20.2.10

Aighneacht GHUTH NA GAELTACHTA

Fáiltíonn Guth na Gaeltachta roimh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil plean cuimsitheach ann ag an leibhéal seo le comhtháthú agus treorú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Glacann muid leis, má chuirtear an maoiniú cuí ar fáil agus má chuirtear i bhfeidhm na moltaí uilig go mbeidh tionchar iontach dearfach acu ar an teanga. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh tacaíocht traspháirtí ag cibé straitéis a aontófar le leanúnachas agus cinnteacht a chruthú.

cruinniú de Chomhchoiste an Oireachtais le bheith in Indreabhán, Chois Fhairrige, ar an 26 Feabhra 2010.

Cúlra Ghuth na Gaeltachta

Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Reáchtáil siad sraith cruinnithe poiblí ó shin ar fud na nGaeltachtaí. Bhí an brúghrúpa i mbun feachtais leis an phobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe a bhí molta ag an Bord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Anois, tá siad ag díriú isteach ar na himpleachtaí a bheidh ag an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 ar chúrsaí Gaeltachta go háirithe. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Seoladh: f/ch An Chrannóg,
Srath na Corcra,
Doirí Beaga,
Leitir Ceanainn,
Co. Dhún na nGall.
Guthán: (074) 9532208 / 0876387468
Urlabhraí: Eamonn Mac Niallais 0876387468
Idirlíon: www.guthnag.com
Ríomhphost: eolas@guthnag.com
Géarcheim Teanga sa Ghaeltacht
É sin ráite, síleann muid go bhfuil laigeachtaí suntasacha sa dréachtstraitéis seo i gcás na Gaeltachta de. Deirtear go bhfuil an chuid Ghaeltachta den phlean bunaithe ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (SCT) a foilsíodh i 2007. De réir an Staidéir sin, tá géarchéim teanga sa Ghaeltacht agus má leantar ar aghaidh le rudaí mar atá faoi láthair go mbeidh deireadh leis an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht taobh istigh de 20 bliain.
  • "Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliain agus scór bliain fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht..." (SCT: l.27)
Mar sin, tá gá le gníomhú go práinneach ó thaobh na Gaeltachta de ach níl an phráinn sin le feiceáil nó fiú amháin luaite sa Straitéis. Chomh maith leis sin, tá cuid mhaith de mholtaí an Staidéir Teangeolaíochta seo nach bhfuil san áireamh sa Dréachtstraitéis 20 Bliain. Mar sin, molann muidinne gur chóir cuireadh a thabhairt d’údair an staidéir sin (Conchúr Ó Giollagáin, MA, PhD agus Seosamh Mac Donnacha, BA, MSc.) cur i láthair a dhéanamh don Chomhchoiste.

Caidé tá muidinne ag moladh ó thaobh na straitéise de?
Tá muid go láidir den bharúil go bhfuil leathnú na Gaeilge ar fud na tíre, mar atá leagtha amach sa dréachtstraitéis, ag brath go mór ar bhuanú ceart a dhéanamh ar an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus mar sin de tá muid ag éileamh:
go léireodh an Stát go soiléir gurb é príomhaidhm na Straitéise sa Ghaeltacht ná athnuachan a dhéanamh ar an phobal Gaeilge inti trí chéimeanna misniúla a ghlacadh in aghaidh na géarchéime teanga atá ag bagairt air.

Céim 1
Struchtúr tacaíochta cuí a chur ar fáil do na Cainteoirí Dúchais

Tá neamart á dhéanamh ar an chainteoir dúchais sa dréachtstraitéis agus ba chóir go mbeadh sé mar bhunaidhm ghné na Gaeltachta den straitéis cur le líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht. Molann muid:

1. Spriocanna:
Go mbeadh spriocanna sonracha luaite sa Stráitéis, ní hamháin i dtaca le líon na gcainteoirí laethúla sa tír ina iomlán a mhéadú, ach fosta:
    i. líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht sa mhéadú.
    ii. líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht a mhéadú.
    iii. líon na dteaghlach atá ag tógail a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di a mhéadú.
2. Polasaí Náisiúnta maidir le hOideachas Gaeltachta
Tá práinn faoi leith le polasaí soiléir a bheith ceaptha maidir le hoideachas Gaeltachta a chuimseodh na nithe seo a leanas:
    i. Soláthar sonrach a dhéanamh don chainteoir dúchais i naíonraí agus i mbunscoileanna Gaeltachta nó i gcás ceantair le daonra níos ísle, go ndéanfar soláthar don chainteoir dúchais i sruthanna faoi leith sna naíonraí agus sna bunscoileanna. Faoi láthair, tá an soláthar céanna á dhéanamh ins na scoltacha Gaeltachta ar na cainteoirí dúchais (páistí a bhfuil an Ghaeilge mar theanga bhaile acu) agus atá ar na foghlaimeoirí (páistí a bhfuil an Béarla mar theanga bhaile acu). De réir na saineolaithe teanga, níl an córas sin chun tairbhe ceachtar den dá ghrúpa.

    ii. Go mbeadh curaclam úr ann dírithe ar riachtanais na gcainteoirí dúchais.

    iii. Go mbunófaí Bord Oideachais sa Ghaeltacht le haidhmeanna oideachais an Stáit sa Ghaeltacht a cheapadh, a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn. Tá muid ag moladh an cúram sin a thabhairt d'eagraíocht ar nós: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG).

    iv. Go bhfuil soiléiriú ag teastáil sa Straitéis ar na hAonaid Sealbhaithe Teanga atá beartaithe do na trí phríomhcheantar Gaeltachta.
3. Struchtúr Tacaíochta do na Teaghlaigh Ghaeltachta:
    i. Scéim cosúil le Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) a bheith ann dírithe ar an chainteoir baile agus ar na blianta 0-7.

    ii. Go gcuirfí gréasáin d’Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh sa Ghaeltacht ar fáil mar thaca do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge.

    iii. Go ndéanfar soiléiriú sa Straitéis go ndáilfí maoiniú ar chúrsaí sóisialta, spóirt agus pobail ar phobail éagsúla Ghaeltachta ar an tuiscint go reáchtálfar a gcuid imeachtaí tré Ghaeilge agus ar bhealach atá ag teacht le plean teanga an cheantair.

Céim 2:
Soiléiriú agus neartú ar ról Údarás na Gaeltachta & na nEagraíochtaí Pobalbhunaithe

Tá míshuaimhneas mór léirithe i measc phobal na Gaeltachta i gcoitinne faoin athrú róil atá beartaithe d’Údarás na Gaeltachta. Tá gá le soiléireacht faoin ról úr seo a bheith sonraithe sa Straitéis lena chinntiú nach mbeidh céim síos á thabhairt d’fhócas Gaeltachta na heagraíochta. Ba chóir go mbeadh treisiú á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Stáit sa Ghaeltacht mar gur ins an Ghaeltacht atá an ghéarchéim teanga.

Deir an Rialtas go mbeidh Údarás na Gaeltachta/Gaeilge níos láidre agus gur breis cúraimí atá i gceist don Údarás. Tá pobal na Gaeltachta amhrasach faoi sin go háirithe nuair a fheiceann siad an dóigh ar laghdaíodh buiséad bliantúil an Údaráis ó €40,000,000 sa bhliain 2008 go dtí €30,000,000 i mBúisead 2010. Bheifí ag súil leis gur breis maoinithe a bheadh i gceist má tá tuilleadh cúraimí le bheith ar an Údarás. Molann muid:
    i. Go mbeadh cúraimí nó feidhmeanna an Údaráis (go hairithe cúraimí fiontraíochta) leagtha amach go soiléir sa Straitéis agus go mbeadh idirdhealú déanta eatarthu agus cúraimí Fhoras na Gaeilge.

    ii. Go mbeadh an teideal ‘Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge’ ar an ghníomhaireacht úr.

    iii. Go mbeadh fostaíocht teanga-lárnaithe luaite sa Straitéis mar cheann de phríomhaidhmeanna an Údaráis sa Ghaeltacht.

    iv. Go mbeadh an ról príomhúil ag an Údarás i gcúrsaí pleanála sa Ghaeltacht le cosaint a thabhairt don teanga.

    v. Go mbeadh maoiniú an Údaráis á dháileadh sa Ghaeltacht de réir pleananna sásúla teanga a bheith curtha ar fáil ag na ceantair/pobail agus go mbeadh an maoiniú bunaithe ar na pleananna sin.

    vi. Go mbeadh soiléiriú ar ról lárnach eagraíochtaí pobalbhunaithe, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, i bhfeidhmiú na Straitéise ar an talamh i gcomhair leis an Údarás agus go mbeadh maoiniú cuí á chur ar fáil do na heagraíochtaí sin thar thréimhse mheántéarmach in áit a bheith ag brath ar dheontas bliantúil. Thabharfadh sé sin deis dóibh pleananna a chur le chéile agus earcú agus forbairt a dhéanamh ar an fhoireann chuí.

    vii. Go mbeadh tacaíocht/comhairleoireacht/próiseas cuí á c(h)ur ar fáil do na heagraíochtaí pobalbhunaithe i dtaobh pleananna teanga a chur le chéile, a chur i gcrích agus a mheas.

3. Moltaí Eile

    i. Go mbeadh áit sa churaclam scoile d’fheasacht chultúrtha/stair theanga na hÉireann leis an aos óg a chur ar an eolas faoi oidhreacht luachmhar teanga agus chultúrtha na hÉireann.

    ii. Go nglacfaí leis an mholadh Aire Stáit don Ghaeloideachas a bheith ceaptha sa Roinn Oideachais.

    iii. Go léireodh an Rialtas é féin an sampla ó thaobh ‘normalú’ na teanga de i dTithe an Oireachtais.

    iv. Go mbeadh athbhreithniú neamhspleách á dhéanamh ar dhul chun cinn na Stráitéise ag mar shampla, an Coimisinéir Teanga, go rialta.

    v. Má tá fiche faoin gcéad de na háiteacha ins an Coláistí Oiliúna le bheith curtha i leataobh d'ábhair oidí ón Ghaeltacht nó ón chóras Gaelscolaíochta, luíonn sé le ciall go mbeadh sé mar aidhm, go fadtéarmach, go mbeadh Coláiste Oiliúna lán-Ghaeilge ann, lonnaithe i gceantar Ghaeltachta.

    vi. Go gcinnteofar go bhfuil comhthéacs uile-oileáin ag an Straitéis de réir a chéile agus go bhfuil go leor acmhainní agus tacaíochta ag pobal na Gaeilge sna 6 Chontae agus nach ndéanfar atheagrú ar earnáil óg dheonach na Gaeilge ó thuaidh mar gheall ar phlean atá dírithe ar chúinsí na teanga ó dheas.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment