D'éirigh
Seán Ó Cuirreáin as a phost mar Coimisinéir Teanga ar an 23u Lá Feabhra 2014, díreach deich bliain ó cheapadh é ag Uachtarán na hÉireann sa bhliain 2004.
Bhailigh slua mór, suas le míle daoine, an chuid is mó as Ghaeltacht Chonamara, ag Oifig an Choimisinéara Teanga le
slán agus buíochas a rá leis, "Slán le Seán!" D'fhágadar ansin agus shúileadar soir ar bhóthar chúng Chois Fharraige go dtí Roinn na Gaeltachta ar na bhForbacha.
|
Litir don Aire Stáit ón chéad glúin eile! |
Thógadar leo litir don Aire Stáit,
Dinny Mc Ginley T.D., a léadh amach go poiblí ag
Darach Ó Tuairisc (
Fíbín), taobh amuigh den Roinn sula fágadh isteach le lámh ag feidhmeannach de chuid na Roinne ag páistí na Gaeltachta, - an chéad glúin eile - mar ní raibh an Aire Stáit féin ann!
Dinny Mc Ginley T.D.,
Aire Stáit na Gaeltachta.
23 Feabhra, 2014.
Achainí
A Aire Stáit,
Ar an Domhnach seo, 23 Feabhra, shiúlamar ó Oifig an Choimisinéara Teanga sa Spidéal go Ceanncheathrú Roinn na Gaeltachta sna Forbacha leis an litir seo a chur os do chomhair.
|
Darach Ó Tuairisg ag léamh an litir sular seachadadh é! |
Litir atá inti len ár míshástacht a chur in iúl dhuit faoin mbealach a bhfuil an státchóras ag caitheamh le pobal labhartha na Gaeilge sa mhéid bheag den Gaeltacht atá fágtha. Achainí atá sa litir seo chomh maith, ag iarraidh ortsa mar fhear Gaeltachta seasamh a thógáil, sara mbeidh sé ró dheireannach. Thar duine ar bith eile a bhí sa bpost riamh roimhe seo, bheadh tuiscint faoi leith agatsa ar an gcailliúint ollmhór atá ag bagairt orainn, má choinníonn an Ghaeilge ag sleamhnú uainn. Mar phobail Ghaeltachta tá ár bhféiniúlacht i mbaol. Ach is cailliúint ollmhór don náisiún a bheadh ann chomh maith.
Tuigeann muid nach féidir leis an rialtas an Ghaeilge a shábhailt mar theanga pobail gan iarracht mhór óna pobail iad féin. Is cuma céard iad na scéimeanna a bheadh curtha ar bun ag an rialtas, caithfidh cinnirí pobail aghaidh a thabhairt ar an gcreimeadh teanga chomh maith. Ach faoi láthair tá lag-mhisneach ar chuid maith dena cinnirí sna pobail Ghaeltachta is láidre, mar go bhfeictear dóibh nach bhfuil an rialtas ná an státchóras dáiríre faoi dhul i ngleic leis na fadhbanna atá ar na pobail déileál leo, lá i ndiaidh lae.
Ní inniú ná inné
Níor thosaigh na fadhbanna a bhaineann leis an nGaeilge sa nGaeltacht leis an rialtas seo. Tuigeann muid é sin go maith. Ach in áit réiteach a fháil, sé an chaoi go bhfuil cuid dena cinneachaí ag do Roinnse, tar éis an scéal a dhéanamh níos measa. Tubaist chríocnaithe ab ea Acht na Gaeltachta 2012, a brúdh tríd an Oireachtas, gan aon aird ar thuairimí pobal na Gaeltachta ná ar thuairimí na saineolaithe, a bhfuil scil faoi leith acu i dtaobh pleanáil teanga. Gheall tú féin go dtabharfadh Acht na Gaeltachta ‘sainmhíniú nua don Ghaeltacht a bheidh bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha’ ach is a mhalairt a tharla. Tá an t-aitheantas céanna Gaeltachta ag na h-eastáit tithíochta i dTír Oileáin, Cathair na Gaillimhe, is atá ag pobal Thír an Fhia I gConamara, áit a bhfuil Gaeilge á seacadadh ó ghlún go glún, ón gcéad lá ar shocraigh daoine san áit.
Seo cuid mhór den ‘Cur i gCéill’ a chaithfear deireadh a chur leis má tá an rialtas seo dáiríre faoin nGaeilge a shlánú mar theanga pobail sna háiteacha ina bhfuil sí fós beo ar bhéal na ndaoine chuile lá.
Rud eile a chaithfear deireadh a chur leis, is ea an bealach a chaitear le scoileanna sa nGaeltacht faoin gcóras oideachais, gan tuiscint dá laghad ag an Roinn Oideachais ar na riachtanais speisialta atá ag scoileanna i gceantair Ghaeltachta ina bhfuil an teanga mar chéad theanga ag sciar mhór dena gasúir.
Cuir i gcéill
Níor mhiste a mheabhrú dhuit gurb é ba chúis le Seán Ó Cuirreáin ag éirí as mar gurb é an rogha a bhí aige, mar a dúirt sé féin 'seasamh siar ón a cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint air agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill.' D’éirigh leis aird a tharraingt ar na ceisteanna bunúsacha seo, atá ag déanamh imní dúinn. Is léir ón méid daoine a tháinig amach ar shráideanna Bhleá Cliath, le gairid agus iad 'dearg le fearg' leis an rialtas go bhfuil lucht na Gaeilge, sa nGaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht, ar buile leis an státchóras agus leis an rialtas.
Is leir ón méid a bhí le rá ag an Taoiseach ar Raidió na Gaeltachta le gairid, go bhfuil sé sásta éisteacht leis na daoine atá ‘dearg le fearg’ le fáil amach céard tá uathu. Is dul chun cinn é sin agus má tá an rialtas sásta éisteacht linn seo cuid den méid atá uainn:
- go ndéanfaí Acht na Gaeltachta 2012 a athghairm nó é a leasú le go mbeidh ciall teangeolaíoch leis an nGaeltacht, mar a gealladh;
- go gcuirfí Bord Oideachais speisialta ar bun le déileál le gach gné den oideachas sna ceantair Ghaeltachta;
- go gcuirfí polasaí soiléar i bhfeidhm tríd an státchóras a chinnteoidh, go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht ‘gan cheist gan choinníoll’, taobh istigh de dhá bhliain;
- go mbeadh cúnamh speisialta curtha ar fáil le nuachtán seachtainiúl Gaeilge clóite a chur ar fáil le freastal go príomha ar na ceantair Ghaeltachta;
- go ndéanfaí bonn daonlathach a chur aríst faoi Údarás na Gaeltachta, sa gcaoi is go mbeidh ionadaithe tofa ag pobal na Gaeltachta ar an mBord.
Ní drochmheas pearsanta
Ní le drochmheas ort go pearsanta atá an litir seo á scríobh. Tuigeann muid go maith gur fáisceadh as an nGaeltacht thú. Seans go mbíonn tú in ísle brí faoi thodhchaí na teanga, ach an oiread linn féin, ó am go ham. Ach tá díomá orainn leat, mar nach bhfuil polasaithe ciallmhara á gcur i bhfeidhm ag Roinn na Gaeltachta faoi do cheannas agus mar nach bhfuil an chuma air go bhfuil ag éirí leat dul i bhfeidhm ar na státsheirbhísigh ná ar do chomhleacaithe sa rialtas.
Déanadh tréas ar an nGaeilge 40 bliain ó shin nuair a cuireadh deireadh le riachtanas Gaeilge le haghaidh aon phost sa státsheirbhís, agus barúil mhaith ag an rialtas a bhí ann ag an am go mbeadh deacrachtaí ag an státchóras a oibligeadaí bunreachtúla a chomhlíonadh maidir le freastal ar lucht labhartha na Gaeilge. Ní ortsa an locht faoin tréas sin, agus is beag a rinne aon rialtas eile idir an dá linn leis an scéal a chur ina cheart. Tá toradh na tréasa le feiceáil anois sa líon beag fóirne atá in ann feidhmiú tríd an teanga sna ranna rialtais.
Ach tá tréas déanta ag an rialtas seo, le Acht na Gaeltachta 2012, ar lucht labhartha na Gaeilge sa méid bheag den Gaeltacht atá fágtha, agus tá tusa go príomha freagrach as sin.
Rogha
Tá rogha le déanamh agatsa anois: leanacht ar aghaidh leis an ‘muga maga’ ar feadh dhá bhliain eile, ag iarraidh a chur ina luí ar an saol mór go bhfuil gach rud ina cheart ó thaobh cur chuige an rialtais, é sin nó seasamh ar phrionsabal a thógáil agus é a chur faoi ndeara an rialtais seo go dteastaíonn athrú i meon, athrú i bpolasaí agus athrú sa gcur chuige. Má dheineann tú seasamh a thógáil ar bhonn prionsabail, geobhfaidh tú tacaíocht agus buíochas uainne, pobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht. Má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá, fágfar faoin stair breithiúnas a thabhairt faoi do mhaoirseoireacht ar Roinn na Gaeltachta.
Coiste Eagraithe ‘Slán le Seán’
|
|
Cuid den slua ag bailliú soir leo ó Oifig an Choimisinéara! |
|
Cuid de na postaerí taobh amuig de Roinn na Gaeltachta! |
Litir ó "phobal labhartha na Gaeilge sa mhéid bheag den Gaeltacht atá fágtha!"
No comments:
Post a Comment