26.11.09

6.1 Réimsí Gnímh

Oideachas

Léirítear na nithe seo a leanas i dtuairiscí le gairid faoin nGaeilge sna scoileanna:
    • Gur chreid na cigirí nach raibh Gaeilge á múineadh go caighdeán ard nó caighdeán an-ard ach i leath de na ranganna bunscoile a ndearnadh cigireacht iontu agus go raibh Gaeilge á múineadh trí mheán an Bhéarla sa tríú cuid de na seomraí ranga. Ní raibh ach beagán os cionn leath de na daltaí sna ceachtanna ábalta iad féin a chur in iúl go sásúil i nGaeilge.

    • Léirigh tuarascáil Harris (Iúil 2007) go raibh titim de 36.1% agus 40.5% i mbunscoileanna trí mheán an Bhéarla agus i mbunscoileanna Gaeltachta faoi seach ar an líon daltaí a raibh máistreacht acu ar fhorbairt scileanna éisteachta, scileanna foclóra agus tuisceana idir 1985 agus 2002. Siúd is gur éirigh le beagán os cionn leath na ndaltaí líofacht a bhaint amach i dtuairisciú agus i gcumarsáid béil i 1985 i scoileanna trí mheán an Bhéarla ba lú ná an tríú cuid a bhain sin amach in 2002. D’aimsigh an staidéar freisin meath mór i muinín múinteoirí; dúirt beagnach 25% de na múinteoirí i scoileanna trí mheán an Bhéarla go raibh a gcaighdeán Gaeilge féin lag.

    • Sa tSraith Shóisearach tuairiscítear go raibh cumas cainte daltaí teoranta sa tríú cuid de na scoileanna. Tá céimeanna glactha idir an dá linn leis na marcanna a bhronntar as scrúdú cainte deonach sa Teastas Sóisearach agus as an scrúdú cainte náisiúnta san Ardteistiméireacht a ardú go 40% do na hiontrálaithe ar fad a thosaigh scolaíocht dara leibhéal in 2007/8.
Siúd is go léiríonn na fíricí sin atá luaite chomh mór is atá an dúshlán atá romhainn tá na gníomhartha atá molta i réimse an oideachais leagtha amach leis na prionsabail is bonn don Straitéis a bhaint amach:

    • an cumas i nGaeilge a leathnú agus cur leis ar bhealach níos doimhne agus sin a dhéanamh i measc níos mó daoine;

    • dearcaí diúltacha i leith na Gaeilge a athrú agus dearcaí dearfacha a chothú ina n-áit; agus

    • na deiseanna atá ann laistigh den chóras oideachais le Gaeilge a úsáid a leathnú trí úsáid na Gaeilge mar mheán teagaisc agus mar ábhar a leathnú, agus trí fhoghlaim na teanga ar scoil a cheangal le húsáid neamhfhoirmiúil na teanga i ngníomhaíochtaí áineasa, cultúir agus i ngníomhaíochtaí eile lasmuigh den scoil.
Tá trí chuspóir a bhaineann leis an oideachas i Ráiteas i leith na Gaeilge 2006:

<Cuspóir 5: Déanfar an Ghaeilge a theagasc mar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hArdteistiméireachta. Cuirfidh an curaclam ar chumas na ndaltaí an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go cruinn, chomh maith le tuiscint a thabhairt dóibh ar fhiúntas na teanga dúinn mar phobal. Chun na críche seo, déanfar infheistíocht fheabhsaithe i bhforbairt phroifisiúnta agus i dtacaíocht leanúnach do mhúinteoirí maraon le i soláthar téacsleabhar agus acmhainní, agus i dtacaíocht do mhodhanna nuálacha teagaisc agus foghlama.
Cuspóir 6: Cuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é. Leanfar leis an tacaíocht do Ghaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile agus déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na h-iar-bhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá.
Cuspóir 7: Leanfar leis an tacaíocht a thugtar don réamhscolaíocht Ghaeilge agus déanfar breis forbartha ar an gcóras oideachais tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge.

