26.11.09

6.5 Réimsí Gnímh

Na Meáin agus Teicneolaíocht


Tá cuspóir amháin i Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 maidir leis na meáin agus teicneolaíocht:

Cuspóir 9 Déanfar cinnte de go bhfuil seirbhísí cuimsitheacha craolacháin ar ardchaighdeán ar fáil trí mheán na Gaeilge, go mór mhór trí fhorbairt leanúnach a dhéanamh ar RTÉ, ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4.

Go Ginearálta
Tá an Ghaeilge cheana féin san aonú aois is fiche ag seoladh cúrsa i dtreonna nua. Ní réimeanna scartha iad na hearnálacha traidisiúnta d’oideachas, an pobal, ealaíona agus na meáin a thuilleadh ina bhféadfar polasaithe aonair ar leithligh a cheapadh agus a fheidhmiú. Teangacha a bhí roimhe seo faoi mhíbhuntáiste de bharr an bonn pobail a bheith scaipthe tá siad i gcaoi mhaith anois le leas a bhaint as deiseana do nuálaíocht tri theicneolaíochtaí nua cumarsáide agus meán. Tá deiseanna móra ag baint leis na forbairtí sin le tógáil ar acmhainní sna healaíona agus in oideachas agus le bealaí nua a oscailt suas do dhaoine aonair agus do phobail le cur lena n-eolas ar an nGaeilge agus le húsáid rialta a bhaint aisti.

Léamh, Scríobh agus Labhairt
Éilíonn cur leis an acmhainn i léamh agus i scríobh na Gaeilge smaointeoireacht nua a théann thar na srianta a bhaineann leis an bhfocal scríofa clóite ar pháipéar. Ní mór do pholasaí amach anseo aird a thabhairt ar na deiseanna atá ann ó thaobh naisc a dhéanamh idir forbairtí sna healaíona, sna meáin, sa teicneolaíocht agus san oideachas chomh maith le tógáil ar mhúnlaí traidisiúnta chruthú agus scaipeadh ábhair. Ní mór leas a bhaint as na deiseanna do léamh agus do scríobh na Gaeilge lena n-áirítear táirgeadh na meán clóite go léir agus na litríochta sa teanga agus agus a fheidhmiúchán san oideachas, sa chultúr agus in áineas trí bhealaí traidisiúnta agus cinn nuálacha araon. Áirítear orthu sinn modhanna cumarsáide nach mbaineann mórán úsáide as an teanga scríofa. Ba chóir leas a bhaint freisin as na meáin agus as na teicneolaíochtaí nua le cur le rannpháirtíocht an phobail i léamh agus i scríobh na Gaeilge ar bhealaí nua agus in áiteanna nua.

Leanfar ag táirgeadh táirgí traidisiúnta mar nuachtáin, irisí agus leabhair agus tabharfar tacaíocht dóibh más féidir bealaí dáiliúcháin éifeachtacha agus díolacháin réasúnacha a bhunú agus a fhíorú. Níl éifeacht le tacaíocht a thugtar do tháirgeadh na n-ábhar aon uaine sin gan tacaíochtaí dáiliúcháin agus margaithe a bheith ag dul leo agus tairseach réasúnach d’éileamh ón bpobal a bheith ann. Tá fíorghá le teacht go héasca ag an bpobal ar ábhair chlóite i nGaeilge i siopaí nuachtán, i siopaí leabhar agus ar an idirlíon má tá an litríocht agus an iriseoireacht chlóite le maireachtáil amach anseo.

Agus teicneolaíochtaí agus teicnicí margaithe seasta ag éabhlú is é is dóichí go mbeidh an straitéis is éifeachtaí le léamh agus agus le scríobh i nGaeilge a fhorbairt ag athrú go mór sna blianta amach romhainn agus go gcaithfear athrú a dhéanamh orthu go leanúnach. Tacófar le léamh agus le scríobh i nGaeilge trí Dhlúthdhioscaí agus DVDanna, cluasleabhair agus trí mheáin chlóite sa ghearrthéarma go meántéarma trí:
    • Fhorbairt a dhéanamh ar imeachtaí agus ar ghníomhaíochtaí litríochta i leabharlanna poiblí ar feadh na bliana (agus ní le linn Sheachtain na Gaeilge amháin) – údair ag léamh, seoltaí, clubanna léitheoireachta agus éisteachta agus cláir litríochta do scoileanna;

    • Treoirchláir léitheoireachta i scoileanna ag pointí sonracha idirghabhála (sa 5ú rang sa bhunscoil agus san idirbhliain i scoileanna iar-bhunoideachais agus i gColáistí Samhraidh Gaeilge, agus bheadh éisteacht le leabhair agus léamh leabhar agus ábhar eile i nGaeilge faoi stiúir údair nó criticeora le tacú le nósanna léitheoireachta aonair a fhorbairt);

    • Ábhair nua i nGaeilge a chur ar taispeáint go feiceálach i siopaí leabhar mór le rá a bheadh ainmnithe agus roghnaithe le hábhair chur chun cinn chuí, seastáin, leabharmharcanna agus imeachtaí chur chun cinn, léirithe ar fhuinneoga agus údair ag teacht i láthair (le comhoibriú agus le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí poiblí cuí más gá):

    • Forbairt a dhéanamh ar stoc ar-líne nua-aimseartha agus córas bainistíochta orduithe ag príomhghníomhaireacht dáiliúcháin do Dhlúthdhioscaí/DVDanna /leabhair i nGaeilge, trína bhféadfaidh orduithe a dhéanamh go leictreonach 24/7 agus iad á traiceáil ag díoltóirí leabhar/ ag foilsitheoirí Gaeilge agus ag daoine aonair a mbeadh ordú déanta acu;

    • Forbairt a dhéanamh ar shiopa mealltach ar-líne d’ábhair Ghaeilge a léireoidh teidil, údair, léirmheasanna, bloganna agus acmhainní eile nua, a d’fhéadfaí a úsáid freisin i scoileanna agus i ranganna do dhaoine fásta a bhíonn ag foghlaim na teanga;

    • Cur chun cinn agus forbairt a dhéanamh ar chlubanna leabhar i nGaeilge a bheith mar thosaíocht i dtionscnaimh theanga áitiúla agus tacaíocht ar-líne chuí a sholáthar do chlubanna leabhar;

    • Forbairt a dhéanamh ar ionad nó spás Gaeilge fisiciúil amháin i mBaile Átha Cliath lena n-áirítear siopa leabhar/Dlúthdhioscaí/DVDanna, clár d’imeachtaí litríochta agus saoráidí mar shiopa caifé, áit a bhféadfadh teaghlaigh agus daoine a theacht le chéile ann;

    • Forbairt a dhéanamh ar threoir do chur chun cinn litríochta ag RTÉ agus TG4 ó thaobh duaiseanna litríochta, cláir leabhar, próifiliú ar údair agus cuidiú lena ndéanamh níos feiceálaí agus lena stádas meán agus cothú a dhéanamh ar naisc níos láidre idir scríobh do na meáin agus d’fhoilseachán leabhar mar ghníomhaíochtaí ‘comhlántacha’;


    • Forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh le scríobh i nGaeilge a chothú i measc daoine ógá i raon d’iriseoireacht meán, blogáil, scríbhneoireacht chruthaitheach, drámaíocht agus scripteanna scánnán.

Tabharfar spreagadh agus tacaíocht d’Oireachtas na Gaeilge, an phríomhfhéile teanga náisiúnta le go bhfásfaidh sí. Ni mór bainistiú cúramach a dhéanamh áfach lena chinntiú go bhfásfaidh an fhéile go horgánach agus go bhfanfaidh sí ina féile Ghaeilge.

Déanfaidh RTÉ, an craoltóir seirbhíse poiblí, normalú ar úsáid na Gaeilge agus an Bhéarla ina gcuid craoltaí agus iad ag tógáil ar chomh maith agus a éiríonn le Seachtain na Gaeilge. Leanfaidh RTÉ ag forbairt Raidió na Gaeltachta agus ag tabhairt tacaíochta dó lena chinntiú go ndéanfar seachadadh ar speictream leathan clár ar ardchaighdeán chuig na pobail sin a bhíonn ag éisteacht leis an tseirbhís.

Déanfar forbairt ar raidió a bheidh dírithe ar dhaoine óga ag baint leasa as an idirlíon agus gnáthchraoladh raidió.

Tabharfar tacaíocht do TG4 le seirbhísí teilifíse trí Ghaeilge a chur ar fáil. Tá sprioc de shé uair a chloig sa ló de sceideal Gaeilge ag TG4 i gcomparáid le leibhéal de 4.4 uair a chloig sa ló faoi láthair. Teastaíonn a dhóthain maoinithe ó TG4 lena dhualgas reachtúil a chomhlíonadh agus a scair den mhargadh a choinneáil mar chomhlacht reachtúil neamhspleách i margadh atá ag éirí níos iomaíche seasta.

Cinnteoidh tacaíocht leanúnach freisin do TG4 go leanfaidh an earnáil léirithe neamhspleách ag soláthar deiseanna fostaíochta éagsúla sa Ghaeltacht.

Leagann an tAcht Craolacháin 2009 creat oibre amach do RTÉ agus do TG4 do na blianta atá amach romhainn.

Leagann Alt 25 den Acht Craolacháin 2009 oibleagáid ar Údarás Craolacháin na hÉireann oibriú lena chinntiú:.
    maidir leis an líon agus leis na hearnálacha seirbhísí craolacháin a chuirfear ar fáil sa Stát de bhua an Achta seo gurb iad is fearr a fhreastalóidh ar riachtanais mhuintir oileán na hÉireann, ag cur a dteangacha agus a dtraidisiúin agus a n-éagsúlacht reiligiúin, eitice agus cultúir san áireamh,
agus oibleagáid:
    forbairt clár agus seirbhísí craolacháin Gaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh.
Cuireann roinnt mionathruithe ar an gcreat oibre sin le háit na Gaeilge trí ghníomhaíochtaí craoltóirí seirbhíse poiblí. Áirítear orthu sin:
    • muirir, téarmaí agus coinníollacha níos fabhraí a cheadú i ndáil le scéimeanna cartlainne ag craoltóirí seirbhíse poiblí do chraoltaí Gaeilge;

    • ardú ar an leithroinnt d’airgead na táille ceadúnais ó RTÉ go dtí an Ciste Craolacháin (ó 5% go 7%) agus is é TG4 an príomhthairbí as sin;

    • leanúint ar aghaidh leis an ‘uair a chloig in aisce’ de theilifís Ghaeilge ó RTÉ go TG4 (ar fiú thart ar €10m é);

    • dualgas RTÉ i leith na Gaeilge a dhoimhniú;

    • cláir Ghaeilge saor anois ó shrianta ‘buaic-ama’ i gcás mhaoiniú an Chiste Craolacháin;

    • tá cumhachtaí sonracha tugtha do TG4 le seirbhísí ar-líne neamhlíneacha a sholáthar i nGaeilge;

    • tá an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha le féachaint ar riachtanais mhaoinithe ilbhliantúla TG4.

Ó thaobh chomhlíonadh na n-oibleagáidí a thagann as an Acht cinnteoidhan Rialtas go sonrach go neartófar tuilleadh an tacaíocht a thugtar do sheirbhísí Gaeilge na gcraoltóirí seirbhíse poiblí.

Cuirfear go mór leis na roghanna fotheidealaithe le rogha a thabhairt idir fotheidil i nGaeilge, i mBéarla nó sa dá cheann nó gan aon fhotheidil ar chor ar bith agus ar an mbealach sin daingneofar go mór an teacht a bheidh ag foghlaimeoirí agus ag lucht úsáide na Gaeilge nach bhfuil líofa chomh maith le cainteoirí líofa ar TG4.

Rinneadh foráil i gComhaontú Aoine an Chéasta go n-oibreodh Rialtas na Breataine leis na húdaráis chraolacháin chuí in Éirinn agus sa Bhreatain le go mbeadh TG4 ar fáil ‘níos fairsinge’ i dTuaisceart Éireann. Leanfaidh an Rialtas ag obair le húdaráis chuí na Breataine lena chinntiú go mbainfear sin amach i gcomhthéacs an athraithe go teilifís dhigiteach faoi 2012.

Déanfar gach tionscnamh Gaeilge lena mbaineann dualgas sonrach i leith na n-ealaíon, lena n-áirítear drámaíocht agus na healaíona traidisiúnta, a phleanáil agus a fhorbairt mar chuid de straitéis ealaíon lánpháirtithe idir An Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon.

Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC)

Iarrfaidh an Rialtas go mbeidh an Ghaeilge san áireamh i ngach clár TFC a fhorbróidh an AE. Oibreoidh sé go gníomhach freisin le mórsholáthróirí TF le meáin Ghaeilge a cheadúnú agus a dháileadh. Déanfar forbairt ar straitéis TF le téarmaíocht TF agus acmhainní foclóireachta; logánú agus feidhmiúcháin foinsí oscailte; malartú idiréadan agus tréithe teanga; fearais chruthaithe ábhair bhreise le cur le seiceálaithe litrithe agus foclóirí ríomhairithe; marcóirí diaicritice; leathanaigh gréasáin ilteangacha; aistriúchán agus téarmaíocht d’aistriúchán ríomhaire; córais bhainistíochta ábhar/doiciméad ilteangach; saincheisteanna agus corpora teicneolaíochta teanga; teicneolaíocht cainte; sintiséis cainte; aithint cainte; teicneolaíocht oiriúnaithe agus ceisteanna leabaithe; tógáil acmhainne d’úsáideoirí foircinn agus saineolaithe teicneolaíochta; riomhfhoghlaim agus an Ghaeilge; bogearraí glao-ionad; bunachar sonraí cúil agus dátheangachas/ilteangachas; meiteashonraí; feistí soghluaiste; aithint optúil carachtar; agus aithint lámhscríobh.
Ní mór forbairt TF den sórt sin a neadú freisin i gcleachtais a bhaineann le hoideachas, cleachtais shóisialta agus i gcleachtais a bhaineann leis an obair le go mbeidh siad ina modhanna éifeachtacha cumarsáide níos fearr.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment