20.6.10

CnaG i nGleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair!

Beidh cuairt ar oileán Thóraí faoi threoir Rí an Oileáin, Patsy Dan Mac Ruairí (féach pictiúir ar dheis!), ar cheann de bhuaicphointí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall ón 1–4 Iúil 2010. Eagraíonn Conradh na Gaeilge saoire i nGaeltacht éagsúil gach samhradh chun deis a thabhairt do chainteoirí líofa agus d’fhoghlaimeoirí na teanga araon sult a bhaint as áilleacht na Gaeltachta, gníomhaíochtaí spraíúla lae agus siamsa na hoíche i gcomhluadar iomlán Gaeilge i gcaitheamh an chéad dheireadh seachtaine i mí Iúil.

Ní hamháin gurb é Gaoth Dobhair an paróiste Gaeltachta is mó in Éirinn le daonra do 4,065, ach tá cáil ar an gceantar as áilleacht na háite agus é suite os cionn Loch Dhún Lúiche faoi scáil na hEaragaile maorga, an cnoc is airde i gCo. Dhún na nGall. Chomh maith le tránna agus aillte ar an gcósta, tá gleanntáin fhairsinge thart ar Ghaoth Dobhair - Gleann Nimhe, Caisleán Ghleann Bheatha agus Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, an páirc náisiúnta is mó sa tír ina measc – agus beidh deis ag lucht freastail an Tionóil cuairt a thabhairt ar Oileán Thoraí Dé hAoine, 02 Iúil 2010, agus ar Chaisleán Gleann Bheatha agus na gairdíní Dé Domhnaigh, 03 Iúil 2010.

Tá Conradh na Gaeilge ag obair i gcomhpháirt le heagrais eile Gaeilge agus óige mar aon le muintir na háite i nDún na nGall chun réimse leathan imeachtaí a chur ar fáil i mbliana, agus cuirfear tús le Tionól Gaeltachta 2010 le fáiltiú i gcomhar leis an iris Feasta agus seisiún ceoil eagraithe ag Seachtain na Gaeilge in Óstán Gaoth Dobhair (Béarla) ag 9.00in Déardaoin, 1 Iúil 2010. Beidh turas lae go Toraí, dráma le hAisteoirí Ghaoth Dobhair, tuilleadh ceoil agus club oíche Dodge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn ar siúl Dé hAoine, 2 Iúil 2010. Leanfar leis an spraoi Dé Sathairn, 3 Iúil 2010, le siúlóid sléibhe leis Na Cnocadóirí dóibh siúd atá níos aclaí, imeachtaí spraíúla le hÓgras agus Comhluadar dóibh siúd atá níos óige, tráth na gceist i bpáirt le Glór na nGael agus réimse breá imeachtaí breise ar nós iascaireacht fharraige, galf, tonnmharcaíocht, cóireáil áilleachta, srl.

Díreofar leis ar chuid d’fhadhbanna an cheantair Ghaeltachta mar chuid de Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge agus reáchtálfar seimineár ar an ábhar Céard is Gaeltacht sa 21ú Aois? i bpáirt le Guth na Gaeltachta ag 8.30in oíche Shathairn, 3 Iúil 2010, ina ndéanfar scrúdú ar staid na Gaeltachtaí trí chéile, ag caitheamh súil ar an tsamhail Ghaeltachta atá luaite i nDréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais. Fáilteofar roimh lucht an Tionóil agus muintir na háite ar an oíche agus cuirfear críoch leis an lá le ceol agus siamsaíocht agus club oíche Eden le Raidió Rí-Rá. Tiocfaidh an Tionól féin chun críche Dé Domhnaigh, 4 Iúil 2010, le siúlóid sléibhe eile, Aifreann i nGaeilge agus cuairt ar Chaisleán Gleann Bheatha agus na gairdíní ann.

Tá pacáiste speisialta ar €230 curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin - Domhnach, béilí tráthnóna, turas ar oileán Thóraí, seimineár, dráma agus na himeachtaí sóisialta
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment