26.11.09

2.0 Comhthéacs

Comhthéacs Polasaí

Is é atá tugtha síos in Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann:

“Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.”

Is é an bonn atá faoin Straitéis 20 Bliain seo ná an stádas atá ag an teanga sa Bhunreacht agus tógtar ar Rialtas na hÉireann - Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 a foilsíodh i mí na Nollag 2006. Dhearbhaigh an Ráiteas tacaíocht an Rialtais d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta agus leag amach 13 cuspóir ó thaobh polasaí maidir leis sin:


Cuspóir 1: Seasfar leis an stádas faoi leith atá ag an nGaeilge sa Bhunreacht agus i ndlíthe na tíre ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, An tAcht Oideachais 1998, An tAcht um Phleanáil agus Forbairt 2000 agus An tAcht um Chraolacháin 2001.

Cuspóir 2: Cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán. Forbrófar cearta an phobail an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát agus le dreamanna eile agus déanfar socruithe cuí chun é seo a chur i bhfeidhm.

Cuspóir 3: Tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga teaghlaigh. Chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Cuspóir 4: Tabharfar tacaíocht ar leith don Ghaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge.

Cuspóir 5: Déanfar an Ghaeilge a theagasc mar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hArdteistiméireachta. Cuirfidh an curaclam ar chumas na ndaltaí an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go cruinn, chomh maith le tuiscint a thabhairt dóibh ar fhiúntas na teanga dúinn mar phobal. Chun na críche seo, déanfar infheistíocht fheabhsaithe i bhforbairt phroifisiúnta agus i dtacaíocht leanúnach do mhúinteoirí maraon le i soláthar téacsleabhar agus acmhainní, agus i dtacaíocht do mhodhanna nuálacha teagaisc agus foghlama.

Cuspóir 6: Cuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é. Leanfar leis an tacaíocht do Ghaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile agus déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiar-bhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá.

Cuspóir 7: Leanfar leis an tacaíocht a thugtar don réamhscolaíocht Ghaeilge agus déanfar breis forbartha ar an gcóras oideachais tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge.

Cuspóir 8: Leanfar leis an tacaíocht a thugann an Stát d’Fhoras na Gaeilge de réir an Achta um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999.

Cuspóir 9: Déanfar cinnte de go bhfuil seirbhísí cuimsitheacha craolacháin ar ardchaighdeán ar fáil trí mheán na Gaeilge, go mór mhór trí fhorbairt leanúnach a dhéanamh ar RTÉ, ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4.

Cuspóir 10: Tabharfar gach cúnamh agus tacaíocht don Aontas Eorpach i bhfeidhmiú an chinnidh an Ghaeilge a bheith ina teanga oibre agus ina teanga oifigiúil san AE ón 1 Eanáir 2007.

Cuspóir 11: Leanfar le treisiú na hoibre atá ar bun ag An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ag na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí a thagann faoina scáth, ar nós Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus Bord na Leabhar Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus chun í a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht.

Cuspóir 12: Leanfar agus déanfar forbairt ar úsáid na Gaeilge sa Gharda Síochána agus sna Fórsaí Cosanta.

Cuspóir 13: Aithníonn an Rialtas an ról fíorthábhachtach atá ag an earnáil dheonach Ghaeilge agus leanfar ag tabhairt tacaíochta di.
Is aidhm de chuid an Rialtais freisin tacú le cur chun cinn agus le teagasc na Gaeilge thar lear, tríd An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá béim faoi leith curtha ar thacaíocht a thabhairt do mhúineadh na Gaeilge i gcoláistí tríú leibhéal i roinnt tíortha éagsúla.


Tríd is tríd mar sin is gnéithe de chomhthéacs nua-aimseartha na Gaeilge na nithe seo a leanas:
    • Is Stát dátheangach í Éire inarb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil de réir Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann.

    • Is í an Ghaeilge an teanga labhartha liteartha is ársa san Eoraip i gcomhthéacs ár n-oidhreachta Eorpaí.

    • De réir Dhaonáireamh 2006 tá cumas áirithe ag 42% de dhaonra na hÉireann ó thaobh Gaeilge a labhairt – is ionann sin agus thart ar 1.66 milliún duine nó níos mó in aois na 3 bliana nó os a chionn as daonra cónaitheach iomlán de thart ar 4.2 milliún.

    • Is í an Ghaeilge príomhtheanga pobail agus tí 3% de dhaonra na tíre.

    • De réir suirbhéanna agus pobalbhreitheanna creideann an chuid is mó den daonra go mbaineann tábhacht faoi leith leis an nGaeilge óna dtaobh siadsan go pearsanta agus/nó don tír tríd is tríd.

    • Tugadh stádas teanga oifigiúil agus teanga oibre ag leibhéal an AE don Ghaeilge le héifeacht ón 1 Eanáir 2007.
Tá an Straitéis seo ag iarraidh tógáil ar an gcomhthéacs agus ar na haidhmeanna atá luaite trí shraith réimsí a ngníomhófaí ina leith a leagan amach le leas a dhéanamh don teanga agus don Ghaeltacht as seo go ceann 20 bliain. Creideann an Rialtas go mbaineann tábhacht faoi leith leis an nGaeilge do mhuintir, do shochaí agus do chultúr na hÉireann. Mar theanga labhartha pobail is leis an tír seo amháin a bhaineann an Ghaeilge agus tá fíorthábhacht mar sin léi ó thaobh fhéiniúlacht mhuintir na hÉireann agus ó thaobh oidhreacht dhomhanda.

Mar bhonntaca leis an Straitéis tá anailís ar an gcaoi a bhfuil an Ghaeilge, anailís a rinne meitheal de chomhairleoirí idirnáisiúnta, a bhfuil saineolas acu ó thaobh ceisteanna teanga faoi stiúir Fiontar i DCU, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta. Tá an anailís sin á foilsiú aisti féin. Ó thaobh na Gaeltachta tá aird á tabhairt sa Straitéis ar na moltaí a rinneadh i Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a rinne Acadamh na hOllscolaíochta, Ollscoil na hÉireann Gaillimh thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Thug an Straitéis aird freisin ar staidéar a rinne an tAthair Micheál Mac Gréil agus Fergal Rhatigan as An Roinn Socheolaíochta in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ar Attitudes towards Competence in and Use of the Irish Language 2007-2008 (pdf). Léiríonn an staidéar go bhfuil dearcaí dearfacha agus dea-thoil ó thaobh na Gaeilge fanta ag leibhéil an-arda ón am a ndearna an t-údar na staidéir roimhe sin i 1973 (Prejudice and Tolerance In Ireland) agus i 1996 (Prejudice in Ireland Revisited). Léiríonn na torthaí tacaíocht ollmhór do chaomhnú na Gaeilge: tá 52.5% ag iarraidh go gcaomhnófaí an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus go ndéanfaí í a athbheochan lena húsáid do na healaíona agus don chultúr lasmuigh den Ghaeltacht, agus tá 40.9% ag iarraidh go ndéanfaí an teanga a athbheochan do chríocha poiblí ar fud an Stáit.

Léargais idirnáisiúnta
Aithnítear go hidirnáisiúnta an fiúntas a bhaineann le héagsúlacht teangacha. Is iad teangacha na príomhuirlisí atá ag an duine le hidirghníomhú a dhéanamh agus le smaointe, mothúcháin, eolas, cuimhní agus luachanna a chur in iúl. Is príomhfheithiclí iad teangacha freisin le cultúir a shloinneadh agus d’oidhreacht theibí cultúir, nithe is croí d’fhéiniúlacht an duine aonair agus d’fhéiniúlacht an ghrúpa. Tá ról tábhachtach teanga ó thaobh léiriú agus tarchur oidhreachta cultúir aitheanta i United Nations 2003 Convention for the Safeguarding of the Intangible Cultural Heritage.

