5.8.10

Miontúairiscí Cruinniú Ghuth na Gaeltachta.



Príomhphointí ón chruinniú:

1. Cuireadh fáilte roimh Thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus gabhadh buíochas leis an Chomhchoiste as an obair a rinne siad. Tá gá le brú a chur ar an Rialtas glacadh leis na moltaí seo uilig agus iad a chur i bhfeidhm mar nach bhfanfaidh slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht le cúrsaí eacnamaíochta domhanda.

    "Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliana agus scór blianta fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht, is é sin le rá an chuid den Ghaeltacht a bhaineann le Catagóir A, mura féidir an patrún seo a chur ar mhalairt treo."
    (SCT, 2007:27)
2. Léiríodh imní láidir faoi Thuarascáil na Roinne Airgeadais ar Chaiteachas Caipitiúil 2010-2016. Má ghlactar lena bhfuil molta beidh deireadh go praiticiúil leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta faoi 2016 agus muid ag comóradh 100 Bliain Éirí Amach 1916. Tá gá le feachtas láidir stocaireachta le cur in aghaidh na tuarascála seo.

3. Beidh Guth na Gaeltachta ag leanstan ar aghaidh ag stocaireacht go láidir go nglacfaidh le moltaí an Chomhchoiste Oireachtais agus nach nglacfar le moltaí na Roinne Airgeadais.


Láthair: An Chrannóg, Srath na Corcra.
Dáta: Dé Céadaoine, 4 Lúnasa 2010.
Am: 8.00i.n.

Miontuairiscí

1. Chuir Dónal Ó Cnáimhsí fáilte roimh chuile dhuine agus rinne sé cur síos gearr ar an obair stocaireachta a bhí déanta ag Guth na Gaeltachta ó bhí an cruinniú deireanach ann go háirithe ó thaobh Thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais.


2. Rinne Éamonn Mac Niallais cur i láthair ar:
    a. Tuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
    Ghabh sé buíochas leis an Chomhchoiste as éisteacht le tuairimí na Gaeltachta agus an bhéim atá sa tuarascáil ar an phráinn le gníomh a dhéanamh sa Ghaeltacht. Mhol sé go háirithe:

    • na moltaí atá ann faoi láidriú ar stádas Údarás na Gaeltachta.
    • aitheantas do ról criticiúil na n-eagras deonach agus pobail.
    • na moltaí fadradharcacha uilig ó thaobh oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta de.
    • tacaíochtaí do na teaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht, mar shampla, Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh, gréasáin sóisialta don aos óg.
    • aitheantas go gcaithfear atarraingt a dhéanamh ar roinnt toghranna le cosaint a thabhairt do Ghaeltachtaí láidre cosúil le Rann na Feirste.

    Má ghlacann an Rialtas leis na moltaí seo ón Chomhchoiste, dúirt sé go mbeadh céim mhór chun tosaigh déanta do shlánú na Gaeltachta agus go gcaithfear a chinntiú go dtarlóidh sé seo.
    b. Tuarascáil na Roinne Airgeadais ar Chaiteachas Caipitiúil 2010 – 2016
    Rinne sé cur síos ar an ísliú tubaisteach caiteachais atá beartaithe don Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta ó €149 milliúin i 2008 go dtí €30 milliúin i 2016.

    Fosta, mar a bhí leagtha amach i dtuarascáil an Bhord Snip Nua, beidh an t-ísliú caiteachais sin i bhfad níos géire sa Roinn seo ná in aon Roinn eile.

    Má chuirtear moltaí na Roinne Airgeadais i bhfeidhm, ciallaíonn sé go mbeidh deireadh leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta. Tá sé mar pholasaí ag an Roinn Airgeadais cúraimí na Roinne a thabhairt ar ais do na Rannógaí Stáit eile de réir a chéile, rud a bheadh tubaisteach don Ghaeltacht. Mar sin de, tá géarghá le cur in aghaidh na moltaí seo mar a rinne Guth na Gaeltachta anuraidh in aghaidh mholtaí an Bhord Snip Nua. Sé an t-aon difear nó gur moltaí a bhí i dtuarascáil Mhic Carthaigh ó ghrúpa a bhí seachtrach ón Rialtas, ach tá moltaí na Roinne Airgeadais ag teacht ón Rialtas é féin.