Naisc le húsáid na teanga lasmuigh den scoil
Tá an córas oideachais ar cheann de na hinnill thábhachtacha chun an cumas teanga a ghiniúint ar a bhfuil an Straitéis 20 Bliain bunaithe. Sa scolaíocht fhoirmiúil tá an Stát ábalta cuidiú go gníomhach le cumas teanga ár ndaoine a fhorbairt. Is sprioc lárnach mar sin go n-éireodh leis na húdaráis oideachais fócas náisiúnta níos córasaí agus níos dlúithe a bhaint amach ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge ag cách.

Is é an tátal a bhfuiltear tagtha air go fairsing ó obair chun borradh a chur faoi theangacha ar fud an domhain ná go bhfuil sé an-riachtanach beocht a chur sa Ghaeilge lasmuigh den seomra ranga i gcás na ndaoine óga atá á foghlaim sa chóras oideachais foirmiúil. Má táthar le cultúr agus féiniúlacht don óige agus cineálacha cuí Gaeilge díobh sin a chruthú caithfear deiseanna a chur ar fáil le go n-úsáidfear an teanga go nádúrtha agus go gcruthófar gréasáin chainteoirí trí Theicneolaiocht na Faisnéise & na Cumarsáide. Oibreoidh an earnáil oideachais i gcomhpháirt leis na gníomhaireachtaí cuí maidir leis sin.

Tá tábhacht mhór faoi láthair leis na Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht le daoine óga a spreagadh le húsáid agus feidhm a bhaint as an nGaeilge a fhoghlaimíonn siad ar scoil. Is féidir cur go mór le héifeachtúlacht na gColáistí Samhraidh trí phróiseas dearaidh curaclaim leanúnach a bheadh pleanáilte go maith do na coláistí agus óna thaobh sin leanfaidh An Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag déanamh dearbhú cáilíochta ar an earnáil. Oibreoidh An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta lena chinntiú go gcuirfidh na Coláistí Samhraidh níos mó béime ar fhoghlaim na teanga ó thaobh an teaghlaigh de le gur féidir gréasáin a úsáidfidh an teanga go nádúrtha a chur chun cinn agus go mbeidh córais ann le go leanfar ar aghaidh ag labhairt na teanga i dteaghlaigh agus i ndíormaí cairde i ndiaidh na tréimhse sa Choláiste Samhraidh. Cuideoidh sé le cláir atá ann d’ábhair bhunmhúinteoirí a athstruchtúrú agus a fheabhsú agus rachaidh An Roinn Oideachais i gcomhairle leis an gComhairle Mhúinteoireachta faoi sin.

Páirt-Tumadh: naíonáin
Tá sé i gceist, chomh luath agus is féidir i gCéim II dul go dtí an staid ina dtairgfear páirt-tumadh sa Ghaeilge do gach leanbh. Déanfar é sin a fheidhmiú ar bhonn céimnitheach ag teacht leis an dul chun cinn a dhéanfar ó thaobh inniúlachtaí múinteoirí a neartú sa réimse sin trí chlár cuimsitheach infheistíochta d’fhorbairt ghairmiúil do mhúinteoirí. D’fhéadfaí sin a sheachadadh trí roinnt ábhair phríomhshrutha a theagasc trí Ghaeilge i ranganna na naíonán agus mar chomhlánú air sin dhéanfaí ullmhú i gCéim II ar chláir ábhar a theagasc trí Ghaeilge sna blianta láir agus sna hardbhlianta sa bhunscoil. Is é an aidhm atá ann sa deireadh thiar go mbeadh faoin am a mbeidh Céim III bainte amach oideachas páirt-tumtha i nGaeilge á thairiscint in ábhair eile do gach dalta sna príomhscoileanna a bhíonn ag gabháil don Ghaeilge mar chroí-ábhar. Bainfear na bearta sin amach ar bhonn céimnithe, agus le cuidiú leis sin déanfar uas-sciliú ar an bhfoireann. Bainfear leas mar is cuí as dreasachtaí mar scéim duaiseanna GLEO le misneach a thabhairt do scoileanna óna thaobh seo. Mar thacaíocht don straitéis sin déanfar forbairt ar acmhainní agus ar ábhair do scoileanna agus cuirfear ar fáil iad.

Measúnú náisiúnta
Déanfar measúnú náisiúnta caighdeánaithe ar inniúlacht éisteachta agus labhartha i nGaeilge a fheidhmiú sa tSraith Shóisearach agus sa tSraith Shinsearach i gcás gach scoile aitheanta. Aithnitear nach féidir go fírinneach measúnú labhartha sa tSraith Shóisearach a bhaint amach ach i gcomhthéacs mheasúnú áitiúil a dhéanfadh múinteoirí ranga faoi stiúir ón taobh amuigh. Tá ionstraimí tástála caighdeánaithe ag an mbunleibhéal a bhforbairt don Ghaeilge faoi láthair.

Éilíonn nuálaíochtaí i gcuraclam go ndéanfaí forbairt ar ionstraimí agus ar nósanna imeachta cuí le measúnú a dhéanamh ar fhoghlaim na Gaeilge. Féadfar nasc buntáistiúil a dhéanamh leis an Common European Framework of Reference (CEFR) le sainmhíniú a dhéanamh ar na caighdeáin teanga agus cumarsáide a fhíoróidh na nósanna imeachtameasúnaithe.

Curaclam do mhúineadh na Gaeilge
Tá an curaclam ag an leibhéal bunscoile sách nua agus dealraíonn sé go bhfuil comhaontas ann go bhfuil sé ag comhlíonadh deachleachtas agus airdiúil ar an smaointeoireacht faoi láthair faoi theagasc teanga. Sa chomhthéacs sin beidh níos mó fócais ar léiriú níos mine ar na cuspóirí teanga ag leibhéil éagsúla na bunscolaíochta agus ar fhorbairt a dhéanamh ar ábhair ar ardchaighdeán le cuidiú le feidhmiú an churaclaim.

Ag an leibhéal iar-bhunoideachais, áit a bhfuil cláir i nGaeilge á dtairiscint ag trí leibhéal, cuirfear béim mhór ar inniúlacht cainte, éisteachta agus scríofa i nGaeilge a chothú agus cinnteofar athrú tábhachtach ina gcuirfear béim ar an nGaeilge mar theanga labhartha, le go mbeidh daltaí in ann cumarsáid agus idirghníomhú a dhéanamh ar bhealach nádúrtha agus go labharfar Gaeilge gach lá sna scoileanna.


Cláir thacaíochta do thuismitheoirí agus don réamhscolaíocht

Is gnéithe tábhachtacha ó thaobh borradh a chur faoin nGaeilge iad foghlaim neamhfhoirmiúil agus foghlaim réamhscoile. Léiríonn an taighde ar fad sa réimse seo gur sna blianta luatha is éasca teanga nua a shealbhú. Tá sé i gceist mar sin go mbeadh leibhéal éigin d’oideachas Gaeilge réamhscoile ar fáil i ngach áit.

Éascófar saoráidí cúraim leanaí agus réamhscoile le gné Ghaeilge a thairiscint agus le timpeallacht a bheidh fabhrach i leith na Gaeilge a chruthú do na leanaí óga, trí, mar shampla, tacaí a chur ar fáil mar DVDanna Gaeilge a bheidh dírithe ar leanaí óga agus rannta agus cluichí naíonán i nGaeilge. Is é an fócas a bheidh ann go sonrach ná a chinntiú go mbeidh soláthar déanta do naíonraí i ngach áit ina mbeidh bunscoil lánGhaeilge agus in áiteanna eile ina mbeidh éileamh.

Teastóidh athdhaingniú ar a gcuid litearthachta i nGaeilge ó thuismitheoirí le go mbeidh siad ábalta leanúint ag tacú le foghlaim na Gaeilge ó thaobh a gcuid leanaí le linn bhlianta na bunscoile. Tá tábhacht leis an oiliúint sin freisin ó thaobh daoine gairmiúla eile a bhíonn i mbun cúraim agus oideachais agus leathnófar í go hoibrithe cúraim lae, oibrithe i naíolanna agus daoine i gcumainn phobail, go háirithe in áiteanna ina bhfuil céatadán measartha den phobal ina gcainteoirí Gaeilge.

Soláthar sainábhar
Cuirfear seirbhísí in oideachas áineasa (mar na healaíona súl agus na taibhealaíona) lasmuigh de churaclam foirmiúil na scoileanna san áireamh i bpleananna teanga ceantar áitiúil le linn bhlianta na bunscoile.

Oideachas Múinteoirí
Caithfear an fórsa múinteoirí a bhainfidh amach na cuspóirí ó thaobh inniúlachta i nGaeilge a chruthú agus caithfear naisc a chruthú idir na scoileanna agus ionaid áineasa agus ionaid, clubanna agus gníomhaíochtaí daoine óga. Tugtar ar aird maidir leis sin go bhfuil iarrtha ar an gComhairle Mhúinteoireachta, an comhlacht reachtúil ar a bhfuil an dualgas caighdeáin do ghairm na múinteoireachta a chinneadh, moltaí a dhéanamh maidir le hoiriúnacht na hoiliúna tosaigh ag an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile do riachtanais an 21ú aois.

Moltar cur chuige débhealach sa Straitéis seo chun an fórsa múinteoirí a ullmhú le freastal ar na cuspóiri atá molta. Chun Cuspóir 5 a bhaint amach oibreoidh an Chomhairle Mhúinteoireachta go leanúnach le caighdeán an chumais Gaeilge do mhúineadh na Gaeilge mar ábhar a ardú. Déanfar sin trí thionscnaimh shonracha lena n-áireofar na nithe seo a leanas:

Oideachas Príomhshrutha – An Córas Bunscoile
    • Lena chinntiú go mbaintear caighdeán Gaeilge Ghairmiúil amach i ngach coláiste oideachais múinteoirí neartóidh an Chomhairle Mhúinteoireachta, mar chuid den athbhreithniú atá luaite thuas, teagasc na Gaeilge feadh an tsoláthair tosaigh d’oideachas múinteoirí ar fad agus déanfaidh sí caighdeánú air;

    • Déanfar bearta le húsáid na Gaeilge tríd is tríd sa seomra ranga agus lasmuigh de a spreagadh;

    • Déanfar ábhair eile atá sa churaclam d’oideachas tosaigh do mhúinteoirí, chomh maith le Gaeilge Ghairmiúil, trí mheán na Gaeilge;

    • I réimse an oideachais múinteoirí leanfaidh ábhair mhúinteoirí clár sainmhínithe do theagasc teanga sa Ghaeltacht. Cuirfear freisin leis an am teagaisc agus freastail d’ábhair mhúinteoirí a dhéanann freastal ar chúrsaí Gaeltachta;

    • Tabharfar scéim scoláireachta Gaeltachta nua isteach do bhunmhúinteoirí le freastal ar dhianchúrsaí sa Ghaeltacht.

    • Spreagfar Coláistí Oideachais chun tionscnaimh a thosú chun mic léinn a mbeidh cumas ard acu i nGaeilge ón nGaeltacht, ó scoileanna trí mheán na Gaeilge agus ó scoileanna eile a mhealladh.Coinneofar suas le 20% de na háiteanna i gColáistí Oideachais múinteoirí do mhic léinn a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna agus beidh mic léinn as scoileanna ina ndéantar an teagasc trí mheán an Bhéarla incháilithe freisin faoi réir thairseach ard i nGaeilge a bhaint amach san Ardteistiméireacht;

    • Socrófar tréimhse fhada sa Ghaeltacht do go leor de na hábhair mhúinteoirí, tréimhse ina leanfaidh na mic léinn clár sainmhínithe ó thaobh teagaisc teanga;

    • Cuirfear leis na comhpháirteanna Gaeilge agus theagasc trí Ghaeilge atá sa chúrsa don chéim Baitsiléir Oideachais chomh maith le dianchúrsaí Gaeilge a sholáthar mar is cuí i gcomhar leis an gComhairle Mhúinteoireachta;

    • Tabharfar isteach speisialú nua i dteagasc bunscoile trí mheán na Gaeilge (páirt-tumadh nó tumadh iomlán) i gColáistí Oideachais:
Oideachas trí Mheán na Gaeilge – An Córas Bunscoile
    - Tabharfar clár iarchéime isteach a bheadh dírithe go sonrach ar riachtanais na scoileanna a mhúineann trí mheán na Gaeilge; agus

    - Tabharfar clár iarchéime nua isteach do Dhioplóma in Oideachas Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) agus a sholáthróidh sainscileanna i nGaeilge dóibh sin a mbíonn clár oideachais múinteoirí críochnaithe cheana féin acu.
Oideachas trí Mheán na Gaeilge – An Córas Iar-bhunscoile
    - Dioplóma Iarchéime nua a thabhairt isteach a dhéanfar a sheachadadh go hiomlán trí mheán na Gaeilge.
Chun cuidiú tuilleadh le Cuspóir 5 agus Cuspóir 6 a thabhairt chun fíre bunófar Ionad Náisiúnta d’Fhorbairt Ghairmiúil Múinteoirí trí Mheán na Gaeilge in institiúid oideachais atá ann cheana féin. Is scoth-ionad a bheidh ann a thabharfaidh cúnamh agus comhairle do na Coláistí Oideachais agus iad ag ullmhú múinteoirí don timthriall iomlán sna scoileanna ina ndéanfar an teagasc trí mheán na Gaeilge trí chomhchomhairle, ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla, cláir oiliúna chreidiúnaithe agus forbairt acmhainní. Oibreoidh an tIonad Náisiúnta i gcomhar leis na Coláistí Oideachais agus spreagfar gluaiseacht na bhfoirne gairmiúla idir na córais agus na solathróirí oideachais ar fad agus an tIonad Náisiúnta. Beidh cáilíocht ghairmiúil ar fáil do na múinteoirí bunleibhéil agus meánleibhéil ar fad le tacú leo le teagasc a dhéanamh i scoileanna a dhéanann teagasc trí mheán na Gaeilge. Is cáilíocht bhreise tharraingteach agus inmhianta a bheidh inti seo do dhaoine ar mian leo oibriú i scoileanna a dhéanann teagasc trí Ghaeilge agus is léiriú úsáideach a bheidh inti d’fhostóirí go bhfuil an inniúlacht riachtanach teanga ag iarrthóirí.

Cuirfear na cláir acadúla nua – Baitsiléir Oideachais, Dioplóma Céime san Oideachas (Teagasc Bunleibhéil) agus Dioplóma Iar-Chéime san Oideachas - chomh maith le feidhmiú an Ionaid Náisiúnta LánGhaeilge d’Oiliúint Múinteoirí amach ar tairiscint phoiblí oscailte i measc na n-institiúidí oideachais cuí atá ann.

Anuas ar na deiseanna forbartha gairmiúla atá aitheanta thuas cuirfear cuid mhaith infheistíochta eile ar fáil le haghaidh roghanna d’fhorbairt ghairmiúil ar-líne agus cinn ghearra le haghaidh múinteoirí atá ag obair agus cuirfear ar fáil iad sin trí na seirbhísí tacaíochta curaclaim agus an ghréasáin ionad Oideachais ag an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile.

Chun cuidiú tuilleadh leis na bearta sin agus chun cur le háit na teanga sa chóras oideachais ag gach leibhéal a dhaingniú tabharfar aitheantas speisialta do scoileanna ina mbíonn deachleachtas ó thaobh mhúineadh na Gaeilge. Déanfar raon leathan de théacsleabhair, d’ábhair theicneolaíochta nua agus d’acmhainní le cuidiú le múineadh na Gaeilge agus le múineadh trí Ghaeilge a fhorbairt agus a chur ar fáil.

Cuirfimid scéim scoláireachtaí ar fáil do leanaí ó limistéir faoi mhíbhuntáiste le freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht agus cuirfear maoiniú ar fáil do choláistí Gaeilge Samhraidh ar fud na tíre.

Déanfar athbhreithniú ar na socruithe do dhíolúine ó thaobh staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge i scoileanna lena chinntiú go mbeidh díolúintí bunaithe ar chritéir theanga oibiachtúla.

Oideachas Tríú Leibhéal in Éirinn
Leanfar ag tacú le cláir i nGaeilge do dhaoine fásta ag leibhéal Ollscoile agus leibhéil eile agus á bhforbairt agus soláthrófar sainchláir ghairmiúla.

Agus breis forbartha á déanamh ar oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge glacfaidh an Rialtas na nithe seo a leanas san áireamh:
    • an infheistíocht shuntasach a rinne An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta san earnáil sin le déanaí laistigh den Ghaeltacht agus lasmuigh, lena n-áirítear ach go háirithe tacaíocht d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

    • an creat oibre reachtúil atá ann faoi láthair d’oideachas tríú leibhéal i nGaeilge, lena n-áirítear an oibleagáid atá ar an Údarás um Ardoideachas faoi Acht an Údaráis um Ard-Oideachas 1971 “Ag comhlíonadh a fheidhmeanna don Údarás coimeádfaidh sé i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann an Ghaeilge a aiséiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agus féachfaidh sé le cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích”. Tá sé sin neartaithe tuilleadh in alt 12 d’Acht na nOllscoileanna 1997, a fhorálann go n-áirítear i gcuspóirí gach ollscoile ‘cur chun cinn teangacha oifigiúla an Stáit, ag féachaint go speisialta do chaomhnú, chur chun cinn agus úsáid na Gaeilge agus do chaomhnú agus chur chun cinn chultúir shainiúla na hÉireann’. Aithnítear ról faoi leith Ollscoil na hÉireann Gaillimh maidir le cláir tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a sholáthar in Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú), 2006.
Caithfidh caighdeán ard a bheith ag baint le hoideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge agus caithfear é a sheachadadh ar bhealach straitéiseach agus comhordaithe lena chinntiú:
    - go mbainfidh éagsúlacht leis an raon disciplíní a bheidh ar tairiscint agus go mbeidh fócas faoi leith ar riachtanais an mhargaidh do dhaoine a bheidh inniúil i nGaeilge;

    - aschur de chéimithe a bheidh cáilithe go maith leis na scileanna sonracha a mbeidh gá leo le freastal ar stádás náisiúnta agus stádas AE na Gaeilge;

    - forbairt a dhéanamh ar shainiúlacht shonrach i ngach coláiste agus go gcuirfí srian le dúblú soláthair go háit amháin nó dhó;

    - luach ar airgead agus cinnteacht cáilíochta a bheith ag baint le taighde agus teagasc agus dúblú nó mionú a sheachaint; agus

    - cúrsaí agus creidiúnú i nGaeilge Ghairmiúil a fhorbairt don oiread gairmeacha agus is féidir.
Cuirfear maoiniú ar fáil lena chur ar chumas an Udaráis um Ard-Oideachas
clár sonrach a bhunú leis an earnáil seo a fhorbairt go straitéiseach.

Daoine Fásta ag Foghlaim Teanga
Tabharfar tuilleadh deiseanna do dhaoine fásta ar suim leo an teanga a fhoghlaim nó cur lena gcumas le Gaeilge a labhairt. Déanfar clár foghlama Gaeilge a bheidh creidiúnaithe do dhaoine fásta agus déanfaidh sé freastal ar gach leibhéal mar an clár foghlama teanga náisiúnta agus beidh sé comhaontaithe.

Le scothchaighdeán a chothú ar leibhéal ard acadúil ó thaobh staidéir ar an nGaeilge déanfaimid tógáil ar obair Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus na nOllscoileanna ó thaobh fhorbairt taighde agus teagaisc maidir leis an Léann Ceilteach agus neartóimid áit na hÉireann mar scoth-ionad sa disciplín sin ar fud an domhain.

Seirbhísí comhairle agus tacaíochta
Cuirfear ábhair eolais agus acmhainní ar fáil do chatagóirí éagsúla de ghairmeacha scoile mar theiripigh cainte, comhairleoirí gairme, comhairleoirí slite beatha agus daoine eile a chuirfidh chun cinn na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas (go háirithe foghlaim na Gaeilge). Díreofar comhairle shonrach ar na grúpaí seo a leanas:
    Leanaí arb í an Ghaeilge a gcéad teanga agus /nó leanaí atá ag freastal ar scoileanna arb í an Ghaeilge an meán teagaisc iontu.
    Tá sé tábhachtach go dtabharfadh foireann ghairmiúil agus foireann leathghairmiúil tacaíocht go leanúnach do chothabháil na Gaeilge. Cuirfear in iúl do na gairmeacha sin an lear mór litríochta atá ann a léiríonn na buntáistí intleachtúla, labhartha agus na buntáistí ó thaobh slite beatha a bhaineann le dátheangachas. Tabharfar comhairle shonrach le tacú le riachtanais dátheangacha leanaí lena mbaineann riachtanais faoi leith.

    Leanaí arb é an Béarla a gcéad teanga agus/nó leanaí atá ag freastal ar scoileanna arb é an Béarla an meán teagaisc iontu.
    Cuirfear eolas ar fáil freisin d’fhoireann na scoile a bhíonn ag déileáil le leanaí lena mbaineann riachtanais speisialta faoi na buntáistí intleachtúla, labhartha agus slite beatha a bhaineann leis an dátheangachas – agus go háirithe na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a fhoghlaim agus a úsáid.

    • Clann inimirceach in Éirinn
    Tabharfar an deis do leanaí inimirceach nach bhfuil ach tagtha go hÉirinn a bheith páirteach i ngach gníomhaíocht Gaeilge agus tabharfar aird faoi leith ar a gcuid riachtanas foghlama teanga.

Oideachas sa Ghaeltacht
Baineann na bearta thuas ar fad chomh mór céanna leis an nGaeltacht. Chomh maith leis sin admhaíonn an Rialtas an deacracht faoi leith a bhaineann le freastal ar riachtanais leanaí lena mbaineann cumais teanga éagsúla i scoileanna na Gaeltachta. Agus féadann an scéal sin a bheith níos casta fós ag brath ar stádas na Gaeilge laistigh den phobal scoile. Aithnítear gur ceist mhór do scoileanna Gaeltacha iad acmhainní teagaisc ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal araon. Is fiú a thabhairt ar aird, de bharr infheistíochta ó Fhoras na Gaeilge agus ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta go bhfuil feabhas mór tagtha ar an méid acmhainní do theagasc trí Ghaeilge atá ar fáil cé go dteastaíonn infheistíocht sheasta sa réimse sin. Baineann na riachtanais chéanna le Gaelscoileanna. Chomh maith leis sin tá gá mór le hacmhainní do Ghaeilge a sholáthar do bhunscoileanna arb é an Béarla an meán teagaisc iontu.

Ag an am céanna tuigeann an Rialtas go maith an tábhacht a bhaineann leis an gcóras oideachais ó thaobh chothabháil na teanga sa Ghaeltacht agus tugadh an cuspóir sin san áireamh in Acht Oideachais 1998. Chomh maith leis na tionscnaimh sin atá luaite thuas tá socraithe ag an Rialtas roinnt gníomhartha a bhrú chun cinn sa Ghaeltacht mar chuid den Straitéis seo:
    • Déanfar athbhreithniú ar an scéim scoláireachtaí Gaeltachta a fheidhmíonn An Roinn Oideachais agus Eolaíochta le súil cur lena héifeachtacht mar shásra tacaíochta don Ghaeilge.

    • Déanfar beart láithreach le dlús a chur le forbairt an ionaid acmhainní oideachais Gaeilge i mBaile Bhuirne i gCo. Chorcaí.

    • Déanfar forbairt ar aonad sealbhaithe teanga ag an mbunleibhéal i ngach ceann de na trí phríomhréigiún Gaeltachta.

    • Déanfar soláthar freisin do dhianchúrsaí samhraidh/tráthnóna do dhaltaí iar-bhunscoile sa Ghaeltacht a dteastaíonn breis tacaíochta uathu.

    • Leanfaidh An Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag leithroinnt cigirí ainmnithe do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna.

    • Déanfar athbhreithniú ar an gcur chuige atá ann faoi láthair ó thaobh Coláistí Samhraidh Gaeltachta le súil go mbeadh baint níos comhleanúnaí ag an Stát le rialáil agus le forbairt na gcoláistí sin, le cur le héifeachtacht agus caighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil iontu agus le próiseas leagan amach curaclaim níos fearr agus níos comhleanúnaí iontu a chinntiú.

    • Déanfar athbhreithniú ar an soláthar tumtha ag leibhéal na hiar-bhunscoile sna Gaelscoileanna agus sa Ghaeltacht.

    • Déanfar scéimeanna a fheidhmíonn An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le tacú leis an gcóras oideachais sa Ghaeltacht (ar nós tacaíocht do chúntóirí Gaeilge agus tacaíochtaí eile i scoileanna Gaeltachta, chomh maith leis an scéim cuairteanna baile ar mhaithe le tacaíocht teanga) a neartú i gcomhar leis An Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

    • Leanfar ag tabhairt deis do gach dalta Gaeltachta a gcuid oideachais a fháil trí mheán na Gaeilge. Déanfaidh An Roinn Oideachais agus Eolaíochta i gcomhchomhairle leis An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta iniúchadh ar na socruithe oiriúnacha don soláthar sin i gcúinsí athraitheacha gach limistéir Ghaeltachta agus feidhmeofar iad.

    • Déanfar socruithe struchtúrtha cuí, i gcomhthéacs aon athbhreithnithe ar struchtúir na gCoistí Gairmoideachais ar bhonn náisiúnta le soláthar a dhéanamh d’oideachas dara leibhéal lánGhaeilge ar fud an Stáit, lena n-áirítear sa Ghaeltacht, agus lena chinntiú go mbeidh an fhoireann ar fad i scoileanna arb í an Ghaeilge an meán teagaisc iontu ábalta a gcuid gnó ó lá go lá a dhéanamh trí Ghaeilge agus go nglacfar cur chuige comhtháite ó thaobh seirbhísí cúnta, comhairle agus tacaíochta a chur ar fáil do scoileanna arb í an Ghaeilge an meán teagaisc iontu le go soláthrófar na seirbhísí sin i nGaeilge nuair is féidir sin. Tabharfar tacaíochtaí oideachais mar théacsleabhair agus ábhair chlosamhairc agus físe i nGaeilge do na scoileanna sin.
Cúrsaí Gaeilge Tríú Leibhéal Thar Lear
In 2006 bhunaigh An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Ciste tiomanta le tacú le forbairt cúrsaí Gaeilge in institiúidí tríú leibhéal thar lear. Is iad aidhmeanna an chiste dea-thoil i leith na Gaeilge agus go deimhin i leith na hÉireann agus chultúr na hÉireann a chothú agus a chur chun cinn ar fud na hEorpa, Mheiriceá Thuaidh agus Cheanada agus ardán a sholáthar óna bhféadfaí í a mheas agus a léiriú mar theanga Idirnáisiúnta. Cuireann sé sin le feasacht ó thaobh na Gaeilge agus chultúr na Gaeilge lasmuigh d’Éirinn agus cothaíonn naisc idir Éirinn agus na tíortha sin ina bhfuil na hInstitiúidí sin, agus bíonn torthaí dearfacha air sin don teanga san fhadtéarma. Tugann sé deis iontach freisin an Ghaeilge a chur i láthair an phobail acadúil ar fud an domhain agus tugann sé an stádas céanna don Ghaeilge agus atá ag teangacha Eorpacha eile a mhúintear ar fud an domhain. Chomh maith leis sin leanann go leor mac léinn a dhéanann staidéar ar an nGaeilge ina dtíortha féin lena gcuid staidéir anseo in Éirinn agus dá bharr sin bíonn mic léinn ó ar fud an domhain ar fad ag freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht. Cruthaítear cairdeas, suim agus tuiscint maidir leis an teanga agus le cultúr saibhir na tíre, naisc a choinníonn daoine ar feadh a saoil.

Faoi láthair tá breis is tríocha coláiste agus ollscoil tríú leibhéal sna Stáit Aontaithe, i dtíortha san Eoraip agus níos faide ó bhaile ag soláthar cláir Ghaeilge agus cláir sa Léann Ceilteach go forghníomhach ina gcuid institiúidí.

Cuirfidh An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta tuilleadh le forbairt na mbeart le tacú le teagasc na Gaeilge thar lear (lena n-áirítear an comhchlár le Coimisiún Fulbright agus an Ireland Canada University Foundation) mar shásra chun leathnú breise a dhéanamh ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na Gaeilge in ollscoileanna lasmuigh d’Éirinn.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment