Litir don Aire Stáit 23 Feabh 2014 |
Ach deireann Donncha Ó hÉallaithe, urlabhraí an grúpa a dhréachtaigh an achainí ar an Aire, go bhfuil sé tábhachtach nach mbeidh lámha an Choiste Comhairleacht ceangailte ag na téarmaí tagartha atá leagaithe síos ag an Roinn don choiste agus go mbeidh deis ag an gComhairle buaileadh le chéile níos minicí ná uair sa ráithe faoi cathaoirleacht neamhspléach.
"Tá sé tábhachtach chomh maith go mbeidh deis ag an gCoiste Comhairleach nithe a chur ar an gclár oibre as nós na leasaithe a theastaíonn a bheith curtha ar Acht na Gaeltacht 2012 agus an gá práinneach atá le Bord Oideachais don Ghaeltacht, má tá aon rath le bheith leis an bpleanáil teanga, sa mhéid bheag den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt."
Seo píosa ó Julian de Spáin, Rúnaí Chonradh na Gaeilge, faoin gcruinniú: Beidh an chéad chruinniú de Coiste Comhairleach faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar siúl Dé Céadaoin ag 11.00. Mar a luamar cheana féin, beidh le feiceáil an ionann an coiste seo agus an struchtúr a bhí ag teastáil uainn, i. an mbeimid in ann mianta an phobail a chur chun cinn ann agus go mbeidh gníomh déanta orthu go sásúil.
Is féidir aon mholtaí don chruinniú a chur chuig an Chonradh féin. (mar eolas, tháinig na moltaí seo a leanas ó Dhonncha Ó hÉallaithe cheana féin:
- (i) cathaoirleach neamhspleách ach rúnaíocht ón Roinn;
- (ii) castáil le chéile ar a laghad uair sa mhí, ní uair sa ráithe, mar atá ráite;
- (iii) cead fochoistí a chur ar bun faoi gnéithe éagsúla, mar shampla Teorannacha na Gaeltachta, Cúrsaí Oideachais sa Ghaeltacht, Leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla etc.)"
No comments:
Post a Comment