Caithfear mar sin ó thaobh éagsúlacht cultúr ar fud an domhain a chaomhnú teangacha mar an Ghaeilge a chosaint. Tuairiscíonn UNESCO go bhfuil leath de na 6,700 teanga a labhraítear faoi láthair i gcontúirt dul i léig roimh dheireadh an chéid, próiseas nach féidir a mhoilliú síos ach le gníomh práinne ó Rialtais agus ó na pobail a labhraíonn na teangacha. Cothaíonn an Endangered Languages Programme de chuid UNESCO comhoibriú ar bhonn idirnáisiúnta le haird a tharraingt ar an staid thromchúiseach sin agus le réiteach nuálach a chur chun cinn ó phobail, ó shaineolaithe agus ó údaráis. Chuir an t-eagrán is déanaí den Atlas of Endangered Languages (UNESCO) an Ghaeilge síos mar theanga atá go cinnte i gcontúirt. Tá an stádas sin athraithe ó shin agus feabhsaithe go dtí an stádas í a bheith leochaileach i gcomhthéacs eolais faoi bhearta atá glactha ag an Rialtas le tacú leis an teanga le blianta beaga anuas.

D’aithin Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 2003 an ról fíorthábhachtach atá ag teanga ó thaobh oidhreacht bheo a chur in iúl agus a chur ar aghaidh. Braitheann oidhreacht cultúir theibí ar theanga ó thaobh a beochta laethúil agus lena cur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile. Ó thaobh traidisiún béil cibé amhráin, filíocht nó béaloideas, ní hamháin gurb í an teanga an fheithicil ina bhfuil an oidhreacht cultúir, is í an teanga a croílár.

Chomh maith le hanailís a dhéanamh ar staid teangacha atá faoi bhrú ar fud an domhain tá forbairt déanta ag UNESCO ar chreat oibre le beocht teanga a thomhas le cuidiú le Rialtais agus le dreamanna eile ó thaobh polasaí a fhorbairt, gach a chaithfear a dhéanamh agus na bearta cosanta cuí a aithint. Tugadh aird ar an gcreat oibre sin atá bunaithe ar na naoi gcritéar seo a leanas agus an Straitéis á forbairt:
Tá Straitéis an Rialtais mar atá leagtha amach sa cháipéis seo eagraithe thart:
    • Ar chur le heolas ar an nGaeilge;
    • Ar dheiseanna a chruthú le Gaeilge a úsáid; agus
    • Ar dhearcaí dearfacha i leith úsáid na Gaeilge a chothú.
Tá fhios againn ón gcaoi a bhfuil an Ghaeilge nach ionann cumas a bheith ag duine sa teanga agus í a úsáid. Leanann úsáid teanga go hiarbhír as cumas, deis agus dearcadh dearfach a bheith in éineacht. Tá an Straitéis seo mar sin ag iarraidh cúinsí dearfacha a chruthú le go mbainfidh na daoine níos mó úsáide as an gcumas teanga atá acu agus go gcuirfear leis an gcumas sin go fírinneach le himeacht ama.

Léiríonn an Straitéis seo tacaíocht an Rialtais d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge trí thiomantas fadtéarmach do chur chuige comhleanúnach agus cuimsitheach do thodhchaí na teanga mar theanga bheo a labhraíonn daoine le háit dhaingean sa chóras oideachais, ag na leibhéil is airde inár gcóras polaitíochta agus inár riarachán poiblí agus sa Ghaeltacht.

Mar a dúradh cheana is cuid d’oidhreacht agus de chultúr Thuaisceart Éireann í an Ghaeilge agus is tosaíocht don Rialtas cosaint agus cur chun cinn na teanga ansin.

I gcomhthéacs thiomantas leanúnach an Rialtais ó thaobh Chomhaontú Aoine an Chéasta a fheidhmiú go hiomlán leanfaidh sé ag tacú le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe Thuaidh/Theas a bhfuil dualgas air an teanga a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin agus lena oibriú éifeachtach leanúnach a chinntiú. Beidh deathionchar ag Straitéis an Rialtais ar lucht labhartha na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Leanfaidh an Rialtas ag obair freisin le go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán tiomantais ó thaobh na Gaeilge a bhaineann le Rialtas na Breataine agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann, lena n-áirítear Acht Teanga don Ghaeilge a thabhairt isteach chomh maith le feabhsú, cosaint agus forbairt na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.


http://cms01.unesco.org/fileadmin/MULTIMEDIA/HQ/CLT/CLT/pdf/UNESCO-EndangeredLanguages-WorldMap-20090218.pdf
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment