14.1.12

Neamhspleachas an Choimisinéara Teanga!

“Neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga ríthábhachtach” a deir aoichainteoirí Thóstal na Gaeilge 2012

Ag Tóstal na Gaeilge 2012, a thionól Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an Sathairn 14 Eanáir, bhí saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta ar aon intinn go bhfuil sé ríthábhachtach do chur i bhfeidhm rathúil an Achta Teanga, go gcoimeádfaí Oifig an Choimisinéara Teanga neamhspleách ó aon rannóg nó áisíneacht eile.

‘Treisiú Stádas na Gaeilge’ a bhí mar théama an Tóstail i mbliana, agus leag na haoichainteoirí idirnáisiúnta An tOllamh Colin Williams (An Bhreatain Bheag), Dr Wilson McLeod (Albain) agus an tOllamh François Grin (An Eilvéis) an-bhéim ar thábhacht neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga chun stádas na Gaeilge a neartú faoin Acht Teanga, agus dúirt nach mbeadh muinín ag an bpobal in Oifig an Choimisinéara mura mbeadh an t-oifig sin iomlán neamhspleách.

I measc siúd a labhair le linn an Tóstail, bhí an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, agus Séamus Mac Giolla Chomhail, Príomhoifigeach de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, maraon le saineolaithe acadúla sa tsochtheangeolaíocht agus sa phleanáil teanga, agus gníomhairí teanga áitiúla.

Tháinig sé chun solais arís agus arís eile le linn óráidí na n-aoichainteoirí gur léiriú í an easpa dul chun cinn ar dhaingniú agus ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga faoin gcóras reatha gur cur i bhfeidhm drogallach atá ar siúl ag formhór na gComhlachtaí Poiblí, go bhfuil teipthe ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an córas reatha a riaradh go héifeachtach, agus gur gá aghaidh a thabhairt ar an gceist seo go práinneach.

Moladh le linn an Tóstail go mbreathnófaí ar an bhféidearthacht a mhalairt de chóras a fheidhmiú a chuimseodh rangú ar Chomhlachtaí Poiblí faoin Acht chun seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge don phobal a bheadh ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla. Moladh go mbeadh ról lárnach ag Oifig an Choimisinéara Teanga faoin gcóras úr i dtaca le dul i bhfeidhm ar nósmhaireachtaí laistigh de na Comhlachtaí Poiblí agus maidir le smachtbhannaí a ghearradh sa chás nár chomhlíon na Comhlachtaí Poiblí a ndualgais reachtúla.

Ag tacú go láidir dóibh le moltaí an Choimisineára Teanga, d’aithin na saineolaithe a labhair ag an Tóstal go bhfuil géarchéim ann maidir leis an líon íseal foirne sa chóras poiblí atá in ann seirbhís a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit. Aontaíodh go bhfuil sé riachtanach go gcuirfear polasaí earcaíochta i bhfeidhm a thabharfaidh aitheantas d’inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon agus a chinnteoidh, dá réir, go mbeidh líon níos airde den fhoireann sna Comhlachtaí Poiblí faoin Acht in ann plé leis an bpobal trí mheán na Gaeilge.

Beidh na moltaí ar fad a tháinig chun cinn le linn an Tóstail mar bhunús d’aighneacht Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Foilseofar achoimre na moltaí sin ar Gaelport.com, príomhshuíomh eolais na Gaeilge, chun go mbeidh siad ar fáil mar threoir don phobal agus iad ag líonadh suirbhé na Roinne nó ag ullmhú aighneachtaí le cur faoi bhráid na Roinne.

Ag labhairt dó ag Tóstal na Gaeilge 2012, dúirt Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa gur léirigh “an líon ard daoine a d’fhreastail ar Thóstal na Gaeilge i mbliana an spéis agus an tuiscint atá ag an bpobal i gcoitinne san athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003”. Deir Mac Fhearghusa gur gá don phobal “gníomhú agus freagairt don athbhreithniú trí suirbhé na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a chomhlánú roimh dheireadh na míosa”.


• ATHBHREITHNIÚ AR ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003 Ar LÍNE! 
SUIRBHÉ AR SHEIRBHISÍ TRÍ GHAEILGE Ó CHOMHLACHTAÍ POIBLÍ 
Nuair atá sé déanta agat abair gur mbeith tú ann an leathanach facebook seo

Share/Save/Bookmark

11.1.12

Litir ó Julian & Éamonn

Éamonn Mac Niallais ar chlé agus Julian de Spáinn
A chara,

Tá súil againn go raibh Nollaig an-deas agat.

Lon Dubh
Is féidir leat aighneacht a sheoladh isteach nó suirbhé a líonadh amach anseo
"Iarraim oraibh uilig an suirbhe seo a líonadh isteach le bhur dtoil, ní ghlacann sé ach 10 noiméad. Is féidir leat ansin clárú leis an suíomh facebook seo le léiriú go bhfuil sé déanta agat." (Brú an cnaipe "Beidh mé ann!")
Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil Acht Teanga ann agus nach ndéanfar lagú as cuimse air. Ní bheidh an deis seo againn arís lenar dtuairimí a thabhairt.
Táimid ag scríobh chugat le huasdátú ar an bhfeachtas. Tá 20 lá fágtha san athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus deis fós againn dul i bhfeidhm ar an Roinn agus ar an Rialtas leis an gcinneadh le hOifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a cuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman a athrú.

D'éirigh go maith leis an litir a cuireadh le chéile don fheachtas. Foilsíodh í san Irish Examiner, Irish Times, Galway Advertiser agus Gaelscéal. Tá roinnt mhaith nuachtáin eile len í a fhoilsiú go luath (mar eolas, i gcásanna áirithe ghearr nuachtáin áirithe siar ar an líon daoine luaite leis an litir mar gheall ar spás sa nuachtán).

Tá cóip den bhileog eolais mar iatán leis seo leis na grúpaí ar fad a tháinig ar ais chugam luaite léi. is feidir leis an mbileog seo a úsáid leis na polaiteoirí.

Tá níos lú ná trí seachtaine againn leis an mbrú deireanach a chur ar an Roinn. Bheadh sé iontach más féidir leat na rudaí seo a leanas a dhéanamh mar ábhair práinne:

• Cinnte a dhéanmh go bhfuil an deichniúr a d'iarr tú orthu an suirbhé a lionadh tar éis sin a dhéanamh

• Aighneacht a chur chuig an Roinn muna bhfuil sé déanta agat cheana féin

• Labhairt le do pholaiteoirí áitiúla  (tá an bhileog eolais anseo - pdf)

Go raibh maith agat,

Julian & Éamonn

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí,
Conradh na Gaeilge.
julian@cnag.ie
01 4757401/086 8142757
Éamonn Mac Niallais,
Urlabhraí,
Guth na Gaeltachta.
eolas@guthnag.com
087 6387468

p.s. Tá cuireadh chuig an siompóisiam ‘Acht na dTeanga Oifigiúla: Leasú chun Feabhas’ á eagrú ag Scoil an Dlí agus Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide agus Craobh na Ceithre Cúirte de Chonradh na Gaeilge le tacaíocht ó Ghuth na Gaeltachta mar iatán leis seo. Beidh sé ar siúl ar an Satharn, 21 Eanáir, ó 09.30 go dtí 15.00 i gColáiste na Tríonóide. Is féidir suíochán a chur in áirithe trí ríomhphost a chur chuig sine@cnag.ie má tá tú ag iarraidh freastail air.
Share/Save/Bookmark

10.1.12

Buiséad na scoileanna Gaeltachta

Tá iarrtha ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, ar an Rialtas na ciorruithe atá beartaithe ar mhúinteoirí san scoileanna DEIS (Comhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh) de bharr arduithe ar an gcoibhneas dalta-múinteora i mbuiséad mí na Nollaig, a tharraingt siar. Tá sé ag eagrú cur i láthair i dTeach Laighean ó Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ar an gCéadaoin chomh maith chun cur ar a súile do Theachtaí Dala & Seanadóirí  na himpleachtaí a bheidh ag na ciorruithe buiséid sna scoileanna Gaeltachta, ach go háirithe. (Féach ar ár alt An fiú Gaeilge gan Gaeltacht!)
 
Tá iarrtha ag an Seanadóir ar Theachtaí Dála na Gaillimhe tacaíocht a thabhairt do rún Shinn Féin faoi na scoileanna, a bheidh dhá phlé ar an gCéadaoin agus an Déardaoin 12 Eanáir 2012.

Deir sé:  “Ní féidir na ciorruithe i seirbhísí oideachais a fógraíodh san cháinfhaisnéis seo a chosaint, tá siad iomlán mícheart.

“Tá sé ríshoiléir go bhfuil an Rialtas seo ag leanúint do na polasaithe éagcothroma céanna a bhí ag na Rialtais a chuaigh rompu agus iad ag díriú ar an dream is leochalaí inár gcóras oideachais arís.

“Tá rún curtha os comhair na Dála a ndéanfar díospóireacht air Dé Ceadaoin agus Déardaoin na seachtaine seo. Iarann an rún ar an Rialtas an cinneadh a fógraíodh, chun an coibhneas múinteoir-dalta sna scoileanna DEIS a ardú, a tharraingt siar.

Ciallaíonn na ciorruithe seo go gcaillfear na céadta múinteoir a bhfuil ról fíor thábhachtach acu chun cinntiú go bhfaigheann an chuid is leochalaí dár bpobal óg oideachas ar chaighdeán sásúil.  

“I gcontae na Gaillimhe tá 60 scoil DEIS ag fulaingt de bharr na gciorruithe.

“Má leanann an Rialtas leis na ciorruithe seo caillfear cuid mhaith den dul chun cinn céimniúil atá déanta san gcóras oideachais thar riar mhaith blianta. Beidh tionchar aige seo ar scoileanna ar fud na tíre agus déanfar imeallú ar ghlúin iomlán daoine óga a chaithfear sna fataí lofa.  Déanfar damáiste thar cuímse do shaolta cuid mhaith ógánaigh agus beidh impleachtaí tromchúiseacha aige seo do shochaí agus eacnamaíocht na hÉireann tré chéile.

“Tá mé ag iarraidh ar Theachtaí Dála na Gaillimhe - agus na tíre - an fód a sheasamh do na scoileanna faoi míbhuntáiste agus tacú le rún Shinn Féin an tseachtain seo.


 “Tá cás na scoileanna Gaeltacht ina ábhar mór imní chomh maith agus sin an fáth a bhfuilim ag eagrú cur i láthair ó Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta do gach Seanadóir agus Teachta Dála, le gur féidir leo aird faoi leith a tharraingt ar an dochar a dhéanfaidh na hathruithe sa mbuiséad do soláthar seirbhísí oideachais sna scoileanna seo ach go háirithe”,
a deireann an Seanadóir.  “Tá súil agam go dtiocfaidh ionadaithe an Rialtais ar mhalairt intinne mar thoradh air seo, mar b’fheidir nach dtuigeann siad an dochar a d’fhedfadh na ciorruithe atá molta déanamh do sholáthar seirbhísí oideachais sna ceantair Ghaeltachta”. 

Iar nóta: Trevor are Facebook 12 Eanáir 2012:

Share/Save/Bookmark

30.12.11

An fiú Gaeilge gan Gaeltacht?

"An bhagairt is cinnte agus is dainséarai do thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht...."

Bhí alt mhaith ag Conchubhar Ó Liatháin i nGaelscéal na Nollag faoin mbagairt is mó don Ghaeltacht agus saol na Gaeltachta dár leis. “Tá gluaiseacht na Gaeilge fós ag fidléireacht agus tinte á lasadh faoin bpobal teanga!” a deireann sé! Agus cad iad na tinte nach bhfuil aghaidh lucht na gluaiseachta tugtha dó? Na scoileanna! Tá sé fíor aige nach bhfuil rid ar bith ar shuíomh Conradh na Gaeilge faoi - ach i ndairíre ní fhéadfá "suíomh aighneachta" a thabhairt ar shuíomh mar an suíomh áirithe sin. D'fhéadfá a rá nach bhfuil a leithéad ag aon ghluiaseacht Ghaeilge nó Gaeltachta. (Tá sé foilsithe ar-líne anseo!)

"Tá líon mór scoileanna Gaeltachta ar liosta thargaidí na Roinne.
I mo cheantar féin, Múscraí, tá dhá scoil as seisear i gceist.
I gCiarraí, tá 13 as 14 i mbaol ag na ‘treoirlínte’ nua;
i nGaillimh tá 22 as 41 i gcontúirt agus
i Maigh Eo níl ach trí scoil as 24 slán.
I dTír Chonaill tá ocht scoil is fiche faoi bhagairt agus
tá dhá scoil as an trí cinn sa Rinn ar liosta thargaidí na Roinne.
 
Má dheineann tú do chuid matamaitice, tuigfidh tú go bhfuil beagnach leath de na scoileanna Gaeltachta sa bhearna bhaoil."
Bhí clár ar RTÉ inné faoin na hábhair a bhí á lorg ag an bpobal ar an idirlíon - an nuacht a bhí á lorg i rith 2011 (Béarla). Ar ndóigh níl an méid sin suíomhanna i nGaeilge le fáil ach tá siad ann! Rinne mé chuardach "Scoileanna Gaeltachta" - bain triall as - agus ar maidin inniú (29 Nol 2011) agus is beag tagairt d'fhadhb na scoileanna Gaeltachta atá ann ó ghluaiseacht ar bith! Is ceart dár ngluaiseacht a bheith "amuigh ansin" ag blagáil, ag agóid, ar facebook, ar twitter ar chuile diabhal meán sóisialta atá ann. Cuirtear réabhlóidí i gcríoch ansin!

Tá an-chuid faoin gCoimisinéir agus an phlean deireadh a chuir len a oifig siúid. Tá sé sin tabhachtach gan aon amhras. Ach is beag tabhacht a bheidh ag Coimisinéir muna bhfuil pobal Ghaeltachta agus Gaeilge ann. Le bheith "féarálta" bhí agóid déanta roimhe seo i gcoinne tuairimí "Snip" Mhic Charthaigh i dtaobh chúrsaí oideachas i 2009 ag Guth na Gaeltachta! Ach is léir anois go n-aontaíonn an Roinn Oideachas le Mac Carthaigh!

Is ionsaí ar saol agus pobal na Gaeltachta an plean seo gach scoil beag sa Ghaeltacht a dhúnadh tré nascadh a dhéanamh le scoileanna móra.  Ach baineann an scéal seo le níos mó ná an Ghaeltacht. Sa Chúradh Chonnachtach tá scéal a léiríonn cé chomh trom is a bheidh sé ar saol gach pharóiste ní hamháin sa Ghaeltacht ach i nGaillimh agus ar fud na tíre -"Fears for future of more than half of county’s small schools!" Breathnaigh ar an alt seo san Irish Times - "Save our small schools by applying good practice rather than cuts!" Agus é so i The Hidden Ireland!  90% of Gaeltacht Schools to close!


Thár n-ais chuig Conchubhair Ó Liatháin: "Mar gheall ar lofacht na mbaincéirí, na bhforbróirí agus míchumas agus mí-ionracas na haicme polaitiúla, tá éiric le díol ag ár bpáistí. Ní leor go mbeidh siad ag díol as an gcalaois ollmhór a deineadh orthu i gcaitheamh a saol oibre tré cháin, dhleachtanna is a leithéid, tá orthu tosnú anois agus iad fós ar scoil." Ar bhealach tá Rialtas na hÉireann ag díol fíor-shaibreas na tíre, Óige na hÉireann!

"Is léir ón méid atá le rá sa ráiteas a d’éisigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta (ní híoróin go dtí an teideal seo!) go bhfuil siad ag iarraidh na scoileanna beaga a dhúnadh agus níos mó páistí a bhrú isteach i scoileanna comhnasctha......An chosúlacht atá ar an scéal anois go bhfuil sé ina pholasaí ag an Roinn na scoileanna a dhúnadh le go múchfaí na pobail atá timpeall orthu...." Níos mó ná sin fiú "is cinneadh frith-oideachais é freisin – nó is fearr iad na scoileanna áitiúla chun oideachas a chur ar pháistí go háitiúil."

Is beag eagrais Gaeilge a léiríonn go dtuigeann siad an cinneadh seo! "...níl na mór-eagrais Ghaeilge tar éis ráitis a éisiúint nó agóidí a chur ar bun faoin gcinneadh seo de chuid na Roinne Oideachais." An t-aon eagrais go bhfios dom-sa a thuigeann an bagairt seo agus atá ag eagrú i gcoinne an cinneadh marfach seo, ESG - Eagraíocht Na Scoileanna Gaeltachta. Ach níl suíomh idirlíon acu! Tá an scéal ar Gaelscéal afach, "Scoileanna Gaeltachta i mbun feachtais in aghaidh ciorruithe!"


Nach ceart dúinn go léir dul taobh thiar den fheachtas seo ESG? 

Mar a deireann Ciarán Dunbar in alt eile "an é atá i ndán don Ghaeilge ná í a bheith ina teanga chultúrtha amháin? Gan í a bheith beo mar theanga phobail agus theaghlaigh, gan í a bheith mar ‘chaitheamh aimsire’ ach oiread, ach mar rud éigin idir eatarthu - ach ní mar chéad teanga labhartha?"

Mairfidh an Ghaeilge mar teanga chultúrtha ach an mairfidh sí mar teanga bheo? 
Share/Save/Bookmark

20.12.11

An dara rud! Páirt láidir a ghlacadh sa phróiseas athbhreithnithe.

Glacadh le dhá cinntí ag an gcruinniú sa bPillo i nGaillimh ar 2 Nollaig 2011 maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga agus an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá na príomh poinntí faoin gCoimisinéir luaite cheanna againn agus anseo tá na tuairimí faoin athbhreithniú a d'éirigh as an gcruinniú!

"Tá súil ag an Roinn go dtapóidh an pobal agus na príomhpháirtithe leasmhara eile an deis a gcuid moltaí faoin Acht a chur faoi bhráid na Roinne tríd an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí. Is é an 31 Eanáir 2012 an spriocdháta chun an suirbhé agus/nó an aighneacht a chur faoi bhráid na Roinne i nGaeilge nó i mBéarla."

Éamon Mac Niallais ag caint
ag an gcruinniú i nGaillimh

Is iad seo na cinntí a glacadh ag an gcruinniú sa bPillo i nGaillimh ar 2 Nollaig 2011 maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga agus an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003:

• Feachtas láidir a chur ar bun le hOifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar oifig neamhspleách.

Le déanamh:

Tá sé ríthábhachtach go labhróidh muid len ár bpolaiteoirí féin le hiarraidh orthu tacú leis an éileamh seo agus dul i bhfeidhm ar an Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe, ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ar Aire Stáit na Gaeltachta.

• Páirt láidir a ghlacadh sa phróiseas athbhreithnithe.

Le déanamh:
Aontaíodh ar an lá go líonfadh gach duine suirbhé agus go bhfaigheadh gach duine deichniúr eile le suirbhé a líonadh.

Tuigtear go bhfuil roinnt oibre i gceist anseo ach is gá tarraingt le chéile leis an gcinneadh tromchúiseach a rinneadh maidir le hOifig an Choimisinéara a Teanga a athrú.

D'éirigh leis an bhfeachtas le stop a chur leis na moltaí chun deireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta le cúpla bliain anuas. Is féidir mar sin an cinneadh seo a athrú chomh maith.
Aontaíodh ar an lá go líonfadh gach duine suirbhé agus go bhfaigheadh gach duine deichniúr eile le suirbhé a líonadh. Tuigtear go bhfuil roinnt oibre i gceist anseo ach is gá tarraingt le chéile leis an gcinneadh tromchúiseach a rinneadh maidir le hOifig an Choimisinéara a Teanga a athrú.

Tugadh roinnt nodanna agus moltaí ar chonas an suirbhé a líonadh. Is féidir é a líonadh ar líne nó pdf a íoslódáil ó suíomh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Ar bhealach tá sé níos simplí é a líonadh ar líne ach ansin níl aon taifead den rud a cuireadh isteach chucu. Mar sin déarfainn go mbeadh sé níos éifeachtaí é a líonadh ar an bhfoirm pdf agus chuir sa phost chuig an Roinn. Seo an foirm (agus seo i mBéarla é!).

Tá roinnt oibre i gceist anseo ach is gá dúinn tarraingt le chéile leis an gcinneadh tromchúiseach a rinneadh maidir le hOifig an Choimisinéara a Teanga a athrú. D’éirigh linn stop a chur leis na moltaí chun deireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta le cúpla bliain anuas. Is féidir linn an cinneadh seo a athrú chomh maith.

Nuair atá sé lionta agat chuir ar aghaidh chuig Roinn na Gaeltachta, Na Forbacha, Co na Gaillimhe!


Seo na Moltaí:
Eolas don suirbhé i dtaca leis an Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
‘Tá an-deis againn an Acht a láidriú san athbhreithniú seo’
Tá roinnt nótaí thíos maidir le roinnt de na ceisteanna. Ní gá cloí leis na moltaí dar ndóigh ach tá cúpla pointe an-tábhachtach déanta iontu:

Ceist 1:
Cé hiad na comhlachtaí poiblí is mó a dhéanann tú teagmháil leo?
Tá an chéad cheist deacair le freagairt mar gheall go bhfuil seans ann nach raibh ort labhairt le Garda Síochána nó teagmháil a dhéanamh le Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte go fóill.
Moladh: Ní fiú ‘riamh’ a chur síos mar fhreagra má cheapann tú go mbeidh plé agat le pé comhlacht poiblí amach anseo ach ní raibh agat fós.

Ceist 4:
Céard iad na seirbhísí is tábhachtaí a mheasann tú gur chóir a bheith ar fáil i nGaeilge ó chomhlachtaí poiblí?
Níl aon rud mícheart má cheapann tú go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh gach seirbhís ar an liosta ar fáil i nGaeilge.
Moladh: Cuir tic i ngach bosca ‘An-tábhachtach’ má shíleann tú go bhfuil gach seirbhís an-tábhachtach, nó freagra eile

Ceist 5:
An bhfuil tú sásta leis an mbealach a gcuirtear na foilseacháin seo a leanas ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach ó chomhlachtaí poiblí?
Arís tá an cheist seo deacair le freagairt mar gheall go bhfuil seans ann nach raibh gá duit na foilseacháin sa liosta a lorg fós.

Ceist 7:
Ar mhian leat na foilseacháin oifigiúla seo a bheith ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach?
Arís, níl aon rud mícheart más mian leat go mbeadh na foilseacháin ar fad ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach.
Moladh: Cuir tic i ngach bosca ‘Gaeilge’ nó ‘Go dátheangach’ gur mhaith leat

Ceist 8:
Ar fearr leat foilseacháin oifigiúla a bheith ar fáil ar na bealaí seo a leanas?
Tá sé aisteach nach bhfuil rogha ‘d)’ ann, .i. ‘Leagan dátheangach ar fáil go leictreonach taobh le taobh faoi aon chlúdach amháin’. Mar eolas, beimid ag moladh go mbeadh gach cáipéis chorparáideach ar fáil go leictreonach taobh le taobh faoi aon chlúdach amháin. Sábhálfadh a leithead de mholadh na milliúin ar an Stáit gach bliain mar gheall nach mbeadh orthu na mílte cáipéis chorparáideach a chur i gcló1. D’fhéadfadh na comhlachtaí poiblí nó na leabharlanna cóipeanna aonaracha de na cáipéisí a chur i gcló ar ghnáth inneall fótachóipeála d’aon duine gan teacht ar ríomhaire.
Moladh: Bain úsáid as ‘Eile’ agus bain úsáid as ‘d)’ luaite thuas má aontaíonn tú lenár moladh.

Ceist 11:
Dá mbeadh an leibhéal céanna seirbhíse ar fáil duit i nGaeilge agus atá i mBéarla, arbh fhearr leat do chuid cumarsáide a dhéanamh i nGaeilge le comhlachtaí poiblí?
Moladh: Níl aon rud mícheart le ‘I gcónaí’ nó eile a roghnú do gach freagra más mian leat.
1 Dar ndóigh, tá argóint láidir ann nach léann mórán daoine na cáipéisí curtha i gcló i nGaeilge nó i mBéarla, agus dóibh siúd a léann go bhfuil sé i bhfad níos éasca teacht ar eolas i leagan leictreonach d’aon cháipéis mar gur féidir le duine cuardach a dhéanamh le haghaidh focail nó téarma go gasta

Ceist 12:
Céard iad na seirbhísí leictreonacha de chuid chomhlachtaí poiblí is mó a úsáideann tú?
Is trua nach bhfuil bosca nó ceist eile ann ar nós 'Dá mbeadh na seirbhísí leictreonach sa liosta thíos ar fáil an mbainfeá úsáid astu' cosúil le Ceist 11.
Moladh: Má aontaíonn leis an abairt thuas, d’fhéadfaí é a scríobh sa bhosca eile.


Ceist 13:
Má bhaineann tú úsáid as seirbhísí leictreonacha de chuid chomhlachtaí poiblí, an gnáth leat an leagan Gaeilge nó an leagan Béarla a úsáid?
Is trua nach bhfuil bosca nó ceist eile ann ar nós ‘Dá mbeadh na seirbhísí leictreonach sa liosta thíos ar fáil an mbainfeá úsáid astu' cosúil le Ceist 11.
Moladh: Níl aon rud mícheart le ‘Leagan Gaeilge i ngach cás gur ann dá leithéid’ nó eile a roghnú do gach freagra más mian leat.


Ceist 16:
Cé chomh tábhachtach is atá sé duit go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit a oibríonn sa Ghaeltacht nó a fhreastalaíonn ar phobal na Gaeltachta?
Is trua nach bhfuil ‘d)’ ann leis an rogha ‘Riachtanach’

Ceist 18:
Cé chomh tábhachtach is atá sé duit go mbainfí úsáid as Gaeilge agus Béarla araon maidir leis na nithe seo a leanas?
Is trua nach bhfuil comharthaí bóthair agus sráide mar dhá rogha éagsúla mar gheall nach dtagann comharthaí bóthair faoin Acht (d’fhéadfaí a mholadh gur chóir go dtiocfadh siad faoin Acht i bhfreagra 20 – Tuairimí Ginearálta).
Moladh: Níl aon rud mícheart má cheapann tú go bhfuil sé ‘An-tábhachtach’ go mbeadh an Ghaeilge in úsáid i ngach rud ar an liosta

Ceist 20:
Bhainfinn úsáid as níos mó seirbhísí Stáit trí Ghaeilge dá mbeadh
Ní chóir tú féin a theorannú go dtí seirbhísí amháin. Mar shampla, d’fhéadfaí moltaí a chur in iúl a bhaineann le infheictheacht na Gaeilge, mar shampla go mbeadh comharthaí bóthair na hÉireann dátheangach i gceart leis an nGaeilge ar chomh-mhéad leis an mBéarla ar aon chomharthaí nua amach anseo.
Moladh: Tá roinnt moltaí thíos más mian leat iad a úsáid:
• BA CHÓIR GO mBEIDH OIFIG AN CHOIMINÉARA TEANGA COINNITHE MAR OIFIG NEAMHSPLEÁCH
• Ba chóir go mbeadh seirbhís Ghaeilge ar an gcaighdeán céanna leis an tseirbhís Béarla ar fáil ó gach comhlacht poiblí ag feidhmiú sa Ghaeltacht do phobal na Gaeltachta
• Caithfear fógraíocht a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil ó chomhlachtaí stáit as Gaeilge
• Caithfear daoine a earcú le Gaeilge sna comhlachtaí stáit (ní gá go mbeadh Gaeilge ag gach fostaí nua, ach ba chóir go mbeadh céatadán den fhoireann le Gaeilge ann)
• Ní chóir go mbeadh comharthaí bóthair na hÉireann mar eisceacht faoi na rialacháin a bhaineann le comharthaíocht faoin Acht
• Ba chóir go mbeadh 20% den fhógraíocht déanta ag comhlachtaí poiblí sna meáin déanta sna meáin Ghaeilge
Share/Save/Bookmark

14.12.11

Práinn na Gaeilge! Cinneadh le n-athrú!

D'fhógair Aire Stáit na Gaeltachta go raibh tús á chur le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar an 03 Samhain 2011.

Éamon Mac Niallais ag caint
ag an gcruinniú i nGaillimh

Is iad seo na cinntí a glacadh ag an gcruinniú sa bPillo i nGaillimh ar 2 Nollaig 2011 maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga agus an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003:

• Feachtas láidir a chur ar bun le hOifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar oifig neamhspleách.

Le déanamh:

Tá sé ríthábhachtach go labhróidh muid len ár bpolaiteoirí féin le hiarraidh orthu tacú leis an éileamh seo agus dul i bhfeidhm ar an Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe, ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ar Aire Stáit na Gaeltachta.

• Páirt láidir a ghlacadh sa phróiseas athbhreithnithe.

Le déanamh:
Aontaíodh ar an lá go líonfadh gach duine suirbhé agus go bhfaigheadh gach duine deichniúr eile le suirbhé a líonadh.

Tuigtear go bhfuil roinnt oibre i gceist anseo ach is gá tarraingt le chéile leis an gcinneadh tromchúiseach a rinneadh maidir le hOifig an Choimisinéara a Teanga a athrú.

D'éirigh leis an bhfeachtas le stop a chur leis na moltaí chun deireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta le cúpla bliain anuas. Is féidir mar sin an cinneadh seo a athrú chomh maith.
D'fhógair an Rialtas ar an 17 Samhain 2011 áfach, go bhfuil sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a cuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí.
(Féach: Deireadh leis an gCoimisinéir Teanga! 17/11/2011; Croí na hAchta Teanga le baint ag an Rialtas! 17/11/2011; Caomhnaigh ár gCoimisinéir Teanga! 21/11/2011; Cosaint gan fhaisnéis! 29/11/2011; Cá seasann Fianna Fáil i dtaobh an Choimisinéara? 1/12/2011; agus i mBéarla: Government undermines language act 17/11/2011; Developing a language policy by hunch! 21/11/2011 agus an alseo san Irish Times (Béarla) Language experts question merger! 15/12/2011)

Cén fáth go bhfuil an cinneadh seo mícheart?
1. D’admhaigh Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil ar an 24 Samhain go bhfuil an baol ann go gcosnóidh an cinneadh seo airgead ar an Stát. (“B’fhéidir, nuair a bheadh an deireadh thart go gcosnóidh sé níos mó." Aire Shoisearach McGinley sa Dáil.)

 Leis an státchiste i gcruachás faoi láthair níor chóir aon chostas breise a chur air gur féidir a sheachaint. ("We all know that if, in our own lives, we are spending more than we are earning — we have a problem!" Taoiseach Éireann ina aitheasc (i mBéarla amháin) don phobal - Pobal an Bhéarla - níor labhair sé le poball na Gaeilge go fóill seachas tré chinntí bhorb gan miniú an Rialtais amháin?)

2. Níor tógadh san áireamh nuair a rinneadh an cinneadh go bhfuil conradh ag an gCoimisinéir Teanga le bheith mar choimisinéir neamhspleách go dtí 2016. Ní féidir, mar sin, cinneadh an Rialtais a chur i bhfeidhm i 2012 gan baol ann go mbeidh an Stát oscailte do chásanna dlí amach anseo.

3. Aithnítear go forleathan an Coimisinéir Teanga mar choimisinéir thar a bheith éifeachtach agus dinimiciúil atá molta ní hamháin dá chuid oibre le cearta saoránaigh a chosaint ach chomh maith mar dhuine réamhghníomhach i gcur chun cinn an dea-chleachtais teanga. Mar shampla, le déanaí d’fhorbair a oifig modúl ar chearta teanga go ginearálta le húsáid san idirbhliain in ár scoileanna dara leibhéal.

4. Tógadh an cinneadh faoi Oifig an Choimisinéara Teanga, atá croí-lárnach i gcur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, gan an próiseas comhairliúcháin poiblí a thógáil san áireamh. Tá go dtí 31 Eanáir 2012 ag an bpobal aighneachtaí a chur chuig Roinn na Gaeltachta. Níor chóir aon athrú a dhéanamh go dtí go bhfuil an t-athbhreithniú curtha i gcrích agus mianta an phobail tógtha san áireamh.

5. Níor aithin an Bord Snip Nua aon éifeachtúlacht le déanamh nuair a rinneadh measúnú ar Oifig an Choimisinéara Teanga agus níor mhol an tuairisc aon athrú i stádas na hoifige mar oifig neamhspleách. Níl Aire Stáit na Gaeltachta tar éis aon éifeachtúlacht a aithint chomh maith agus ní dócha go mbeidh aon ann nuair a thógtar san áireamh go bhfeidhmíonn Oifig an Choimisinéara Teanga go hiomlán trí Ghaeilge agus Oifig an Ombudsman trí Bhéarla. (Ait go leor níl a chuid dhualgaisí féin faoin Áct Teanga á chomhlíonadh ag Oifig an Ombudsman go fóil! "Tá comhlacht amháin a sheasann amach  ar liosta na gcomhlachtaí atá ag feitheamh ar scéim nua agus is é sin Oifig an Ombudsman.  D’imigh scéim teanga an Ombudsman in éag sa bhliain 2007. Díol spéise conas mar atá ag éirí leis an Ombudsman a dhualgais féin faoin Acht Teanga a chur i bhfeidhm- go háirithe más amhlaidh go mbeidh cúraimí an Choimisinéara teanga le cur faoina scáth."Gaelport 12/12/2011!)

6. Tá gach páirtí polaitiúil agus na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta tar éis tacaíocht a léiriú don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030. Aithnímid go mbeidh fadhbanna le maoiniú sa ghearrthéarma ach céard is fiú an bonn agus an dea-thoil a bhaint den straitéis leis an gcinneadh seo atá aitheanta nach ndéanfaidh aon choigilt don státchiste.

Céard atá le déanamh?
Creidim gur chóir don Rialtas na hargóintí geilleagrach chomh maith le mianta agus tuairim láidir phobal na Gaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, a thógáil san áireamh agus gur chóir tacaíocht a chur ar fail d’Oifig an Choimisinéara Teanga Tá muinín an phobail ag an oifig agus tá seirbhís an-éifeachtach curtha ar fáil ó bunaíodh é i 2004.


Is é, mar sin, an rud loighciúil agus ceart le déanamh ná an cinneadh a athrú láithreach.

Céard is féidir liom a dhéanamh?

An triúir a shabhálaigh Oifig an Choimisinéara Teanga?

Tá gá brú a chur ar an Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin T.D., ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Séamus Ó Duibhneacháin T.D. ,  agus ar Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. leis an gcinneadh a athrú go práinneach in ionad moill a chur leis agus níos mó damáiste a dhéanamh d’éifeacht Oifig an Choimisinéara Teanga.

Share/Save/Bookmark

1.12.11

Cá seasann Fianna Fáil i dtaobh an Choimisinéara?

"Tá Fianna Fáil ag tacú le dúnadh Oifig an Choimisinéara Teanga," a deireann an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. "Tá sé ráite go soiléir i ndoiciméid réamh bhuiséad Fhianna Fáil go leanfaidís de pholasaí an Rialtais chun comhtháthú a dhéanamh ar na heagrais Stáit agus tá an comhnascadh idir Oifig an Choimisinéara agus Oifig an Ombudman mar chuid den clár sin."

Trevor le Martin McGuinness i nGaillimh
i rith feachtas Uachtarántachta.
Mar sin, dár leis, is cosúiul gur Sinn Féin an t-aon pháirtí i dTeach Laighean atá ag seasamh le stádas neamhspleách an Choimisinéara Teanga a choinneáil.

'Faoin mír maidir le 'Gearradh siar ar Chaiteachas' sa gcáipéis réamh bhuiséad a d'fhoilsigh Fianna Fáil inné, fáiltíonn siad roimh beartais an Rialtais maidir le líon na neagrais Stáit a laghdú. Tá an comhnascadh idir an Choimisinéara agus Oifig an Ombudsman lárnach sa bplean sin. Ní aontaíonn muidne i Sinn Féin leis an seasamh sin agus cuireann sé iontas orainn go dtacaíonn Fianna Fáil leis. Throid pobal na Gaeilge go láidir ar son Acht Teanga agus Oifig an Choimisinéara leis an Acht a chuir i bhfeidhm. Is léir nach raibh comhoibriú dhá fháil ag an gCoimisinéir ó na heagrais Stáit a bhfuil na dualgais teanga seo orthu. In áit díriú ar an easpa comhoibriú a cheartú sé'n chaoi a bhfuil na páirtithe eile ag iarraidh cumhachtaí na h-oifige a lagú', a deir Ó Clochartaigh, 'agus níl sé sin ceart ná cóir'.

Is ceart a rá gur shéan an TD Éamonn Ó Cuív ar Raidío na Gaeltachta ar maidin (1/12/2011) gur féidir an míniú sin a thabhairt ar an doiciméad áirithe sin. Tá Fianna Fáil i bhfabhar roinnt mhaith de na heagrais stáit a chomhnascadh ach ní luadh Oifig an Choimisinéara Teanga ina measc. Dúirt sé go bfhuil Fianna Fáil idir ceannaire agus baill glan ina choinne mar a léiríonn an géar-cheistiúchán a rinne Micael Kitt, urlabhraí FF ar an nGaeltacht sa Dáil le déanaí faoin ábhar.


Ostán Pillo, Gaillimh 2 Nollaig 2011 · 14:00 - 17:00
 
Béarla amháin!
Ait go leor nuair a chuamar chuig bheathfhaithnéis Trevor Uí Chlochartaigh ar shuíomh Shinn Féin is i mBéarla amháin atá sé. Mar atá ar leathanach Éamon Uí Chuív ar shuíomh Fianna Fáil.

Share/Save/Bookmark