    3. Leis sin osclaíodh an plé don urlár agus seo a leanas cuid de na tuairimí a tháinig chun tosaigh:

    • Tá géarghá le troid go gcoinneofar na cúraimí atá ar an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta faoi láthair. Má ligtear ar shiúl go dtí rannógaí eile iad, cuirfidh sé deireadh leis an Roinn go praiticiúil.
    • Bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956 mar go raibh faillí á déanamh ar na ceantair Ghaeltachta ó thaobh forbartha de. Má ligtear cúraimí fiontraíochta an Údaráis le Fiontraíocht Éireann, tarlóidh an faillí chéanna arís. Rinneadh comparáid idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht in iarthar na Gaillimhe faoi láthair.
    • I ndáiríre, tá gá le dhá straitéis nó pholasaí dhifriúla don Ghaeilge: ‘straitéis na hathbheochana’ taobh amuigh den Ghaeltacht agus ‘straitéis daingnithe’ taobh istigh den Ghaeltacht.
    • Is bocht an rud é go bhfuil an chosúlacht air go bhfuil an Rialtas ag iarraidh deireadh a chur leis an Roinn faoi 2016 nuair a bheas comóradh á dhéanamh ar Éirí Amach 1916.
    • Caithfear na hinstitiúidí Gaeltachta a choinneáil ag gabháil, fiú má ghlacann muid le ciorruithe, go dtí go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta arís i gceann cúpla bliain. Má ligtear ar shiúl iad, ní bhfaighidh muid ar ais iad.
    • Caithfear súil ghéar a choinneáil ar an reachtaíocht úr d’Údarás na Gaeltachta atá le bheith istigh roimh dheireadh na bliana.
    • I ndáiríre, tá an gearradh siar ar chaipiteal na Roinne ag tarlú ar an toirt mar go bhfuil caiteachas LEADER san áireamh agus go bhfuil sin ag teacht chun deiridh i 2014 nuair a thiocfaidh an titim mhór ó €86M go dtí €40M.
    • Tá sé ráite ag an Taoiseach nach gá do mhuintir na Gaeltachta bheith buartha ach is deacair a shamhlú nach bhfuil glactha ag an Rialtas leis na ciorruithe seo cheana féin nuair a d’fháiltigh an Taoiseach roimh an tuarascáil seo ón Roinn Airgeadais ina phreasócáid ar an 26 Iúil. Deir an Taoiseach nach bhfuil an cinneadh déanta go fóill.
    • Dúirt an tAire Ó Cuív nach é seo polasaí an Rialtais. Léiríonn sé sin go bhfuil scoilt idir na státseirbhísigh sa Roinn Airgeadais agus an Rialtas.
    • Tá brú ollmhór ar an Rialtas léiriú do na margaí idirnáisiúnta airgeadais go bhfuil siad ag dul i ngleic leis na fiacha atá ar an tír agus gur sin an fáth go bhfuil an tuarascáil ón Roinn Airgeadais curtha ar fáil go hoscailte (agus b’fhéidir faoi dheifir).
    • Dúradh gur chóir béim a chur in athdhréachtú Acht an Údaráis ar ghairmoiliúint a bheith curtha ar fáil tré mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht, rud nach raibh ag tarlú go dtí seo faoi stiúir ANCO/FÁS.
    • Cé go n-aithníonn muid uilig go bhfuil brú ollmhór ann agus go gcaithfear glacadh le ciorruithe áirithe, ní féidir linn fanacht mar atá, caithfear roinnt mhaith de mholtaí an Chomhchoiste a chur i bhfeidhm nó beidh deireadh leis an Ghaeltacht. Níl costas mór ar chuid mhaith de na moltaí seo agus má fhanann muid go dtí go dtiocfaidh feabhas ar gheilleagar na tíre, tá seans láidir ann go mbeidh sé rómhall. Is féidir caiteachas eile a chur ar athló ach ní fhanfaidh slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht le cúrsaí eacnamaíochta domhanda.


    4. Críoch
      Tugadh buíochas do chuile dhuine a thug tacaíocht agus cuidiú don fheachtas go dtí seo.
      Beidh eolas faoin chéad chruinniú eile le fáil ar www.guthnag.com chomh maith le miontuairiscí an chruinnithe seo


Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment