Showing posts with label Rí Rá. Show all posts
Showing posts with label Rí Rá. Show all posts

20.6.10

CnaG i nGleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair!

Beidh cuairt ar oileán Thóraí faoi threoir Rí an Oileáin, Patsy Dan Mac Ruairí (féach pictiúir ar dheis!), ar cheann de bhuaicphointí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall ón 1–4 Iúil 2010. Eagraíonn Conradh na Gaeilge saoire i nGaeltacht éagsúil gach samhradh chun deis a thabhairt do chainteoirí líofa agus d’fhoghlaimeoirí na teanga araon sult a bhaint as áilleacht na Gaeltachta, gníomhaíochtaí spraíúla lae agus siamsa na hoíche i gcomhluadar iomlán Gaeilge i gcaitheamh an chéad dheireadh seachtaine i mí Iúil.

Ní hamháin gurb é Gaoth Dobhair an paróiste Gaeltachta is mó in Éirinn le daonra do 4,065, ach tá cáil ar an gceantar as áilleacht na háite agus é suite os cionn Loch Dhún Lúiche faoi scáil na hEaragaile maorga, an cnoc is airde i gCo. Dhún na nGall. Chomh maith le tránna agus aillte ar an gcósta, tá gleanntáin fhairsinge thart ar Ghaoth Dobhair - Gleann Nimhe, Caisleán Ghleann Bheatha agus Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, an páirc náisiúnta is mó sa tír ina measc – agus beidh deis ag lucht freastail an Tionóil cuairt a thabhairt ar Oileán Thoraí Dé hAoine, 02 Iúil 2010, agus ar Chaisleán Gleann Bheatha agus na gairdíní Dé Domhnaigh, 03 Iúil 2010.

Tá Conradh na Gaeilge ag obair i gcomhpháirt le heagrais eile Gaeilge agus óige mar aon le muintir na háite i nDún na nGall chun réimse leathan imeachtaí a chur ar fáil i mbliana, agus cuirfear tús le Tionól Gaeltachta 2010 le fáiltiú i gcomhar leis an iris Feasta agus seisiún ceoil eagraithe ag Seachtain na Gaeilge in Óstán Gaoth Dobhair (Béarla) ag 9.00in Déardaoin, 1 Iúil 2010. Beidh turas lae go Toraí, dráma le hAisteoirí Ghaoth Dobhair, tuilleadh ceoil agus club oíche Dodge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn ar siúl Dé hAoine, 2 Iúil 2010. Leanfar leis an spraoi Dé Sathairn, 3 Iúil 2010, le siúlóid sléibhe leis Na Cnocadóirí dóibh siúd atá níos aclaí, imeachtaí spraíúla le hÓgras agus Comhluadar dóibh siúd atá níos óige, tráth na gceist i bpáirt le Glór na nGael agus réimse breá imeachtaí breise ar nós iascaireacht fharraige, galf, tonnmharcaíocht, cóireáil áilleachta, srl.

Díreofar leis ar chuid d’fhadhbanna an cheantair Ghaeltachta mar chuid de Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge agus reáchtálfar seimineár ar an ábhar Céard is Gaeltacht sa 21ú Aois? i bpáirt le Guth na Gaeltachta ag 8.30in oíche Shathairn, 3 Iúil 2010, ina ndéanfar scrúdú ar staid na Gaeltachtaí trí chéile, ag caitheamh súil ar an tsamhail Ghaeltachta atá luaite i nDréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais. Fáilteofar roimh lucht an Tionóil agus muintir na háite ar an oíche agus cuirfear críoch leis an lá le ceol agus siamsaíocht agus club oíche Eden le Raidió Rí-Rá. Tiocfaidh an Tionól féin chun críche Dé Domhnaigh, 4 Iúil 2010, le siúlóid sléibhe eile, Aifreann i nGaeilge agus cuairt ar Chaisleán Gleann Bheatha agus na gairdíní ann.

Tá pacáiste speisialta ar €230 curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin - Domhnach, béilí tráthnóna, turas ar oileán Thóraí, seimineár, dráma agus na himeachtaí sóisialta
Share/Save/Bookmark

11.5.10

Barr 50 do cairt-staisiún?

Raidió Rí-Rá, an chéad chairt-stáisiúin raidió Gaeilge don aos óg, ainmnithe i measc na mBarr 50 Gnó le Gaeilge 2010, gradaim a bhronnfar ag ceiliúradh bliantúil i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, Dé hAoine, 14 Bealtaine 2010.

Arsa Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió Rí-Rá: “Léiríonn Raidió Rí-Rá nuálaíocht agus úrsmaoineamh sa ghnó i gcónaí tríd an teanga a úsáid ar bhealach nár baineadh leas as i ngnó na Gaeilge go dtí seo - idir na nua-theicneolaíochtaí is déanaí a úsáid, chláracha nuálaíocha a fhorbairt go leanúnach, agus theacht ar mhodhanna éisteachta agus ar mhodhanna margaíochta nua. “Is mór ag Raidió Rí-Rá aitheantas a fháil don obair cheannródaíoch seo atá ar siúl againn agus ainmniúchán i measc na mbarr 50 gnó is fearr le Gaeilge faighte ag an ógstáisiún i mbliana.”

Chomh maith le hainmniúchán a fháil do na Gradaim Bharr 50 Gnó le Gaeilge 2010 tar éis díreach dhá bhliain chraolta dó, d’éirigh le Raidió Rí-Rá dhá ainmniúcháin a fháil do Ghradaim Chumarsáide mhórmheasúla Oireachtas na Gaeilge anuraidh, áit gur ainmníodh Miriam Maher don ghradam Pearsa Raidió na Bliana agus an clár seachtainiúil PopNuacht don ghradam Clár Raidió na Bliana in iomaíocht le mórstáisiúin sheanbhunaithe Ghaeilge na tíre dá leithéid RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Deir Síne Nic an Ailí, láithreoir agus Oifigeach Caidrimh Phoiblí Raidió Rí-Rá: “Ós rud é gurb é Raidió Rí-Rá an t-aon chairtstáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn, táimid tiomáinte le seirbhís ar a laghad chomh maith lena macasamhail ar chairtstáisiúin Bhéarla a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, agus go deimhin le seirbhís níos fearr fiú. “Tapaíonn an stáisiún gach deis le sár-úsáid a bhaint as an nGaeilge sa ghnó i gcónaí, agus tá Raidió Rí-Rá ag treabhadh an ghoirt ag soláthar sheirbhís cheoil agus Ghaeilge d’aos óg na tíre seo trí fheidhmchlár iPhone in aisce a chur ar fáil le híoschóipeáil, trí leas a bhaint as gréasánaíocht shóisialta ar nós Twitter agus Facebook, agus tríd an stáisiún a chur ar fáil ar ghutháin Nokia.”

Tá na hamhráin is mó ó na cairteacha á gcasadh ag Raidió Rí-Rá, go hiomlán trí mheán na Gaeilge, gan stad ar-líne ag www.rrr.ie ó thosaigh an stáisiún ag craoladh ar an idirlíon i mí an Mhárta 2008. Chaith an stáisiún trí sheachtain ag craoladh beo ar FM i Márta 2009 agus i Márta 2010 mar stáisiún oifigiúil Sheachtain na Gaeilge, agus bhí teacht ag níos mó ná milliúin go leith duine i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach ar an gcairtstáisiún Gaeilge le linn an chraolacháin bheo.

Tá sé beartaithe ag grúpa oibre Raidió Rí-Rá dul ar an gcóras teilifíse digití agus DAB amach anseo, agus go mbeadh stáisiún raidió Gaeilge lánaimseartha don aos óg ar an gcóras náisiúnta FM freisin. , an chéad chairt-stáisiúin raidió Gaeilge don aos óg, ainmnithe i measc na mBarr 50 Gnó le Gaeilge 2010, gradaim a bhronnfar ag ceiliúradh bliantúil Gradaim Barr 50 Gnó le Gaeilge i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, Dé hAoine, 14 Bealtaine 2010.
Share/Save/Bookmark

1.3.10

Raidío Seachtain na Gaeilge 2010!

Beidh Danny O’Reilly, príomhamhránaí ón mbanna mór le rá The Coronas (Béarla), i measc na nGaeilgeoirí gnéasacha ag seoladh na seirbhíse FM don t-aon chairtstáisiúin cheoil Ghaeilge, Raidió Rí-Rá, Dé Luain 01 Márta 2010, mar thús leis an gcraolachán beo i mBaile Átha Cliath (100.3 FM), Corcaigh (106.7 FM), Gaillimh (99.1 FM), agus Luimneach (105.5 FM) ón 01 - 21 Márta 2010, díreach in am do Sheachtain na Gaeilge 2010.

?????
An gceapann éinne eile go bhfuil sé aisteach nach bhfuil oiread agis focal Gaeilge amháin ar suíomh urraitheoir Seachtain na Gaeilge - Samsung (Ireland/English)?
Mar an gcéanna le suíomh Bhanna Dhanny O'Reilly - The Coronas?
Mar aon le pearsa Sheachtain na Gaeilge Danny O’Reilly ag seoladh na seirbhíse FM do Raidió Rí-Rá i mBaile Átha Cliath, beidh na haisteoirí Michelle Beamish (Paddy sa chlár Seacht) agus Sláine Hutchinson (Claudia sa chlár Aifric) ag seoladh seirbhís FM ilcathrach an chairtstáisiúin i dteannta scoláirí ollscoile agus daltaí Gaelscoile ag preasocáidí i gCorcaigh agus i nGaillimh faoi seach.

Arsa Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió Rí-Rá: “Is iontach an rud é go mbeidh teacht ar bhreis agus milliún go leith duine ar sheirbhís FM ilcathrach Raidió Rí-Rá arís an Márta seo, agus is céim níos cóngaraí í i dtreo stáisiún raidió Gaeilge don aos óg a chur ar an gcóras náisiúnta FM go lánaimseartha.”

Is é Raidió Rí-Rá an t-aon chairtstáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn, ag seinm na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge ar-líne tríd an bhliain ar fad. Thosaigh an stáisiún ag craoladh ar-líne i mí Mhárta 2008 faoin ainm oibre Raidió X agus chaith muintir Raidió Rí-Rá trí sheachtain ag craoladh beo ar FM i Márta 2009 buíochas le ceadúnas sealadach ilcathrach ó Choimisiúin Craolachán na hÉireann agus le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus Samsung, (Béarla) urraitheoir corparáideach Sheachtain na Gaeilge.

Deir Síne Nic an Ailí, láithreoir agus Oifigeach Caidrimh Phoiblí Raidió Rí-Rá: “Tá Raidió Rí-Rá ag treabhadh an ghoirt ag soláthar sheirbhís cheoil agus Ghaeilge d’aos óg na tíre seo le feidhmchlár iPhone in aisce agus teacht ar an stáisiún ar ghutháin Nokia anois, agus tá pleananna dul ar an gcóras teilifíse digití chomh maith leis an gcóras FM agus DAB amach anseo chun réimsí éisteachta an chairtstáisiúin a fhorbairt.”

Beidh iarratais cheoil, cláracha spóirt, giotaí popnuachta, Cath na mBannaí agus aíonna speisialta ag glacadh páirt i gcraolachán beo Raidió Rí-Rá arís i mbliana, agus tabharfaidh foireann Rí-Rá cuairt ar chumainn Ghaelacha, ógchlubanna agus scoileanna le Gaeilgeoirí óga timpeall na tíre a chur faoi agallamh le linn an chraolacháin ón 1 – 21 Márta 2010. Beidh fiú Podge agus Rodge le cloisteáil ag labhairt as Gaeilge ar Raidió Rí-Rá i mbliana, mar sin cas ar siúl an steirió agus cuir cluas leis an gcairtstáisiún ceoil is fearr i nGaeilge an Márta seo!
Share/Save/Bookmark