Tá an ceart sin aige ach nach bhfuil dualgas air chomh maith gach cheann de na cúiseanna a thug an Coimisinéir len a éirí amach a fhreagairt? Thug Seán Ó Cuireáin na cúiseanna ag cruinniú de chuid Fo-choiste Oireachtais na Straitéise 20 Bliain. Dúirt Ruairí Quinn sa Dáil.."these criticisms by the commissioner are not accepted!" Ach ní deirtear linn cá bhfuil dul amú ag an gCoimisinéir Teanga.
Seán Ó Cuirreáin: Creidim go bhfuil an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí. Ní chreidim ar chor ar bith gur ar an aicme pholaitiúil is mó atá an locht ina leith seo ach feictear dom, cé go bhfuil daoine sa státchóras a thacaíonn go láidir leis an Ghaeilge, go bhfuil fórsaí níos láidre agus níos forleithne fós ann ar cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta....Cuireann an Stát dualgas ar dhaltaí an teanga a fhoghlaim ach is minic ina dhiaidh sin a chuireann an Stát céanna cosc nó bac ar na daoine sin an teanga a úsáid ina ngnóthaí oifigiúla.
"Tá an Coimisinéir mícheart!" |
Seán Ó Cuirreáin: Tá dul chun cinn áirithe déanta le 10 mbliana anuas ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm – go speisialta maidir le húsáid na Gaeilge ar chomharthaíocht phoiblí, i stáiseanóireacht agus i bhfoilseacháin éagsúla. Tá méadú ar an tuiscint ar chearta teanga agus tá an Oifig s’againne ann mar thaca aige sin.
Bhfuil se seo fíor? An aontaíonn ár dTaoiseach leis sin?
Seán Ó Cuirreáin: Ach tá teorannú suntasach déanta ar an dul chun cinn a d’fhéadfadh a bheith i gceist de bharr na faillí i bhfeidhmiú chóras na scéimeanna teanga faoin Acht. Ní chreidim go bhfuil aon seans ann go n-éireoidh leis an chóras nua atá beartaithe méadú a chur ar líon na státseirbhíseach le Gaeilge. Níltear sásta barántas a thabhairt go mbeidh seirbhísí stáit á soláthar i nGaeilge do phobal na Gaeltachta gan cheist gan choinníoll, rud a chiallaíonn go bhfuil an státchóras le leanúint de bheith ag rá le pobal na Gaeltachta: “Labhraígí Gaeilge le chéile ach ná labhraígí linne í!"
Bhfuil sé seo fíor? Nó an bhfuil an Coimisinéir ag inseacht bréag?
Seán Ó Cuirreáin: Tá breis agus dhá bhliain caite i mbun athbhreithniú ar an Acht Teanga ach, fós féin, níl an chéad chéim leis an Acht a leasú, is é sin, foilsiú ‘chinn an bhille’, tógtha fós. Fógraíodh an tseachtain seo caite gur as seo go samhradh an sprioc nua d’fhoilsiú na leasuithe.
Is dócha nách féidir leis an dTaoiseach é seo a shéanadh! An féidir lesi a rá cén fáth go dtógann sé an méid sin ama fiú "cinn an bhille" a fhoilsiú. An gceapann sé go bhfuil práinn leis an gnó seo.
Seán Ó Cuirreáin: Rinneadh cinneadh m’Oifig a chónascadh le hOifig an Ombudsman i ngan fhios dom féin agus don Ombudsman ag an am, ach arís agus níos mó ná dhá bhliain imithe, níl aon mhionsonraí ar fáil go poiblí faoina bhfuil molta ná faoin bhealach a cheaptar a n-oibreodh sé. Fógraíodh le linn na seachtaine seo caite go mbeadh an cónascadh sin déanta roimh Mheán Fómhair na bliana seo.
An bhfuil sé seo amhlaidh? Nach gceapann an Taoiseach gur léiriú droch-mheas ní h-amháin ar Oifig an Choimisinéara Teanga ach ar Oifig an Ombudsman féin. Cén fáth atá an cinneadh seo déanta nuair nach sabháladh sé pingin rua ar an Stáit?
Seán Ó Cuireáin: Creidim nár tugadh don Oifig riamh na hacmhainní riachtanacha lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán.
An ag insint bréag atá an Coimisinéir?
Seán Ó Cuirreáin: Don té a chreideann gur cheart go mbeadh cearta teanga ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, is tréimhse í seo atá lán le héiginnteacht. Mheas mé riamh nárbh fhéidir nó nár cheart breathnú ar an tacaíocht a theastaíonn don Ghaeilge i státchóras na tíre seo mar ábhar roghnach breise. Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse.
Muna n-aontaíonn an Taoiseach nó an Rialtas leis an ráiteas seo, an gá Coimisinéara Teanga a bheith ann?
Seán Ó Cuirreáin: Mura féidir leis an Stát dearbhú a thabhairt i dtaca le húsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta gan cheist, gan choinníoll agus a chinntiú go mbeidh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí nuair a bheas an tAcht Teanga á leasú, creidim go dtuigfear ansin gur cur i gcéill a bheas ann.
An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill. Creidim go láidir i mo chroí istigh go ndearna mé an rogha cheart.
Cad a thabhairfaidh an Taoiseach ar gníomhaíocht, nó easpa ghníomhaíocht in ionad focail Sheáin Uí Chuirreáin, "cur i gcéill!"
Bhfuil an Rialtas le tacaíocht láidir a thabhairt don gCoimisinéir Teanga nua nó an mbeidh air bheith páirteach i gcur i gcéill?
“..níl againn ach fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – fo-rannóg de roinn atá mór agus ilghnéitheach...Agus tá an fho-rannóg sin lonnaithe i bhfad ó lár na cumhachta (thiar sna Forbacha i gConamara); tá siad ag bun an tslabhra cumhachta inmheánaigh laistigh dá Roinn féin; agus tá an mháthair-Roinn atá acu ag bun an tslabhra cumhachta lena mbaineann na Ranna Stáit i gcoitinne, rud a fhágann gur deacair di mórthionchar a imirt ar cheapadh polasaí ná ar fheidhmiú polasaí na Rann eile sin a bhfuil ról lárnach acu i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge...” (Seosamh Mac Donnachadh)
Sa pic tá Aire na Gaeltachta - gan Gaeilge!
|
No comments:
Post a Comment