21.2.14

Slán le Seán!

Sé an Domhnach seo chugainn, 23 Feabhra, an lá deireanach in oifig don Choimisinéir Teanga, Sheán Ó Cuirreáin. Tá deich mbliain caite ag Seán ag iarraidh ar an státchóras cloí leis an reachtaíocht maidir le seirbhís a sholáthar tré Ghaeilge do phobal na Gaeltachta is do chainteoirí Gaeilge ar fud na tíre. Sa deireadh d'éirigh sé as oifig de bharr frustrachas leis an easpa dul chun cinn. Ag fógairt go raibh sé i gceist aige éirí as oifig, dúirt sé gurb é an rogha a bhí aige ná 'seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill.' 

Seán Ó Cuirreáin (Pic:Examiner)
Is léir ón méid daoine a tháinig amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, an Satharn seo caite agus iad 'dearg le fearg' go bhfuil aird dírithe aige ar faillí an státchórais i leith na Gaeilge agus go bhfuil pobail na Gaeltachta is lucht na Gaeilge dúisithe anois agus nach bhfuiltear sásta a thuilleadh glacadh leis an muga maga is an cur i gcéill a bhíonns ar bun go ró mhinic i dtaobh cearta lucht labhartha na Gaeilge. B'é Acht na Gaeltachta 2012 an sampla ab fhearr den cur i gcéill céanna, é ceapaithe teorannacha na Gaeltachta a leagan amach do réir critéar teangeolaíoch ach is a mhalairt a rinne sé. 

Ar a lá deireadh do Sheán Ó Cuirreáin in oifig, tá máirseáil agóide eagraithe i gConamara faoin téama 'Slán le Seán'. Beidh daoine ag bailiú le chéile ag 2 a' chlog taobh amuigh de Oifig an Choimisinéara sa tSídheán, An Spidéal, áit a thabharfar litir ar lámh dó, ag gabháil buíochais leis faoina chuid oibre le deich mbliain anuas. 

Ina dhiaidh sin máirseálfar soir chomh fada le oifigí Roinn na Gaeltachta, áit a mbeidh litir don Aire Stáit, Dinny Mc Ginley á fhágáil isteach, ag cur míshástachta pobal na Gaeltachta is na Gaeilge in iúl agus ag iarraidh air agus ar an rialtas, deireadh a chur leis an gcur i gcéill agus díriú ar na bacanna atá ag an státchóras freastal mar ba cheart ar lucht labhartha na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht ina dteanga féin.

Tá sé i gceist ina dhiaidh sin filleadh ar Tigh Phádhraicín in aice láimhe le haghaidh soláistí agus seisiún amhránaíochta is ceoil.  

Is féidir níos mó eolais a fháil faoin máirseáil ar an Domhnach tré glaoch ar (091) 593185 nó (086) 4048881.

Is féidir do thacaíocht a léiriú ar leathanach facebook "Slán le Seán!" agus ar twitter leis an haisclip #SlánSeán.


Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment