Dfhreastail 90 polaiteoir idir Theachtaí Dála, Sheanadóirí agus ionadaithe polaitiúla ar an lá eolais práinneach a d'eagraigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta do pholaiteoirí in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath. Mhair an ocáid ón 8 ar maidin go dtí a 6.oo i.n.
Is deis ríthábhachtach é an lá eolais bliantúil seo d'ionadaithe polaitíochta chun dul i gcomhairle le pobal na Gaeilge i dtaca le beartais agus cinntí a imríonn tionchar ar an bpobal céanna, dar le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Deis a bhí ann do Theachtaí nua dul i mbun comhairle le hionadaithe Chonradh na Gaeilge agus Ghuth na Gaeltachta óna ndáilcheantar féin i dtaca le cúrsaí teanga, go háirithe i dtaca le múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais. Bhí díospóireacht mhaith ann maidir leis an nGaeilge don Ardteist i rith an olltoghcháin, agus táimid anois ag éileamh ar an dá pháirtí sa chomhrialtas gníomhú ar na gealltanais a rinne siad ar cheist na teanga; 'sé sin go mbeadh ábhar sa bhreis ar an nGaeilge, ar nós spóirt nó drámaíochta, á mhúineadh trí mheán na Gaeilge ar an mbunscoil; go mbeadh dhá ábhar Gaeilge ann don Ardteist; agus go gcaithfeadh ábhar múinteoirí tréimhsí níos faide sa Ghaeltacht ag tús an chúrsa."
Thug Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge cuireadh do Theachtaí na Dála agus an tSeanaid nua teacht leis an nGaeilge sa chóras oideachais; An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030; Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta; agus bunú Gaelscoileanna nua, a phlé le hionadaithe ón dá eagras, áit go raibh daoine áitiúla i láthair ó na dáilcheantair éagsúla le labhairt lena bpolaiteoirí féin freisin.
Dúirt Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: "Tá sé thar a bheith tábhachtach dúinn Teachtaí agus Seanadóirí ó na páirtithe ar fad a choimeád ar an eolas sna seachtainí amach romhainn, go háirithe agus plean feidhmiúcháin agus reachtaíocht á chur le chéile ag an Rialtas faoi láthair don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá imní mhór ar phobal na Gaeltachta faoi thodhchaí Údarás na Gaeltachta agus ba seo deis maith dúinn cur ina luí ar pholaiteoirí ó chuile pháirtí nar chóir laghdú nó maolú ar bith a dhéanamh ar chúraimí agus freagrachtaí fiontraíochta an Údaráis, nó bheadh deireadh leis an nGaeltacht mura mbeadh an fhostaíocht a chothaíonn sé ar fáil inti. Ba chóir ar a laghad a chinntiú go bhfuil an EUR12 milliúin atá ag teastáil ón Údarás le 1,000 post nua a chruthú do 2012 ar fáil dó."
Iarratas ón Seanadóir Ó Clochartaigh
D'éisigh an Seanadóir nua as Chonamara, Trevor Ó Clochartaigh ráiteas níos déanaí mar seo:
"2 Meitheamh 2011 08:41:03 ASÉ: D'iarr an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh inné go mbeadh díospóireacht faoin nGaeilge agus an Ghaeltacht sa Seanad agus d'aontaigh pairtithe an Rialtas leis sin.
Trevor ar shuíomh Sinn Féin - aon teangach! |
Deir an Seanadóir gur chóir go mbeadh tuiscint i bhfad níos fearr ag na baill Oireachtais ar an ábhar imní atá ag pobal na Gaeilge tareis dóibh freastal ar an lá eolais a bhí ar siul ag Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge. Bhí toscaireacht mhór as Sinn Féin (Béarla) i láthair ag an ócáid seo agus tacaíonn muid go h-iomlán leis na h-éilimh atá acu. 'Ní cosúil go bhfuil na páirtithe eile chomh cinnte sin maidir leis an tacaíocht atá acu dó', dar leis, 'nuair a chloiseann tú cuid de na ráítis atá déanta acu'.
Críoch"
Is breá an rud é go bhfuil duine san Oireachtas a thuigeann tabhacht na ceiste seo cé go bhfuil sé ó pháirtí nach dteaspáineann an suim sin ina suíomh idirlíon mar aon leis na pártaithe eile. (Tá beathfhaisnéis Trevor Uí Chochartaigh i mBéarla amháin fiú!)
No comments:
Post a Comment