Léirigh imscrúdú foirmiúil a rinne m’Oifig ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha (Oifig na bPasanna) nach raibh dóthain foirne a bhí inniúil i nGaeilge ar fáil le seirbhís teileafóin i nGaeilge a chur ar fáil don phobal a bhí ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar phas i nGaeilge. Léirigh an t-imscrúdú céanna go raibh easnaimh sa tseirbhís iarratais ar líne ar phas i nGaeilge ar shuíomh gréasáin Oifig na bPasanna. Nuair nach féidir le pobal na Gaeilge muinín a bheith acu go bhfuil seirbhís poiblí chomh bunúsach le hiarratas ar phas i nGaeilge ar fáil, is tuilleadh cruthúnais é ar an ngéar-riachtanas atá ann dhá bheart chriticiúla a chur i bhfeidhm gan mhoill, dhá bheart a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, ach nár tugadh lánfheidhm dóibh go fóill.
• Léirigh imscrúduithe foirmiúla gur sháraigh na comhlachtaí poiblí seo a leanas dualgas reachtúil teanga ar leith atá daingnithe sa reachtaíocht teanga
• Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath – sháraigh an tÚdarás an reachtaíocht teanga i gcás comharthaí a cuireadh in airde i mBéarla amháin i gCríochfort 1 in Aerfort Bhaile Átha Cliath.
• Uisce Éireann – sáraíodh foráil sa reachtaíocht teanga a leagann dualgas ar chomhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn a dhéanamh leis an bpobal, i nGaeilge nó go dátheangach, nuair ar seoladh cumarsáid i mBéarla amháin tríd an bpost.
• Comhairle Contae Chill Dara – sháraigh an Chomhairle an reachtaíocht teanga maidir le dualgas i ndáil doiciméid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla nuair a d’fhoilsigh sí Dréachtphlean Forbartha Contae i mBéarla amháin, gan leagan a sholáthar go comhuaineach i nGaeilge.
• Comhairle do Chomhlachtaí Poiblí - tháinig méadú 55% ó 381 (2023) go 593(2024) ar líon na gcásanna inar cuireadh comhairle ar chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais reachtúla
Córas na Scéimeanna Teanga - bhain 37% de na gearáin a fuair an Oifig le gealltanais Scéimeanna Teanga. Tá deireadh le cur le córas na Scéimeanna Teanga tráth a bhforordóidh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta córas nua na gCaighdeán Teanga.
Tá córas na gcaighdeán teanga agus an phleanáil d’fhórsa saothair atá inniúil i nGaeilge (20% d’earcaigh atá inniúil i nGaeilge) ar an dá chrann taca is tábhachtaí d’fheidhmiú éifeachtúil an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí i nGaeilge, plean a d’fhoilsigh an Rialtas i Mí Dheireadh Fómhair 2024. Is maith ann an Plean Náisiúnta, an chéad phlean dá leithéid i stair an Stáit. Ní thiocfaidh an feabhas as cuimse atá riachtanach ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge, áfach, gan dualgas reachtúil a bheith ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí bunúsacha poiblí ar nós iarratas ar phas, iarratas ar chárta seirbhíse poiblí nó ar cheadúnas tiomána a bheith ar fáil ó thús deireadh i nGaeilge, idir an ghné idirghníomhach den iarratas ar an Idirlíon agus an ghné chumarsáide labhartha idir an pobal agus foireann an chomhlachta phoiblí.
Is ábhar mór imní é a laghad croísheirbhísí poiblí ar an lárthairseach náisiúnta MyGovID atá ar fáil i nGaeilge i gcomparáid leis an soláthar i mBéarla.
Is feidhm de chuid an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta é córas na gcaighdeán teanga, a theastaíonn ar bhonn práinne, le dul i ngleic leis an ngéarchéim thuasluaite i soláthar seirbhísí poiblí bunúsacha i nGaeilge, a thabhairt i bhfeidhm.
Caithfear scála, scóip agus éagsúlacht na seirbhíse poiblí in Éirinn a chur san áireamh agus pleanáil ar siúl d’fhórsa saothair ag a bhfuil inniúlacht i nGaeilge mar atá leagtha síos sa bhforáil 20% d’earcaigh le Gaeilge. Tá breis agus 500 comhlacht poiblí forordaithe faoin reachtaíocht teanga agus léiríonn figiúirí a d’fhoilsigh an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe gur tháinig méadú de bhreis agus 13,000 fostaí ar an meán in aghaidh na bliana ar an tseirbhís phoiblí idir 2018 agus 2023.
Teastóidh aonán comhordúcháin agus tuairiscithe straitéise d’earcú fórsa saothair atá inniúil i nGaeilge ar bhonn náisiúnta le tacú leis an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge maoirseacht a dhéanamh ar earcú dóthain foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge le go gcomhlíonfaidh an Stát a chuid dualgas reachtúil maidir leis an bhforáil 20% d’earcaigh le Gaeilge. Bhunaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge i 2022 d’fhonn stiúradh a dhéanamh ar fhorbairt agus ar fheidhmiú an Phlean Náisiúnta. Príomhdhúshlán a bheidh ann don Choiste Comhairleach tacú le comhlachtaí poiblí a chinntiú go neadófar earcú fórsa saothair atá inniúil i nGaeilge i bpleanáil eagraíochtúil na gcomhlachtaí poiblí ar bhonn leanúnach.
Léiríonn alt 10A (Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí) an tionchar dearfach atá ag feidhmiú na reachtaíochta teanga go tráthrialta ar láidriú cearta teanga. Tá úsáid agus feiceálacht na Gaeilge ar na meáin éagsúla i bhfad níos suntasaí anois ná riamh de thoradh na forála sin. De thoradh na forála rinne comhlachtaí poiblí fógraíocht dar luach €3.8m ar mheáin Ghaeilge i gcaitheamh 2023 agus fógraíocht i nGaeilge dar luach €10.4m ar mheáin Bhéarla freisin i gcaitheamh 2023. Léiríonn alt 10A an dlúthcheangal atá idir feidhmiú cearta teanga agus cothú bhisiúlacht na Gaeilge ina teanga chomhaimseartha.
Ábhar dóchais freisin is ea go raibh 50 as 51 comhlacht poiblí a ndearnadh faireachán orthu géilliúil d’fhoráil san Acht leasaithe (2021) a d’fhorordaigh go n-ainmneofaí ball foirne den bhainistíocht le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú na reachtaíochta teanga laistigh den chomhlacht poiblí.
* Tuarascáil Bhliantúil 2024 (pdf)
No comments:
Post a Comment