Showing posts with label Tóstal na Gaeilge. Show all posts
Showing posts with label Tóstal na Gaeilge. Show all posts

18.2.13

Buairt Phobal na Gaeltachta

"Deis le tapú ag an Rialtas anois sólás a thabhairt do bhuairt Phobal na Gaeltachta”

Moltaí an Phobal ó Thostal na Gaeilge (26/2/2013)

Tuairiscí Eile
Tóstal na Gaeilge 2013: Luas Meatha agus Luas Fáis (Beo 20/2/2013)
Go leor ionadaithe an stáit ‘as láthair’ ó Thóstal na Gaeilge (Gaelscéal 20/2/2013)
Tostú na nGaelgeoirí (Concubhar Ó Liatháin, Gaelscéal 20/2/2013)
Tá sé in am don Rialtas faillí sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur in a gceart

Is gearr go mbeidh próiseas pleanála teanga á leagan amach i dtrí limistéar Gaeltachta, ach is mór iad na dúshláin agus na constaic a bheidh le sárú ag na grúpaí pobail, dar le hionadaithe ó Ghaeltachtaí ar fud na tíre a labhair ag Tóstal na Gaeilge 2013, a thionól Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ag an Sathairn, 16 Feabhra 2013.

‘Beart de réir Biathair’ a bhí mar théama an Tóstail i mbliana agus bhí saincheisteanna reatha na Gaeilge idir chamáin ag polaiteoirí, ag saineolaithe sa phleanáil teanga, ag ionadaithe an státchórais, agus ag pobal na Gaeilge le linn trí sheisiún plé a reáchtáladh le linn an Tóstail.
Harry McGee

Pléadh na téamaí seo i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus thug comhfhreagraí polaitíochta The Irish Times Harry McGee cur síos ar bheartais an Rialtais i leith na Gaeilge ó foilsíodh an Straitéis i mí na Nollag 2010. "Sach criticuil faoi dul chun cinn an Rialtais o thaobh na Gaeilge," dár le tuít amháin!

I measc siúd a labhair le linn an Tóstail, bhí an Dr Brian Ó Curnáin, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath; Stiúrthóir Chomhluadar Feargal Ó Cuilinn agus Treasa Ní Mhainín, Príomhfheidhmeannach ar Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.

Tugadh an deis do Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Stiofán Ó Culáin míniú níos soiléire a thabhairt ar a bhfuil beartaithe faoin bpróiseas pleanála teanga agus bhí an deis ag an bpobal ceisteanna a chur air agus ar Chathaoirleach an Údaráis, Anna Ní Ghallachair ag díospóireacht a bhí faoi stiúir príomhláithreoir nuachta TG4 Eimear Ní Chonaola.
Stiofán Ó Cualáin

Labhair an pleanálaí teanga agus tuismitheoir Aoife Ní Shéaghdha mar gheall ar na ceisteanna praiticiúla atá ag teacht chun cinn i measc phobal na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne agus luaigh sí go raibh tacaíocht laghdaithe curtha ar fáil de réir mar a théann leanaí in aois agus de réir mar a mhéadaíonn an líon tí.

Luaigh sí freisin go raibh easnaimh mhóra ó thaobh ócáidí sóisialta do leanaí trí Ghaeilge agus go raibh ceisteanna tromchúiseacha ann maidir le buanú na Gaeilge i measc leanaí gurb í an Ghaeilge a gcéad teanga sna scoileanna Gaeltachta. Is cosúil gur luaigh sí mar dúirt tuítaire eile: "Tagairt déanta ag Aoife Ní Shéagdha do scor an aonaid a bhí i mbun pleanála teanga ag an Acadamh. Aisteach ag tús phroiseas!"

Nocht Comhordaitheoir Acadúil ar Choláiste na nDán, na nEolaíochta Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Seosamh Mac Donncha an tuairim lom go bhfuil deireadh leis an tuiscint choiteann ar shainmhíniú na Gaeltachta.

Dúirt sé nach raibh Gaeltacht againn sa chiall is a bhí ann céad bliain ó shin nuair a labhair formhór na ndaoine an Ghaeilge formhór an ama. Dúirt sé chomh maith nach raibh an saibhreas teanga céanna ag páistí óga Gaeltachta is a bhí ag an nglúin a chuaigh rompu agus thagair sé do na deacrachtaí atá sa chóras oideachais Gaeltachta ceal sainpholasaí oideachais Gaeltachta.

Chuir Príomhfheidhmeannach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Treasa Ní Mhainín béim ar pholasaí na Roinne Oideachais agus Scileanna chomh maith agus luaigh sí go mbeidh sí dodhéanta pleanáil teanga a chur i bhfeidhm i gceantair Ghaeltachta gan tacaíocht iomlán na Roinne sin.

Tá athruithe suntasacha i ndán don Ghaeltacht le feidhmiú an phróisis pleanála teanga. Tá fógartha ag Údarás na Gaeltachta go gcuirfear tús leis an bpróiseas pleanála teanga i mbliana. Is é an sprioc atá ag an bpróiseas pleanála teanga ná córas pleanála teanga a fhorbairt chun a chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Is í seo an chéim is déanaí i bhforbairt an phróisis pleanála teanga ó foilsíodh Acht na Gaeltachta 2012. Luaitear mar chuspóir sa straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an líon daoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht gach lá a ardú 25% roimh 2030.

