligh, creidim gur céim mhór chun cinn atá sna Ceannteidil a foilsíodh i mbliana. Ní theastaíonn uaimse poill a phiocadh sna Ceannteidil sin, agus arís molaim obair na Roinne, an Aire agus an Rialtais, as iad a fhoilsiú, ach tá sé tábhachtach anois agus muid ag bogadh ar aghaidh sa chéad chéim eile den phróiseas reachtaíochta go mbeifí aireach ar na mionsonraí. Is ceart freisin go bhféachfaí ar reachtaíocht eile sa tír seo agus i ndlínsí eile ní hamháin i dtéarmaí na socruithe a dhéantar do sholáthar seirbhísí ach freisin don ról a bhíonn ag oifigí ar nós m’Oifige féin ag cur san áireamh an ról comhairleach agus taighde a bhíonn ag oifigí coimisinéara teanga i dtíortha eile a chuireann go mór leis an bhfeidhm agus leis an tionchar a bhíonn acu.

Seachas aon ní eile ní féidir linn amharc a chailleadh ar an mórsprioc, is é sin go mbeadh seirbhísí poiblí i nGaeilge, ar ardchaighdeán, ar fáil do shaoránaigh na tíre.


• Ós comhair Choiste Oireachtais le tráchtaireacht. (4/4/2017)

• Na hábhair is tábhachtaí a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. (4/10/2017)



Share/Save/Bookmark