Tá an Comhchoiste Oireachtais um Iomrall Sheirbhís Poiblí agus Aiciní (Béarla) le h-agallamh a chuir ar an Coimisinéir Teanga ar an 4ú lá Nollag 2013 i dTeach Laighean ar 16.00 uair.
Go bhfios dom is é seo an dara uair don gCoimisinéir a bheith ós comhair choiste Oireachtais. Thug sé léiriú ar obair a oifige ag Chomhchoiste Oireachtais um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha i mí Bealtaine 2012.
Is "An Coimisinéir Teanga Annual Report 2012" (sic) atá mar ábhar acu. Scríobhamar faoin dtuairisc sin i Mí Márta seo caite: "Gabhadh tiomána nach raibh sásta Béarla a labhairt!" Tá beartas an Rialtas an córas marcanna bónais don Ghaeilge a chuir ar cheall le plé leis!
Is comhcoiste nua é seo le iniucadh agus aithint feabhsucháin ar seachadadh seirbhísí poiblí don saoránach. Tá an coiste seo sásta glacadh le h-aiciní ón bpobal chuig tithe an Oireachtais agus is cuid dá dhualgaisí bheith i dteangabháiol le hOmbudsman an stáit. Is dócha gur dá bhrí sin tá siad chun cainte leis an gCoimisinéir Teanga.
Tá sé spéisiúil go bhfuil suíomh an Chomhchoiste seo le fáil i mBéarla amháin cé nach eisceacht é sin i gcás an chuid is mó suíomhanna Tithe an Oireachtais.
Mar is eol don saol Fodhla d'fhógair Seán Ó Cuirreáin go raibh sé le h-éirí as mar Coimisinéir Teanga. Is mar seo a labhair sé.
Tá píosa scríofa faoi a thárla againn: Imeacht Sheáin Uí Chuirreáin; Bua don Rialtas.
Leander Sukov (POETS OF THE PLANET)
-
Die fremde MutterLeander Sukov
an jedem ersten tag eines monats
gegen sechs uhr am abend
kam die alte frau
kittelbeschürzt, filzpantoffeln
kopftuch und...
3 hours ago
No comments:
Post a Comment