Showing posts with label iGaeilge. Show all posts
Showing posts with label iGaeilge. Show all posts

15.6.15

Caillte sna figiúirí!

Ar bhealach nach bhfuul an iomarca béim á chur ar na staitisticí.

Cinnte tá gá le rudaí a thomhas ach níl ann ach comharaimh. Mura bhfuil iniúchadh agus meastóireacht neamhspleách á dhéanamh, ní dócha gur féidir linn aon pholasaí a mheas is gceart nó a cheartú. Más féidir a rá go bhfuil polasaí ar bith ann.

Agus figiúirí, tuairiscí, meastúcháin agus easpa pholasaithe á phlé againn tagann focail Sheáin Uí Chuirreáin chugainn: "...idir an dá linn, tic-toc, tá an t- am ag sleamhnú agus más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais, go speisialta i réimse na teanga." (23/1/2014). 

Nach mbeadh sé níos tabhachtaí "ceist" na Gaeilge a thógaint ar ais ón Stát Chóras agus ó "acamademia" agus a thabhairt thár n-ais do phobal na sráide, Pobal na hÉireann, muide, gur linne í an Ghaeilge?

Chuireann iGaeilge a mhéar ar an fhadhb nuair a deireann sé:  "Ag croí na ceiste a thog Donncha Ó hÉallaithe,  bhí seo:  cé mhéid den aos óg atá ag labhairt na Gaeilge go laethúil le cáirde dá comhaois?

"In áit bheith ag brath ar thaighdeoirí acadúla, mar a dúirt fear liom le déanaí, agus aontaim leis, tá gá le comhrá a thosnú leis an aos óg faoin dteanga.  Cad é a dearcadh ina leith, i bhfirinne?   Tá gá seo a dhéanamh go leitheadach is go cuimsitheach is gan mhoill."

Tá céim mar sin tógtha  mar shampla ag Seo Linn ag tús na míosa seo agus iad a tabhairt "cic sa tóin do chultúr na ndeontaisí!" . Thárla sé anuireadh nuair a tháinig na sluaite amuigh ar Shráideanna Naofa Átha Cliath agus Béal Feirste agus iad "Dearg le Fearg!" Agus ar phríomh bhóthair Chois Fharraige le "Slán le Seán" a rá.

Mar a dúirt duine níos léanta ná mé "Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae!" Agus beidh sé i gcónaí mar sin má tá muide, mise agus tusa atá á léamh seo sásta an obair go léir a fhágáil ag "Lucht na Gluaiseachta!"

Ach conas?

Rud simplí amháin agus tú ar na meáin shóisialta cén teanga a úsáideann tú? Nuair atá radharc álainn á roinnt agat is féidir leat "Beautiful view!" nó "Radharc álainn!" le do leantóirí.  "Seo caifé deas i mBaile Átha Claith!" nó "This is a nice place to eat in D!" Más ceist politiúil is féidir do thuairimí a thabhairt i nGaeilge - cursaí Uisce Éireann, ceist chóid phoist agus an praiseach atá á dhéanamh ar sin.

Fiú má tá tú ag iarraidh a dhíriú ar alt sna meáin Bhéarla abir rud mar, "Iar-rúnaí sa an Roinn Airgeadais le bheith ós comhair choiste oireachtas - http://www.irishtimes.com/business/economy/banking-inquiry-cardiff-to-challenge-trichet-evidence-1.2249320" agus eile.

Ach má deireann scríobhnóir iGaeilge, "Ní gá fánacht ar údarás stáit chun é a dhéanamh.  Is féidir linne é a dhéanamh. Ní mór dúinn tabhairt faoi seo.  Ceisteanna deacair 'fasta suas' iad seo le plé le na glúinte níos óige - ach tá taithí ag dhaoine fásta ceisteanna deacra a phlé lenár bpáistí nach bhfuil?  

"Nó an bhfagfaimíd faoin idirlíon é?   Má dheinimíd amhlaid, íocfaimíd go daor as!

"I ndiaidh an comhrá, gníomh."

Thár aon rud eile  oscailímís ar mbéal agus labharaimís Gaeilge ní hamháin le chéile ach leis an saol!


Share/Save/Bookmark

20.11.14

Cúis ísle brí nó tráth cinniúnach? Ár rogha féin!

Sean ostán i lár Bhaile Átha Cliath is sea Wynns. Is ansin a bhailigh mór uaisle na Gaeilge le staidéar eile fós ar stáid na teangan, an uair seo ar chumas Gaeilge oige na Gaeltachta. Ocáid a bhí eagraithe ag COGG a bhí ann agus Runaí na Roinne Oideachas a sheol an tuairisc. 

Anailís eile!
Bá léir ó chuntaisí ar a bhí sa tuairisc go raibh cumas nios fearr sa Bhéarla acu a tógadh le Gaeilge sa bhaile. Agus mar críoch deireann sé muna n-athríonn an pobal agus an státchóras a gcur chuige i leith na Gaeilge sa Ghaeltacht, ní shárófar na dúshláin atá roimh an teanga. Ní hí an Ghaeltacht amháin a bheidh thíos leis ach an tír ar fad, mar beidh deireadh leis an 'náisiún Gaelach agus an bhféiniúlacht Ghaelach bheo.' Féach mar shampla Kevin Hickei ina alt, Cumas ‘níos fearr’ sa Bhéarla ag na cainteoirí óga dúchais is fearr, i dTuairisc.ie aréir.

Ba cúis diomá é seo do roinnt daoine.  Is mar seo a labhair ráiteas ó Tuismitheoirí na Gaeltachta" Díomá ar díomá, droch scéal in ndiaidh droch scéal. 

Croí trom
Mar a dúirt Seán Ó Cuirreáin beagnach bliain ó shin, "...dóibh siúd atá gafa go gairmiúil nó go deonach le cosaint nó cur chun cinn na teanga, is tréimhse í seo atá lán le héiginnteacht. Ní fhaca mé in imeacht 30 bliain mar iriseoir nó mar Choimisinéir Teanga an oiread ísle brí agus lagmhisnigh. D’ainneoin tacaíocht ollmhór ag tromlach an phobail i gcoitinne sa tír don teanga, tá sí á ruaigeadh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán phoiblí; ní bheidh sé furasta í a thabhairt ar ais go háit níos lárnaí."

Deireann ráiteas ó Tuismitheoirí na Gaeltachta: "Is le croí trom a fháiltíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta roimh thorthaí an taighde ‘Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta’ a seoladh inniu, ach creideann muid go gcaithfear fáiltiú roimhe mar gurb í an fhírinne í.

Ní haon dea-scéala atá sa tuarascáil seo do thuismitheoirí ach ní haon mhaith dúinn an cur i gcéill.

Déantar moltaí ag deireadh na tuarascála seo agus tá roinnt de na moltaí seo dírithe ar thuismitheoirí. Más aon ábhar dóchais é, tá an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta ag gníomhú ar chuile cheann de na moltaí seo ó bunaíodh muid sa mbliain 2011. Más ar bhonn fíor theoranta agus ar scála an-bheag féin é, creideann Tuismitheoirí na Gaeltachta gur dea scéala é seo.

Tá scoth na múinteoirí ag obair sa nGaeltacht ach níl aon rogha acu acu oibriú mar chuid de chóras nach ndéanann aon fhreastal ar an gcainteoir dúchais. Ba mhaith le Tuismitheoirí na Gaeltachta buíochas a ghabháil leis na múinteoirí seo, creideann muid go mbeadh an scéal i bhfad Éireann níos measa dá n-uireasa.

Tá achainí á dhéanamh ag an eagraíocht ar na hÚdaráis chuí (An Roinn Oideachais, Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta) gan neamhaird a dhéanamh de thorthaí an taighde seo agus gníomhú ar mholtaí an taighde láithreach.


Ná fágadh muid an chéad ghlúin eile de chainteoirí dúchais ar an bhfaraor géar."

Bhí dearcadh éagsúl ag scriobhnóir iGaeilge. "....Ná raibh sé riamh amhlaidh?   Is cuimhin liom mé féin in aois 7-12 bl.  agus na daoine a bhí ar chomhaois liom – bhíomar go léir ana chumasach sa Ghaoluinn agus sa Bhéarla.  Ní fhéadfaí mise a stopadh a léamh agus de bhrí gur beag an solathar leabhair i nGaeilge, bhíos ag léamh den chuid is mó i mBéarla.    Bhí mo chairde morán an gcéanna.    Ba sinne an dream leis an Ghaeilge ab fhearr ó dhúchas ónár gceantar d’ár n-aois – ach bhíomar chomh cumasach céanna i mBéarla ar a laghad....

...níl a fhios agam an fhadhb chomh mór é agus a chreideann daoine go mbeadh páistí atá idir 7-12bl níos cumasaí sa Bhéarla ná sa Ghaeilge ach más fadhb é sin, an bhfuil an réiteach ceart á moladh sa taighde seo?....

...is é mo bharúil mar thuismitheoir agus mar dhuine nach aon chabhair dúinn an taighde nua seo, go mbeidh sé á úsáíd mar chloch eile le cur ar charn chun an Ghaeilge sa Ghaeltacht a chur faoi chois, seachas a mhalairt.   " (B'fhiú go mór an alt ina iomláine a léamh!)

Bhfuil gníomh le teacht ón Roinn Oideachas, Roinn nach féidir le 98.5% den fhoireann i ndán plé leis an bpobal agus scoileanna sa teanga náisiúnta? "Tá An Roinn Oideachais agus Scileanna 100% tiomnaithe don Oideachas Gaeltachta" a dúirt Seán Ó Foghlú (Rúnaí na Roinne) ag an ocáid, a dúirt giolch ó Kevin De Barra. Nach spéisiúil gur cheap an Rúnaí go raibh gá a leithéid de rud a rá? An bhfuil sé chun a ráiteas sin a cruthú le gníomh?

Glac seilbh le dóchas!
"Tá an chluas bhodhar tugtha ag an Stát do na moltaí agus chuile uair a dhéantar staidéar ar stádas na Gaeilge sa nGaeltacht, buailtear creill bháis na teanga," atá in alt ag Maitiú Ó Coimín i dTuairisc.ie ar maidin.


Tá Fógra na Casca athraithe beagáinín aige "Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochloíte é ceart phobal na Gaeilge chun seilbh na Gaeilge agus chun dála na Gaeilge a stiúradh gan srian."

Ach an gá go mbeadh sé mar sin? Críochníonn sé a alt mar seo.

"Tá a ndóthain Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta ann le húdarás feidhmiúil éifeachtach a bhunú.

Tá na moltaí ann cheana féin.

Tá an saineolas agus na scileanna ar fáil cheana féin.

Fógraítear cruinniú. Toghtar Bord sealadach. Cumtar siollabas agus curculam nua. Cuirtear na moltaí i bhfeidhm. Stoptar ag clamhsán."

Cé go n-úsáidtear an briathar saor san alt deireannacht is dóigh liom go bhfuil dúshlán nach beag curtha ós ar gcomhair. 

Rud nach bhfuil aon amhras faoi agus sin nach féidir bheith ag brath ar an stát chóras a thuile. Tá fhios ag pobal na Gaeltachta sin ón stair  agus óna dtaithí féin.

Bhfuil muid chun glachadh leis an dúshlán nó leis an "mugadh magadh, briolla brealla agus bréaga" ón stáit? 



Share/Save/Bookmark

3.4.12

Trevor agus an 1.7 milliúin

Margadh mór atá i bpobal na Gaeilge agus cén áird atá á thabhairt ag lucht gnó don déighleog áirithe sin? Tá 1.7 Milliúin anseo sna 26 contae atá sásta a rá go bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Cé mhéid atá sna Sé Chontae? Agus cé mhéid thar lear? Tá i bhfad níos mó ar seo ag Conchubhair Ó Liatháin ina bhlag iGaeilge "1.77m chainteoir Ghaeilge sa Stát – Daonáireamh 2011!"


 Nuair a chuala mé faoin dtuairisc seo bhí sé spéisiúil dom go raibh na figiúirí chomh maith agus a bhí sé. Figiúirí a tabharfadh dóchas dúinn ó thaobh an Ghaeilge agus fiú ó thaobh na Gaeltachta cé gur géarchéim atá ann go fóill. Bíodh bród againn as! Tá breis is dhá mhilliún i bpobal na Gaeilge anois. Bainimís úsáid as.

Fuair mé ráiteas ó Trevor Ó Clochartaigh faoin dtuairisc ar Dhaonáireamh 2011 a foilsíodh le déanaí. Cé go bhfuil léiriú aisteach á thabhairt air ag thráchtairí áirithe an Bhéarla (Féach ar an bpíosa seo á gcáineadh ina dteanga féin - ón Sionnach Rua - Colm Kenny, The Irish Independent and Media Spin!).

Ait go leor ní fhaca mé rud ar bith ó phoiliteoir ar bith faoin chuid seo den tuairisc, seachas ráiteas ó Aire Sóisearach Dinny McGinley, "Fáiltíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich roimh thorthaí an daonáirimh 2011 ar chainteoirí Gaeilge".  Níl aon rud scríofa fiú ag Éamon Ó Cuív ina bhlag nua Béarla!

Seo a deireann an ráiteas ó Threvor:

Léiríonn an daonáireamh gur gá don Rialtas soláthar do phobail, bríomhar Gaeilge.
Cé go bhfuil fás i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, níl an méadú cuí i seirbhísí nó tacaíocht chun freastal orthu, de réir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.


Bhí an Seanadóir Shinn Féin, as Gaillimh Thiar ag tagairt d'fhoilsiú torthaí luath an daonáireamh, a léirigh fás ar phobail na Gaeltachta agus na Gaeilge tré chéile.


“Leiríonn na figúirí seo treocht dearfach leanúnach ó thaobh fás na teanga agus ó thaobh na ceantair Ghaeltachta. Tá lucht labhartha na Gaeilge ag 1.77m duine, an méid is mó le glúnta anuas agus sin meadú de 7.1%. In éineacht leis sin sin, labhrann 111,462 duine Gaeilge ar a laghad uair sa tseachtain agus labhrann 77,185 an teanga go laethúil taobh amuigh den chóras Oideachas.”


"Léiríonn sé seo go soiléir teanga bheo, bríomhar, atá ag fás agus ag dul i bhfeidhm go háirithe ar níos mó daoine óga.


"Tá fás de 2.9% feicthe againn i bpobal na Gaeltachta atá ag labhairt na Gaeilge go laethúil chomh maith, cé go bhfuil roinnt imní orm nach bhfuil an fás sin ag an ráta ceánna leis an fás iomlán daonra sa nGaeltacht, atá thart ar 5.2%.


"Tá roinnt nithe dearfacha sna staitisticí, ach tarraingíonn siad aird chomh maith ar doicheall an Rialtais soláthar mar is cuí a dhéanamh don phobal seo atá ag fás agus ag forbairt. Tá na figiúir seo dhá eisiúint ag am a bhfuil an Rialtas ag beartú Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhnascadh leis an Ombudsman, go bhfuil ionsaí fíochmhar dhá dhéanamh ar scoileanna Gaeltachta agus go bhfuil an bunús daonlathach dhá bhaint de bhord Údarás na Gaeltachta.


"Tá cuid mhaith ceantair Gaeltachta ag strachailt le fostaíocht a tharraingt chucu féin agus chun deimhniú nach gcaithfidh bunú an cheantair imeacht, nó dul thar sáile ar thóir oibre. In ainneoin sin, is beag iarracht fónta atá déanta ag an Rialtas le hinfheistíocht a dhéanamh ann nó fostaíocht a chruthú. Go deimhin tá siad ag leanúint leis an ciorrú ollmhór i mbuiséad caipitil an Údaráis a bhí ag an Rialtas eile rompu.


"Tá an fás sa daonra mar thoradh ar obair chrua cuid mhaith gnáth dhaoine agus eagrais éagsúla teanga agus pobail a bhfuil ardmholadh ag dul dóibh as ucht an obair éachtach atá ar siúl acu. Tá seo ag tarlú in ainneoin go bhfuil an Rialtas ag déanamh neamhsuim de riachtanais an phobal seo agus an éileamh bhreise atá acu do sheirbhísí tré Ghaeilge. Má tá siad dáiríre faoin bhfás seo a chaomhnú caithfidh siad beart a dhéanamh de réir briathar. Freisin, caithfidh siad aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe agus tosú ag cur an Straitéis Fiche Bliain agus eile i bhfeidhm mar is ceart.


"Má dhéanann siad sin tá mé cinnte go bhfeicfidh muid a thuilleadh fáis i bhfigiúrí daonáireamh 2016".


Tá breis tuairimí léirithe ar shuíomh Ghaelport: Ardú de 7% ar líon na gCainteoirí Gaeilge!


Agus ag Pól Ó Muirí san Irish Times  - "Lucht na teanga ag cogaint staitisticí an daonáirimh go smior!" (4/4/12)


An daonáireamh agus na Meáin Ghallda (Eagarfhocal Gaelscéal 4/4/2012)


Share/Save/Bookmark

2.6.11

Cuairt ar Buswells!

Sa pic ó chlé: Julian de Spáin, Peadar Mac Fhlannchadha, An Aire Sóisearach Dinny McGinley, Éamonn Mac Niallais agus Dónall Ó Cnáimhsí
Ar amharaí an tsaol bhí mé i mBaile Átha Cliath ar an gcéad lá den mhí gan coinne. Ós rud é go raibh fhios agam go raibh sé ar siúl chuaig mé go Buswells don Lá Eolais do Polaiteoirí a bhí eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus ag Guth na Gaeltachta.

Is fada, na blianta, ó bhí mé san Ostán áirithe sin agus bhí an-chuid athraithe tagtha ar an áit. Is dócha ar bhealach níl an ostán áirithe seo i bhfoirgineamh atá oiriúnach dá leithéid de ghnó. Ach bíodh sin mar atá tá an suíomh féin thar a bheith oiriúnach le buaileadh le lucht Thigh Laigheann trasna na sráide. Mar sin féin cheapas go raibh an seomra, a bhí thíos staighre nach raibh ró éasca a aimsiú, ró bheag, dorcha agus ró the. Ach is dócha nach raibh mórán rogha seomraí acu san ostán sin.

Bhí slua maith ann ach is cosúil faoin am a shroic mise an áit ní raibh mórán polaiteoirí tar éis teacht, is cosúil go raibh cruinniú ag Fine Gael ar maidin agus bhíodar ag súil le níos mó ann sa tráthnóna.

Tháinig an Aire Soisearach Ealaíon, Oideachais agus Gaeltachta, Dinny McGinley TD go luath is cosúil. Agus tógadh pictiúir de ann!

I measc iad siúd a chonaic mé ann bhí Conchubhair Ó Liatháin (iGaeilge), Máire Denvir, Coláiste Chamais, Seán Ó hAdhmail, Forbairt Naoinraí Teo., Dónall Ó Cnáimhsí, Guth na Gaeltachta, Julian de Spáin agus Peadar Mac Fhlannchadha, Conradh na Gaeltachta.

Bhí orma imeacht roimh lón agus níl fhios agam conas ar éirig leis an lá. Bé an triú cruinniú dá shaghas agus is cinnte gur gá an soiscéal a scaip san earnáil polataíochta. Tá níos mó faoin lá seo le fáil anseo!
Share/Save/Bookmark

5.4.11

TG4 - Teilifís na Gaeilge?

Léigh mé blag iGaeilge inniú agus bhí píosa, Nuacht i mBéarla ar phríomhleathnach TG4!!! a chuir íonadh an domhain orm.

Chuaigh mé chuig suíomh TG4 agus thug mé faoi dearadh an rud a bhí ag chuir isteach air. Féach thuas mar a bhí sé.

Ar ndóigh tá cnaipe "English" thuas ar bharr mar is gnáth dóibh siúd nach bhfuil Gaeilge acu - is cosúil go bhfuil Béarla ag gach éinne nach bhfuil Gaeilge acu!

Ansin tá fógra, i mBéarla ar ndóigh ó Nissan. Ní thuigim an meoin a cheapann go ceart fógraí a bheith i mBéarla ar shuíomh Gaeilge ach bíodh san mar atá....

Ansin tá na cnaipe éagsúla a thógann chuig na leathanaigh eile thú - bhfuil focal Gaeilge ar "Players" meas tú? "Seinnteoir" b'fhéidir?

Ansin  tá scannán beag éigin (Tá sé dubh sa pic thuas!) agus ar dheis tá fógra chláir (Ponc, Ros na Rún, Mo ghrá geal agus eile!)

Faoi sin aris ar chlé tá gearr-nasc chuig cula4, PONC agus Gradam Ceoil TG4. I lár ansin tá "Nuacht (News) Spórt (Sport)" atá go hiomlán as Béarla. Is faoi sin atá iGaeilge ag caint! Go n–usáitear foinse Bhéarla RTÉ ar suíomh sheirbhís a bunaíodh le freastal ar lucht na Gaeilge.

Ar dhéis tá fógra eile arís i mBéarla ó Vodafone...bhfuil aon chomhlucht sásta Gaeilge a úsáid?

Thíos faoi sin tá nasc chuig suíomg TG4 ar facebook. Tá na nodanna anseo i mBéarla. Tá fhios agam gur féidir an rogha a bheith agat facebook a bheith agat i nGaeilge (mar aon le iliomad teangacha eile) agus ní thuigim cén fáth nar rognaigh TG4 é sin.  I lár ansin tá an aimsir. Arís chuireann sé íontas orm nach mbíonn fógraí an urraitheora i nGaeilge. Sa bosca ar chlé tá siopa TG4.

Thíos faoi sin tá clárach an lae déanta amach an-chliste dár liom le pic beag do gach clár!

Tá an suíomh féin go deas. Tá sé éasca rudaí a aimsiú - níos fearr ná suíomh Béarla RTÉ nó RnaG.

Cén fáth an Béarla?
Share/Save/Bookmark

8.12.10

Geilleagar na Gaeilge?

Ní raibh an seans agam breathnú ar na hathraithe atá le feiceáil sa cháin fháisnéis a d'fhogair an Rialtas inné. Ach buíochas le Dia tá daoine eile sásta é a dhéanamh dúinn! Ar ndóigh níl leagan Gaeilge den rud le fáil.

Féach ar alt Choncubhair Uí  Liatháin,  Ait liom i ndiaidh na sceannairte.

An dá  rud a chuaigh i bhfeidhm orm go mór:
  • Tá méadú 15% ar chostaisí riaracháin na Roinne - agus méadú 111% ar chostaisí chomhairleoirí. (Office of the Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs -sic)
  • Tá laghdú 42% ar chaiteachas Gaeltachta agus ísliú aon trian ar mhaoiniú na Gaeilge. (Nó mar a deireann an Rialtas: Gaeltacht and Islands Development; Promotion and Maintenance of Irish Language; North-South Co-operation - an Foras Teanga).
Mar sin tá jabanna seo Roinn áirithe se sabhálta ach meas tú cad a bheidh á dhéanamh acu?

Seo a deireann Guth na Gaeltachta:

Coimriú:
Cé go bhféadfadh sé bheith i bhfad níos measa da nglacfaidh le moltaí an Bord Snip Nua (réiteach a fháil dén Roinn, curaimí fiontraíochta an Údaráis, na scéimeanna Gaeltachta uilig, COGG agus araile), tá sé deacair feiceail cén áít a bhfuil an tiomantas ag dul a theacht as do chur i bhfeidhm an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.  Tá breis dualgais beartaithe don Údarás faoin Straitéis ach tá laghdú mór ar a bhuiséad.  Tá muid thar a bheith imníoch faoi thodhchaí churaimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta de bharr an ciorradh mór sa chiste caipitil do chruthú fostaíochta.    Mar i gcéanna, ta laghdú sunntasach ar mhaoiniú na heagraíochtaí pobail.   Fágann seo an cheist, cé atá ag dul a thiomaint an Straitéis?

Príomhphointí:
    1.  Caiteachas Gaeltachta agus Oileáin=laghdaithe 42% Tá laghdú ollmhór ar chaiteachas iomlán Gaeltachta agus Oileáin ó EUR112M i 2007 go dtí EUR40M do 2011(féach thíos).  Ba é an rud a bhí molta ag an Bord Snip Nua i 2009 nó an caiteachas a ísliú go dtí EUR36M agus tá muid beagnach ag an figiúir sin anois do 2011.
      2011 = €40milliúin 
      2010 = €69milliúin 
      2009 = €86milliúin 
      2008 = €105 milliúin 
      2007 = €112milliúin
     
    2.  Curaimí Fiontraíochta Údarás na Gaeltachta Tá laghdú ollmhór ar chaiteachas caipitil(ciste fiontraíochta/cruthú fostaíochta) an Údaráis thar an tréimhse céanna(féach thíos). Níl aon dabht ach go gciallaíonn seo go mbeidh tuilleadh ísliú ar líon na bpostanna a bhéas an Údarás ag cruthú sa Ghaeltacht i 2011 agus go dtabharfaidh sin armlón doibh siúd sa Státchóras atá ag iarraidh na curaimí fiontraíochta a bhaint dén Údarás agus a aistriú go Fiontair Éireann.
      2011 = €6 milliúin* 
      2010 = €15milliúin**
      2009 = €19milliúin 
      2008 = €22.5 milliúin 
      2007 = €22.5milliúin  
      * Tá an Roinn ag maíomh go bhfuil EUR4.2milliúin sa bhreis ar seo ag an Údarás i mbliana de bharr scaranna a dhíol siad anuraidh ach tá an dainséar laidir ann go mbeidh an chead Rialtas eile ag úsaid an EUR6Milliúin seo mar shlat tomhais do bhuiséad 2012.  Tá an Roinn ag rá chomh maith go mbeidh thart ar EUR2M sa bhreis ar seo chomh maith mar gheall ar dhíolaocht socmhainní i 2011 ach níor cuireadh sin san aireamh aon bhliain i gcainfhaisnéisí eile agus mar sin, ní féidir bheith a thabhairt san aireamh anois le comparaid ceart a dhéanamh. 
      ** Tá EUR3milliúin sa bhreis curtha ar fáil ag an Roinn i 2010 don Údarás le riaraistí Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a ghlanadh, sin an fath go bhfuil an figiúir seo ag EUR18 milliúin sa chainfhaisnéis.
     
    3.  Comharchumainn/Naíonraí/Óige na Gaeltachta Tá laghdú EUR600,000 san allúntas seo i mbliana i gciste reatha Údarás na Gaeltachta, rud a chiallaíonn go bhfuil laghdú de beagnach EUR1milliúin nó 20% ar seo le dha bhliain anuas.  Léirigh Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Padraig Ó hAoláin míshuaimhneas laidir i leith na ciorruithe seo ach go háirithe ar 7 LÁ areir rud a thugann le fios go bhfuil brú ollmór ar acmhainní don réimse pobail seo cheana féin. 
    4.  Scéimeanna Gaeltachta Tá laghdú 9% nó EUR800,000 déanta ar an réimse seo ach níl aon briseadh síos tugtha ar na scéimeanna éagsúla go foill ach amháin i bpreasraitis an Aire go ndéir sé go bhfuil ciorraithe 5% ar na Mná Tí nó Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.  
    5. Eile
  • Beidh laghdú 2.6milliúin nó 36% ar Chiste na Gaeilge.
  • Beidh laghdú 16% ar Oifig an Chomisinéire Teanga.
  • Níl ach laghdú 1% ar bhuiséad TG4 ach go mbeidh sciar níos mo ag teacht ó RTÉ in áit ón chiste Stáit.
  • Níl aon sonraí tugtha faoi COGG.
  • Dúirt an tAire go bhfuil EUR1.5milliúin curtha i leataobh don Straitéis 20 Bliain ach ní fios cén áit a bhfuil sin san aireamh sa chainfhaisnéis.
  • Laghdú sunntasach ar an allúntas do na haerfoirt réigiúnda.
Deireadh le ráiteas Guth na Gaeltachta.

Dár liomsa tá sé soiléar le fada nach féidir braith ar aon pháirtí poilitiúla le bheith ar son na Gaeilge. I ndairíre an botún is mó a rinne Conradh na Gaeilge, fadó, ná chúram na hathbheocana a fhágáil ag an stáit nua.

Is le muintir na tíre seo, muintir na hÉireann, an teanga ársa seo. Ní ceart dúinn bheith ag braith ar Rialtas. Tá dlithe áirithe ann anois agus is ceart dúinne úsáid a bhaint as na dlithe agus seirbhíse seo. Deirtear linn nach bhfuil cumas na teanga ach ag 3% sa Roinn Oideachas.

Cén teanga a úsáideann na Gaelscoileanna agus iad ag deanamh teangabháil leis an Roinn sin? Má chuirtear gach ciorcalán i mBearla thar n-ais chuig an roinn ag iarraidh an leagan Gaeilge de, cad a tharlódh.
    "Ceadaíonn an Bunreacht don duine gach gnó – agus gach cuid dá ghnó – a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge agus trí Ghaeilge amháin. Ciallaíonn an ceart bunreachtúil go bhfuil, dá réir sin, dualgais ar chomhlachtaí poiblí na tíre géilleadh don cheart sin." (An Coimisinéir Teanga)
An féidir an ceadúnas teilifíse a íoch as Gaeilge? Ná h-íoch ach as Gaeilge é! An chuid rudaí eile ann, cáin dod charr, ceadúnas tiomána, árachas sláinte, cáin ioncaim, droichead dola, 7rl 7rl. Bhí feachtas "Glac Leis" níos luath sa bhliain ag Conradh na Gaeilge agus dúradar: “Tá sé ríthábhachtach pobal na Gaeilge - go háirithe daoine óga - a mhisniú agus a chumasú le seirbhís trí Ghaeilge a iarraidh i gcónaí ó ranna stáit, ó chomhlachtaí poiblí agus ó institiúidí Eorpacha, agus tá an Conradh i mbun pobal na Gaeilge a chur ar an eolas faoi na buntáistí agus na deiseanna úsáidte a bhaineann leis an teanga, san Eoraip agus anseo sa bhaile, tríd an bhfeachtas cearta teanga Glac Leis.”

Glac leis mar sin go bhfuil Gaeilge ag gach eagras stáit, roinn, coiste, comhairle áitiúil, comhlucht poiblí agus dean gníomh dá réir. Beidh neart le déanamh ag an stáit tré Gaeilge ach é a iarraidh nach cosnódh pingin níos mó ar an stáit chiste. Glac leis.
Share/Save/Bookmark