26.11.09

3.0 Straitéis

Straitéis Cheimnithe

Mar a luadh thuas d’aithin Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge i 2006 príomhchuspóirí an pholasaí trína dtabharfar tacaíocht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá baint idir na réimsí ina ndéanfar gníomh agus tá siad leagtha amach thíos agus tá siad grúpáilte ó thaobh na gcuspóirí sin agus tabharfar aghaidh orthu i gcéimeanna mar seo a leanas:

    Bliain 1 (2010): Céim an Bhunaithe
    Díreofar sa bhliain seo ar dhaoine a chur ar an eolas faoi na spriocanna agus faoi ábhar na Straitéise agus na struchtúir eagraíochta agus oibríochta a chaithfear a bhunú. Chomh maith leis sin déanfar na hacmhainní foriomlána a theastóidh a leithroinnt agus comhaontófar agus bunófar na nósanna imeachta monatóireachta, measúnaithe agus modhnaithe. Iarrfar pleananna oibríochta ó na gníomhaireachtaí poiblí forfheidhmiúcháin ar fad agus gheofar iad. Bunófar príomhbhearta tosaíochta.

    Blianta 2-3 (2011-12): Céim Fheidhmithe I
    – Na Bunsraitheanna a Leagan Síos
    Le linn an chéad dá bhliain den Straitéis bunófar na bearta fadtéarmacha ar fad le go mbeidh an soláthar de mhúinteoirí cáilithe agus de shaineolaithe eile ar fáil, nó go mbeidh na córais a sholáthróidh iad bunaithe go luath sa Straitéis. Chomh maith leis sin déanfar cuid mhaith de na bearta a fheidhmiú go hiomlán nó a thosú ag an gcéim seo lena n-áirítear ábhair d’oideachas agus litearacht teanga a ullmhú.

    Blianta 4-15 (2013-25):
    Céim Fheidhmithe II – Leathnú agus Doimhniú
    Tá trí fho-chéim ag baint leis an gcéim seo ach tríd is tríd is éard atá i gceist: lánfheidhmiú na mbeart ar fad; tabhairt faoi mheasúnuithe rollála; agus feachtais a reáchtáil do chur chun cinn agus do chothú dearcadh dearfach ó thaobh na teanga. Cuirfear na chéad chéimithe ó na cláir athbhreithnithe d’oideachas múinteoirí ar fáil agus fostófar iad i scoileanna agus in institiúidí oideachais eile.

    Le linn na céime seo déanfaidh Éire ceiliúradh ar chothrom 100 bliain d’Éirí Amach na Cásca agus ar shaoirse na tíre agus déanfar nasc idir na hócáidí sin agus an Straitéis don Ghaeilge, léireofar an méid a bheidh bainte amach, déanfar athbhreithniú mór ar na torthaí agus cothófar rannpháirtíocht agus tacaíocht an phobail thart ar spriocanna, spiorad agus fís na Straitéise.

    Blianta 16-20 (2026-30): Céim Fheidhmithe III: Comhdhlúthú
    Beidh an chéim chomhdhlúite dírithe ar na bearta ar fad a phríomhshruthú. Tógfar ar an gcumas níos fearr i nGaeilge a bheidh ag daoine, ar na deiseanna níos leithne a bheidh ann le Gaeilge a úsáid agus ar an spreagadh ar dhearcadh dearfach i leith na Gaeilge a bheidh bainte amach i gcéimeanna roimhe sin.

Beidh soláthar na n-acmhainní cuí agus tacaíocht a bheidh ar fáil fíorthábhachtach ó thaobh fheidhmiú na Straitéise. Is í An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a dhéanfaidh maoirsiú ar an soláthar sin agus déanfar feidhmeanna a leithroinnt ar ghníomhaireacht (ghníomhaireachtaí) atá ann cheana nó déanfar iad a fhoinsiú san earnáil phríobháideach de réir mar is cuí.

Cuirfear comhshocruithe i bhfeidhm chun:
    - monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí teanga praiticiúla ó shochaithe eile, tacú leo agus iad a oiriúnú;
    - ábhair a éascóidh úsáid na Gaeilge a thionscnamh, suirbhé a dhéanamh orthu agus iad a athbhreithniú;
    - bunachar sonraí láir d’ábhair, do theimpléid agus d’fheidhmiúcháin TF i nGaeilge a óstú;
    - treoracha agus ábhair a chuideoidh le daoine aonair agus le heagraíochtaí aonair leis an nGaeilge a chur chun cinn a ullmhú;
    - cabhair-líne phoiblí náisiúnta a chur ar fáil;
    - ionad eolais náisiúnta agus áit imréitigh do sheirbhísí aistriúcháin agus do sheirbhísí teangabhunaithe eile a chur ar fáil;
    - bunachar sonraí náisiúnta de ghníomhaíochtaí deachleachtais i bpleanáil teanga a chothabháil;
    - cuidiú le tacaíochtaí a fhorbairt do thionscnaimh áitiúla agus leis an gcumas tionscnaimh den sórt sin a fhorbairt agus a bhainistiú; agus
    - forbairt córas bainistíochta teanga a chur chun cinn i gcomhthéacsanna éagsúla.

Braitheann go leor de na tosaíochtaí sa Straitéis seo ar na tacaíochtaí agus na hacmhainní sin a bheith ar fáil agus is tosaíocht ard mar sin iad a eagrú chomh luath agus is féidir.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment