1.12.09

Stocaireacht!

Pleán 2030 le plé ag TD & Seanadóirí le Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta
Pictiúirí ón lá ar Facebook
dhá agallamh ag Conchubhair Ó Liatháin ar a bhlog iGaeilge. Ceann le Éamonn Mac Niallais (5 neomid) agus an ceann eile (i mBéarla) le Julian de Spáin, Runaí Chonradh na Gaeilge (7 neomaid).

Tá lá iomlán stocaireachta agus eolais eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta in Óstán Buswells (Béarla) i mBaile Átha Cliath 2 idir 8.00rn – 6.00in Dé Céadaoin, 02 Nollaig 2009, le deis a thabhairt do Theachtaí Dála agus Seanadóirí cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé le hionadaithe óna ndáilcheantar féin sna sála ar dhréachtstraitéis an Rialtas 20 Bliain don Ghaeilge agus ar mholtaí an Bhord Snip Nua.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Beidh ionadaithe ó gach aoisghrúpa, ó gach Gaeltacht, agus go deimhin ó dháilcheantair fud fad na tíre ag freastal ar an lá eolais i mBuswells, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le Guth na Gaeltachta, Dé Céadaoin bheag seo.

“Is léiriú é an lá stocaireachta seo go bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta idir óg agus aosta aontaithe ag cur in éadan mholtaí an Bhoird Snip Nua, agus go bhfuil géarghá againn ár dtuairimí faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur in iúl dár n-ionadaithe tofa sa Dáil agus an dréachtstraitéis imithe faoi bhráid bhaill an Oireachtais.


“Beidh páirt ríthábhachtach le himirt ag pobal na Gaeilge sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus tá Conradh na Gaeilge ag súil go mbeidh an pobal lárnach, ní hamháin sa phlé i mBuswells lena dTeachtaí Dála áitiúla ar an 02 Nollaig 2009, ach i gcur i bhfeidhm agus i gcur chun cinn na straitéise trí chéile amach anseo.”

Beidh an clár Rónán Beo a chraoladh ó Ostan Buswells amárach idir 3i.n. agus 5i.n. ar Raidió na Gaeltachta. Bígí ag eisteacht agus scaipigí an scéal.
Dúirt Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: “Fáiltíonn Guth na Gaeltachta roimh ráitis éagsúla atá déanta ag an Taoiseach agus ag an Tánaiste araon, agus roimh an dréachtstraitéis 20 bliain atá foilsithe ag an Aire Ó Cuív le déanaí, a thugann le fios go mbeidh an Rialtas ag leanúint ar aghaidh ag tacú leis an Ghaeltacht agus leis an Ghaeilge mar a rinne sé go dtí seo agus ag déanamh neamhairde do mholtaí áirithe ón Bord Snip Nua, ach tá soiléiriú ar cheisteanna sainiúla Gaeltachta fós le cinntiú againn lenár dTeachtaí.

“Tá géarghá le soiléiriú a dhéanamh ar an struchtúr nua ‘Údarás na Gaeilge’ atá molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá sé ríthábhachtach, ach go háirithe go mbeidh cúram ar an Údarás úr leanúint ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht mar a bhí Údarás na Gaeltachta go dtí seo, agus caithfidh sé bheith soiléir nach céim síos atá i gceist anseo do chúraimí Gaeltachta na heagraíochta.

“Tá gá chomh maith le soiléiriú ar phointí eile cosúil le stádas na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta mar shampla sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.”


Creideann Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta araon gur am cinniúnach í seo don teanga agus don Ghaeltacht, mar sin fearann siad fáilte roimh idir thoghthóirí agus Theachtaí bualadh isteach orainn in Óstán Buswells idir 8.00rn agus 6.00in ar an 02 Nollaig 2009 le páirt a ghlacadh sa díospóireacht agus le tacaíocht a léiriú don teanga.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment