I ndiaidh dó na haoichainteoirí a chur in aithne: Dinny McGinley TD (Fine Gael), Pearse Doherty TD (Sinn Féin), An Seanadóir Brian Ó Domhnaill (Fianna Fáil), John Duffy agus Seán Ó Maolchallann (An Comhaontas Glas), thug Mac Niallais le fios go bhfuair sé leithscéal ón Tánaiste Mary Coughlan agus ó Frank McBrearty (Páirtí an Lucht Oibre). Ina dhiaidh sin, léigh an cathaoirleach amach an ráiteas a fuair sé ón Chomhairleoir McBrearty. Bhí ábhar na litreach sin ag teacht le cuid mhór den phlé a bheadh le cloisteáil níos moille .i. cur i gcoinne pholasaí Fhine Gael!
Sular labhair na haoichainteoirí, thug Mac Niallais breac-chuntas ar an obair a bhí ar bun ag Guth na Gaeltachta ó bhí an cruinniú poiblí deiridh ann agus ar an ról neamhchlaonta a bhí sé ag glacadh mar ghrúpa tacaíochta neamhpholaitiúil, traspháirtí ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Mhínigh sé tábhacht chriticiúil na hArdteiste i gcóras oideachais na hÉireann ina iomlán agus na himpleachtaí diúltacha a bheadh ag polasaí Fhine Gael ar ról na Gaeilge ar fud an chórais, ní hamháin ag leibhéal na hArdteiste. Dá gcuirfí an polasaí i bhfeidhm, bheadh todhchaí na gcoláistí samhraidh Ghaeilge agus inmharthanacht eacnamaíochta phobal na Gaeltachta go mór i mbaol. D’aontaigh Gráinne Mhic Géidigh leis an mhéid sin agus í ag déanamh ionadaíochta do na Mná Tí.
Thug Seán Ó Maolchallann, agus é ag feidhmiú mar urlabhraí Gaeilge do John Arthur, breac-chuntas ar pholasaí an Chomhaontais Ghlais i dtaca leis an Ghaeilge de. Chuir sé deireadh lena chuid cainte ag rá go raibh a bpáirtí 150% i gcoinne pholasaí Fhine Gael! Rinne Pearse Doherty TD tagairt don dóigh ar sheol Sinn Féin a chuid moltaí i leith na Gaeilge taobh amuigh de Cheanncheathrú Fhine Gael ní ba luaithe sa lá. Dúirt sé go raibh a pháirtí iontach go deo míshásta le polasaí Fhine Gael agus go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha eacnamaíochta ann do phobail Ghaeltachta dá gcuirfí i bhfeidhm é.
Dinny Mc Ginley "míchompordach leis an bpolasaí..." |
Ba é an Seanadóir Brian Ó Domhnaill an polaiteoir deiridh a labhair. Thug sé achoimre ar an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas: TG4, Foras na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla, Stádas Oifigiúil agus Oibre san AE agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Dúirt sé go raibh a pháirtí dubh in éadan pholasaí Fhine Gael fosta agus, cosúil leis na cainteoirí eile, labhair sé faoin tionchar diúltach eacnamaíochta a bheadh ag a leithéid de pholasaí ar cheantair Ghaeltachta.
I ndiaidh cloisteáil ó na polaiteoirí uilig, chuir an cathaoirleach fáilte roimh cheisteanna ón urlár. Ba léir ón chéad chainteoir go bhfuil polasaí Fhine Gael ina cnámh spairne i measc phobal na Gaeltachta. Níor cuireadh fiacail ann!
D’éist na polaiteoirí le tuairimí an lucht éisteachta agus ní raibh dabht ar bith ar McGinley go bhfuil an pobal thar a bheith míshásta le polasaí Fhine Gael agus go bhfuil an-imní orthu fá dtaobh de. Iarradh ar an pholaiteoir sinsearach a mhíniú cén dóigh a ndearna a pháirtí a leithéid de chinneadh; an ndearna breithniú cúramach air nó an é gur cleas a bhí ann, dírithe ar vótaí a tharraingt i gceantair uirbeacha?
Mar pháirt den phlé agus caibidil, d’admhaigh McGinley nach ndeachthas i gcomhairle leis riamh ó thaobh cheapadh pholasaí Gaeilge Fhine Gael. Ní raibh sé ábalta a mhíniú ach an oiread cén taighde go sonrach a d’úsáid a pháirtí agus é ag ceapadh an pholasaí. Rinne McGinley iarracht fearg an lucht éisteachta a cheansú, ag rá go mbeadh sé ag súil go ndéanfaí comhairliúchán agus taighde mar is ceart sula ndéanfaí aon athrú ar stádas na Gaeilge.
D’iarr Éamonn Mac Niallais ar an Fheisire McGinley sampla iarrthóirí eile de chuid Fhine Gael a leanúint; chuir baill áirithe den pháirtí i nGaeltacht Chiarraí agus i nGaeltacht na Gaillimhe in iúl go hoscailte d’Éanna Ó Cionaoith go raibh siad in éadan an pholasaí seo. Cuireadh deireadh leis an chruinniú i ndiaidh an tseisiúin ceisteanna agus freagraí. Ghabh an cathaoirleach buíochas le gach duine a ghlac páirt sa díospóireacht agus d’impigh sé ar gach duine an achainí ar líne a shíniú in éadan pholasaí Fhine Gael. Lena chois sin, d’iarr sé ar gach duine ceist na Gaeilge a ardú leis na polaiteoirí uilig nuair a thiocfaidh siad a chuardach vótaí agus go bhfreastalódh siad ar an chéad chruinniú poiblí eile a bheadh ag na polaiteoirí leis an scéal seo a phlé arís (Féach thíos!)
Beidh cruinniú poiblí eile i nGaoth Dobhair oíche Luan seo ag teacht an 21 Feabhra ag a 8 a chlog in Ionad Dhobhair. Seo deis eile don phobal ceisteanna a chuir ar na hairrrthoírí áitiúla don toghchán. Féach preas raitéas thíos le haghaidh tuilleadh eolais. |
No comments:
Post a Comment