26.11.09

6.7 Réimsí Gnímh

Reachtaíocht agus Stádas

Tá trí chuspóir i Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 maidir le reachtaíocht:

Cuspóir 1: Seasfar leis an stádas faoi leith atá ag an nGaeilge sa Bhunreacht agus i ndlíthe na tíre ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, An tAcht Oideachais 1998, An tAcht um Phleanáil agus Forbairt 2000 agus An tAcht um Chraolacháin 2001.
Cuspóir 2: Cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán. Forbrófar cearta an phobail an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát agus le dreamanna eile agus déanfar socruithe cuí chun é seo a chur i bhfeidhm.
Cuspóir 10: Tabharfar gach cúnamh agus tacaíocht don Aontas Eorpach i bhfeidhmiú an chinnidh an Ghaeilge a bheith ina teanga oibre agus ina teanga oifigiúil san AE ón 1 Eanáir 2007.


Seasamh Dlí
Tá an Ghaeilge san áireamh i gcuid mhaith píosaí reachtaíochta a d’achtaigh Rialtais éagsúla i ndiaidh a chéile ó bunaíodh an Stát. Tugadh éifeacht do stádas na Gaeilge mar an chéad teanga oifigiúil agus teanga náisiúnta i mBunreacht na hÉireann in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá gach foráil de chuid an Achta i bhfeidhm.

Stádas AE
Tá stádas teanga oibre agus teanga oifigiúil de chuid an AE ag an nGaeilge ó 1 Eanáir 2007. Tugann an comhaontú ar thabhairt isteach an stádais sin maolú d’institiúidí an AE ón oibleagáid gach dlí agus téacs de chuid an AE a aistriú go Gaeilge faoi réir athbhreithnithe tréimhsiúla a dhéanamh féachaint an mbeidh gá leanúint leis an maolú sin. Oibreoidh an Rialtas chun na himthosca a chruthú ina mbeidh dóthain céimithe cáilithe ar fáil le freastal ar riachtanais earcaíochta an AE le go bhféadfar deireadh a chur leis an maolú sin le linn ré na Straitéise seo.

Reachtaíocht Nua
Mar a dúradh thuas déanfar reachtaíocht nua a achtú le héifeacht a thabhairt do na gníomhartha atá leagtha amach sa Straitéis seo lena n-áirítear:
    - sainmhíniú nua a dhéanamh ar an nGaeltacht bunaithe ar chritéir theanga; agus

    - reachtaíocht Údarás na Gaeltachta a aisghairm agus Údarás na Gaeilge nua a bhunú.

Tuaisceart Éireann
Mar a tugadh ar aird thuas leanfaidh an Rialtas ag obair freisin le go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán tiomantais ó thaobh na Gaeilge a bhaineann le Rialtas na Breataine agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann lena n-áirítear Acht Teanga don Ghaeilge a thabhairt isteach agus cur le cosaint agus forbairt na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment