29.9.10

Séala Eorpach Teanga

An Séala Eorpach Teanga 2010 bronnta ar ClubLeabhar.com

Bronnadh an duais Eorpach do theangacha, An Séala Eorpach Teanga (Fraincís & teangacha eile seachas Gaeilge!) 2010, ar an gclub leabhar Gaeilge ar líne ClubLeabhar.com ag ócáid in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Dé Luain, 27 Meán Fómhair. Is duais Eorpach é an Seála Eorpach Teanga a thugann aitheantas do mhodhanna cruthaitheacha nuálaíocha chun feabhas a chur ar chaighdeán múinte agus foghlama teanga.

Bunaíodh ClubLeabhar.com, tionscadal de chuid Ghaelchultúir, sa bhliain 2009 agus é mar aidhm aige lucht na Gaeilge in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh le bheith ag léamh leabhair Ghaeilge. Dírítear ar leabhar nua gach mí agus bíonn deis ag baill an chlub plé a dhéanamh ar an saothar ar fhóram an tsuímh. Ina theannta sin, is féidir leo ceisteanna a chur ar údar leabhar na míosa agus cur isteach ar chomórtas míosúil don léirmheas is fearr. Tá leabhair an chlub oiriúnach do chainteoirí líofa agus d’fhoghlaimeoirí araon; cuirtear gluais chuimsitheach ar fáil ar ClubLeabhar.com chun cabhrú leo siúd nach bhfuil Gaeilge chomh líofa sin acu.

Is féidir le daoine aonair, mar aon le clubanna, ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne. Ní thógann sé ach nóiméad clárú don chlub agus níl aon táille i gceist.
Share/Save/Bookmark

20.9.10

Lá Eolas i mBuswell's

Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag eagrú lá eolais do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí ag tús na míosa seo chugainn. Is é aidhm an lae a chur in iúl do na hionadaithe poiblí go gcaithfidh an Rialtas:

  • glacadh le moltaí an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
  • gan glacadh le moltaí na Roinne Airgeadais i leith na Gaeltachta mar atá leagtha amach sa cháipéis ‘Tosaíochtaí Infheistíochta Infreastruchtúir 2010 – 2016’.

  • Mhínigh Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, an tábhacht a bhaineann leis an lá eolais: “Bhí lúcháir ar phobal na Gaeilge nuair a foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i mí na Samhna anuraidh ach ba léir go raibh laigí inti. Tá stocaireacht déanta ag grúpaí éagsúla ó shin leis an Straitéis a fheabhsú. Tá moltaí maithe déanta ag an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus tá sé riachtanach go nglacfaidh an rialtas le gach ceann acu. Tá muidne ag iarraidh cuidiú a fháil ó bhaill an Oireachtais lena chinntiú go dtarlóidh sé sin.”

    Beidh cur i bhfeidhm na Straitéise ag brath ar an maoiniú cuí a bheith ar fáil ón Státchiste. Tá éiginnteacht mhór ag baint le foinsí maoinithe, áfach, ó foilsíodh an cháipéis: ‘Tosaíochtaí Infheistíochta Infreastruchtúir 2010 – 2016’. Labhair de Spáinn faoin mbeaguchtach a chuir an cháipéis sin ar phobal na Gaeilge:
    “Bhain an cháipéis geit as go leor daoine ach chuir sí scanradh ar phobal na Gaeilge. Tá laghdú ollmhór molta do bhuiséad na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta sna blianta amach romhainn. Leis an fhírinne a rá, má chuirtear na pleananna sin i bhfeidhm, beidh deireadh leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta faoi 2016. Tá sé chomh simplí sin!”

    Agus é ag caint faoin gcéad chéim eile dúirt Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta:
    “Tá géarghá le soiléiriú ag an staid seo. Ní bheifear ábalta an Straitéis a chur i bhfeidhm mar is ceart bunaithe ar na figiúirí atá leagtha amach in Tosaíochtaí Infheistíochta Infreastruchtúir 2010 – 2016. Dar linn gur infreastruchtúr iontach tábhachtach iad an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. Beidh ról lárnach le himirt ag an dá eagraíocht i gcur i bhfeidhm na Straitéise ach an maoiniú cuí a bheith ar fáil.”

    Tá súil ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta go mbainfidh gach duine sult agus tairbhe as an lá. Beidh ionadaithe ó gach Gaeltacht agus ó Dháilcheantair éagsúla ar fud na tíre i láthair le léiriú soiléir a thabhairt go bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aontaithe ag an am cinniúnach seo don teanga.

    Beidh fáilte roimh chách idir Theachtaí Dála, Sheanadóirí agus an phobal i gcoitinne theacht isteach agus bualadh linn in Óstán Buswells idir 8.00r.n. agus 6 i.n. ar an 6 Deireadh Fómhair 2010.
    Share/Save/Bookmark

    2.9.10

    Cuairt ón Aire!

    Cuairt ón Aire Carey, TD ar Chruinniú Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

    Aire Pat CareyThug an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey TD, cuairt aréir ar chruinniú de bhalleagraíochtaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

    Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge lár-chomhairle phobal na Gaeilge, agus tá sí comhdhéanta faoi láthair de 24 balleagraíocht, ó mhór-réimsí uile na hearnála timpeall na tíre.

    Thug ionadaithe ó bhalleagraíochtaí na Comhdhála léiriú don Aire ar a gcuid oibre, chomh maith leis na deiseanna agus na dúshláin atá rompu. Ag éirí as léiriú na n-eagras, lean plé leathan ar obair na hearnála agus na deacrachtaí i láthair na huaire a bhaineann le héiginnteacht mhaoinithe.

    Luaigh Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Dr Helen Ó Murchú, go raibh flosc chun athraithe léirithe ag an earnáil, agus í réidh chun cabhrú le Straitéis Fiche Bliain Don Ghaeilge 2010-2030 an Rialtais a chur i bhfeidhm, ach go raibh an comhthéacs ag athrú go síoraí, agus gur theastaigh cinnteacht ón earnáil i dtaobh a todhchaí.

    Labhair an tAire Carey ar thábhacht na hearnála deonaí i gcoitinne agus thug sé ardmholadh d’earnáil dheonach na Gaeilge de bharr an oiread dul chun cinn atá á dhéanamh ar bhonn leanúnach acu i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge agus an fhorbairt atá tagtha ar sheirbhísí Gaeilge.

    Ag labhairt dó ar thodhchaí na teanga, dúirt an tAire, “Tá Straitéis fadtéarmach ag an Rialtas i dtaobh na Gaeilge, tá spriocanna uaillmhianacha leagtha amach sa Straitéis sin, agus beidh an Rialtas ag brath ar pháirtnéireachtaí le hearnáil na Gaeilge chun na spriocanna sin a bhaint amach agus chun na Straitéise a chur i gcrích”.

    Bhronn an tUachtarán tuairisc ar an Aire ar obair bhalleagraíochtaí na Comhdhála, agus bhronn Stiúrthóir na Comhdhála, Pádraig Mac Criostail, Fáinne Óir ar an Aire, mar aitheantas ar an tacaíocht a thugann an tAire Carey do chur chun cinn na Gaeilge.
    Share/Save/Bookmark

    31.8.10

    Glúin eile!

    Tá 18 naíonraí nua i mí Meán Fómhair 2010 a bheas ag oscailt a gcuid doirse don chéad uair i mbliana. Tá an figiúr seo méadaithe go mór ón 5 Naíonra nua a d’oscail i 2009.

    Is iad na Naíonraí atá i gceist ná:-
    • Naíonra Céimeanna Beaga, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath
    • Naíonra Tír na nÓg, Bóthar na gCloch, Baile Átha Cliath
    • Naíonra Páistí na Beatha, Sord, Baile Átha Cliath
    • Naíonra Links, Droim Conrach, Baile Átha Cliath
    • Naíonra Bogha Báistí, Inse Chór, Baile Átha Cliath
    • Naíonra na Seanscoile, Leamhcán, Baile Átha Cliath
    • Naíonra Montessori Matters, Leamhcán, Baile Átha Cliath
    • Spraoi Chill Mhantáin, Ráth Naoi, Co. Chill Mhantáin
    • Naíonra Bhóín Dé, Droichead Nua, Co. Chill Dara
    • Naíonra Boisíní, Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara
    • Naíonra Spraoi le Chéile, Sráidbhaile Liatroma, Co. Liatroma
    • Naíonra Jigsaw, Port Láirge
    • Naíonra Bóthar na Modhfheirme, Corcaigh
    • Naíonra Pobail an Sciobairín, An Sciobairín, Co. Chorcaí
    • Naíonra Bellview Woods, Cill Airne, Co. Chiarraí
    • Naíonra Ghuaire, Guaire, Co. Loch Garman
    • Naíonra an Choillín, An Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí

    Dúirt Cathaoirleach Fhorbairt Naíonraí Teoranta, Máire Uí Bhriain: ‘Is dul chun cinn iontach é seo. Tá fás mór tagtha ar líon na naíonraí agus líon na leanaí ag freastal ar sheirbhísí naíonraí. Tugann na seirbhísí seo tacaíocht do thuismitheoirí gur mian leo an Ghaeilge a úsáid lena leanaí óga chomh maith le cúram leanaí ar ardchaighdeán dá leanaí.

    Dúirt Clíona Frost, Príomhoifigeach Fhorbairt Naíonraí Teoranta: ‘Guímid gach rath ar na Naíonraí nua, na Príomh Stiúrthóirí agus Stiúrthóirí maraon leis na leanaí atá ag tosú amach i ré nua thábhachtach ina saol agus a dtuismitheoirí ar an ócáid bhródúil seo. Guímid gach rath freisin ar gach Naíonra atá ag ath-oscailt na doirsí agus ag tabhairt faoi bhliain úr agus iad ag saothrú leo ag cur cúram ar ardchaighdeán ar fáil trí Ghaeilge.’

    Is cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta, a thacaíonn le seirbhísí, cúram is oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliabháin ar aghaidh. Cuireann Forbairt Naíonraí Teoranta tacaíocht ar fáil chun na seirbhísí trí Ghaeilge seo thíos a bhunú, a bhuanú agus a riaradh: naíolanna, naíonraí, seirbhísí aois scoile, campaí samhraidh, agus grúpaí tuismitheoirí/caomhnóirí agus leanaí.

    Faigheann Forbairt Naíonraí Teoranta maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus ó Oifig an Aire do Leanaí agus Gnóthaí Óige.
    Share/Save/Bookmark

    27.8.10

    Litir práinneach.

    Litir oscailte chuig an Taoiseach agus an Tánaiste faoi staid na Gaeltachta

    Foilsíodh litir sínithe ag 29 grupaí phobail, eagrachtaí agus coláistí samhradh i nGaeltacht Dhún na nGáll san Irish Times, Donegal Democrat agus sa Donegal News. (Tá an teolas seo agus an leagan Béarla le fáil ar The Hidden Ireland!

    Deitear comparáid idir seo agus tuairisc an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Béarla).

    Cuiradh cóip den litir chuig an Taoiseach agus an Tánaiste.
    An Taoiseach Brian Ó Comhain
    An Tánaiste Máire Ní Chochláinn,
    Teach Laighean,
    Baile Átha Cliath 2

    A Thaoisigh agus a Thánaiste, a chairde,
      Tá muid ag scríobh chugaibh mar phobal Gaeltachta aontaithe mar go bhfuil imní mhór orainn faoi Thuarascáil na Roinne Airgeadais ar Chaiteachas Caipitiúil 2010-2016. Má ghlactar lena bhfuil molta, beidh deireadh go praiticiúil leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta faoi 2016 agus muid ag comóradh 100 Bliain Éirí Amach 1916.
    Figiúirí
      Tá na ciorruithe is airde i ndán don Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta mar a léirítear thíos:
    Comparáid

      Mar is eol daoibh ón Staideár Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, tá géarchéim teanga ins an Ghaeltacht faoi láthair, fiú ins na Gaeltachtaí is láidre:

      "Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliana agus scór blianta fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht, is é sin le rá an chuid den Ghaeltacht a bhaineann le Catagóir A, mura féidir an patrún seo a chur ar mhalairt treo." (SCT, 2007:27)

      Caithfear dul i ngleic leis an fhadhb seo láithreach sula mbeidh sé ró-mhall agus mar sin de, iarraimid oraibh glacadh leis na moltaí uilig a rinne Tuarascáil an Comhchoiste Oireachtais ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar na mallaibh agus iad a chur i bhfeidhm.

      Glacann muid leis go bhfuil muid i ndrochstaid eacnamúil faoi láthair agus go bhfuil gá le ciorruithe a dhéanamh i gcaiteachas an Stáit ach ní fhanfaidh slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht le cúrsaí eacnamaíochta domhanda.

      Is muidinne, le meas,

      ÉAMONN Mac NIALLAIS, Guth na Gaeltachta;
      SÉAMUS Mac GÉIDIGH, Coiste Paróiste Ghort a Choirce;
      BRÍDÍN B Nic CHEARÁIN, Gaeltacht Bheo Fhánada;
      GRÁINNE Mhic GÉIDIGH, Coiste Ban Tí Thír Chonaill;
      BRÍD Uí DHONAILL, Coiste Áislann Rann na Feirste;
      MÍCHEÁL Mac GIOLLA, Coiste Áislann Chill Chartha;
      NÓIRÍN Uí MHAOLDOMHNAIGH, Easbuic Comharchumann Oileán Árainn Mhór;
      SÉAMUS Mac RUAIRÍ, Coiste Forbartha Anagaire;
      SÉAMUS Mac BRIARTAIGH, Comhairle Pharóiste Chill Chartha;
      CAITLÍN Uí LAIFEARTAIGH, Coiste Pobail Eascarrach;
      SIOBHÁN Ní CHURRAIGHÍN, Coiste Forbartha Theileann;
      MÁIRE Ní CHOMHAILL, Coiste Forbartha Dhobhair Teo;
      MÁIRE Uí CHEALLAIGH, Coiste Sheáin Bháin, Baile na Finne,
      MÁIRE Mhic NIALLAIS Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair;
      AODH Mac LAIFEARTAIGH, Coiste Céim Aniar, Na Dúnaibh;
      BRIAN Mac CUINNEAGÁN, Lár Comhairle Paróiste Gleann Cholm Cille;
      MÁIRÍN Uí FHEARRAIGH Comharchumann na nOileán Beag;
      BRIDGET Nic GAIRBHEITH, Comharchumann Oilean Thoraí;
      ÉAMON Mac GIOLLA BHRÍDE, Cumann Trádala Tionscail Ghaoth Dobhair;
      RÉAMONN Ó CIARÁIN, Coláiste Gael Linn Bhun an Inbhir;
      PÓILÍN Ní DHONNCHADH, Coláiste Gael Linn Mhachaire Rabhartaigh;
      DAITHÍ Ó MUIRÍ, Coláiste Mhuire, Loch an Iúir;
      MÁNAS Ó LUATHAIRE, Coláiste Árainn Mhór;
      SEOSAMH Ó GALLCHÓIR, Coláiste Cholmcille Gaoth Dobhair;
      Dr SEOSAMH WATSON, Oideas Gael Gleann Cholmcille;
      MÁIRÉAD Uí BHRÁDAIGH, Coláiste Chill Chartha;
      NIALL Ó SLUÁIN, Coláiste Rann na Feirste;
      SEOSAMH Ó DUIBHEANNAIGH, Coláiste na Rosann, Anagaire;
      GAVIN Ó FEARRAIGH
      COLLEEN Nic AODHA, Coláiste Bhun a Leaca,
      C/o Doirebeag, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall.

    Share/Save/Bookmark

    21.8.10

    Oíche Chultúir BÁC

    Agus Oíche Chultúir 2010 Átha Cliath (Béarla) á seoladh go hoifigiúil ag Mícheál Ó Muircheartaigh inniu, Dé Céadaoin, 18 Lúnasa 2010, is cinnte go mbeidh an ceiliúradh cultúir i gCeannáras Chonradh na Gaeilge ar an Aoine, 24 Meán Fómhair 2010, ar an gceiliúradh Gaeilge is mó san ardchathair mar chuid den Oíche Chultúir go dtí seo!

    Cé gurbh í seo an tríú bliain as a chéile don eagras teanga páirt a ghlacadh i spraoi na hOíche Cultúir eagraithe ag Taisce Chultúrtha Bharra Temple (TCBT) (Bearla), tá Conradh na Gaeilge ag dul i bpáirt le níos mó eagraíochtaí Gaeilge eile ná ariamh - Club Chonradh na Gaeilge, An Coimisiún le Rincí Gaelacha (Bearla), Comhluadar, Forbairt Naíonraí, Glór na nGael, Ógras, Oireachtas na Gaeilge, Seachtain na Gaeilge, agus An Siopa Leabhar ina measc – le clár imeachtaí iontach a thairiscint do phobal na cathrach mar chuid den bhféile chultúir náisiúnta i mbliana.

    Is ceann de na foirgnimh is stairiúla sa phríomhchathair é Ceannáras Chonradh na Gaeilge agus beidh deis ag an bpobal turas treoraithe dátheangach a ghlacadh thart ar an bhfoirgneamh ag Uimhir a 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 gach 20 nóiméad ar an 24 Meán Fómhair 2010, áit go mbeidh na doirse ar oscailt don saol mór óna 5 – 11in. Cuirfear taispeántas de ghrianghraif a thóg Clive Wasson ag féilte Oireachtais éagsúla ó 2004 i leith, dar teideal An tOireachtas: Spléachadh Siar, ar crochadh i gClub Chonradh na Gaeilge ar feadh na hoíche agus tá sladmhargadh ar leabhair agus earraí Gaeilge eile á reáchtáil ag An Siopa Leabhar óna 5 – 10in.

    Beidh deis ag gach duine sa chlann spraoi a bhaint as an nGaeilge mar chuid den Oíche Chultúir sa Cheannáras, agus beidh ciorcal comhrá le cupán tae agus cúpla focal á sholáthar ag Glór na Gael do dhaoine fásta, fad agus atá scoth na ngearrscannán i nGaeilge á léiriú i gClub Chonradh na Gaeilge óna 5 – 7in. Le linn don Choimisiún le Rincí Gaelacha rang rince a mhúineadh trí Ghaeilge do dhaoine óga (12 – 18 mbliana d’aois) óna 6 – 7in,beidh cluichí agus spórt trí Ghaeilge á reáchtáil ag Forbairt Naíonraí Teo. agus Ógras do pháistí 2 – 12 bliana d’aois.

    Beidh deis ag na tuismitheoirí sult agus tairbhe a bhaint as imeachtaí na hOíche Cultúir ansin, le caint dar teideal Language Transmission From Generation to Generation á tabhairt ag Finlay MacLeod, CNSA (Béarla), Alban (a eagraíonn cúrsaí Gàidhlig ‘san Dachaidh=sa bhaile) eagraithe ag Comhluadar óna 8 – 9in. Tá cáil ar Chonradh na Gaeilge as ranganna Gaeilge a chur ar fáil ar fud na tíre agus beidh deis ag foghlaimeoirí fásta Átha Cliath triail a bhaint as rang in aisce idir 7 – 8in ar an 24 Meán Fómhair 2010 freisin. Sna sála ar rath na n-albam Ceol le blianta beaga anuas, ní haon ionadh é gurb í Seachtain na Gaeilge atá i mbun ceardlann cheoil agus scríobh amhrán trí Ghaeilge óna 7 – 8in, le cabhair ón gceoltóir cumasach, Enda Reilly.

    Cuirfear críoch leis an Oíche Chultúir i gCeannáras Chonradh na Gaeilge le taispeántas rince eagraithe ag an gCoimisiún le Rincí Gaelacha i gcomhar le Club Chonradh na Gaeilge ag 9in, agus tuilleadh amhránaíochta agus siamsaíochta le hOireachtas na Gaeilge óna 9 – 11in ar an 24 Meán Fómhair 2010. Bí ann nó bí gann!
    Share/Save/Bookmark

    12.8.10

    Údarás na Gaeltachta: Donncha & Éamonn

    Níl fhios agam an mar fhreagra ar litir oscailte Dhonncha Úi Éallaithe an ráiteas seo ó Éamonn Ó Cuív ach tá sé spéisiúil nach bhfuil siad ag caint faoin rud céanna. Is ar stair atá an chuid is mó den ráiteas Uí Chuív agus is le himní faoin todhchaí atá litir Uí Éallaithe.

    Bórd Snip Nua IILéirítear a méid oibre fiontach atá déanta ag an Aire (go mór mhór ina Dháil Cheantair féin!), agus ní fheadach éinne é a shéanadh ar an bpointe sin. Deireann sé gur tiomántas Fhianna Fáil (Béarla) don Ghaeilge atá ann, ach ag breathnú ar suíomh an pháirtí is rí bheag an méid tiomántas atá le feiscint ann. Deireann sé áfach go bhfuil sé "le feiceáil go soiléir nach bhfuil i ceist ag an Rialtas cumhachtaí a aistriú o hÚdaras na Gaeltachta na ón Roinn go heagraíochtaí eile."

    Ach an bhfuil? An bhfuil an Straitéis 20 bliain "ardchéimiúil" ar an gClár nua Caipitil a d'fhoilsigh an Rialtas i mí Iúil? Cuireann Donncha Ó hÉallaithe ceisteanna lom nach fhreagraíonn an tAire go lom. Cuireadh na lom-cheisteanna céanna nach mór ag cruinniú i nGaoth Dobhair i rith na seachtaine seo caite.

    Conas is féidir cuir le hobair fiúntach Éamonn Uí Chuív ar ar caitheadh €140m ar in 2008 sa bhliain 2015 agus 2016 le €30m? Nó anamhlaidh go bhfuil deireadh leis? Deireadh le Roinn na Gaeltachta, Deireadh le hÚdarás na Gaeltachta? Deireadh leis an nGaeltacht? Deireadh leis an nGaeilge mr teanga phobail?


    Litir oscailte ag an Aire Éamonn Ó Cuív T.D.

    A Aire, a chara
    Is cúis imní a bhfuil sa Clár nua Caipitil a d'thoilsigh an Rialtas le gairid dóibh siúd ar chás leo todhchaí na Gaeltachta. Bhi sé sach dona go raibh sé ráite sa "Dréacht Stráitéis 20
    Bliain don Ghaeilge
    ", a foilsíodh ag deire na bhliana seo calte go raibh plean ag an rialtas Údarás na Gaeltachta a iompó isteach ina Údaras na Gaeilge. Ag an am d'ardaigh mé an cheist go poiblí faoin mbaol a bhí ann, go gcaillfeadh an tÚdaras an fócas ar an nGaeltacht.

    Mar Aire, a raibh cúram na Gaeltachta ort ag an am, thug tú le fios, nach raibh sé i gceist aon chumhacht a bhaint ón Údarás faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ach a mhalairt. Thuig mé uait, is tú ag caint ar RnaG, nach ndéanfaí aon Iagú ar ról an Údaráis i dtaobh cothú na fiontraíochta agus ó thaobh cruthú fostaiochta faoin Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Dúirt tú go ndéanfaí athstructúrú ar an Údarás, rud a theastafonn go géar.

    Chreid go leor daoine tú ag an am, mar is duine thú, le do cheart a thabhairt dhuit, nach n-insíonn bréaga de ghnáth, cé gur féidir leat an dubh a chur ina gheal ar dhaome go minic le argóintí casta is le clisteacht. Bhí an cuma ar an scéal, do réir do chuid cainte ag an am, go mbeadh an tÚdarás fós ag plé le forbairt eacnamíochta, fiontraíochta agus le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, mar a bhí ó 1980 agus mar a bhí Gaeltarra Éireann roimhe sin.

    Faoi láthair is ón Roinn Chomhionnais, Pobail & Gaeltachta, a fhiaigheann an t-Údarás an t-airgead caipiteal, a theastaíonn le tograí nua fostaíochta a fhorbairt sa Ghaeltacht agus le postanna atá ann cheana a shábhailt. Fuair an tÚdarás €19.65 miliúin sa bhliain 2009 agus tá sé ceapaithe €15 milliún a fháil ón bhfoinse céanna i mbliana. Ach anois, do réir Aithbhreithniú ar an gClár Caipitil, (Béarla) a d'fhoilsigh an Rialtas le gairid; tá deire le cur leis an socrú seo agus as seo amach 'any residual or ongoing investment needs should be funded by the Government Department with pnmary sectoral responsibility', sé sin ó Roinn Bhatt O Keefe, (Enterprise, Trade and Employment).(Béarla amháin!)

    Mar duine den Aireacht, a cheadaigh an Aithbhreithnú ar an gClár Caipitil agus mar Aire a raibh freagracit na Gaeltachta ort le 12 bliliain roimhe sin agus mar Theachta Dála don ceantar Ghaeltachta is mó sa tir, ar mhiste leat ceist simplí a fhreagairt.

    An bhfuil sé i gceist ag an Rialtas seo airgead caipitil a sholáthar idir 2011 agus 2016 do Údarás na Gaeltachta, le usáid chun brú ar aghaidh le forbairt eacnamaíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht?

    Má ta, ar mhiste leat a inseacht cé mhéad a chuirfear ar fáil faoin bplean caipitil, a mhinú cé as a dtiocfaidh sé agus a soiléiriú dúinn cá bhfuil an soláthar sa phlean don airgead caipitil sin?

    Más amhlaigh go bhfuil sé socraite ag an Rialtas, go dtiocfaidh deire le ról Údaras na Gaeltachta i dtaobh cothú na fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, ar mhiste leat é sin a admháil go hoscailte is go macanta, sa gcaoi is gur féidir feachtas náisiúnta a eagrú lena chinntiú nach scriosfar an t-aon eagraíocht amháin atá ag an nGaeltacht faoi láthair, ceal acmhainní caipitil.

    Is de bharr brú ón bpobal agus feachtas Cearta Sibhialta na Gaeltachta, a cuireadh Údarás na Gaeltachta ar bun sa biliain 1980. Ní go héasca a ligfear don Rialtas seo deire a chur leis an Údaras ag am a bhfuil géarchéim teanga agus fostafocita sa gcuid bheag sin den Gaeltacht oifigúul, ina bhfuil an Ghaeilge fós in usáid mar theanga cumarsaide i measc an phobail,
    Ádh mor,

    Donncha Ó hÉallaithe,
    Na hAille, Cois Fharraige.


    Ráiteas ón Aire Ó Cuív
    Tá a lán cainte le gairid maidir le todhchaí na Gaeltachta, todhchaí Údarás na Gaeltachta agus na n-institiúidí Gaeltachta. Sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tá sé le feiceáil go soiléir nach bhfuil i ceist ag an Rialtas cumhachtaí a aistriú o hÚdaras na Gaeltachta na ón Roinn go heagraíochtaí eile. Go deimhin, is é a mhalairt atá ann mar tá i gceist féachaint an bhfuil seirbhísí a gcur ar fáil ag eagraiochtai éagsúIa faoi lathair a d'théadfadh an tÚdarás agus an Roinn a chur ar fail i bhfad níos éifeachtaí sa Ghaeltacht.

    Le blianta beaga anuas, ó bunaíodh MFG agus Comhar na nOileán le déileáil leis an nGaeltacht agus na hoileáin, tá láidriú ar an gcoincheap eagraíochtaí faoi leith a bheith ann le freastal ar na ceantair seo.

    Tá tuairimí an Rialtais faoin nGaeilge leagtha amach go soiléir sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus táthar ag leanúint le tiomántas Fhianna Fáil (Béarla) don Ghaeilge ó tháinig siad ar ais i gcumhacht i 1997. Bhi sé de phribhléid agamsa a bheith i m'Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta agus i m'Aire Gaeltachta don chuid is mó den am seo. Tá go leor dul chun cinn déanta i rith an ama seo maidir le seirbhísí breise a bheith curtha ar fáil sa Ghaeltacht. Orthu sin tá, achtú an Achta Teanga 2003, stádas oifigiúil don Ghaeilge san Eoraip agus foilsiú na Straitéise 20 Blain don.Ghaeilge. Cuirfear i bhfeidhm an straitéis seo anois sa 20 bliain atá ámach romhainn.

    Chomh maith leis sin, tharla go leor forbairti eile atá mar thairbhe don Ghaeltacht. Ina measc sin tá Scéim na gCúntóirí Teanga, Scéim na gCampaí Samhraidh agus méadú ar an gcúnamh do Scéim na bhFoghlaimeoiri Gaeilge ón Roinn Gnóthai Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

    I rith an ama seo freisin, tugadh cúnamh breise d'Oideachas Triú Leibhéal tré Ghaeilge go háirithe tri Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Olscoil na hÉireann, Gaillimh.

    Maidir leis an infrastruchtúr, is fíor a rá go raibh infrastruchtúr an-dona sa Ghaeltacht i 1997 agus go raibh fior-ghá le maoiniú a dhéanamh air. Ó shin, faoi Scéim na mBóithre Straitéiseacha, a bhunaigh mise, tá feabhsúchán mór déanta ar bhóithre straitéiseacha na Gaeltachta. Faoi Scéim na
    mBóithre Áise, a bhí curtha ar fionraí ag Micheál D. Ó hUiginn nuair a bhí sé ina Aire, tá caoi curtha ai bhóithre beaga chomh maith. Le blianta beaga anuas tá obair déanta ar bhóithre pobail ai nós bóithre portaigh agus cladaigh faoin Scéim Bóithre Pobail. Déanadh a lán oibre freisin ar chéibheanna sa Ghaeltacht. Déanadh obair fheabhsúcháin ar chéibheanna straitéiseacha ar nós Céibh Chill Chiaráin agus ar chéibheanna beaga chomh maith.

    Déanadh forbairt ar Áiseanna Pobail agus Caitheamh Aimsire agus tá sé seo le feiceáil go soiléir ar fud na Gaeltachta. I gConamara, feictear sampla de seo i Ros Muc áit a déanadh forbairt ar an bPáirc Peile, Spórtlann Michael Mhóir i Leitir Móir agus i mBaile Chláir na Gaillimhe áit a déanadh forbairt mhór ar an Ionad Spóirt ansin.

    Maidir leis na hoileáin, tá an t-infreastruchtúr feabhsaithe agus seirbhísí taistil feabhsaithe chomh maith. Ar Inis Mór, tá beagnach €4Om caite ar chéibh nua ansin. Tá pleanáil ag dul ar aghaidh maidir leis an gcéibh in Inis Oírr agus tá riar mhaith airgid caite freisin ar Inis Meáin. Chomh maith leis si faoin Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, bunaíodh a lán scéimeanna nua a raibh tionchai dearfach acu ai an nGaeltacht. Scéimeanna ar nós an Scéim Shóisialta Tuaithe, An Clár Sheirbhisí Pobail, a leathnaíodh amach, agus an scéim CLAR a chuir airgead ai fáil le huisce, seirbhísí oideachais, leathanbhanda and a lán seirbhfsi eile nach iad.

    Mar Aire Coimirce Sóisialaí, táim sásta go bhfuil an Clár Sheirbhisí Pobail, an Scéim Fostaíochta Pobail agus an Scéim Shóisialta Tuaithe ag aistriú go dtí mo Roinn agus tá súil na scéimeanna seo a leathnú amach sna míonna agus blianta amach romhainn ionas go gcuirfidh siad obair fhónta ar fáil do dhaoine agus freisin go bhfeabhs6idh said seirbhísí in imeachtaí éagsúla do mhuintir na Gaeltachta.

    Éamon Ó Cuiv T.D.
    Aire Coimirce Sóisiala


    Foilsíodh an dá phíosa seo i nGlór Chonamara, saor-nuachtáin a foilsítear ó Chnoc na Cathrach agus atá dálaithe go forleathan i ndeaisceart Chonamara agus Cois Fharraige.
    Share/Save/Bookmark