20.6.10

CnaG i nGleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair!

Beidh cuairt ar oileán Thóraí faoi threoir Rí an Oileáin, Patsy Dan Mac Ruairí (féach pictiúir ar dheis!), ar cheann de bhuaicphointí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall ón 1–4 Iúil 2010. Eagraíonn Conradh na Gaeilge saoire i nGaeltacht éagsúil gach samhradh chun deis a thabhairt do chainteoirí líofa agus d’fhoghlaimeoirí na teanga araon sult a bhaint as áilleacht na Gaeltachta, gníomhaíochtaí spraíúla lae agus siamsa na hoíche i gcomhluadar iomlán Gaeilge i gcaitheamh an chéad dheireadh seachtaine i mí Iúil.

Ní hamháin gurb é Gaoth Dobhair an paróiste Gaeltachta is mó in Éirinn le daonra do 4,065, ach tá cáil ar an gceantar as áilleacht na háite agus é suite os cionn Loch Dhún Lúiche faoi scáil na hEaragaile maorga, an cnoc is airde i gCo. Dhún na nGall. Chomh maith le tránna agus aillte ar an gcósta, tá gleanntáin fhairsinge thart ar Ghaoth Dobhair - Gleann Nimhe, Caisleán Ghleann Bheatha agus Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, an páirc náisiúnta is mó sa tír ina measc – agus beidh deis ag lucht freastail an Tionóil cuairt a thabhairt ar Oileán Thoraí Dé hAoine, 02 Iúil 2010, agus ar Chaisleán Gleann Bheatha agus na gairdíní Dé Domhnaigh, 03 Iúil 2010.

Tá Conradh na Gaeilge ag obair i gcomhpháirt le heagrais eile Gaeilge agus óige mar aon le muintir na háite i nDún na nGall chun réimse leathan imeachtaí a chur ar fáil i mbliana, agus cuirfear tús le Tionól Gaeltachta 2010 le fáiltiú i gcomhar leis an iris Feasta agus seisiún ceoil eagraithe ag Seachtain na Gaeilge in Óstán Gaoth Dobhair (Béarla) ag 9.00in Déardaoin, 1 Iúil 2010. Beidh turas lae go Toraí, dráma le hAisteoirí Ghaoth Dobhair, tuilleadh ceoil agus club oíche Dodge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn ar siúl Dé hAoine, 2 Iúil 2010. Leanfar leis an spraoi Dé Sathairn, 3 Iúil 2010, le siúlóid sléibhe leis Na Cnocadóirí dóibh siúd atá níos aclaí, imeachtaí spraíúla le hÓgras agus Comhluadar dóibh siúd atá níos óige, tráth na gceist i bpáirt le Glór na nGael agus réimse breá imeachtaí breise ar nós iascaireacht fharraige, galf, tonnmharcaíocht, cóireáil áilleachta, srl.

Díreofar leis ar chuid d’fhadhbanna an cheantair Ghaeltachta mar chuid de Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge agus reáchtálfar seimineár ar an ábhar Céard is Gaeltacht sa 21ú Aois? i bpáirt le Guth na Gaeltachta ag 8.30in oíche Shathairn, 3 Iúil 2010, ina ndéanfar scrúdú ar staid na Gaeltachtaí trí chéile, ag caitheamh súil ar an tsamhail Ghaeltachta atá luaite i nDréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais. Fáilteofar roimh lucht an Tionóil agus muintir na háite ar an oíche agus cuirfear críoch leis an lá le ceol agus siamsaíocht agus club oíche Eden le Raidió Rí-Rá. Tiocfaidh an Tionól féin chun críche Dé Domhnaigh, 4 Iúil 2010, le siúlóid sléibhe eile, Aifreann i nGaeilge agus cuairt ar Chaisleán Gleann Bheatha agus na gairdíní ann.

Tá pacáiste speisialta ar €230 curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin - Domhnach, béilí tráthnóna, turas ar oileán Thóraí, seimineár, dráma agus na himeachtaí sóisialta
Share/Save/Bookmark

19.6.10

Glac leis

Tá deis ag coláistí samhraidh ar fud na tíre éirí gafa le Glac Leis, camchuairt spreagúil Chonradh na Gaeilge ag cur daoine óga ar an eolas faoina gcearta teanga sa bhaile agus san Eoraip, an samhradh seo.

Tá siad ag dul ar cuairt ar bhreis agus 30 cúrsa samhraidh don tríú bliain as a chéile, chun ceardlanna spraíúla spreagúla Glac Leis a reáchtáil leis na cinnirí iontu agus chun labhairt leis na scoláirí ar fad faoi na buntáistí a bhaineann le stádas oifigiúil oibre na Gaeilge ag leibhéal na hEorpa, faoi na seirbhísí atá siad i dteideal a fháil trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí sa bhaile in Éirinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, agus faoi na féidearthachtaí fostaíochta dóibh in Éirinn agus san Eoraip amach anseo.

Arsa Aodhán Ó Deá, comhordaitheoir na gcoláistí samhraidh do fheachtas Glac Leis Chonradh na Gaeilge: “Tá sé ríthábhachtach pobal na Gaeilge - go háirithe daoine óga - a mhisniú agus a chumasú le seirbhís trí Ghaeilge a iarraidh i gcónaí ó ranna stáit, ó chomhlachtaí poiblí agus ó institiúidí Eorpacha, agus tá an Conradh i mbun pobal na Gaeilge a chur ar an eolas faoi na buntáistí agus na deiseanna úsáidte a bhaineann leis an teanga, san Eoraip agus anseo sa bhaile, tríd an bhfeachtas cearta teanga Glac Leis.”

Tá foireann na camchuairte Glac Leis ag moladh do Ghaeilgeoirí glacadh leis go bhfuil seirbhís Ghaeilge i gcónaí ar fáil agus ag insint do dhaoine óga gur féidir leo aoischárta, ceadúnas tiomána agus pas a fháil i nGaeilge; go bhfuil sé de cheart ag gach duine a leagan Gaeilge dá n-ainm a úsáid; gur féidir cáin ghluaisteáin agus ríomhdholaí a íoc ar-líne trí Ghaeilge; gur féidir scrúdú tiomána agus an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (NCT) a dhéanamh trí Ghaeilge (cé nach bhfuil an suíomh féin i nGaeilge); agus go bhfuil sé de cheart ag gach duine seirbhís Ghaeilge a lorg ó na Gardaí Síochána,(arís Béarla amháin!) mar shampla.

Arsa Brenda Ní Ghairbhí, Feidhmeannach Forbartha agus Oifige Chonradh na Gaeilge: “Tá deiseanna nua fostaíochta i gcónaí ag teacht chun cinn trí mheán na Gaeilge ó ní hamháin go bhfuil dualgais i leith na Gaeilge ag comhlachtaí poiblí in Éirinn agus institiúidí Eorpacha, ach tá gnólachtaí príobháideacha idirnáisiúnta amhlaidh Microsoft, Samsung, agus fiú Facebook ag iarraidh buntáiste iomaíochta a thabhairt dóibh féin in Éirinn trí mheán na Gaeilge; cuireann camchuairt feasachta Glac Leis daoine óga sna coláistí samhraidh ar an eolas mar gheall ar na buntáistí sin agus ar a gcearta teanga i leith úsáid na Gaeilge.”

Tá an Conradh ag moladh do dhaoine glacadh leis go bhfuil gach seirbhís ar fáil trí Ghaeilge agus an t-éileamh do sheirbhísí Gaeilge a léiriú. Cuireann Conradh na Gaeilge seirbhís tacaíochta ar fáil do dhaoine a mbíonn fadhbanna acu seirbhísí Gaeilge a fháil freisin, mar aon leis an Coimisinéir Teanga ar ndóigh.
Share/Save/Bookmark

7.6.10

I dteach na n-asal!


Bhí mé sa leathreas i dTesco (Breatnais) i nCaer Gybi na Breataine Bige agus chonaic mé an fógra seo.

An bhfeicfeá fógra mar seo in Éirinn meas tú?

Bhfuil oiread agus leathanach amháin i nGaeilge ag TESCO. Féach Tesco supporting Ireland!(Béarla). Agus muid ag caint faoi teangacha dúchasacha á úsáid féach ar seo ó chomhairle Oileán Móna (Ynys Môn). Déan comparáid le Comhairle Chontae na Gaillimhe - an comhairle leis an nGaeltacht is mó sa tír!

Dála an scéal molfainn d'éinne gan pictiúirí a ghlacadh sa leithreas poiblí. D'fheadfadh daoine bheith ag caint fút!
Share/Save/Bookmark

Meadú ar lucht na Gaeilge?

"Níl na focla 'cainteoir dúchais' luaite fiú uair amháin sa 15,062 sa Straitéis!"

Scríobh Éamonn Mac Niallais, Guth na Gaeltachta, an abairt scanraitheach, scannallach in alt seachtain ó shin i nGaelscéal, seachtain ó shin. "An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: and bhfuil sí chun tairbhe na Gaeltachta?" and t-ainm a bhí air.

Cé go ndeirtear go bhfuil meadú tagtha ar an méid a úsáideann an cúpla focal, ach an bhfuil na cainteoirí seo ag caint Gaeilge lena a chuid cháirde nó sa mbaile. An dtógfaidh siad a gclann le Gaeilge? Nuair a deirtear go bhfuil méadú tagaithe ar méid na gcainteoirí an bhfuil sé fíor i ndairíre?

A cabhródh an "dhá theangachas" le meadú na Gaeilge nó an amhlaidh go méadú úsáid an Bhéarla sa Ghealtacht agus gan an méadú céanna sa chuid eile den tír atá ag tarlúint?
"Is í an Ghaeltacht tobar na teanga go fóill agus is iad na teaghlaigh sin sa Ghaeltacht a thógann a gclann le Gaeilge croí na teanga."

An gcreideann lucht na straitéise é sin?

Léigh an 15,062 focal sa Straitéis - Straitéis 2010-2030.
Share/Save/Bookmark

1.6.10

An tEarrach Thiar!

Ag deireadh na seachtaine seo caite foilsíodh stampa in omós don file as Árainn, Mairtín Ó Díreann. Tá sé bunaithe ar pictiúir le Martin Ryan. Seoladh an stampa seo ar an tSrutháin in Árainn, áit dúchais an fhile.

Mar is gnáth ag an Post tá píosa i mBearla amháin, (agus maiteach go leor), ar an suíomh idirlíon acu. Mar sin féin is maith an rud é go bhfuil comóradh á dhéanamh ar scríobhnóireacht in ár dteanga féin. Deineadh comóradh de cúig n-údair Éireannacha i rith na bliana seo caite (Swift, Wilde, Friel, Murphy agus McGuinness) agus Sasanach (Trollope), ach seo an céad ceann Gaelach le fada!

Seo an dán a roghnaítear le chuir ar an gclúdach chéad lá:

An tEarrach Thiar

    Fear ag glanadh cré
    De ghímseán spáide
    Sa gciúnas shéimh
    I mbrothall lae
    Binn an fhuaim
    San Earrach thiar.

    Fear ag caitheadh
    Cliabh dha dhroim
    Is an fheamainn dhearg
    Ag lonrú
    I dtaitneamh gréine
    Ar dhuirling bháin.
    Niamhrach an radharc
    San Earrach thiar.

    Mná i locháin
    In íochtar diaidh-thrá,
    A gcótaí craptha,
    Scáilí thíos fúthu:
    Támh-radharc síothach
    San Earrach thiar.

    Toll-bhuillí fanna
    Ag maidí rámha
    Currach lan d’éisc
    Ag teacht chun cladaigh
    Ar ór-mhuir mhall
    I ndeireadh lae
    San Earrach thiar.



Maidir leis an bPost agus an Ghaeilge féach:


Share/Save/Bookmark

25.5.10

An Conradh agus craoladh spóirt!


Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh mholadh an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha (Béarla), Éamon Ryan TD, go mba chóir go mbeadh cluichí áirithe de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael (Béarla), Coirn Rugbaí Heineken (Béarla) agus Féile Cheltenham (Béarla) saor le craoladh, agus éilíonn air a chinntiú go ndéantar céatadán ar leith den tráchtaireacht ar na himeachtaí saor-le-craoladh seo i nGaeilge.

Agus muid á scríobh seo thugamar faoi deara a méid suíomhanna Éireannacha nach dtugann aitheantas don teanga fiú suíomhanna de haonáin a deireann siad go bhfuil siad ar son na nGael! An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha (Béarla) agus Chumainn Lúthchleas Gael (Béarla)
RTÉ (Béarla)
agus ansin Coimisiún na hEorpa nach bhfuil an Ghaeilge mar teanga oifigiúil ann ach le blianta beaga anuas ag treabhad leo ag méadú úsáid na teangan ar an suíomh.

Féach ar iGaeilge: Saor & Gaelach go haer!
Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Agus tábhacht mhór náisiúnta ag baint leis na himeachtaí spóirt seo atá an tAire Éamon Ryan ag iarraidh a chraoladh in aisce do phobal na hÉireann, tá tábhacht nach beag ag baint lena chinntiú go ndéantar tráchtaireacht sa chéad teanga náisiúnta ar chéatadán ar leith de na himeachtaí seo.

“Is léir dea-mhéin an phobail i gcoitinne don Ghaeilge agus don spórt araon, agus chabhródh tráchtaireacht i nGaeilge ar chuid de na rásaí agus de na cluichí móra iománaíochta, peile agus rugbaí chun cumas sa teanga a iompú ina úsáid laethúil, sprioc suntasach de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais.”

Creideann Conradh na Gaeilge go mba chóir go bhfreastalódh seirbhísí teilifíse Éireannacha mar RTÉ (Béarla), TV3 (Béarla) agus TG4 ar phobal Gaeilge agus Gaeltachta na hÉireann, chomh maith le lucht labhartha an Bhéarla, nuair atá cuid de na himeachtaí spóirt a bhfuil tábhacht mhór náisiúnta leo á gcraoladh don phobal iomlán in aisce.

Má aontaíonn Coimisiún na hEorpa le moltaí an Aire Éamon Ryan go bhfuil tábhacht mhór náisiúnta ag baint le pé liosta deireanach d’imeachtaí spóirt áirithe atá aontaithe, molann Conradh na Gaeilge go ndéanfaí tráchtaireacht i nGaeilge ar chéatadán de na himeachtaí saor-le-craoladh seo.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá an spórt go smior ionann mar náisiún, agus más fíor a ndeir an tAire Éamon Ryan go bhfuil na himeachtaí spóirt seo ina ndlúthchuid dár bhféiniúlacht mar thír agus mar Éireannaigh, níl aon amhras ach go n-aontóidh sé le moladh an Chonartha go mba chóir cuid de na himeachtaí saor-le-craoladh a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ó tá an teanga ina dlúthchuid dár bhféiniúlacht agus dár gcultúr freisin dar ndóigh.”
Share/Save/Bookmark

20.5.10

An straitéis agus an Ghaeltacht!

Bhí cruinniú ag Guth na Gaeltachta leis an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, an tUasal Padraig Ó Ciardha T.D., i mBaile Átha Cliath inné (19 Bealtaine 2010). Rinneadh mionphlé faoin ghéarchéim teanga atá sa Ghaeltacht agus an géarghá atá ann go mbeadh an phráinn atá leis an cheist seo aitheanta go soiléir sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge rud nach raibh sa Dréacht a foilsíodh ar an 26 Samhain 2009.

Mhol siad chomh maith go mbeadh céimeanna soiléire leagtha amach sa Straitéis le dul i ngleic leis an fhadhb seo sa Ghaeltacht mar atá leagtha amach san aighneacht a rinne Guth na Gaeltachta don Chomhchoiste Oireachtais agus mar atá molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007.

Caithfear an t-aitheantas cuí a thabhairt do ról criticiúil an chainteora dúchais agus na teaghlaigh atá ag tógail a gclann le Gaeilge in aon Phlean Rialtais don Ghaeilge.

Thug an tAire éisteacht mhaith dóibh agus tá sé dóchasach go mbeidh tuairisc ar fáil go luath ón Chomhchoiste Oireachtais atá ag plé leis an Straitéis faoi láthair. Glactar leis go mbeidh an tuairisc seo a fhoilsiú agus go mbeidh sé soiléir cé hiad na hathruithe atá an Comhchoiste ag moladh taréis an phroiséas comhairliúcháin ata ar siúl ó bhí tús na bliana ann.

Tá cruinniú iarrtha acu homh maith leis an Aire Oideachais agus Scileanna, Máire Ní Chochlainn T.D.

Share/Save/Bookmark