26.11.09

6.9 Réimsí Gnímh

TIONSCNAIMH CHROSGHEARRTHA

Tabharfar faoi roinnt tionscnamh feadh na réimsí ar fad atá leagtha amach cheana féin.

    Comhar Comhairle
    Ceapfar comhar comhairle de smaointeoirí cruthaitheacha agus nuálaithe ar bhonn ad hoc ó am go chéile le cuir chuigí nua ó thaobh chothabháil agus chur chun cinn na teanga a fhorbairt trí fhorbairt san earnáil TFC a úsáid.

    Suíomh Portail
    Déanfar forbairt ar shuíomh portail i nGaeilge. Leagfar amach é sin le teacht a thabhairt go hoscailte agus go héasca ar gach ábhar agus acmhainn i nGaeilge agus do Ghaeilge lena n-áirítear ríomhfhoghlaim, ábhair, foilseacháin, meáin, téarmaíocht, logainmneacha, foilseacháin acadúla, gréasáin teanga, foinsí digitithe, agus gréasáin shóisialta agus ghairmiúla.

    Ról an AE ó thaobh na Gaeilge
    Cinnteoidh an Rialtas go ndéanfar an Ghaeilge, mar theanga oifigiúil oibre, a áireamh i ngach clár taighde agus forbartha de chuid an AE agus na cinn sa bhaile freisin i réimsí mar phróiseáil teanga nádúrtha, foghlaim teanga agus teicneolaíochtaí teanga. Áirítear ar na réimsí atá fiorthábhachtach ó thaobh forbartha aistriúcháin meaisíní, aithint optúil carachtar, teicneolaíocht cainte, cláir fhoghlama teanga, agus aithint cainte. Bainfidh an Ghaeilge leas freisin as an hardáin atá forbartha cheana féin trí chláir thaighde agus fhorbartha do theangacha eile.

    Clár Digitithe
    Cruthófar clár náisiúnta mar chuid de cheiliúradh chomóradh Éirí Amach 1916 le saothair mhóra Ghaeilge lena mbaineann tábhacht náisiúnta a dhigitiú le súil go mbeidh teacht níos éasca orthu trína bhfoilsiú ar an ngréasán domhanda. Tógáil a bheidh ansin ar an obair atá déanta cheana féin ag an Irish Script on Screen and the Digital Humanities Observatory. Tá an Ghaeilge ina hinspioráid do chuid mhaith foirmeacha ealaíon nua-aimseartha lena n-áirítear litríocht, ceol agus an amharclann. Ach níl teacht chomh héasca sin ar chuid mhaith de na lámhscríbhinní is tábhachtaí mar go bhfuil siad coinnithe i dtaiscí in áiteanna éagsúla ar fud an domhain agus tá saothair thábhachtacha eile as cló. Tabharfar an clár seo fáil go lárnach ar ábhair Ghaeilge atá coinnithe i gcartlanna, i dtaiscí, i leabharlanna agus in ollscoileanna ar fud an domhain.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment