17.1.17

Seirbhís do 500+ teaghlach Ghaeltachta!

Gliginí
Bhí bliain rathúil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i 2016 agus tá súil acu tógáil ar sin i mbliana.

Deascéalta
Tá ós cionn 450 teaghlach ó chuile cheard de Chonamara cláraithe leis an eagraíocht anois agus ós cionn 60 teaghlach i dTír Chonaill.

700+ Litreacha ó Fhear na Feasóga
Ghlac 748 gasúr páirt sa Scéim Léitheoireachta a reáchtáladh roimh Nollaig agus roinneadh ós cionn 2,000 leabhra orthu féin agus a gcuid scoileanna.  Thug siad cúnamh d’fhear na féasóige litreacha a sheoladh chuig 718 gasúr - ba seo an ceathrú bliain an scéim Litir chuig Santaí a bheith ar bun.

D’fhreastal 157 gasúr ar ranganna i SPLANC – ionad na heagraíochta ar an gCeathrú Rua. Fuair 45 gasúr deis drámaí a chur ar stáitse ag Taispeántas Dheireadh na Bliana i Mí Bealtaine.

14 naíonáin ó aois 6 seachtaine go 6 mhí agus a gcuid máthaireacha a tháinig chuig na ranganna suathaireachta  agus 41 teaghlach a bhí ag freastal ar Ghligíní, an club spraoi do thuismitheoirí agus leanaí.

Réitigh an eagraíocht 44 gasúr le bheith páirteach san Oireachtas agus thug 28 teaghlach aghaidh ar Chill Áirne i Mí na Samhna. Fuair na gasúir uilig deis taispeántas a thabhairt dá muintir ag ócáid i Halla Éinne sula ndeachaigh siad ó dheas.

12 teaghlach a ghlac páirt sa gclub leabhar, scéim phíolótach a reáchtáladh i Mí Feabhra agus d’fhreastal ós cionn 125 gasúr ar champaí samhraidh agus cásca na heagraíochta.

Bhí an-ríméad ortha bheith i láthair ag seoladh Polasaí Gaeltachta Oideachais – buaic phointe na bliana dar linn.

Fadhbanna
Ach ní dea-scéalta ar fad a bhí i ndán dúinn i 2016. Mar is léir ó na figiúirí thuas, tá an-éileamh ar sheirbhísí na heagraíochta agus ar an drochuair ní bhíonn ar ár gcumas freastal ar an éileamh sin i gconaí. Níl aon duine fostaithe le hobair na heagraíochta a riaradh ná le hócáidí a eagrú.

Tá brú millteanach ar an gcoiste dá réir. B’éigean dóibh diúltú do chuireadh ó Bhuan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán den Oireachtas le teacht ós a gcomhair ar an 29 Samhain le hobair na heagraíochta agus cás na dteaghlach Gaeltachta a phlé. Ghoill sé seo go mór ortha mar gur deis iontach a bhí ann. Ní raibh aon neart air mar go raibh chuile bhall den choiste gafa le scéimeanna eile ag an am.

B’éigean dóibh cinneadh a dhéanamh freisin gan aon iarratas a dhéanamh ar dheontais agus comórtais éagsúla mar nach mbeadh an t-am againn na hiarratais (a bhfuil go leor oibre ag baint leo) a chur le chéile. Bíonn luach saothair ag baint leis na comórtais seo – leithéidí Chomórtas Ghlór na nGael agus Gradaim an Chathaoirligh – agus arís ba dheiseanna caillte iad seo.

Níl aon mhaoiniú ag an eagraíocht ó dheireadh na bliana 2016. Tá siad i dteagmháil le oifig Aire Stáit na Gaeltachta ar bhonn leanúnach ó Mhí Lúnasa ag iarraidh cruinnithe leis, le cúrsaí maoinithe a phlé. Tá súil acu go mbeidh sé ar fáil le bualadh linn go gairid.

Mar sin féin déanfaidh siad chuile iarracht leanúint ar aghaidh le gnáth imeachtaí na heagraíochta go dtí sin. Deirtear nach gcuirfidh sé seo as do na rangannna drámaíochta, damhsa agus amhránaíochta a bhíonn ar bun i SPLANC agus beidh siad sin ag leanúint ar aghaidh mar is iondúil.

Deireann ráiteas ón eagraíocht go bhfuil siad an-bhuíoch den chúnamh a thug Roinn na Gaeltachta dúinn go dtí seo agus den chúnamh leanúnach atá á fháil againn ó Údarás na Gaeltachta.
Roinneadh 2000 leabhair le na páistí sa scéim léitheoireachta


Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment