Creideann
Conradh na Gaeilge go bhfuil géarghá le gníomh cothromúcháin earcaíochta san earnáil phoiblí a chinnteoidh líon dóthanach daoine atá inniúil ar an nGaeilge sna Ranna Stáit éagsúla, tar éis don
Choimisinéir Teanga tabhairt le fios go bhfuil 98.5% d'fhoireann na
Roinne Oideachais agus Scileanna (Béarla) nach féidir leo a gcuid gnó a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge.
Ag caint dó ag seimineár a eagraíodh san Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí, Co. Chiarraí níos luaithe inniu, Déardaoin, 26 Samhain 2010, dúirt
Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, gur léirigh suirbhé a rinneadh le gairid go bhfuil líon na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais agus Scileanna le
cumas Gaeilge acu tar éis titim 50% le 5 bliana anuas.
 |
| Pádraig Mac Fhearghusa |
Arsa
Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
"Is cúis ollmhór imní dúinn atá ag saothrú in earnáil na Gaeilge, agus go háirithe in earnáil an Ghaeloideachais, go bhfuil laghdú chomh suntasach tagtha arís ar líon na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais agus Scileanna a bhfuil ar a gcumas a gcuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.
"Ní chóir Béarla éigeantach a bhrú ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus iad ag plé le heagraíochtaí stáit; mura bhfuil baill foirne atá inniúil ar an nGaeilge fostaithe sna ranna stáit éagsúla áfach, déanann sé ceap magaidh d'Acht na dTeangacha Oifigiúla agus séanann sé cearta teanga phobal
labhartha na Gaeilge, sa Ghaeltachta agus sa Ghalltacht."
Is é príomhchuspóir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ná a chinntiú go mbeidh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh siad ar chaighdeán níos airde, ach creideann Conradh na Gaeilge gur teip iomlán a bheidh ann mura bhfuil líon áirithe fostaithe sa státchóras in ann freastail ar muintir na Gaeilge agus na Gaeltachta. Chun dul i ngleic leis an éagóir seo, mhol an Comhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta gur chóir gníomh cothromúcháin earcaíochta a shonrú sa
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chun a chinntiú go mbeidh líon dóthanach foirne sa tseirbhís phoiblí atá inniúil ar an nGaeilge agus toilteanach í a úsáid i gcomhlíonadh a ndualgas oifigiúla sa tuarascáil a d'fhoilsigh siad maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i mí Iúil 2010 (Moladh 32). Féach
Deir
Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:
"Ní fiú Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge gan moladh an Chomhchoiste maidir le gníomh cothromúcháin earcaíochta sa státchóras, agus anois an t-am chun beartas earcaíochta a leagadh síos don earnáil phoiblí, a chinnteoidh go bhfuil seirbhís Ghaeilge ar fáil do phobal na hÉireann amach anseo, agus nach gcosnódh an stát cent.
"Go deimhin, dá n-éireodh leis an rialtas a dhóthain daoine atá inniúil ar an nGaeilge a earcú ag an chéad chéim den phróiseas earcaíochta, bheadh sábháil airgid i gceist ar chostais athoiliúna, ar chostais aistriúcháin, agus eile - bheadh státseirbhísigh ar fáil laistigh den roinn leis na cáipéisí ar spéis leis an bpobal a aistriú go Gaeilge mar shampla, seachas iad a chur go haistritheoirí seachtracha, mar a tharlaíonn faoi láthair."
Ní raibh ach 3% den fhoireann ábalta seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge de réir thorthaí an tsuirbhé a rinneadh sa Roinn Oideachais agus Scileanna i 2005 agus níl ach 1.5% d'oifigigh na Roinne sin a bhfuil a ndóthain cumais sa Ghaeilge acu lena gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa lá
atá inniu ann. Is léir do Chonradh na Gaeilge nach leor na córais reatha earcaíochta agus oiliúna lena chinntiú go mbeidh dóthain foirne san earnáil phoiblí le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus go gcaithfear dul i ngleic leis seo mar ábhar práinne i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais.

98.5% den Roinn Oideachas gan Gaeilge!