26.10.15

Ábhar lúibín? Cé chumfadh é?

"Bíodh is go bhfuil muid imithe i dtaithí ar an gcur chuige sin ní shin le rá go bhfuil sé ceart..." (An Coimisinéir Teanga, 18 Meán Fómhair 2015 )

Bhí mé le cara linn i mBaile Átha Cliath níos túisce i mbliaina agus thosnaíomar ag caint faoin gceadúnas tiomána. Dúras go raibh mo cheann fhéin ag dul in éag agus mhol sé dom é a athnuachan mé féin mar go raibh dream nua i bhfeidhil ar an gcóras agus nach gcuirfaí réamhfhógra chugam. 


Is ansin a thosaigh an scéal fada casta seo. Is féidir é a shamhlú mar ábhar lúibín nó agallamh beirte ag Oireachtas na Samhna!

Don Béarleoir - Símplí
1. Téir chuig an suíomh seo:
2. Ioslódáil na foirmeacha ar chlé agus cliog ar "Book an Appointment".
3. Déan an coinne.
4. Bailigh do chuid paipéarachas.
5. Téir isteach chuig an ionad clárúcháin.
6. Déanta!

I gcás Lucht na Gaeilge - teachtaireacht simplí "Déan i mBearla é!"

17 Lúnasa 2015
Ós rud é go dtéann sé in éag ag deireadh mí Dheireadh Fomhair chuaig mé chuig Google ag lorg "Ceadúnas Tiomána." Thóg sé díreach chuig suíomh an Údarás um Shabháltacht ar Bhoithre (USB) chuig leathanach le píosaí i nGaeilge agus píosaí eile i mBéarla.  Bhrú mé an nasc "Renewing your licence" le dóchas go mbeadh an cuid eile i nGaeilge. Faraoír thóg an nasc sin mé chuig leathanach a bhí ina iomlán i mBéarla agus gan fiú cnaipe "Gaeilge" air a bhain leis An tSeirbhís Náisiúnta un Cheadúnais Tiomána (SNCT).

23 Lúnasa 2015
Is ceann de na laigí atá ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ná nach bhfuil éifeacht air ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh ó dháta an dlí sin. Mar sin is beag gur féidir leis an Coimisinéir Teanga a dhéanamh leis an ÚSB nó an SNCT. Ní rabhas i ndán seoladh r-phoist a aimseú ar shuíomhana an dá eagraíocht le scrí go díreach chucu. Mar sin scríomh mé go díreach chuig an Roinn Iompair mar seo:

Fuair mé an gnáth admháil a dúirt go raibh mo theachtaireacht faighte acu (Dhá theangach - Béarla ar dtús agus Gaeilge faoi!)

25 Lúnasa 2015
Cupla lá ina dhiaidh sin fuair mé freagra (tá ainm an duine a scríobh bainte ón dteachtaireacht agam!):


14 Meán Fómhair
Thosaigh mé ag feithimh ach litir nó freagra níor fuair mé. Mar sin scríomh mé chuig an Roinn arís ar an 14 Meán Fómhair, 


22 Meán Fomhair
Scríomh mé chuig an Roinn arís ar an 22 Meán Fómhair, 

29 Meán Fomhair 
Scríomh mé chuig an Roinn arís ar an 29 Meán Fómhair, 

5 Deireadh Fomhair 
Scríomh mé chuig an Roinn arís ar an 22 Meán Fómhair, 


Béarla éigeantach le foirm
Ghaeilge a fháil!
6 Deireadh Fómhair 2015

Bhí mé ag éirí imníoch faoin am seo agus scríos chuig Oifig an Choimisinéara Teanga arís ag iarraidh ortha rud éigin a dhéanamh le freagra a fháil ó dhuine éigin mar ní raibh mé i ndán na foirmeacha a fháil i nGaeilge fiú. Scríodar thár n-ais chugam ar an lá céanna (mar is gnáthach leis an oifig sin!) agus dúradar go raibh foirmeacha i nGaeilge ar an suíomh cheanna féin. Agus bhí, ach aisteach go leor, is i mBéarla amháin a bhí an nasc. (Má tá mise ag lorg foirm nó an cnaipe chuig legan Gaeilge de aon rud deanaim cuadach simplí "Gaeilge" agus ní "Irish" len é a fháil mar sin níor thugas faoi dearadh ga raibh siad ann.).

Dúirt Oifig an Choimisinéara liom go ndeanfaidis teangabháil leo agus cé nach raibh "aon dualgas reachtúil orthu faoin Acht" ba dóigh leo "go mbeadh díomá ortha a chloisteáil nach bhfuil freagra fiú á chur ar fáil duit."

7 Deireadh Fomhair 2015
An lá dár gcionn dúradh liom go raibh r-phoist faighte ó dhuine san ÚSB ag rá gur cuireadh r-phoist chugam ar an nDéardaoin roimhe sin (1 Deireadh Fómhair). Ní fhuair mé sin ach tá seans gur chuaig sé isteach mar turscar agus cailleadh é.

9 Deireadh Fómhair 2015
Chuir mé r-phoist fada ansin chuig an té sin ag miniú dó cad a bhí uaim ar na 9ú lá. Is mar seo a chriochnaigh mé mo theachtaireacht mar seo:

"Is cosúil go mbeidh orm dul isteach go Gaillimh leis an ceadúnas a athnuachan agus deireann sé ar an bhfoirm nach féidir coinne a dhéanamh ar ar líne. Ach ní féidir é sin a dhéanamh i nGaeilge.

Ansin deirtear liom nach féidir leis an oifig dealáil le daoine in nGaeilge “gan ceist, gan coinníoll”.

Tá sé soiléar anois domsa nach féidir seirbhís “gan ceist, gan coinníoll” le mo cheadúnas a athnuachan a fháil. Tá mé ag tiomáint le 45 bliain agus ní raibh trioblóid agam riamh ó thaobh theanga de go dtí seo. Níl mé sásta tosú sa Bhéarla tár éis an méid sin blianta.

Nach bhfuil an ceart sin agam?

Tá na foirmeacha go léir agam ach ní féidir liom an rud a críochnú mar a dhéanfadh Béarlóir."


Fuair mé freagra ar an lá céanna bhíodar ag lorg mo uimhir gutháin.



Ach idir an dá linn d'aimsigh mé fadhb i gceann de na foirmeacha, Foirm Tuairisce Míochaine, (focal nua domsa) bhí na focail a bhain le foirm eile "scrúdú Radharc na Súl" a bhí air agus mar sin d'iarr mé air a leagan ceart den bhfoirm sin a thabhairt. (Tá mé den aois sin gur gá dom Tuairisc Liachta a bheith agam!). Tá pictiur den cheann a rinne mé a íoslódáil ar dheis!


10 Deireadh Fómhair 2015
Freagraíodh mé tráthnóna dár gcionn (Sathairn a bhí ann) ag rá go mbeadh an foirm ceart ar an Luain agam.

12 Deireadh Fómhair
Thug mé m'uimhir gutháin dóibh, chuireadh an fhoirm ceart chugam, agus dúradh liom go mbeadh duine ag déanamh teangabháil le coinne a dhéanamh in Oifig na Gaillimhe dom.

Cheapas go mbeadh gach rud i gceart ach faraoir ní raibh.

Fuair mé glaoch níos deanaí ó dhuine éigin, cheap mé ar dtús gur bhain se le mo chuid gnó mar ba ghuth Shasannach ag lorg "Mr Ó Riain." Ach creid nó ná chreid bá dhuine ón SNCT, "I understand you wish to have your license renewal handled in Irish. There will be somebody with Irish in your local office on Friday next!”

Bhíos ar buile! Seo an teachtaireacht a chuir mé chucu,

"Ní chreidim seo!

Fuair mé glaoch ó dhuine éigin le guth Shasannach agus a labhair liom i mBéarla amháin! “I understand you wish to have your license renewal handled in Irish. There will be somebody with Irish in your local office on Friday next!”

Ar ámharaí an tsaol ní raibh an lá sin oiriúnacmh agus dúirt mé go mbeadh aon lá i rith na seachtaine seo chugainn oiriúnach - labhair mé i mBéarla mar gur baineadh an méid sin geit asam! Dúirt sise nach raibh fhios aicí cathain a bheidh duine le Gaeilge ann i rith na seachtaine sin. “I’ll ring you with another date in a few days!”

Tá sé seo dochreidthe, an offig agaibh sa chontae leis an Gaeltacht is mó sa tír agus gan bheith i ndán seirbhís chomh bunúsach agus riachtannach le soláthar ceadúnais tiomána a thabhairt i dteanga na ndaoine, “gan ceist, gan coinníoll!”

Scríobh mé ar dtús faoi seo i mí Lúnasa seo caite. Bheadh sé go léir críochnaithe agam dá mba rud é go rabhas sásta géilleadh don gcóras mar atá sé agaibh.

I bhfocal an Choimisinéara Teanga le déanaí, tá sibh “ag tabhairt teachtaireacht thar a bheith simplí maidir le tábhacht na teanga!"

Tá súil agam go mbeadh an duine le Gaeilge i ndán glaoch orm le dáta oiriúnach"

Fuair mé glaoch ansin ó bpríomhoifig ag rá go raibh an-abhéal ortha faoi sin agus ag aontú liom "nach bhfuil seirbhis sasúil as Gaeilge ar fail don gcustaiméir."

13 Deireadh Fómhair 2015
Beagáinín ina dhiadh sin fuair mé glaoch ó dhuine le Gaeilge mhaith a rinne coinne liom ar dháta a bhí oiriúnach. (Ní raibh muinín aige as a chuid Gaeilge ach dúras leis go raibh sé ar fheabhas agus bhí.).

15 Deireadh Fómhair 2015
Cheapas go raibh gach rud ceart go leor ansin ach ní raibh. Fuair mé teachtaireacht ar mo Fón Phóca.


Cad is féidir liom a dhéanamh? Cad is féidir le h-éinne a dhéanamh?

19 Deireadh Fómhair 2015.

"Ní bheidh an duine le Gaeilge ann ar an lá sin!" Fuair mé glaoch teileafóin ar maidin leis an coinne a aistriú go dtí lá eile mar "beidh mé ar an gClochán agus ansin i mBeal a'Mhuirid go dtí níos déanaí." Rinne muid cuinne don Déardaoin ansin. Chuir sé as dom mar bhí rudaí socraithe bunaithe ar an coinne ar an Máirt.

22 Deireadh Fómhair 2015
Chuaigh mé isteach chuig an Ionad Clárúcháin ar maidin agus b'aisteach an áit é. Bhí trí nó ceithre srathanna cathaoireacha ann ós comhair ceithre bhothanna. Ní fhaca mé aon fhógra i nGaeilge nó fiú dhá theangach ann. Bhí postaer amháin le feiscint i nGaeilge. Glaodh orm in am agus bhí Gaeilge ar fad a bhí ar iúl ag an bhfear liom. Bhí sé beagáinín as cleachtadh ach ní raibh gá le filleadh ar an mBéarla. Tá ceamra ann le pictiúrí a thógant le chuir ar an gceadúnas agus bhí rogha treoracha ann Gaeilge nó Bearla. D'fhéadfá a rá i bhfocal an Coimisinéir le déanaí, b’ábhar iontais dom é! Bhí na páipéirí go léir in ord agam agus bhí an obair go léir críochnaithe i cúig neomad deag nó mar sin. 



Conclúidí & moltaí
Is léir nach tuigtear tabhacht theanga agus gur ionann cearta daonna é cearta teanga. Is léir nach leor é a bheith scríofa sa bhunreacht - "Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an
phríomhtheanga oifigiúil í" (Alt 8;1) - 
obair oifigiúil an stáit a dhéanamh sa Teanga Náisiúnta. 


1. Molaim go mbeadh an suíomh acu i nGaeilge,an cnaipe "Book an Appointment/Cancel an Appointment."
2. Go mbeadh sé éasca agus duine ag deanamh an coinne cinntiú gur i nGaeilge a bheidh an agallamh.
3. Go mbeadh comhfhreagras ag deimhniú choinne a bheith dhá theangach de gnáth (agus gan "Irish Application a chuir leis.)
4. Go mbeadh na comharthaí sna h-oifigí clárúcháin dhá theangach.
5. Má deintear glaoch ghutháin faoin iarratas go mbeadh Gaeilge ar a t(h)oil ag an té a deineann an glaoch.
6. Go mbeadh an admháil dhá theangach.

Is léir sin ón méid a dúirt an dá Coimisnéir Teanga, Oifigigh Stáit, ceaptha ag Uachtarán na Tíre.
"Ní fhaca mé in imeacht 30 bliain mar iriseoir nó mar Choimisinéir Teanga an oiread ísle brí agus lagmhisnigh. D’ainneoin tacaíocht ollmhór ag tromlach an phobail i gcoitinne sa tír don teanga, tá sí á ruaigeadh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán phoiblí; ní bheidh sé furasta í a thabhairt ar ais go háit níos lárnaí."  (Seán Ó Cuirreáin, Coimisinéir Teanga 2003-2014; 4 Nollaig 2013)

"Is deacair fós do dhaoine muinín a bheith acu go mbeidh duine le Gaeilge mhaith rompu nuair a théann siad i dteagmháil le heagraíocht stáit. Má tá an duine sách muiníneach agus gur cás leo a ndóthain é lorgóidh siad a gcuid cearta. Ar ndóigh, dhéanfainnse an pointe más ceart é níor chóir go mbeadh ort é lorg. Tá bóthar fada amach romhainn sula mbeidh muid ag leanúint shampla Cheanada, áit a dtairgtear rogha seirbhíse duit i gceachtar den dá theanga oifigiúla." (Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga 2014-; 4 Lúnasa 2015).


Léiríonn an scéal seo an laige atá sa reachtaíocht ag éirí as Acht Teanga 2003. Luadh é ag an Coimisinéir Teanga ag an Oireachtas ar an gCéadaoín: "Ar cheann de na hábhair nach miste liom aird an Chomhchoiste a tharraingt air tá an líon gearán nach raibh ar chumas m’Oifige iad a fhiosrú de bhrí nár tháinig na comhlachtaí poiblí ábhartha faoi scáth an Achta. Ar an iomlán bhí 115 gearán den chineál seo i gceist. Bhain 35% acu sin leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus 15% le hUisce Éireann." (Ós comhair Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha 21/10/2015)

D'éirigh Seán Ó Cuirreáin as mar Coimisinéir Teanga mar ní fhéadfadh sé "a bheith páirteach sa chur i gcéill" le polasaí immealú na teanga ag an stáit. Is é an chead "ombudsman" a bhí air "seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo." (23 Eanáir 2014). Bhfuil náire ar lucht riaracháin na tíre nó an cuma leo!

Tá mise ag tiomáint le breis is caoga bliain agus go dtí seo ní raibh fadhb ar bith mo cheadúnas a athnuachan tré Gaeilge fiú nuair a bhí mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath. Anois agus mé lonnaithe i gcroí lár na Gaeltachta tuigim an teachtaireacht simplí
 atá a chuir chugam ag an stáit seo. "Chuile uair a dhiúltaíonn an Stát an méid sin a dhéanamh tá sé ag tabhairt teachtaireacht thar a bheith simplí maidir le tábhacht na teanga." 

Cad é an teachtaireacht símplí sin? "Labhraigí Gaeilge le chéile ach nár labhair linne í!"


Agus seo á scríobh agam tá teachtaireacht cuimhne faighte agam ó Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (NCT) agus cé gur cláraíos mo theastais i nGaeilge is i mBéarla a fuair mé an teachtaireacht cuimhne seo.

Cén saghas tír atá againn? B'fhíor ag an bPiarsach céad bliain nuiar a chuir sé na focail seo i mbéal an Chailigh úd: "Mó mo náir mo chlann féin ag díol a máthair!"

Nó mar a dúirt a dTaoiseach, "A great little country to do business in!" an fhad is a úsáidter Béarla.

• Seo alt a scríobhadh i dTuairisc.ie i mí Aibreáin 2016: ‘Tugadh rogha dom an scrúdú a dhéanamh as Béarla ar an lá nó fanacht ar dháta eile – ag fanacht atá mé fós’ - Tuigim dó!


Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment