20.9.10

Lá Eolas i mBuswell's

Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag eagrú lá eolais do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí ag tús na míosa seo chugainn. Is é aidhm an lae a chur in iúl do na hionadaithe poiblí go gcaithfidh an Rialtas:

  • glacadh le moltaí an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
  • gan glacadh le moltaí na Roinne Airgeadais i leith na Gaeltachta mar atá leagtha amach sa cháipéis ‘Tosaíochtaí Infheistíochta Infreastruchtúir 2010 – 2016’.

  • Mhínigh Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, an tábhacht a bhaineann leis an lá eolais: “Bhí lúcháir ar phobal na Gaeilge nuair a foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i mí na Samhna anuraidh ach ba léir go raibh laigí inti. Tá stocaireacht déanta ag grúpaí éagsúla ó shin leis an Straitéis a fheabhsú. Tá moltaí maithe déanta ag an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus tá sé riachtanach go nglacfaidh an rialtas le gach ceann acu. Tá muidne ag iarraidh cuidiú a fháil ó bhaill an Oireachtais lena chinntiú go dtarlóidh sé sin.”

    Beidh cur i bhfeidhm na Straitéise ag brath ar an maoiniú cuí a bheith ar fáil ón Státchiste. Tá éiginnteacht mhór ag baint le foinsí maoinithe, áfach, ó foilsíodh an cháipéis: ‘Tosaíochtaí Infheistíochta Infreastruchtúir 2010 – 2016’. Labhair de Spáinn faoin mbeaguchtach a chuir an cháipéis sin ar phobal na Gaeilge:
    “Bhain an cháipéis geit as go leor daoine ach chuir sí scanradh ar phobal na Gaeilge. Tá laghdú ollmhór molta do bhuiséad na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta sna blianta amach romhainn. Leis an fhírinne a rá, má chuirtear na pleananna sin i bhfeidhm, beidh deireadh leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta faoi 2016. Tá sé chomh simplí sin!”

    Agus é ag caint faoin gcéad chéim eile dúirt Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta:
    “Tá géarghá le soiléiriú ag an staid seo. Ní bheifear ábalta an Straitéis a chur i bhfeidhm mar is ceart bunaithe ar na figiúirí atá leagtha amach in Tosaíochtaí Infheistíochta Infreastruchtúir 2010 – 2016. Dar linn gur infreastruchtúr iontach tábhachtach iad an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. Beidh ról lárnach le himirt ag an dá eagraíocht i gcur i bhfeidhm na Straitéise ach an maoiniú cuí a bheith ar fáil.”

    Tá súil ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta go mbainfidh gach duine sult agus tairbhe as an lá. Beidh ionadaithe ó gach Gaeltacht agus ó Dháilcheantair éagsúla ar fud na tíre i láthair le léiriú soiléir a thabhairt go bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aontaithe ag an am cinniúnach seo don teanga.

    Beidh fáilte roimh chách idir Theachtaí Dála, Sheanadóirí agus an phobal i gcoitinne theacht isteach agus bualadh linn in Óstán Buswells idir 8.00r.n. agus 6 i.n. ar an 6 Deireadh Fómhair 2010.
    Share/Save/Bookmark

    No comments:

    Post a Comment