17.4.10

Ath toghadh Mhic Fhearghusa mar Uachtarán CnaG

Tá teachtaí tar éis Pádraig Mac Fhearghusa ó Chraobh Thrá Lí a ath-thoghadh mar Uachtarán ar an eagraíocht don tríú bliain as a chéile ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2010 san Óstán Strand, Luimneach ar an Sathairn 17 Aibreán 2010. Bhí an bua ag Mac Fhearghusa ar Sheán Ó hAdhmaill ó Craobh na nGael Óg a bhí in iomaíocht d’Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge don chéad uair.

Is Cathaoirleach ar Chraobh Thrá Lí é Mac Fhearghusa mar aon le ball gníomhach de Bhuanchoiste agus de Choiste Gnó an Chonartha le tamall maith de bhlianta. Is eagarthóir cumasach é ar an iris mhíosúil Feasta é, atá faoi chúram Clódhanna Teoranta, comhlacht foilseacháin an Chonartha.

Cabhróidh taithí uile Mhic Fhearghusa leis an eagraíocht go dtí seo leis Conradh na Gaeilge a threorú agus a neartu sa bhliain amach roimhe agus tá an tUachtarán Mac Fhearghusa ag díriú ar na spriocanna atá sonraithe sa Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a neartú; ar neartú na heagraíochta ar an talamh; agus ar chúrsaí oideachais na Gaeilge a fheabhsú.

Dúirt Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is léir go bhfuil sé i gceist ag ardstátseirbhísigh áirithe an Ghaeilge a ruaigeadh as an gcóras stát má ligtear leo; is mór an náire nár thug an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas d’oiread agus gaelscoil amháin le hoscailt i mbliana, cuir i gcás, agus is mithid don Chonradh agus do phobal uile na Gaeilge troid go fíochmhar i gcoinne an naimhdeas seo agus tacú lena leithéid de Ghaelscoil Ráth Tó atá ag oscailt gan aitheantas i Meán Fómhair."

Is cathaoirleach ar Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí é Uachtarán an Chonartha, ar eagraigh sé a bhunú, agus bhí lámh aige i mbunú trí Ghaelscoil eile leis. Níos suntasaí fós b’fhéidir, is iarchathaoirleach agus bunaitheoir Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí é, scoil a sheas in aghaidh iarracht na Roinne Oideachais deireadh a chur le luath-thumoideachas iomlán trí Ghaeilge le hImlitir 44/2007.

Arsa an tUachtarán Mac Fhearghusa: “Beidh mé ag obair i gcomhar leis an bpobal áitiúil chun an Conradh agus an teanga a chothú ón mbonn aníos. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus tá an Conradh ag brath ar thacaíocht an phobail le seasamh a ghlacadh in aghaidh naimhde na teanga sa státchóras.”

Tréaslaíonn baill an Chonartha leis an Uachtarán ath-thofa agus guíonn siad gach rath ar an obair a bheas le déanamh i bpáirt leis sa bhliain amach romhainn.

I ráiteas dúirt Seán Ó hAdhmaill, "Guím comhghairdeas ó chroí le Pádraig as a mbua. D’éirigh leis an slua a thabhairt leis agus sin a bhaineann toghcháin. Tá mé féin ag tnúth leis an bhliain romhainn agus beidh mé chomh gníomhach céanna sa Chonradh agus mar a bhí riamh. D’éirigh le chuile rúin de Chraobh na nGael Óg agus d’éirigh linn rannpháirtíocht san Ard-Fheis a mhéadú mar gheall ar an feachtas feiceálacht a eagraíodh."
Na figúirí:
Vóta deiridh an Uachtaránacht:

74 Seán Ó hAdhmaill
124 Pádraig Mac Fearghusa

Seo Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge 2010-2011
1. Celine Ní Chóchlaigh
2. Peadar de Blúit
3. Breandán Mac Fhionnghaile
4. Seán Ó hAdhmaill
5. P T Mac Ruairí
6. Cóilín Ó Cearbhaill
7. Ruadhán Mac Aodáin
8. Séan Ó Drisceoil
9. Máire Ní Laoire
10. Lochlainn Ó Catháin
11. Eoghan Mac Cormaic
12. Jacqueline Uí Mhuirí
agus Ionadaíocht na mBall Aonar
1. Cathnia Ó Muircheartaigh
2. Mícheál Ó Ruairc


Craoladh beo ó Árd Fheis an Chonartha 2010 i LuimneachRud nua don Chonradh ná gur craoladh an chuid is mó den Árd Fheis ar an idirlíon, agus roinnt mhaith daoine á leanúint agus a chuir teachtarachtaí isteach tré twitter agus an carachtair #afcnag curtha leis.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment