Showing posts with label Snip. Show all posts
Showing posts with label Snip. Show all posts

25.11.10

An pleán agus an straitéis!

1.  An Plean Téarnaimh Náisiúnta: Gaeilge & Gaeltacht
Ón chead léamh ar an bplean náisiúnta a foilsíodh inne (tá an plean féin i mBéarla ach acoimire i nGaeilge), is léir go bhfuil an Rialtas ag cloí leis na ciorruithe caipitil a bhí leagtha amach i dtuarascail na Roinne Airgidis i mí Iúil:

Caiteachas Caipitil sa Roinn Gnothaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta

2011  EUR86milliúin
2012  EUR86milliúin
2013  EUR86milliúin
2014  EUR40 milliúin

Caithfear a rá gur laghdú substaintiúil atá i gceist anseo go háirithe nuair a cuirfear san aireamh na laghdaithe atá déanta le roinnt blianta anuas:
2008  EUR149 Milliúin
2009  EUR133 Milliuin
2010  EUR105milliúin

Ó thaobh an caiteachas reatha, tá sé i gceist:
  • Caiteachas Gaeltachta & Oileáin a laghdú EUR1.4 milliúin i 2011(thart ar 5% dén caiteachas iomlán reatha EUR29.5 milliúin)
  • Caiteachas Ciste na Gaeilge a laghdú EUR0.6milliúin i 2011(thart ar 10% dén caiteachas iomlán reatha de EUR6 milliúin)
Beidh níos mo eolais againn sa chainfhaisnéis ar an 7 Nollag cén áit a bhfuil sé i gceist ag an Roinn na ciorruithe seo a chuir i bhfeidhm.

Tá laghdú EUR6.5 milliúin ar dheontas TG4 chomh maith ach beidh ar RTÉ an méid sin a ioc sa bhreis le TG4 as an ioncaim a fhaigheann siad ón ceadúnas teilifíse(mar a bhí molta ag An Bord Snip Nua).


2.  An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Bhí cruinníú ag an Coiste Comhaireachta ar an 17 Samháin áit ar ghlac siad leis an dréacht deiridh dén Straitéis da reir tuairiscí ach níl aon eolas tagtha chun cinn faoi cé hiad na hathruithe a rinneadh ar an Dréacht Straitéis.  Tá sé ráite ag an Aire Carey go mbeidh an Straitéis faomhaithe ag an Rialtas roimh dheireadh na bliana agus foilsithe go luath san Athbhliain. 

Bhí diospóireacht sa Dáil ar an Straitéis ar an 18 Samháin.  Léiríodh tacaíocht laidir don Straitéis agus tá muid buíoch do na páirtithe uilig as an tacaíocht traspháirtí seo.  Is ábhar imní mhór dúinn afach an béim a chuir ionadaithe Fhine Gael ar an gá atá leis an riachtanas Gaeilge don Ard Téist a athrú.  Is feidir na trascríbhinní a léamh anseo ar shuíomh Houses of the Oireachtas/Tithe an Oireachtais. (Ait go leoir má bhrútar an an nasc "Gaeilge" faightear an teachtaireacht:
"Gaeilge Notice
Tá an leagan Gaeilge de shuíomh gréasáin an Oireachtais á réiteach agus beidh sé ar fáil go luath. {The Irish version of the Oireachtas website is under construction and will be available shortly}." ach tá an diospóireacht go léir na trascríbhinní ar an suíomh Bearla!)

Féach ar:

  • Gaeilgeoirí Buailte sa Phlean (Gaelscéal 26/11/2010)


  • €8m bainte de bhuiséad na Gaeilge/na Gaeltachta do 2011 – agus €8m eile le baint go fóill ar iGaeilge!




  • Suantraí an tromluí ar An Codú!

  • Share/Save/Bookmark

    12.8.10

    Údarás na Gaeltachta: Donncha & Éamonn

    Níl fhios agam an mar fhreagra ar litir oscailte Dhonncha Úi Éallaithe an ráiteas seo ó Éamonn Ó Cuív ach tá sé spéisiúil nach bhfuil siad ag caint faoin rud céanna. Is ar stair atá an chuid is mó den ráiteas Uí Chuív agus is le himní faoin todhchaí atá litir Uí Éallaithe.

    Bórd Snip Nua IILéirítear a méid oibre fiontach atá déanta ag an Aire (go mór mhór ina Dháil Cheantair féin!), agus ní fheadach éinne é a shéanadh ar an bpointe sin. Deireann sé gur tiomántas Fhianna Fáil (Béarla) don Ghaeilge atá ann, ach ag breathnú ar suíomh an pháirtí is rí bheag an méid tiomántas atá le feiscint ann. Deireann sé áfach go bhfuil sé "le feiceáil go soiléir nach bhfuil i ceist ag an Rialtas cumhachtaí a aistriú o hÚdaras na Gaeltachta na ón Roinn go heagraíochtaí eile."

    Ach an bhfuil? An bhfuil an Straitéis 20 bliain "ardchéimiúil" ar an gClár nua Caipitil a d'fhoilsigh an Rialtas i mí Iúil? Cuireann Donncha Ó hÉallaithe ceisteanna lom nach fhreagraíonn an tAire go lom. Cuireadh na lom-cheisteanna céanna nach mór ag cruinniú i nGaoth Dobhair i rith na seachtaine seo caite.

    Conas is féidir cuir le hobair fiúntach Éamonn Uí Chuív ar ar caitheadh €140m ar in 2008 sa bhliain 2015 agus 2016 le €30m? Nó anamhlaidh go bhfuil deireadh leis? Deireadh le Roinn na Gaeltachta, Deireadh le hÚdarás na Gaeltachta? Deireadh leis an nGaeltacht? Deireadh leis an nGaeilge mr teanga phobail?


    Litir oscailte ag an Aire Éamonn Ó Cuív T.D.

    A Aire, a chara
    Is cúis imní a bhfuil sa Clár nua Caipitil a d'thoilsigh an Rialtas le gairid dóibh siúd ar chás leo todhchaí na Gaeltachta. Bhi sé sach dona go raibh sé ráite sa "Dréacht Stráitéis 20
    Bliain don Ghaeilge
    ", a foilsíodh ag deire na bhliana seo calte go raibh plean ag an rialtas Údarás na Gaeltachta a iompó isteach ina Údaras na Gaeilge. Ag an am d'ardaigh mé an cheist go poiblí faoin mbaol a bhí ann, go gcaillfeadh an tÚdaras an fócas ar an nGaeltacht.

    Mar Aire, a raibh cúram na Gaeltachta ort ag an am, thug tú le fios, nach raibh sé i gceist aon chumhacht a bhaint ón Údarás faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ach a mhalairt. Thuig mé uait, is tú ag caint ar RnaG, nach ndéanfaí aon Iagú ar ról an Údaráis i dtaobh cothú na fiontraíochta agus ó thaobh cruthú fostaiochta faoin Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Dúirt tú go ndéanfaí athstructúrú ar an Údarás, rud a theastafonn go géar.

    Chreid go leor daoine tú ag an am, mar is duine thú, le do cheart a thabhairt dhuit, nach n-insíonn bréaga de ghnáth, cé gur féidir leat an dubh a chur ina gheal ar dhaome go minic le argóintí casta is le clisteacht. Bhí an cuma ar an scéal, do réir do chuid cainte ag an am, go mbeadh an tÚdarás fós ag plé le forbairt eacnamíochta, fiontraíochta agus le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, mar a bhí ó 1980 agus mar a bhí Gaeltarra Éireann roimhe sin.

    Faoi láthair is ón Roinn Chomhionnais, Pobail & Gaeltachta, a fhiaigheann an t-Údarás an t-airgead caipiteal, a theastaíonn le tograí nua fostaíochta a fhorbairt sa Ghaeltacht agus le postanna atá ann cheana a shábhailt. Fuair an tÚdarás €19.65 miliúin sa bhliain 2009 agus tá sé ceapaithe €15 milliún a fháil ón bhfoinse céanna i mbliana. Ach anois, do réir Aithbhreithniú ar an gClár Caipitil, (Béarla) a d'fhoilsigh an Rialtas le gairid; tá deire le cur leis an socrú seo agus as seo amach 'any residual or ongoing investment needs should be funded by the Government Department with pnmary sectoral responsibility', sé sin ó Roinn Bhatt O Keefe, (Enterprise, Trade and Employment).(Béarla amháin!)

    Mar duine den Aireacht, a cheadaigh an Aithbhreithnú ar an gClár Caipitil agus mar Aire a raibh freagracit na Gaeltachta ort le 12 bliliain roimhe sin agus mar Theachta Dála don ceantar Ghaeltachta is mó sa tir, ar mhiste leat ceist simplí a fhreagairt.

    An bhfuil sé i gceist ag an Rialtas seo airgead caipitil a sholáthar idir 2011 agus 2016 do Údarás na Gaeltachta, le usáid chun brú ar aghaidh le forbairt eacnamaíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht?

    Má ta, ar mhiste leat a inseacht cé mhéad a chuirfear ar fáil faoin bplean caipitil, a mhinú cé as a dtiocfaidh sé agus a soiléiriú dúinn cá bhfuil an soláthar sa phlean don airgead caipitil sin?

    Más amhlaigh go bhfuil sé socraite ag an Rialtas, go dtiocfaidh deire le ról Údaras na Gaeltachta i dtaobh cothú na fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, ar mhiste leat é sin a admháil go hoscailte is go macanta, sa gcaoi is gur féidir feachtas náisiúnta a eagrú lena chinntiú nach scriosfar an t-aon eagraíocht amháin atá ag an nGaeltacht faoi láthair, ceal acmhainní caipitil.

    Is de bharr brú ón bpobal agus feachtas Cearta Sibhialta na Gaeltachta, a cuireadh Údarás na Gaeltachta ar bun sa biliain 1980. Ní go héasca a ligfear don Rialtas seo deire a chur leis an Údaras ag am a bhfuil géarchéim teanga agus fostafocita sa gcuid bheag sin den Gaeltacht oifigúul, ina bhfuil an Ghaeilge fós in usáid mar theanga cumarsaide i measc an phobail,
    Ádh mor,

    Donncha Ó hÉallaithe,
    Na hAille, Cois Fharraige.


    Ráiteas ón Aire Ó Cuív
    Tá a lán cainte le gairid maidir le todhchaí na Gaeltachta, todhchaí Údarás na Gaeltachta agus na n-institiúidí Gaeltachta. Sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tá sé le feiceáil go soiléir nach bhfuil i ceist ag an Rialtas cumhachtaí a aistriú o hÚdaras na Gaeltachta na ón Roinn go heagraíochtaí eile. Go deimhin, is é a mhalairt atá ann mar tá i gceist féachaint an bhfuil seirbhísí a gcur ar fáil ag eagraiochtai éagsúIa faoi lathair a d'théadfadh an tÚdarás agus an Roinn a chur ar fail i bhfad níos éifeachtaí sa Ghaeltacht.

    Le blianta beaga anuas, ó bunaíodh MFG agus Comhar na nOileán le déileáil leis an nGaeltacht agus na hoileáin, tá láidriú ar an gcoincheap eagraíochtaí faoi leith a bheith ann le freastal ar na ceantair seo.

    Tá tuairimí an Rialtais faoin nGaeilge leagtha amach go soiléir sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus táthar ag leanúint le tiomántas Fhianna Fáil (Béarla) don Ghaeilge ó tháinig siad ar ais i gcumhacht i 1997. Bhi sé de phribhléid agamsa a bheith i m'Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta agus i m'Aire Gaeltachta don chuid is mó den am seo. Tá go leor dul chun cinn déanta i rith an ama seo maidir le seirbhísí breise a bheith curtha ar fáil sa Ghaeltacht. Orthu sin tá, achtú an Achta Teanga 2003, stádas oifigiúil don Ghaeilge san Eoraip agus foilsiú na Straitéise 20 Blain don.Ghaeilge. Cuirfear i bhfeidhm an straitéis seo anois sa 20 bliain atá ámach romhainn.

    Chomh maith leis sin, tharla go leor forbairti eile atá mar thairbhe don Ghaeltacht. Ina measc sin tá Scéim na gCúntóirí Teanga, Scéim na gCampaí Samhraidh agus méadú ar an gcúnamh do Scéim na bhFoghlaimeoiri Gaeilge ón Roinn Gnóthai Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

    I rith an ama seo freisin, tugadh cúnamh breise d'Oideachas Triú Leibhéal tré Ghaeilge go háirithe tri Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Olscoil na hÉireann, Gaillimh.

    Maidir leis an infrastruchtúr, is fíor a rá go raibh infrastruchtúr an-dona sa Ghaeltacht i 1997 agus go raibh fior-ghá le maoiniú a dhéanamh air. Ó shin, faoi Scéim na mBóithre Straitéiseacha, a bhunaigh mise, tá feabhsúchán mór déanta ar bhóithre straitéiseacha na Gaeltachta. Faoi Scéim na
    mBóithre Áise, a bhí curtha ar fionraí ag Micheál D. Ó hUiginn nuair a bhí sé ina Aire, tá caoi curtha ai bhóithre beaga chomh maith. Le blianta beaga anuas tá obair déanta ar bhóithre pobail ai nós bóithre portaigh agus cladaigh faoin Scéim Bóithre Pobail. Déanadh a lán oibre freisin ar chéibheanna sa Ghaeltacht. Déanadh obair fheabhsúcháin ar chéibheanna straitéiseacha ar nós Céibh Chill Chiaráin agus ar chéibheanna beaga chomh maith.

    Déanadh forbairt ar Áiseanna Pobail agus Caitheamh Aimsire agus tá sé seo le feiceáil go soiléir ar fud na Gaeltachta. I gConamara, feictear sampla de seo i Ros Muc áit a déanadh forbairt ar an bPáirc Peile, Spórtlann Michael Mhóir i Leitir Móir agus i mBaile Chláir na Gaillimhe áit a déanadh forbairt mhór ar an Ionad Spóirt ansin.

    Maidir leis na hoileáin, tá an t-infreastruchtúr feabhsaithe agus seirbhísí taistil feabhsaithe chomh maith. Ar Inis Mór, tá beagnach €4Om caite ar chéibh nua ansin. Tá pleanáil ag dul ar aghaidh maidir leis an gcéibh in Inis Oírr agus tá riar mhaith airgid caite freisin ar Inis Meáin. Chomh maith leis si faoin Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, bunaíodh a lán scéimeanna nua a raibh tionchai dearfach acu ai an nGaeltacht. Scéimeanna ar nós an Scéim Shóisialta Tuaithe, An Clár Sheirbhisí Pobail, a leathnaíodh amach, agus an scéim CLAR a chuir airgead ai fáil le huisce, seirbhísí oideachais, leathanbhanda and a lán seirbhfsi eile nach iad.

    Mar Aire Coimirce Sóisialaí, táim sásta go bhfuil an Clár Sheirbhisí Pobail, an Scéim Fostaíochta Pobail agus an Scéim Shóisialta Tuaithe ag aistriú go dtí mo Roinn agus tá súil na scéimeanna seo a leathnú amach sna míonna agus blianta amach romhainn ionas go gcuirfidh siad obair fhónta ar fáil do dhaoine agus freisin go bhfeabhs6idh said seirbhísí in imeachtaí éagsúla do mhuintir na Gaeltachta.

    Éamon Ó Cuiv T.D.
    Aire Coimirce Sóisiala


    Foilsíodh an dá phíosa seo i nGlór Chonamara, saor-nuachtáin a foilsítear ó Chnoc na Cathrach agus atá dálaithe go forleathan i ndeaisceart Chonamara agus Cois Fharraige.
    Share/Save/Bookmark

    3.8.10

    Staitisticí: Bórd Snip II

    Roinneamar dearcadh Guth na Gaeltachta i leith tuarascáil na Roinne Airgeadais - nó Bórd Snip II mar a glaodh air - san alt Bórd Snip II & deireadh leis an nGaeltacht.

    Féach thíos roinnt staitistic ar chaiteachas caiptil na Roinne. Tá an treo iontach soiléir, ísliú ó EUR149M i 2008 go dtí EUR30M i 2016 - (níl an briseadh síos ar an méid dén chaiteachas seo atá i gceist don Ghaeltacht amháin ar fáil).

    An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais & Gaeltachta
    Caiteachas Caiptil 2008-2016 (EURMillliúin)
    Bliain
    €m
    2008
    149
    2009
    133
    2010
    105
    2011
    86
    2012
    86
    2013
    86
    2014
    40
    2015
    30
    2016
    30



    Cosúil leis an Bord Snip Nua, tá na ciorruithe is airde i ndán don Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais & Gaeltachta .i. Deireadh a chur leis! (Na figiurí seo thíos curtha ar fáil ag Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge). Gliogáil ar an graf chun é a fheiscint níos fearr!
    Thug mé an figiúir mícheart don Roinn Dlí agus Cirt anseo, rinne mé dearmmad an "luaide" a chuir isteach. Is -26.8% is ceart a bheith ann.


    Beidh cruinniú ag Guth na Gaeltachta tráthnóna Dé Ceadaoine seo chugainn, 4 Lúnasa ag 8 a chlog sa Chrannóg le plé a dhéanamh ar:

    1. Tuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
    2. Tuarascáil na Roinne Airgidis ar Chaiteachas Caiptil 2010-2016
    Share/Save/Bookmark

    29.7.10

    Bórd Snip II & deireadh leis an nGaeltacht

    Seo ráiteas ó ubhlábhraí Ghuth na Gaeltachta

    Ar dtús ba mhaith le Guth na Gaeltachta fáilte a chur roimhe thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais ar an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

    Is leir gur éist an Chomhchoiste le tuairimí na Gaeltachta agus gur ghlac siad leis na moltaí a cuireadh chun tosaigh. Glacadh le príomh mholtaí Ghuth na Gaeltachta maidir le tacaíocht agus laidriú ar churaimí Údarás na Gaeltachta, athsthruchtúradh ar churaimí ChOGG le tabhairt faoi na dushláín oideachais sa Ghaeltacht agus Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh ins na mórcheantair Gaeltachta. Tá muid ag iarraidh anois ar bhaill an Rialtais glacadh leis na moltaí seo uilig ón tuarascáil traspháirtí seo gan aon mhoill. Mar a aithnítear go soiléir ins an tuarascáil:
    'Tá an Coiste ar aon intinn mar gheall ar an laige is práinní ó thaobh todhchaí na Gaeilge: Inmharthanacht na Gaeltachta. Is í seo tosaíocht an Fhochoiste, bunaithe ar an bpróiseas comhairliúcháin atá reachtaithe ag an gCoiste. ' (lth.11)

    An tseachtain seo chomh maith, foilsíodh tuarascáil an Roinn Airgidis ó thaobh tosaíochtaí caitheachais caipitil 2010-2016 (Béarla). Tá an tuarascáil seo ag tabhairt a mhalairt de thosaíocht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Faoin chaipéis seo, tá sé molta caiteachas caipitil an Roinn Gnothaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta a ísliú da reir a chéile go dtí €30m i 2016. Tá sin ag dul fiú níos faide na mar a mhol tuarascail Mhic Carthaigh(féach acoimre anseo).

    Cialloidh seo go praiticiúil nach mbeidh Roinn Gaeltachta ann agus nach mbeidh Údarás Gaeltachta ann.

    Mar sin dé, tá Guth na Gaeltachta ag iarraidh ar an Rialtas soiléiriú a dhéanamh ar seo. An é sin atá i gceist acu don Ghaeltacht agus don Ghaeilge nó an bhfuil siad i ndairíre faoin bproiséas seo atá muid ag dul fríd faoi lathair ó thaobh an Straitéis 20 Bliain? An bhfuil an Taoiseach agus na hAirí sinsearach sa Rialtas ón Ghaeltacht agus le freagracht don Ghaeltacht ag tabhairt tacaíocht don docuiméid seo seo ón Roinn Airgidis? Iarraimid ar an Taoiseach Brian Cowen, An Tánaiste agus an tAire Oideachais agus Scileanna, Máire Ní Chochláinn, an tAire um Choimirce Soisíalta Éamon Ó Cuív agus an tAire Gnothaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta Pat Carey raitis a dhéanamh ag tabhairt soiléiriú ar pholasaí an Rialtais i dtaca leis an docuiméid seo agus todhchaí na Roinne agus Údarás na Gaeltachta.

    Ní neart go cur le chéile.

    Éamonn Mac Niallais

    Share/Save/Bookmark

    8.12.09

    Stocaireacht - Na pictiúirí

    Na cuairteoirí i mBuswells!

    Agus lá cinniúnach na Cáináisnéise ag druidim linn, d’fhreastail breis agus 85 ball de chuid an Oireachtais idir Theachtaí Dála, Airí agus Seanadóirí ar lá stocaireachta agus eolais eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath 2 Dé Céadaoin, 02 Nollaig 2009. Seo a leanas ainmneacha na ndaoine sna grianghraif ón lá úd. Seo an billeog eolas (fdi
    = Formáid Doiciméad Iniompartha = pdf) a scaipeadh ar an lá leis na héilimh i gcoinne moltaí MhicChartaigh agus an tionchar a bheidh ag an dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge!

    Dinny McGinley, TD Fhine Gael (Dún na nGall Thiar Theas), Enda Kenny, TD agus ceannaire Fhine Gael (Maigh Eo), Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta Chonradh na Gaeilge.


    Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Aenghus Ó Snodaigh, TD Shinn Féin (Baile Átha Cliath Theas Láir) Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta
    Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta Chonradh na Gaeilge, Frank Feighan, TD Fhianna Fáil (Ros Comáin/Liatroim Theas), Tom Kitt, TD Fhianna Fáil agus cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta* (Baile Átha Cliath Theas), Ulick Burke, TD Fhine Gael (Gaillimh Thoir), Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta

    Dónall Ó Cnáimhsí, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, An tAire Trevor Sargent, TD an Chomhaontais Ghlais agus Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia (Baile Átha Cliath Thuaidh), Máire Nic Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

    Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, Aoife Nic Shamhráin, Oifigeach Gaeilge Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath (UCD), Emmet Stagg, TD agus aoire Pháirtí an Lucht Oibre (Cill Dara Thuaidh)

    Thug an lá eolais deis do Theachtaí Dála agus Seanadóirí cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé le hionadaithe óna ndáilcheantar féin sna sála ar dhréacht de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais agus ar mholtaí an Bhord Snip Nua, agus roimh fhógairt na Cáináisnéise Dé Céadaoin bheag seo, 09 Nollaig 2009.

    *Beidh an dréacht de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais ag dul os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go luath chun tuairimí agus leasuithe a mholadh ina thaobh sula bhfoilsítear an dréacht deireanach de go hoifigiúil.

    Share/Save/Bookmark

    4.12.09

    Stocaireacht!

    Lá iomlán i mBaile Átha Cliath

    Is cosúil gur éirigh go hiontach leis an lá eolais agus stóchaireachta a bhí ag Guth na Gaeltacha agus Conradh na Gaeilge in Ostan Buswells i mBaile Átha Cliath. Beidh eolas iomlán faoin lá le fáil go goirid (pics agus liosta freastalaithe) ach dfhreastail thart ar 85 TD agus Seanadóir ó chuile pháirtí ar an lá. Duairt Éamonn Mac Niallas, "Ar mbuíochas leo uilig agus le ionadaithe Guth na G agus Conradh na G a thaisteal ó cheann ceann na tíre le bheith linn ar an lá. Buíochas faoi leith le foireann an Chonradh, rinne siad obair mhór. Is sampla maith a bhí ann de Phobal na Gaeilge ag aontú le teachtaireacht láidir a thabhairt. Ní neart go cur le chéile."

    Bhí 12 as an 17 ball dén Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltacht i lathair ag an lá stocaireacht. Is seo an comhchoiste a bhéas ag plé leis an Dreacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

    Tá liosta iomlán den na polaiteoirí a fhreastal ar an lá le fáil anseo

    Share/Save/Bookmark

    1.12.09

    Stocaireacht!

    Pleán 2030 le plé ag TD & Seanadóirí le Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta
    Pictiúirí ón lá ar Facebook
    dhá agallamh ag Conchubhair Ó Liatháin ar a bhlog iGaeilge. Ceann le Éamonn Mac Niallais (5 neomid) agus an ceann eile (i mBéarla) le Julian de Spáin, Runaí Chonradh na Gaeilge (7 neomaid).

    Tá lá iomlán stocaireachta agus eolais eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta in Óstán Buswells (Béarla) i mBaile Átha Cliath 2 idir 8.00rn – 6.00in Dé Céadaoin, 02 Nollaig 2009, le deis a thabhairt do Theachtaí Dála agus Seanadóirí cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé le hionadaithe óna ndáilcheantar féin sna sála ar dhréachtstraitéis an Rialtas 20 Bliain don Ghaeilge agus ar mholtaí an Bhord Snip Nua.

    Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Beidh ionadaithe ó gach aoisghrúpa, ó gach Gaeltacht, agus go deimhin ó dháilcheantair fud fad na tíre ag freastal ar an lá eolais i mBuswells, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le Guth na Gaeltachta, Dé Céadaoin bheag seo.

    “Is léiriú é an lá stocaireachta seo go bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta idir óg agus aosta aontaithe ag cur in éadan mholtaí an Bhoird Snip Nua, agus go bhfuil géarghá againn ár dtuairimí faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur in iúl dár n-ionadaithe tofa sa Dáil agus an dréachtstraitéis imithe faoi bhráid bhaill an Oireachtais.


    “Beidh páirt ríthábhachtach le himirt ag pobal na Gaeilge sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus tá Conradh na Gaeilge ag súil go mbeidh an pobal lárnach, ní hamháin sa phlé i mBuswells lena dTeachtaí Dála áitiúla ar an 02 Nollaig 2009, ach i gcur i bhfeidhm agus i gcur chun cinn na straitéise trí chéile amach anseo.”

    Beidh an clár Rónán Beo a chraoladh ó Ostan Buswells amárach idir 3i.n. agus 5i.n. ar Raidió na Gaeltachta. Bígí ag eisteacht agus scaipigí an scéal.
    Dúirt Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: “Fáiltíonn Guth na Gaeltachta roimh ráitis éagsúla atá déanta ag an Taoiseach agus ag an Tánaiste araon, agus roimh an dréachtstraitéis 20 bliain atá foilsithe ag an Aire Ó Cuív le déanaí, a thugann le fios go mbeidh an Rialtas ag leanúint ar aghaidh ag tacú leis an Ghaeltacht agus leis an Ghaeilge mar a rinne sé go dtí seo agus ag déanamh neamhairde do mholtaí áirithe ón Bord Snip Nua, ach tá soiléiriú ar cheisteanna sainiúla Gaeltachta fós le cinntiú againn lenár dTeachtaí.

    “Tá géarghá le soiléiriú a dhéanamh ar an struchtúr nua ‘Údarás na Gaeilge’ atá molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá sé ríthábhachtach, ach go háirithe go mbeidh cúram ar an Údarás úr leanúint ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht mar a bhí Údarás na Gaeltachta go dtí seo, agus caithfidh sé bheith soiléir nach céim síos atá i gceist anseo do chúraimí Gaeltachta na heagraíochta.

    “Tá gá chomh maith le soiléiriú ar phointí eile cosúil le stádas na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta mar shampla sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.”


    Creideann Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta araon gur am cinniúnach í seo don teanga agus don Ghaeltacht, mar sin fearann siad fáilte roimh idir thoghthóirí agus Theachtaí bualadh isteach orainn in Óstán Buswells idir 8.00rn agus 6.00in ar an 02 Nollaig 2009 le páirt a ghlacadh sa díospóireacht agus le tacaíocht a léiriú don teanga.

    Share/Save/Bookmark

    24.11.09

    Téir abhaile...


    Tá do mhargadh deanta...!

    Seo físeán gearr faoi Ghuth na Gaeltachta atá thart ar 5 nóiméad ar fhad. Déantar cur síos ann ar an Seoladh Náisiúnta le linn Oireachtas na Gaeilge 2009 i Leitir Ceanainn, príomh mholtaí an Bord Snip Nua i dtaca leis an Ghaeilge agus na Ghaeltachta agus ar aidhmeanna an fheachtais pobail seo. Tá cúpla urlabhraí ón ghrúpa, ionadaithe pobail chomh maith leis na grúpaí ceoil An Chrann Óg agus Cor Thaobh a Leithid le feiceáil ann.




    Téir abhaile riú
    Téir abhaile riú
    Téir abhaile riú Mhary
    Téir abhaile riú 's fan sa bhaile
    Mar tá do mhargadh déanta.

    Is cuma cé dhein é nó nár dhein
    Is cuma cé dhein é Mhary
    Is cuma cé dhein é nó nár dhein mar
    Tá do mhargadh déanta.

    Pós an piobaire
    Pós an piobaire
    Pós an piobaire Mhary
    Pós an piobaire dtús na hoíche
    Is beidh sé agat ar maidin.

    Níl do mmhargadh
    Tá do mharghad
    Níl mo mhardadh déanta
    Tá do mhargadh
    Níl do mhargadh
    Tá do mhargadh déanta

    Share/Save/Bookmark

    20.11.09

    Scoileanna

    Scoileanna beaga fós ann?

    Fáiltíonn Guth na Gaeltachta roimh ráiteas an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O’Keeffe T.D., nach mbeidh scoileanna le líon daltaí faoi bhun 100 á gcónascadh le scoileanna eile mar a bhí molta ag An Bord Snip Nua. Tá se soiléir chomh maith ó ráitis eágsúla atá déanta ag an Taoiseach agus ag an Aire Ó Cuív nach mbeidh Roinn na Gaeltachta á scor agus go mbeifear ag leanstan ar aghaidh le tacaíocht do Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Go deimhin deir an tAire Ó Cuív i Foinse 18 Samhain, 2009 ‘Ní chuirfear na moltaí ar fad i dTuarascáil Mhic Cárthaigh i bhfeidhm agus creidim féin nach gcuirfear i bhfeidhm iad siúd a bhaineann leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht’.

    Fáiltíonn Guth na Gaeltachta roimh na ráitis seo uilig agus is údar dóchais é don fheachtas go mbeidh an Rialtas ag leanstan ar aghaidh ag tacú leis an Ghaeltacht agus leis an Ghaeilge mar a rinne sé go dtí seo agus ag déanamh neamhairde do na moltaí seo ón Bord Snip Nua.

    Tá imní ar Ghuth na Gaeltachta, áfach, faoi thuairiscí eile atá curtha i gcló le tamall faoi ‘Údarás na Gaeilge’ a bheith á chur chun cinn in áit ‘Údarás na Gaeltachta’. Níl an feachtas in éadan an smaoinimh sin i bprionsabal ach tá gá le soiléiriú a dhéanamh ar an struchtúr nua seo. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an tÚdarás úr seo ag leanúint ar aghaidh ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht mar a bhí Údarás na Gaeltachta go dtí seo.

    Tá sé molta ag An Bord Snip Nua cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a aistriú go dtí Fiontraíocht Éireann (suíomh i mBéarla amháin). Ní mheasann muid go mbeadh Fiontraíocht Éireann ábalta freastal ar cheantair scaipthe iargúlta mar atá ins na ceantair Ghaeltachta. Faoi láthair, cruthaíonn Údarás na Gaeltachta 1,000 post ar an mheán sa bhliain. Is fiontair bheaga den chuid is mó a bíos i gceist leis na poist seo. Mar shampla, i 2007, thug siad cúnamh do 463 tionscadal agus cruthaíodh 928 post.

    Ar an lámh eile, díríonn Fiontraíocht Éireann isteach ar ‘Tosaithe archumais nua’(High Potential Start-Ups) agus borradh a chuir faoi chuideachtaí mórscála. Mar gheall ar seo, tá formhór cuid tacaíochta Fiontraíocht Éireann in Iarthar na hÉireann dírithe ar na príomhbhailte móra agus is beag fostaíocht a chruthaíonn siad taobh amuigh de sin.

    Tá sé criticiúil do thodhchaí na Gaeltachta agus d’inmharthanacht na teanga go leanfadh an tÚdarás úr seo ag cruthú fostaíochta ins na ceantair Ghaeltachta ionas go dtig le muintir na Gaeltachta fanacht ina gceantair féin agus gan a bheith orthu bogadh go dtí na bailte móra. Iarrann muid ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta soiléiriú a thabhairt dúinn ar an phointe seo mar atá déanta ag an Rialtas ar mholtaí eile de chuid an Bord Snip Nua.

    Share/Save/Bookmark

    15.11.09

    Do ghuth-sa?

    Feachtas Gaeltachta le cur in éadan mholtaí An Bhoird Snip Nua!

    Guth na Gaeltachta
    Tá an Bord Snip Nua ag moladh gur chóir caiteachas poiblí a ghearradh siar cuid mhór.

    Dá nglacfaí leis na moltaí sin, bheadh laghdú de thuairim 10% ar chaiteachas poiblí ar fud na tíre ACH dá gcuirfí na moltaí ar fad a bhaineann leis an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin i bhfeidhm, b'ionann sin agus 58% [€50 milliún ar fad]!

    Tá cúig bhunphrionsabal ag an fheachtas seo:
    1. Roinn na Gaeltachta faoi cheannasaíocht an Aire a choinneáil.
    2. Cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a choinneáil.
    3. Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge a chosaint.
    4. Scéimeanna forbartha teanga, cultúrtha agus ealaíne a choinneáil agus a leasú más gá.
    5. Ciste caiteachais a bheith ar fáil d’oibreacha caipitil, infreastruchtúir agus pobail i gceantair iargúlta mar an Ghaeltacht.

    FÓCAS
    9.4% Vs 58%

    Bhí cruinniú ag an ngluaiseacht nua Guth na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua le déanaí.

    Labhair Éamonn Mac Niallais ar an bhfeachtas agus ar an ngluaiseacht féin. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta.

    Seo feachtas pobail a bunaíodh sa Ghaeltacht leis an phobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe atá molta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus le cur ina n-éadan. Beidh an feachtas seo ag díriú go huile is go hiomlán ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge amháin. Chuige sin, beidh muid ábalta feidhmiú níos éifeachtaí.

    Dár leis go bhfuil daone eile ag déanamh cosaint ar a churamaí féin agus is ceart do phoball na Gaeltachta (poball na Gaeilge taobh amuigh den Gaeltacht san áireamh) seasamh ar son a gcearta féin a bhaint amach.

    Tá sé soileir nach dtuigeann coiste Mhic Carthaigh (a scríobh an tuairisc) cás na Gaeltachta nó cás na Gaeilge. Mar a dúir Éamonn Ó Cuív "...I think we get some sense of what would happen the country if an economist from Dublin 4 was running the country.” Nó mar a deireann an tuairisc féin (atá scríofa i mBéarla ar ndóigh) "The Group is of the view that resources should be targeted at those most in need and that differential schemes aimed at Gaeltacht areas are not justifiable." (Volume 2, Page 41).

    Má deintear imscrúdú ar an tuairisc fada seo tá sé soiléar nach bhfuil tuiscint ar bith ar cad tá ar siúl ag forais nó institiúidí mar COGG, Údarás an GaeltachtaRoinn na Gaeltachta féin fiú, nó no cén stair atá ag baint leo. Tá mion scrudú ar Moltaí an Bhoird Snip Nua i leith na Geltachta agus na Gaeilge déanta cheana féin, ach is fiú béim a chuir ar roinnt figiúirí a roinn Éamonn Mac Niallais linn.

    I measc na sleamhnáin a theaspeán sé bhí dhá cheann a bhí thar a bheith spéisiúl. An chéad cheann a léirigh na ciorraithe roinn ar roinn ó thaobh airgead agus ó thaobh fostaíochta de.
    Tabhair faoi dearadh na figiúirí i dtaobh an Roinn Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta agus dean comparáid leis an Roinn Airgeadais!

    An tarna ceann a thugann léiriú ar an ciorraithe ar an Roinn féin agus ansin na ciorraithe eile a bhaineann leis an nGaeltacht fhéin nach bhfuil díreach faoi cheannas na Ranna sin(Údarás na Gaeltachta, scoileanna agus eile)

    Tabhair faoi deara na figiúirí fostaíochta anseo agus smaoining arís ar a dúirt an grúpa: "The Group is of the view that resources should be targeted at those most in need and that differential schemes aimed at Gaeltacht areas are not justifiable." Is cinnte go mbeidh na ceantrachta Gaeltachta agus oileán i measc íad siúd "most in need" má cuirtear, nó nuair atá, na ciorraithe curtha i gcríoch.

    Sé meán na ciorraithe go léir atá roghnaithe ag Grúpa MhicCharthaigh 9.4% ach sé meán na ciorraithe atá roghnaithe acu don Gaeltacht agus na hoileáin ná 58% (CAOGA HOCHT FAOIN GCÉAD!!!!)




    An Comhleoir Tomás Ó Curaoin


    Éamonn Mac Niallais


    Trevor Ó Clochartaigh


    Tá na figiúirí bunaithe ar an ‘Report of the Special Group on Public Service Numbers and Expenditrue Programmes: Vol 1 & Vol 2’ ar fáil ag suíomh An Roinn Airgeadais.
    Príomhphoinntí ó thuarascáil an Bord Snip Nua’: Achoimre curtha le chéile ag Trevor Ó Clochartaigh, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.
    Achainí ar fail anseo fosta le tacaíocht a léiriú do mhná tí na Gaeltachta.

    Share/Save/Bookmark

    28.10.09

    20 Bl Ciorruithe

    Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2009
    Caithfear acmhainn na Gaeilge a cosaint ó chiorruithe san 20 bliain romhainn





    Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, a bheidh ag labhairt ag Seimineár an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge in Óstán Mount Errigal (Suíomh Béarla amháin), Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ag 11.00rn Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2009, áit a phléifear todhchaí na teanga agus An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais atá le foilsiú roimh dheireadh na bliana seo.

    An Ghaeilge: An 20 Bliain Romhainn atá mar theideal ar Sheimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge i mbliana agus beidh Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán an Chonartha agus Éamonn Mac Niallais, Guth na Gaeltachta ag labhairt ag an ócáid mar aon leis an Aire Ó Cuív. Is é Seán Ó Curraoin, Coimisinéir Teanga a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an Sheimineár an Chonartha.

    Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá tábhacht nach beag ag baint leis an bplé ar chur chun cinn agus ar spreagadh úsáid na Gaeilge in Éirinn a dhéanfar ag Seimineár an Chonartha 2009 i bhfianaise an Bhoird Snip Nua agus Tuairisc an Ghrúpa Speisialta um Líon Fostaithe sa tSeirbhís Phoiblí agus um Chláir Chaiteachais a foilsíodh le déanaí. Is ar an bpobal, ar shaoránaigh, atáimid ag brath, agus caithfimid fís chomhdhaonnach a bheith againn chun teacht as an tsáinn a chruthaigh saint náisiúnta agus idirnáisiúnta.

    “Ní dhéantar tagairt ar bith don Straitéis 20 Bliain i dTuairisc an Ghrúpa Speisialta agus glacann Conradh na Gaeilge leis dá réir sin nach raibh údair na tuairisce ar an eolas faoi, nó gur cheap siad nach raibh tábhacht leis. Caithfear na moltaí atá déanta ag an nGrúpa Speisialta maidir leis an nGaeilge a mheas in éineacht leis na moltaí a bheidh sa Straitéis 20 Bliain i leith na teanga, chun go dtiocfar ar an mbealach is fiúntaí chun an acmhainn chultúir, chogneolaíochta agus pobail seo a neartú agus a chur chun cinn, agus sin a bheas idir lámha ag Seimineár Oireachtais an Chonartha an Satharn beag seo.”

    Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: “Beidh páirt ríthábhachtach le himirt ag pobal na Gaeilge sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus tá Conradh na Gaeilge ag súil go mbeidh an pobal lárnach, ní hamháin sa phlé leis an Aire Ó Cuív faoi thodhchaí na teanga ag Seimineár Oireachtais an Chonartha, ach i gcur i bhfeidhm agus cur chun cinn na straitéise trí chéile amach anseo.”

    Beidh deis ag an bpobal ceisteanna agus moltaí a chur maidir le cothú agus cur chun cinn na Gaeilge sa laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht i ndiaidh díospóireacht na n-aoichainteoirí ag an Seimineár. Seolfar an fhéile nua Ghaeilge Rith 2010 agus an feachtas pobail in éadan mholtaí an Bhoird Snip Nua Guth na Gaeltachta i ndiaidh Sheimineár Chonradh na Gaeilge san Óstán Mount Errigal 31 Deireadh Fómhair 2009 ag 1.00in agus ag 1.30in faoi seach.

    Share/Save/Bookmark

    20.10.09

    Tacaíocht

    Ceann ródaithe ó thuaidh

    Ghlac Comhairle Contae Dhún na nGall d’aonghuth le rún tacaíochta d’achainí Ghuth na Gaeltachta ar an 28 Meán Fómhair, 2009.

    Ag an chruinniú a bhí acu inniu, ghlac siad le leasú ar an rún sin ag moladh gur choir an achainí a sheoladh ar aghaidh go dtí na hÚdaráis Áitiúla ar fud na tíre. Deireann Éamonn Mac Niallais, Urlabhraí, Guth na Gaeltachta, "Iarraimid oraibh mar sin labhairt le bhur gComhairleoirí Contae áitiúla agus iarraidh orthu tacú leis an rún seo nuair a thagann sé os a gcomhair.

    "Ár mbuíochas le Comhairleoirí Contae Dhún na nGall as an seasamh aontaithe a ghlac siad don Ghaeltacht agus don Ghaeilge."


    Beidh seoladh náisiúnta ag an bhfeachtas ar 1.30i.n. in Óstán an Mount Errigal, Leitir Ceanainn, Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2009 le linn Oireachtas na Gaeilge.
    Share/Save/Bookmark

    30.9.09

    Gaelscoileanna & COGG

    Neamhaird déanta ag an mBord Snip ar mholtaí na Roinne Oideachais

    Is cúis mhór díomá do GAELSCOILEANNA TEO. gur chinn an Grúpa Speisialta neamhaird iomlán a dhéanamh de mholadh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta i dtaca le COGG.
    Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 170 gaelscoil agus 38 gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.


    Léiríonn eolas atá tagtha chun cinn trí iarratas um shaoráil faisnéise a rinne TG4 ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta gur chuir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta i gcoinne moladh an Ghrúpa Speisialta gur cheart COGG a hionsú isteach sa Roinn féin nó sa Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar shábháil €1.2m don stát-chiste.

    Mhol an Roinn Oideachais go leanfaí le dea-obair COGG mar atá. In ainneoin an mholadh sin rinneadh neamhaird i dtuarascáil an Ghrúpa Speisialta den imní a léirigh an Roinn go ndéanfaí leatrom ar chearta dhaltaí agus múinteoirí na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge maidir le tacaíochtaí d’oideachas trí mheán na Gaeilge Is moladh gan bhunús a bhí i dtuarascáil an Ghrúpa dá réir.

    Anuas ar shárú cearta phobail na tíre seo léirigh an Roinn na dúshláin a bheadh ann deireadh a chur le COGG ar bhonn praiticiúil agus nach mbeadh aon sábháil airgid i gceist mar gur gá go leanfaí leis an soláthar agus gur gá foireann a earcú chun an soláthar seo a chinntiú. Ábhar mór faoisimh atá ann do GAELSCOILEANNA TEO. agus don earnáil trí chéile tuiscint agus tacaíocht na Roinne Oideachais a fheiceáil ar fheidhmeanna reachtúla agus ar éifeacht COGG.

    Dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO., “Is deacair a chreidiúint go rachadh an Grúpa Speisialta i gcoinne moladh ón Roinn a bhfuil cúram an oideachais lán-Ghaeilge uirthi. Deimhníonn an t-eolas nua seo atá tagtha chun solais go bhfuil an ceart ag pobal na Gaeilge easpa muiníne a léiriú i moltaí na tuarascála mar a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an ngaelscolaíocht mar is léir go bhfuil siad bunaithe ar aineolas agus easpa feasachta ar chearta, gealltanais an rialtais agus tuiscint ar bith ar chaomhnú cultúir agus oidhreachta”.

    Agus í ag tagairt don bhfeachtas stocaireachta i gcoinne an mholadh deireadh a chur le COGG deir sí “Gabhann GAELSCOILEANNA TEO. buíochas mór le gach scoil agus le gach duine a chabhraigh leis an bhfeachtas seo. Léiríonn an t-aiseolas go gcreideann scoileanna agus a gcuid tuismitheoirí go mbeadh an gníomh seo tubaisteach. Impímid oraibh leanúint leis an stocaireacht agus bímid muiníneach as cinneadh an Taoisigh tacaíocht cheart a thabhairt d’earnáil na gaelscolaíochta”.

    Share/Save/Bookmark