Tá na gníomhartha atá beartaithe a dhéanamh i réimsí riaracháin, seirbhísí agus pobail leagtha amach le cuidiú le cumas, deiseanna agus dearcaí a bhaint amach a chuideoidh le leathnú na Gaeilge. Tá cúig cinn de chuspóirí i Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 maidir leis na réimsí sin:
Cuspóir 3: Tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga teaghlaigh. Chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cuspóir 8: Leanfar leis an tacaíocht a thugann an Stát d’Fhoras na Gaeilge de réir an Achta um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999. Cuspóir 11: Leanfar le treisiú na hoibre atá ar bun ag An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ag na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí a thagann faoina scáth, ar nós Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus Bord na Leabhar Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus chun í a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht. Cuspóir 12: Leanfar agus déanfar forbairt ar úsáid na Gaeilge sa Gharda Síochána agus sna Fórsaí Cosanta. Cuspóir 13: Aithníonn an Rialtas an ról fíorthábhachtach atá ag an earnáil dheonach Ghaeilge agus leanfar ag tabhairt tacaíochta di. |
Mar a dúradh cheana i gCuid 6 déanfar roinnt athruithe móra struchtúrtha:
- • Forálfaidh reachtaíocht nua d’athstruchtúrú bunúsach ar Údarás na Gaeltachta ina ghníomhaireacht Gaeilge nua –Údarás na Gaeilge – agus beidh freagracht air as cúrsaí Gaeilge ar fud an Stáit, agus coinneoidh sé go leor de na feidhmeanna atá aige faoi láthair.
• Leanfar ag tacú le Foras na Gaeilge ó thaobh acmhainní agus tacaíochtaí a chur ar fáil don teanga ag leibhéal uile-Éireann.
• Aithneofar catagóir eile pobail teanga san Acht nua le soláthar a dhéanamh do spriocthionscnaimh le pobail/gréasáin nua teanga a fhorbairt lasmuigh den Ghaeltacht. I bpobail uirbeacha is mó a bheidh siad sin, pobail a bhfuil mais chriticiúil riachtanach de thacaíocht Stáit agus pobail acu don Ghaeilge.
• Agus aitheantas á thabhairt don ghá atá le níos mó comhoibrithe idir rialtas áitiúil agus rialtas náisiúnta agus idir na hearnálacha éagsúla ó thaobh sheachadadh seirbhísí éifeachtacha lánpháirtithe déanfaidh na haisteoirí cuí comhoibriú le súil seirbhísí roinnte nua le saineolas cuí a fhorbairt do na limistéir Ghaeltachta sa réimse pleanála.
• Féachfar an bhféadfadh Údarás na Gaeilge, ar bhonn gníomhaireachta, feidhmeanna trí Ghaeilge a dhéanamh do chomhlachtaí poiblí eile, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.
Bearta don Ghaeilge sa tSeirbhís Phoiblí
Ní mór cláir fheasachta teanga agus cláir oiliúna teanga a fhorbairt/a neartú le go mbeidh cion níos mó d’fhoireann na seirbhíse poiblí in ann go fírinneach feidhmiú i nGaeilge agus in ann seirbhísí a sheachadadh i nGaeilge do chustaiméirí a bhíonn á iarraidh sin. Ceapfaidh An Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comhshocruithe cuí le cur leis an gcóhort seirbhíseach poiblí atá in ann feidhmiú go dátheangach. Bunófar na socruithe sin thar am, ag aithint na srianta atá faoi láthair ar earcaíocht chuig an earnáil phoiblí. Mar thaca leo sin déanfar forbairt ar chóras creidiúnaithe caighdeánbhunaithe neamhspleách d’inniúlacht Gaeilge sa tseirbhís phoiblí laistigh den chreat oibre cáilíochtaí náisiúnta foriomlán atá ann faoi láthair. Leagfar amach agus tairgfear Dioplóma Náisiúnta sa Dátheangachas agus i gCleachtas Teanga le cuidiú le seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar chuig an bpobal i mBéarla agus i nGaeilge.
Tá glactha ag Acht na dTeangacha Oifigiúla leis an ‘scéim teanga’ mar an lár-ionstraim trína soláthrófar seirbhísí dátheangacha. Sonróidh scéimeanna teanga amach anseo na poist in eagraíocht a mbeidh cumas sa Ghaeilge riachtanach dóibh.
Tionscnaimh agus Pleananna Teanga Áitiúla lasmuigh den Ghaeltacht
Mhol Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht go dtabharfaí aitheantas do chineálacha sonracha pobal teanga sa Ghaeltacht a ndéanfaí sprioc-idirghabhálacha pleanála teanga cuí a cheapadh dóibh. Is dóigh leis an Rialtas go bhfuil sé cuí go ndéanfaí cineál nua ‘Gaeltacht gréasáin’ a aithint san Acht nua. Tabharfaidh an chatagóir nua sin deis do spriocthionscnaimh phleanála teanga forbairt a dhéanamh ar phobail/ghréasáin teanga nua lasmuigh den Ghaeltacht. I bpobail uirbeacha, a bhfuil mais chriticiúil bhunúsach tacaíochta pobail agus Stáit iontu don Ghaeilge, nithe mar shaoráidí cúraim leanaí trí Ghaeilge, Gaelscoileanna, oideachas dara leibhéal trí Ghaeilge, clubanna óige Gaeilge agus seirbhísí eile lena n-áirítear grúpaí máithreacha agus mamailíneach, seirbhísí creidimh i nGaeilge, a bheidh siad sin. Bainfidh critéir shonracha a fhorbrófar don chatagóir sin le dearcaí poiblí, cumas teanga, soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge agus an toil a bheith rannpháirteach go gníomhach i dtionscnaimh Ghaeilge.
Tabharfaidh An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeilge tacaíocht do na pleananna teanga sin. Beidh tacaíocht ar fáil freisin ó Oifigigh Ghaeilge a bheidh fostaithe ag údaráis áitiúla agus saineolaithe eile sna comhlachtaí atá ann.
Is é an aidhm a bheidh le plean gnímh áitiúil daoine san áit, agus grúpaí pobail/deonacha a tharraingt le chéile le húsáid na Gaeilge san áit a éascú. Déanfar sin trí níos mó comhordaithe agus tuiscint phoiblí ar na gníomhaíochtaí atá ann. Is é an cur chuige a bheidh ann beocht na Gaeilge sa cheantar áitiúil a mhapáil agus a aithint. Anuas air sin beidh próiseas iniúchta teanga a aithneoidh laigí agus láidreachtaí leanúnacha agus a sholáthróidh fianaise thar am den tionchar a bheadh ag polasaithe a bhaineann le teanga agus leasuithe le húsáid teanga go hiarbhír. Déanfar na pleananna sin a lánpháirtiú le Pleananna Teanga Contae agus áireofar iontu forbairt ionad sóisialta agus acmhainní.
Is é an cuspóir a bheidh le hobair athbhorradh fadtéarmach na bpleananna gnímh áitiúla ná
- - Na coinníollacha sóisialta a chruthú a chothóidh dearcaí dearfacha i leith na Gaeilge agus a chuirfidh lena húsáid go ginearálta;
- Úsáid na Gaeilge mar mheán do chumarsáid shóisialta agus institiúideach a normalú;
- Béim a chur ar an dlúthbhaint idir teanga agus dearcaí a bhaineann le ceisteanna caighdeáin bheatha, an timpeallacht agus an geilleagar áitiúil.
Ceann de na príomhrólanna a bheidh ag pleananna Gaeilge áitiúla ná foghlaim agus deiseanna úsáide a chothú feadh scoileanna agus idir scoileanna agus gníomhaíochtaí áineasa, ceirdeanna, leabharlainne agus pobail. Tabharfaidh An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeilge nua faoi ról gníomhach éascaithe ó thaobh tacú le gníomhaíochtaí a bheidh Gaeilge-lárnaithe agus a cheanglóidh foghlaim teanga ar scoil leis na réimsí gaolmhara cultúir, áineasa, tráchtála agus gníomhaíocht fiontraíochta/fiontair. Áireofar gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais feadh an tsaoil, oideachais do dhaoine fásta agus oideachais leanta sna gníomhaíochtaí limistéar áitiúil lánpháirtithe le tionscnaimh thacaíochta Gaeilge a leathnú ó réimeanna na scoile agus an phobail go oiliúint ceirdeanna, litearthacht do dhaoine fásta agus áineasa nó cláir ullmhaithe gairme.
Áireofar i dtionscnaimh theanga áitiúla bunú ‘ionaid ilfhreastail’ chun
- • Comhairle a thabhairt do thuismitheoirí nua ar mian leo a gcuid leanaí a thógáil leis an dátheangachas;
• Treoir a thabhairt faoi na deiseanna oideachais trí mheán na Gaeilge atá ar fáil;
• Cuidiú le heagraíochtaí poiblí agus deonacha ar mian leo cur leis an méid úsáide a bhaineann siad as an nGaeilge; agus
• Gnónna a spreagadh ar mian leo seirbhís dhátheangach a thairiscint dá gcuid custaiméirí
Pleananna Teanga Contae
Ceanglófar ar gach contae ina bhfuil limistéir ainmnithe Ghaeltachta, lena n-áirítear Gaeltachtaí gréasáin, Pleananna Teanga Contae a ullmhú agus a fheidhmiú. I ngach plean díobh sin beidh tionscnaimh le cur leis an gcéatadán agus leis an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá ar bhonn bliantúil trí spriocthionscnaimh shonraithe don chontae a bheidh i gceist. Déanfaidh geallsealbhóirí na bearta sin a sheachadadh le cúnamh ó shaineolaithe pleanála teanga. Nuair a bheidh measúnú déanta air, d’fhéadfaí an cur chuige seo a leathnú go dtí contaetha eile.
