Showing posts with label Tionscalaíocht. Show all posts
Showing posts with label Tionscalaíocht. Show all posts

23.3.10

Bia sláintiúil i mBaile Bhuirne

Osclaíodh ionad nua Independent Bia Sláintiúil na hÉireann Teo (Béarla) ar Pháirc Ghnó Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne le déanaí. Bunaíodh Bia Sláintiúil Teo i bhFearann Fuar i gCo. Chiarraí in 2008 agus chinn an comhlacht athlonnú go Baile Bhuirne de bharr spás níos mó agus níos nua aimseartha a bheith ar fáil. Tá sé beartaithe ag stiúrthóirí an chomhlachta, Richard Wilkins agus Henry Bartlett, scála oibriúcháin an ghnó a leathnú agus dul i mbun táirgíochta. Beidh 15 post nua breise á gcruthú anuas ar an 47 duine atá fostaithe sa chomhlacht faoi láthair.

Agus é ag caint ag an oscailt, labhair Richard Wilkins ar rathúlacht an ghnó ó bunaíodh é in 2008. “Tá fás gasta tagtha ar an mhargadh bia sláinte sa tír seo agus tá Bia Sláintiúil na hÉireann Teo ag leathnú chun freastal ar éileamh an mhargaidh sin. Soláthraíonn muid an chuid is mó de shiopaí sláinte na hÉireann agus beidh muid ag forbairt an ghnó trí dul i mbun táirgíochta chomh maith le díriú ar ár ngnó dáileacháin atá ag fás i gcónaí. Cuidíonn an t-ionad nua seo, atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, lenár bpleananna leathnúcháin a chur i bhfeidhm agus cinnteoidh an spás breise gur féidir leis an ghnó fás agus forbairt sa todhchaí. Tá muid ag feidhmiú i margadh an-iomaíoch agus tacóidh an t-athlonnú seo linn clú an ghnó a neartú.”

Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go raibh an tÚdarás an-sásta a bheith ábalta forbairt agus leathnú an ghnó a éascú. “Bhí riachtanais an chomhlachta soiléir – spás gnó oiriúnach agus infreastruchtúr riachtanach – agus bhí sé sin le fáil i nGaeltacht Mhúscraí. Nuair a fheictear na deacrachtaí atá ag gnólachtaí san aeráid eacnamaíochta reatha, is údar misnigh é gnó mar seo a fheiceáil ag fás agus ag bogadh ar aghaidh lena bpleananna leathnúcháin."

Share/Save/Bookmark

9.1.10

Bainistiú 'Gaelscéal!'

Trevor Ó Clochartaigh ainmnithe mar Bhainisteoir Tionscadail ar an nuachtán nua Ghaeilge ‘Gaelscéal’. Is comhfhiontar é seo idir An Curadh Chonnachtach (Béarla) agus Eo Teilifís, (Torann na dTonn), a bhuaigh an conradh ag deire na bliana seo caite ó Fhoras na Gaeilge le nuachtán nua seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú (féach ráiteas Fhorais na Gaeilge). Tá siad anois ar thóir Eagarthóir agus foireann oibre don nuachtán seachtainiúil is núálaí, is bríomhaire agus is tráthúla dá bhfuil ann.

I ráiteas a d’eisigh na comhluchtaí dúirt siad go bhfuil ríméad orthu duine chomh h-ildánach le Ó Clochartaigh a bheith faighte acu leis an nuachtán a stiúrú. ‘Tá taithí leathan aige ó thaobh cúrsaí Gaeilge & Gaeltachta, na meáin, na h-ealaíona agus cúrsaí pobail. Beidh ‘Gaelscéal’ ag cruthú ré nua ó thaobh na meáin i nGaeilge nuair a fhoilseofar é roimh deire mí Márta agus ní fhéadfaí duine níos feiliúnaí a aimsiú don dúshlán seo’, a deir siad. Tabharfaidh ‘Gaelscéal’ spleáchadh do léitheoirí fud fad oileán na hÉireann ar chúrsaí reatha, idirnáisiúnta, naisiúnta agus réigiúnach; oideachas, spóirt, cúrsaí saoil, caitheamh aimsire maraon le saol na Gaeilge & na Gaeltachta.

Deir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil sé ar bís tabhairt faoin dtionscnamh uaillmhianach seo. ‘Creidim go daingean go bhfuil an t-am ceart chun foilseachán, d’ardchaighdeán a chur ar fáil a bheidh in freastal ar na Gaeil in Éireann agus thar lear. An chéad céim eile sa bpróiséas ná foireann fuinniúil a earcú, ina measc Eagarthóir, scríbhneoirí agus dearthóirí. Tá neart daoine cumasacha ar fáil amuigh ansin agus tá muid ag iarraidh cloisteáil ó dhuine ar bith a cheapann go bhfuil ról dearfach le n-imirt acu sa togra seo,’ a deir Ó Clochartaigh.

Cuirfidh Gaelscéal áis idirghníomhach ar-líne ar fáil do Ghaeil freisin, chun teagmháil le chéile tré fís, fuaim & focal, chomh maith le caighdeán árd scríbhneoireachta an nuachtán féin. Tabharfaidh fóraim agus blaganna deis do dhaoine gur suim leo, a dtuairimí a nochtadh ar iliomad ábhair. Beidh béim faoi leith ar úsáid na meáin dhigitigh chun ábhar oideachasúil agus eile a fhorbairt.
Is féidir tuilleadh eolais faoin nuachtán agus na folúntais atá fógraithe a fháil ach teangbháil a dhéanamh le gaelsceal@gmail.com nó glaoch ar (091) 558400.
Share/Save/Bookmark

20.11.09

Scoileanna

Scoileanna beaga fós ann?

Fáiltíonn Guth na Gaeltachta roimh ráiteas an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O’Keeffe T.D., nach mbeidh scoileanna le líon daltaí faoi bhun 100 á gcónascadh le scoileanna eile mar a bhí molta ag An Bord Snip Nua. Tá se soiléir chomh maith ó ráitis eágsúla atá déanta ag an Taoiseach agus ag an Aire Ó Cuív nach mbeidh Roinn na Gaeltachta á scor agus go mbeifear ag leanstan ar aghaidh le tacaíocht do Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Go deimhin deir an tAire Ó Cuív i Foinse 18 Samhain, 2009 ‘Ní chuirfear na moltaí ar fad i dTuarascáil Mhic Cárthaigh i bhfeidhm agus creidim féin nach gcuirfear i bhfeidhm iad siúd a bhaineann leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht’.

Fáiltíonn Guth na Gaeltachta roimh na ráitis seo uilig agus is údar dóchais é don fheachtas go mbeidh an Rialtas ag leanstan ar aghaidh ag tacú leis an Ghaeltacht agus leis an Ghaeilge mar a rinne sé go dtí seo agus ag déanamh neamhairde do na moltaí seo ón Bord Snip Nua.

Tá imní ar Ghuth na Gaeltachta, áfach, faoi thuairiscí eile atá curtha i gcló le tamall faoi ‘Údarás na Gaeilge’ a bheith á chur chun cinn in áit ‘Údarás na Gaeltachta’. Níl an feachtas in éadan an smaoinimh sin i bprionsabal ach tá gá le soiléiriú a dhéanamh ar an struchtúr nua seo. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an tÚdarás úr seo ag leanúint ar aghaidh ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht mar a bhí Údarás na Gaeltachta go dtí seo.

Tá sé molta ag An Bord Snip Nua cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a aistriú go dtí Fiontraíocht Éireann (suíomh i mBéarla amháin). Ní mheasann muid go mbeadh Fiontraíocht Éireann ábalta freastal ar cheantair scaipthe iargúlta mar atá ins na ceantair Ghaeltachta. Faoi láthair, cruthaíonn Údarás na Gaeltachta 1,000 post ar an mheán sa bhliain. Is fiontair bheaga den chuid is mó a bíos i gceist leis na poist seo. Mar shampla, i 2007, thug siad cúnamh do 463 tionscadal agus cruthaíodh 928 post.

Ar an lámh eile, díríonn Fiontraíocht Éireann isteach ar ‘Tosaithe archumais nua’(High Potential Start-Ups) agus borradh a chuir faoi chuideachtaí mórscála. Mar gheall ar seo, tá formhór cuid tacaíochta Fiontraíocht Éireann in Iarthar na hÉireann dírithe ar na príomhbhailte móra agus is beag fostaíocht a chruthaíonn siad taobh amuigh de sin.

Tá sé criticiúil do thodhchaí na Gaeltachta agus d’inmharthanacht na teanga go leanfadh an tÚdarás úr seo ag cruthú fostaíochta ins na ceantair Ghaeltachta ionas go dtig le muintir na Gaeltachta fanacht ina gceantair féin agus gan a bheith orthu bogadh go dtí na bailte móra. Iarrann muid ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta soiléiriú a thabhairt dúinn ar an phointe seo mar atá déanta ag an Rialtas ar mholtaí eile de chuid an Bord Snip Nua.

Share/Save/Bookmark