"Díospóireacht mhacánta réadúil” a bhí ann dar le Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin De Barra agus ghabh sé buíochas leis na haoichainteoirí agus leis an bpobal a tháinig ar an lá agus leis an bpobal ar líne a ghlac páirt sa phlé ar Twitter faoin haischlib #Tnag13.

“Is léir go bhfuil formhór na ngealltanas a leagadh amach sa Straitéis 20 Bliain caite i dtraipisí anois”, a dúirt sé.

“Ag an Tóstal, d’iarr an pobal ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a gcás a chur faoi bhráid na nÚdarás agus dá bhrí sin lorgóidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge cruinniú práinneach leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan TD, le hAire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD agus le hOifigigh sinsearacha sa Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta". Dár le tuít eile: "Tugadh cuireadh d'ionadaithe, Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, labhairt inniu ach níor glacadh leis an gcuireadh."  Dúradh ar Raidío na Gaeltachta go raibh inonadaí ón bhForas ann is cosúil nach raibh éinne ón Roinn!

Ag eascairt as an bplé maidir leis na heasnaimh atá ann i bpolasaí oideachais Gaeltachta na Roinne Oideachais agus Scileanna, lorgófar cruinniú práinneach leis an Aire Oideachais Ruairí Quinn TD go luath.

“Tá an deis anois ag an Rialtas freagra a thabhairt ar an mbuairt atá léirithe ag pobal na Gaeltachta agus ag pobal na Gaeilge agus ceannasaíocht a léiriú le forfheidhmiú an phróisis pleanála ar bhealach oscailte, cuimsitheach agus daonlathach”.

Tá pictiúirí eile le fáil ar Facebook!
Share/Save/Bookmark

7.2.13

Tóstal na Gaeilge leis an Ghaeltacht 1 2013 a phlé!

Tóstal na Gaeilge 2013 le haghaidh a thabhairt ar fhreagrachtaí an Stáit i leith na Gaeilge

“Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í” a deir Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann, ach an bhfuil an stádas sin fós á thabhairt don Ghaeilge ag lucht dréachta beartais sa bhliain 2013?

Nach fiú an cheist sin a plé i ndiadh a thit amach is saol na Gaeilge ó tháinig an Rialtas Fhine Gael/Lucht Oibre i réim go dtí an cinneadh is deanaí a cuirfidh deireadh le nuachtáin eile Ghaeilge. An Beart de réir Briathair atá ar siúl! An amhlaidh go bhfuil fhios acu céard é an Briathar céanna?

16 Feabhra 2013
Baile Átha Cliath
Ar cheann de na painéil phlé ag Tóstal na Gaeilge 2013, breathnófar go géar ar fhreagrachtaí an Stáit i leith na Gaeilge agus cén chaoi a bhfuil na freagrachtaí sin á gcomhlíonadh.

Faoi Chathaoirleacht Eimear Ní Chonaola, Nuacht TG4, díreofar ar bheartais reatha an Rialtais, agus déanfar anailís ar na bealaí atá freagrachtaí an Stáit i leith na teanga á láimhseáil ag Rialtas reatha na tíre. Ar dhuine amháin den phainéal seo, beidh Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach nua ar Údarás na Gaeltachta. Ar ndóigh, faoi Acht na Gaeltachta 2012, thit roinnt mhaith freagrachtaí úra ar Údarás na Gaeltachta maidir le pleanáil teanga sna ceantair Ghaeltachta.

Duine de na hionadaithe poiblí is mó a chur i gcoinne Acht na Gaeltachta 2012 ab ea an Seanadóir Seán Barrett agus labhróidh seisean faoi chúrsaí daonlathais i dtaobh na Gaeilge sa státchóras faoi láthair. Labhróidh Kevin De Barra, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, faoi bheartais reatha an Rialtais agus na dúshláin atá roimh Ghaeilgeoirí na linne seo chun a gcearta a bhaint amach. Labhróidh an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh faoi na bearnaí a fheiceann sé i gcur chuige reatha an Rialtais i leith na Gaeilge.

Beidh trí phainéal plé éagsúil ar siúl le linn Thóstal na Gaeilge 2013, agus sa bhreis ar fhreagrachtaí an Stáit i leith na Gaeilge díreofar freisin ar na dúshláin a bhaineann le clann a thógáil trí Ghaeilge in 2013, mar aon leis na saincheisteanna reatha a bhaineann le cúrsaí pleanála teanga sna ceantair Ghaeltachta.

Osclóidh an t-iriseoir aitheanta Harry McGee, de chuid an Irish Times (Béarla), an plé ar maidin Dé Sathairn, 16 Feabhra 2013, ag 10:30am, agus ina dhiaidh sin leanfaidh na trí sheisiún plé thíos, faoin téama ginearálta, Beart de réir Briathair, go dtí 5pm san Óstán Hilton (Béarla), Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2.

Seisiún 1: Ag Tógáil Clainne Trí Ghaeilge in 2013

Seisiún 2: An Ghaeltacht in 2013

Seisiún 3: Freagrachtaí an Stáit i leith na Gaeilge

• Is féidir clár iomlán an Tóstail a íoslódáil ón suíomh seo: 
• €15 atá ar thicéad don Tóstal, agus clúdaíonn seo lón éadrom a chuirfear ar fáil san óstán. Is féidir do thicéad a chur in áirithe don Tóstal ach glaoch a chur ar Mháire Ní Phuirséil, 016794780 nó rphost a chur chuig maire@comhdhail.ie.



Share/Save/Bookmark

14.1.12

Neamhspleachas an Choimisinéara Teanga!

“Neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga ríthábhachtach” a deir aoichainteoirí Thóstal na Gaeilge 2012

Ag Tóstal na Gaeilge 2012, a thionól Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an Sathairn 14 Eanáir, bhí saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta ar aon intinn go bhfuil sé ríthábhachtach do chur i bhfeidhm rathúil an Achta Teanga, go gcoimeádfaí Oifig an Choimisinéara Teanga neamhspleách ó aon rannóg nó áisíneacht eile.

‘Treisiú Stádas na Gaeilge’ a bhí mar théama an Tóstail i mbliana, agus leag na haoichainteoirí idirnáisiúnta An tOllamh Colin Williams (An Bhreatain Bheag), Dr Wilson McLeod (Albain) agus an tOllamh François Grin (An Eilvéis) an-bhéim ar thábhacht neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga chun stádas na Gaeilge a neartú faoin Acht Teanga, agus dúirt nach mbeadh muinín ag an bpobal in Oifig an Choimisinéara mura mbeadh an t-oifig sin iomlán neamhspleách.

I measc siúd a labhair le linn an Tóstail, bhí an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, agus Séamus Mac Giolla Chomhail, Príomhoifigeach de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, maraon le saineolaithe acadúla sa tsochtheangeolaíocht agus sa phleanáil teanga, agus gníomhairí teanga áitiúla.

Tháinig sé chun solais arís agus arís eile le linn óráidí na n-aoichainteoirí gur léiriú í an easpa dul chun cinn ar dhaingniú agus ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga faoin gcóras reatha gur cur i bhfeidhm drogallach atá ar siúl ag formhór na gComhlachtaí Poiblí, go bhfuil teipthe ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an córas reatha a riaradh go héifeachtach, agus gur gá aghaidh a thabhairt ar an gceist seo go práinneach.

Moladh le linn an Tóstail go mbreathnófaí ar an bhféidearthacht a mhalairt de chóras a fheidhmiú a chuimseodh rangú ar Chomhlachtaí Poiblí faoin Acht chun seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge don phobal a bheadh ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla. Moladh go mbeadh ról lárnach ag Oifig an Choimisinéara Teanga faoin gcóras úr i dtaca le dul i bhfeidhm ar nósmhaireachtaí laistigh de na Comhlachtaí Poiblí agus maidir le smachtbhannaí a ghearradh sa chás nár chomhlíon na Comhlachtaí Poiblí a ndualgais reachtúla.

Ag tacú go láidir dóibh le moltaí an Choimisineára Teanga, d’aithin na saineolaithe a labhair ag an Tóstal go bhfuil géarchéim ann maidir leis an líon íseal foirne sa chóras poiblí atá in ann seirbhís a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit. Aontaíodh go bhfuil sé riachtanach go gcuirfear polasaí earcaíochta i bhfeidhm a thabharfaidh aitheantas d’inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon agus a chinnteoidh, dá réir, go mbeidh líon níos airde den fhoireann sna Comhlachtaí Poiblí faoin Acht in ann plé leis an bpobal trí mheán na Gaeilge.

Beidh na moltaí ar fad a tháinig chun cinn le linn an Tóstail mar bhunús d’aighneacht Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Foilseofar achoimre na moltaí sin ar Gaelport.com, príomhshuíomh eolais na Gaeilge, chun go mbeidh siad ar fáil mar threoir don phobal agus iad ag líonadh suirbhé na Roinne nó ag ullmhú aighneachtaí le cur faoi bhráid na Roinne.

Ag labhairt dó ag Tóstal na Gaeilge 2012, dúirt Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa gur léirigh “an líon ard daoine a d’fhreastail ar Thóstal na Gaeilge i mbliana an spéis agus an tuiscint atá ag an bpobal i gcoitinne san athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003”. Deir Mac Fhearghusa gur gá don phobal “gníomhú agus freagairt don athbhreithniú trí suirbhé na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a chomhlánú roimh dheireadh na míosa”.


• ATHBHREITHNIÚ AR ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003 Ar LÍNE! 
SUIRBHÉ AR SHEIRBHISÍ TRÍ GHAEILGE Ó CHOMHLACHTAÍ POIBLÍ 
Nuair atá sé déanta agat abair gur mbeith tú ann an leathanach facebook seo

Share/Save/Bookmark