Plean Teanga do Chathair agus do Chomhairlí Contae Bhaile Átha Cliath
Tá líon mór daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá ina gcónaí i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus ina abhantracht. Baineann tábhacht mhór shiombalach leis an nGaeilge sa phríomhchathair, ó thaobh mhuintir na hÉireann agus cuairteoirí a thagann go Baile Átha Cliath ar ghnó nó mar thurasóirí. Déanfar forbairt agus feidhmiú ar mhórphlean do chur chun cinn na Gaeilge i gCathair Bhaile Átha Cliath agus a habhantracht sa chéad tréimhse de Chéim II. Is é príomhsprioc an phlean sin cur leis an méid daoine a labhraíonn Gaeilge i mBaile Átha Cliath bliain ar bhliain tríd an teanga a dhéanamh níos feiceálaí agus trí chur leis na deiseanna chun an teanga a úsáid go nádúrtha ó lá go lá sa chathair.
Ról Tábhachtach na hEarnála Deonaí
Beidh ról tábhachtach ag an earnáil dheonach áitiúil ó thaobh forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh agus ar phleananna teanga áitiúla. Tá sé tábhachtach mar sin go dtabharfaí guth agus deis don earnáil le cuidiú le polasaí ag an leibhéal áitiúil agus go dtabharfaí tacaíocht do ghrúpaí atá ag iarraidh a bheith gafa leis an teanga ag an leibhéal áitiúil agus ag an leibhéal náisiúnta agus a bheadh ag teacht le haidhmeanna agus ábhar na Straitéise.
Tá an Ghaeilge mar chuid lárnach d’éiteas eagraíochtaí deonacha náisiúnta mar Chumann Lúthchleas Gael agus Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Aithníonn an Rialtas an príomhról atá acu ó thaobh chur chun cinn na teanga. Déanfaidh an Rialtas forbairt agus doimhniú ar a thiomantas do na heagraíochtaí sin ó thaobh chur chun cinn na teanga. D’fhéadfadh eagraíochtaí deonacha spóirt agus cultúir eile ról lárnach a bheith acu ó thaobh úsáid níos leithne na Gaeilge lasmuigh den seomra ranga a chur chun cinn. Rachaidh an Rialtas go forghníomhach i gcomhar leis na heagraíochtaí sin le leas a bhaint as cumas a gcuid gníomhaíochtaí spóirt agus cultúir atá bunaithe sa phobal le cuidiú go mór leis an Straitéis.
Faoi láthair cuireann an Stát maoiniú ar fáil do chuid mhaith eagraíochtaí Gaeilge éagsúla.
Tabharfar faoi chur chuige ón ‘gcliabhán go seanaois’ agus a bheidh níos lánpháirtithe trí atheagrú mór ar eagraíochtaí teanga a fhaigheann maoiniú ón Stát le tacaíocht teanga chuimsitheach a sholáthar ar bhonn réimse.
Ionaid Fhisiciúla Acmhainní
Déanfar forbairt ar ionaid acmhainní tiomanta i lár Bhaile Átha Cliath agus in áiteanna móra uirbeacha eile. Sna hionaid d’fhéadfaí spás amharclainne, siopaí caifé agus bialanna, siopaí leabhar, oifigí d’eagraíochtaí Gaeilge, ionaid idirlín, ábhair staire, seomraí cruinnithe agus comhdhálacha, áiteanna taispeána, agus aonaid bhuntosaithe forbartha agus taighde a sholáthar. In áiteanna eile beidh ionaid acmhainní atá ann cheana féin, lena n-áirítear ionaid acmhainní réigiúnacha atá bunaithe ag Comhaltas Ceoltóirí Éireannn le cuidiú ó mhaoiniú poiblí agus ionaid a ritheann comhlachtaí forbartha áitiúla, culúir agus spóirt eile le comhaontú leis an gcomhlacht a bhíonn i gceist mar ionaid do chur chun cinn agus do ghníomhaíochtaí Gaeilge.
An Garda Síochána agus na Fórsaí Cosanta
Tá sé tábhachtach áit na Gaeilge sa Gharda Síochána agus sna Fórsaí Cosanta a choinneáil agus a fhorbairt, de bharr thábhacht shiombalach na bhFórsaí sin sa saol náisiúnta agus de bharr na seirbhísí a sholáthraíonn siad, go háirithe An Garda Síochána, don phobal. Déanfar tuilleadh forbartha ar bhearta a bhfuiltear ag tabhairt fúthu cheana féin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla le háit na Gaeilge mar theanga oibre inmheánach i gceantair Ghaeltachta agus in aonaid Ghaeilge eile, i seirbhísí don phobal agus i ról siombalach an Gharda Síochána agus na bhFórsaí Cosanta sa saol náisiúnta agus ar ócáidí stáit a neartú.
No comments:
Post a Comment