29.7.10

Bórd Snip II & deireadh leis an nGaeltacht

Seo ráiteas ó ubhlábhraí Ghuth na Gaeltachta

Ar dtús ba mhaith le Guth na Gaeltachta fáilte a chur roimhe thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais ar an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

Is leir gur éist an Chomhchoiste le tuairimí na Gaeltachta agus gur ghlac siad leis na moltaí a cuireadh chun tosaigh. Glacadh le príomh mholtaí Ghuth na Gaeltachta maidir le tacaíocht agus laidriú ar churaimí Údarás na Gaeltachta, athsthruchtúradh ar churaimí ChOGG le tabhairt faoi na dushláín oideachais sa Ghaeltacht agus Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh ins na mórcheantair Gaeltachta. Tá muid ag iarraidh anois ar bhaill an Rialtais glacadh leis na moltaí seo uilig ón tuarascáil traspháirtí seo gan aon mhoill. Mar a aithnítear go soiléir ins an tuarascáil:
'Tá an Coiste ar aon intinn mar gheall ar an laige is práinní ó thaobh todhchaí na Gaeilge: Inmharthanacht na Gaeltachta. Is í seo tosaíocht an Fhochoiste, bunaithe ar an bpróiseas comhairliúcháin atá reachtaithe ag an gCoiste. ' (lth.11)

An tseachtain seo chomh maith, foilsíodh tuarascáil an Roinn Airgidis ó thaobh tosaíochtaí caitheachais caipitil 2010-2016 (Béarla). Tá an tuarascáil seo ag tabhairt a mhalairt de thosaíocht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Faoin chaipéis seo, tá sé molta caiteachas caipitil an Roinn Gnothaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta a ísliú da reir a chéile go dtí €30m i 2016. Tá sin ag dul fiú níos faide na mar a mhol tuarascail Mhic Carthaigh(féach acoimre anseo).

Cialloidh seo go praiticiúil nach mbeidh Roinn Gaeltachta ann agus nach mbeidh Údarás Gaeltachta ann.

Mar sin dé, tá Guth na Gaeltachta ag iarraidh ar an Rialtas soiléiriú a dhéanamh ar seo. An é sin atá i gceist acu don Ghaeltacht agus don Ghaeilge nó an bhfuil siad i ndairíre faoin bproiséas seo atá muid ag dul fríd faoi lathair ó thaobh an Straitéis 20 Bliain? An bhfuil an Taoiseach agus na hAirí sinsearach sa Rialtas ón Ghaeltacht agus le freagracht don Ghaeltacht ag tabhairt tacaíocht don docuiméid seo seo ón Roinn Airgidis? Iarraimid ar an Taoiseach Brian Cowen, An Tánaiste agus an tAire Oideachais agus Scileanna, Máire Ní Chochláinn, an tAire um Choimirce Soisíalta Éamon Ó Cuív agus an tAire Gnothaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta Pat Carey raitis a dhéanamh ag tabhairt soiléiriú ar pholasaí an Rialtais i dtaca leis an docuiméid seo agus todhchaí na Roinne agus Údarás na Gaeltachta.

Ní neart go cur le chéile.

Éamonn Mac Niallais

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment