18.9.15

Comhthéacs na Pleanála Teanga in Éirinn. Mar a labhair @CeartaTeanga ag #EPT15

"Tá bealach ag na healaíona le gach cineál duine a mhealladh chucu, beag beann ar chúrsaí teanga."

Bhí Comhdháil Ról na nEalaíon sa Phleanáil Teanga 2015 ar siúl ar na Forbacha le deanaí. Bhí sé eagraithe ag Ealaíon na Gaeltachta agus ba léir go ndéanadh an-chuid oibre ag eagrú clár lán agus fiúntach (pdf).

Tháinig lucht na n-ealaíon, saineolaithe teanga agus pobal na Gaeltacht le chéile thar dhá lá, le ról rí-thábhachtach na nealaíon sa phleanáil teanga a scagadh. Chuir aíonna as Albain, An Bhreatain Bheag, Tír na mBascach agus Friesland samplaí dea-chleachtas i láthair, mar aon le léargas a fháil ó shár ealaíontóirí agus ó eagrais ealaíona Gaeltachta. Bhí an-chlár eagraithe don imeacht agus bhí tinreamh maith i láthair do na míreanna éagsúla

Is ar an Aoine a thug Rónán Ó Dónaill, An Coimisinéirí Teanga,  oráid uaidh ar an ábhar: Comhthéacs na Pleanála Teanga in Éirinn. Seo h-iad a chuid nótaí cainte.

Comhthéacs na Pleanála Teanga in Éirinn.

TÚS
Táim thar a bheith sásta a bheith anseo in bhur gcomhluadar don chomhdháil seo agus ar an gcéad dul síos ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl d’Eibhlín de Paor agus Ealaín na Gaeltachta as an gcuireadh. Tá seanaithne agam ar Eibhlín mar gur oibrigh an bheirt againn le chéile ar feadh scaithimh mar iriseoirí agus tá a fhios agam gur duine díograiseach coinsiasach í agus táim cinnte go bhfuil a cuid taithí agus taithí na foirne ar fad in Ealaín na Gaeltachta ag dul go mór chun tairbhe do na healaíona i gcoitinne, na healaíona Gaeilge agus go speisialta cúrsaí ealaíon sa Ghaeltacht.

Tá ról lárnach ag na healaíona Gaeilge le daoine a tharraingt le chéile agus insíonn an stair dúinn go bhfuil spéis mhór ag muintir na Gaeltachta sna healaíona. Luaim an drámaíocht mar shampla; bealach chun lucht labhartha na Gaeilge a thabhairt le chéile chun a gcuid smaointe a roinnt agus na smaointe sin a chur os comhair an phobail ar cheann de na bealaí is macánta agus is ionraice atá ann, is é sin ar an stáitse. Cuimhním ar chumann drámaíochta mo bhaile féin, Aisteoirí Mhic Easmainn ar an gCeathrú Rua, agus na sluaite ag teacht amach chuig an scoil náisiúnta ansin le linn m’óige leis an dráma is deireanaí uathu a fheiceáil. Agus tá na cumainn chéanna ar fáil fud fad na Gaeltachta dar ndóigh, ó Halla na Feothanaí go Gaoth Dobhair. Bhíodar lárnach sa bpleanáil teanga fiú sular tháinig an téarma sin ar an bhfód.

Cuidíonn an healaíona mar a dúirt mé le daoine a tharraingt le chéile. Is sa gCumann Drámaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a chuir mise aithne ar dtús ar chainteoirí le saibhreas sa Ghaeilge ó Ghaeltacht Dhún na nGall agus ó Ghaeltacht Chiarraí. Thóg sé píosa dul i dtaithí ar na canúintí éagsúla ach nuair atá tú ar stáitse agus ag brath ar na haisteoirí eile chun cinntiú go dtiocfaidh tú slán agus nach ndéanfaidh tú dearmad ar do chuid línte, ní bhíonn tú i bhfad ag foghlaim.

COMHTHÉACS
Is le blianta beaga anuas, agus go háirithe ó foilsíodh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch sa bhliain 2007, a leagadh níos mó béime ar an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht. Is dócha gur bhain an taighde sin stangadh as chuile dhuine sa Ghaeltacht a raibh suim acu i dtodhchaí na Gaeilge mar theanga bheo phobail. Thug sé an léargas ba shoiléire dúinn faoi staid na teanga agus an chaoi, i gcaitheamh na mblianta agus de réir a chéile, a raibh cúngú agus laghdú ag teacht ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht faoi mar a tharla i ngach coirnéal eile den tír i bhfad roimhe sin. Níl aon réiteach simplí ná éasca le fáil ar an staid ina bhfuil cúrsaí – dá mba ann dá leithéid bheadh sé déanta i bhfad roimhe seo.

Is as an gcúlra seo a fáisceadh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge sa bhliain 2010 agus ina dhiaidh sin an phleanáil teanga le teacht i bhfeidhm Acht na Gaeltachta sa bhliain 2012. Ó shin i leith tá na pobail Ghaeltachta i mbun na pleanála teanga agus roinnt blianta tugtha dóibh le pleananna a ullmhú chun a stádas mar Ghaeltacht a choinneáil. Bí ar a shon nó amhrasach faoin gcur chuige seo creidim ar laghad ar bith go bhfuil sé folláin agus thar am go mbeadh na pobail Ghaeltachta féin i mbun plé ar chúrsaí teanga ina gceantair féin.

"Tá bealach ag na healaíona le gach cineál duine a mhealladh chucu, beag beann ar chúrsaí teanga. Sa timpeallacht Ghaeltachta caithfidh na healaíona a bheith aitheanta, ar bhealach neamhbhagrach, le fuinneamh a thabhairt don teanga."
Ach creidim chomh maith go bhfuil dúshláin go leor leis an bpróiseas seo. An bhfuil an baol ann go mbeidh sciar mór den phobal nach gcuirfidh aon spéis san obair seo agus nach mbeidh aon rath air dá bharr? Is anseo is féidir leis na healaíona pobail tionchar a imirt ar an méid sin trí bheocht agus brí a chur sna pobail Ghaeltachta agus ag an am céanna ár dteanga dhúchasach a bheith fite fuaite sna hiarrachtaí sin. Tá bealach ag na healaíona le gach cineál duine a mhealladh chucu, beag beann ar chúrsaí teanga. Sa timpeallacht Ghaeltachta caithfidh na healaíona a bheith aitheanta, ar bhealach neamhbhagrach, le fuinneamh a thabhairt don teanga. Sa gceantar seo smaoiním ar an obair mhór a rinne Pléaráca le blianta fada, an obair atá ar siúl ag Fíbín, coláistí Gaeilge, cumainn drámaíochta, na clubanna óige agus go leor leor eile, cuid mhaith acu nach lorgaíonn agus nach bhfaigheann an t-aitheantas atá tuillte acu.

Ach níl sna healaíona ach spóca amháin i roth mór na Gaeltachta agus caithfear díriú ar gach spóca sa roth sin a neartú. Tá cinn áirithe ar féidir leis na pobail féin, leis an tacaíocht cheart, go leor a dhéanamh as a stuaim féin ina leith. Leis an gceannaireacht agus na hacmhainní atá ag teastáil tá an deis ann go leor a bhaint amach. Gan dabht, braitheann an próiseas pleanála teanga ar a dóthain acmhainní a bheith ar fáil don obair atá le déanamh. Tá mé cinnte gur téama í sin atá pléite go mion agus go minic le linn na comhdhála seo.

"Ó thaobh na pleanála teanga de tá sé tábhachtach go n-éileodh an pobal seirbhísí trí Ghaeilge ón Stát agus nuair a chuirtear seirbhísí ar fáil go mbaintear úsáid astu."
Feictear domsa go bhfuil nasc nádúrtha idir an phleanáil teanga agus cearta teanga. Baineann cearta teanga, i gcomhthéacs na tíre seo, leis na cearta atá ag saoránaigh teacht ar sheirbhís ina dteanga féin ón Stát. Ní gá dom athrá a dhéanamh ar na deacrachtaí a bhaineann uaireanta le teacht ar sheirbhís shásúil trí Ghaeilge ón státchóras. Tuigeann muid uile gur ann dóibh agus tá go leor ráite maidir leis na bealaí ar chóir dul i ngleic leis na deacrachtaí sin, go háirithe dóthain daoine le Gaeilge a bheith fostaithe sa státchóras. Tá easpa comóntachta ann maidir leis na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge freisin, dar ndóigh.

Ach tá sé ceart chomh maith go n-aithneofaí go bhfuil iarrachtaí móra déanta ag roinnt eagraíochtaí stáit, in imeacht na mblianta, breis seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ó thaobh na pleanála teanga de tá sé tábhachtach go n-éileodh an pobal seirbhísí trí Ghaeilge ón Stát agus nuair a chuirtear seirbhísí ar fáil go mbaintear úsáid astu. Ach ní féidir go mbeadh aon cheist faoi chaighdeán na seirbhísí sin – caithfidh na seirbhísí a chuirtear ar fáil i nGaeilge a bheith ar aon dul leis na seirbhísí a cuirtear ar fáil i mBéarla, níor cheart go mbeifí ag súil ná go nglacfaí lena mhalairt.

PLEANÁIL SEIRBHISÍ SA GHAELTACHT
"...an bhfuiltear ag iarraidh ar na pobail Ghaeltachta níos mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de ná mar atá an Stát féin sásta a dhéanamh?"
Ón tuiscint atá agamsa ar an bpróiseas pleanála teanga, agus níl aon bhaint dhíreach agam leis, feictear dom go bhfuil an t-ualach á leagan go trom ar na pobail áitiúla agus cheisteoinn an bhfuil an córas stáit sásta a chuid féin den ualach a iompar. B’fhéidir gur cirte dom a fhiafraí an bhfuiltear ag iarraidh ar na pobail Ghaeltachta níos mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de ná mar atá an Stát féin sásta a dhéanamh?

AN CEART IS BUNÚSAÍ
"Bíodh is go bhfuil muid imithe i dtaithí ar an gcur chuige sin ní shin le rá go bhfuil sé ceart."
Sna míonna amach romhainn beidh muid ag comóradh na n-eachtraí a tharla cothrom an ama seo 100 bliain ó shin – eachtraí a bhí mar thús do bhreith an náisiúin seo. Nach deacair a chreidiúint in imeacht na mblianta sin go léir nach bhfuil an ceart is bunúsaí bronnta ar na pobail ina labhraítear ár dteanga dhúchasach iontu go fóill, is é sin an ceart go ndéileálfadh ár Stát linn go cuimsitheach inár dteanga féin. Chuile uair a dhiúltaíonn an Stát an méid sin a dhéanamh tá sé ag tabhairt teachtaireacht thar a bheith simplí maidir le tábhacht na teanga. Tá muidne mar phobail Ghaeltachta tar éis dul i dtaithí ar an méid sin, tá muid fiú tar éis glacadh leis, ní cheistíonn muid é go rialta agus is ábhair iontais dúinn é go minic nuair a chuirtear seirbhís ar fáil dúinn i nGaeilge. Bíodh is go bhfuil muid imithe i dtaithí ar an gcur chuige sin ní shin le rá go bhfuil sé ceart.

Ag labhairt dó níos luaithe i mbliana chuir Uachtarán na hÉireann dúshlán roimh lucht údaráis na tíre seo go léireoidís ceannaireacht maidir le húsáid na Gaeilge. Aontaím leis. Tá an cheannaireacht sin ag teastáil anois níos mó ná riamh. Gníomh fónta a bheadh ann don teanga, do chearta teanga agus don phleanáil teanga dualgas soiléir reachtúil a shocrú a d’fhágfadh go mbeadh ar an Stát a chuid seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge sna pobail sin a bhfuil an Ghaeilge in úsáid iontu mar ghnáth-theanga laethúil an phobail. Ní amháin gurbh é an rud ceart le déanamh é agus is é an rud is lú é ar chóir a bheith ag súil leis.

Tá alt anseo a chuireann an oráid a rinne réamhtheachtaí Rónáin Uí Dhomhnaill, Seán Ó Cuirreáin ina cruinniú deireannach le Coiste Oireachtas ular éirigh sé as (Eanáir 2014),  "....deirim an méid seo go cinnte libh inniu anseo i dTithe an Oireachtais – gur le croí trom a thabharfas pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aghaidh ar chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca, faoi cheann dhá bhliain eile, mura bhfuil inár dteanga náisiúnta ach teanga shiombalach agus, seachas í a bheith ina croíchuid dár gcultúr agus dár n-oidhreacht bheo, go mbeadh sí brúite ar leataobh, fágtha ar an imeall agus in áit na leathphingine i saol an náisiúin seo."

Cinnte, mar a deireann Uachtarán na hÉireann tá ceannaireacht ó lucht údaráis na hÉireann ag teastáil anois níos mó ná riamh.

Nascanna eile
• Cearta Teanga: Fís don Todhchaí! (Lúnasa 2015)
Cur chuige an mhéir fhadachais! (Feabhra 2015)
• Léiriú ag Donncha Ó hÉallaithe ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch a foilsíodh 2008.


Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment