5.12.13

"Damnú ar pholasaí Gaeilge an Rialtais eirí as an Choimisinéir Teanga!" agus "Buille tubaisteach don Ghaeilge"

Deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh gur damnú ar pholasaí Gaeilge an Rialtais atá sa bhfógra a rinne an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin inniu, go bhfuil sé le n-eirí as a chuid dualgais, ar bhunphrionsabail.

Thug an Coimisinéir an méid seo le fios ag cruinniú den Chomhchoiste Achanaithe agus Formhaoirsiú Poiblí i dtithe an Oireachtais inniu.

Trevor Ó Clochartaigh
“Is lá dhubh, dorcha don Ghaeilge í seo, go bhfuil Sean Ó Cuirreáin ag eirí as tar éis deich mbliana a chaitheamh sa bpost.

“Is léir gur cinneadh ar bhunphrionsabail atá i gceist agus nach ar aon chúis eile atá seo socraithe aige.

“Rinne sé cáineadh an-láidir arís ina thuarascáil bhliantiúil ar easpa dáiríreachta na n-eagras stáit i leith a gcuid dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

“Is léir domsa nach bhfuil an tacaíocht dhá fháil ag an oifig ón Rialtas agus na h-eagrais stáit agus dá bhrí sin nach féidir leis an gCoimisinéir a chuid dualgais a chomhlíonadh mar is ceart.
Tá teipthe ar an Rialtas seo go hiomlán ó thaobh na Gaeilge (Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 12/12/2013)

Coimisinéir an choinsiasa (Seán Tadhg Ó Gairbhí, Treaibh, 11/12/2013)

Géarchéim anois gan Coimisinéir na Gaeilge (Seachtain, 11/12/2013)

Éirí as Post an Choimisinéara Teanga (Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge, 10/12/2013)
“Tá an-díomá ar Shinn Féin faoi seo, ach molann muid Seán Ó Cuirreáin as an seasamh láidir seo a ghlacadh ag an am seo.

'Tá ardmheas ag Sinn Féin agus pobal na Gaeilge ar an obair atá déanta aige féin agus ag a fhoireann agus is cailliúint an-mhór é. Go bhfios dúinn, seo an chéad uair gur éirigh aon Ombudsman as i stair an stáit agus is ráiteas iontach láidir ann fein é sin.

'Is léir go bhfuil polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ag titim óna chéile agus tá gá le h-athbhreithniú práinneach le seo a chuir ina cheart.

'D'iarr mé go dtabharfaí Aire Stáit na Gaeltachta teacht os comhair an Chomhchoiste le seasamh an Rialtais ar an gcinneadh seo agus na h-impleachtaí a bhaineann leis a phlé!"

Seo ráiteas ó Chonradh na Gaeilge

Buille tubaisteach don Ghaeilge – géarchéim léirithe ag an gCoimisinéir Teanga in obair an Rialtais i leith na Gaeilge

Tá géarchéim i ndiaidh teacht chun cinn inniu, Dé Céadaoin, 4 Nollaig 2013, agus Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, i ndiaidh a chur in iúl don Chomhchoiste um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha go bhfuil sé ag éirí as.

I measc na cúiseanna a luaigh An Coimisinéir Teanga as a chinneadh seasamh siar, rinne sé tagairt d’easpa cur i bhfeidhm na scéimeanna reachtúla teanga; caighdeán na scéimeanna féin; imeallú na teanga sa chóras riaracháin phoiblí; folús i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla; cinneadh an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman; easpa acmhainní riachtanacha don Oifig lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán; easpa foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge sa státchóras; agus córas lochtach nua atá le teacht i bhfeidhm in ionad chóras na marcanna bónais.

Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is cinnte gurbh é an cinneadh le héirí as oifig atá fógartha ag an gCoimisinéir Teanga inniu an buille is mó don Ghaeilge le fada an lá.
“Tuigeann Conradh na Gaeilge go maith na cúiseanna atá aige le héirí as; tá droch-chinntí i leith forbairt na Gaeilge glactha ag an Rialtas ó thosaigh siad i 2011.
“Ní gá ach breathnú ar an gcinneadh le COGG a chur isteach leis an CNCM, an neamhaird a rinne an Rialtais ar na leasuithe ar fad a moladh don Acht Gaeltachta 2012, agus fiú an t-athrú a bhí le teacht ar Oifig an Choimisinéara Teanga féin.”

Rinneadh cinneadh Rialtais i mí na Samhna 2011 Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman faoi Phlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí, cinneadh a rinneadh i ngan fhios don Choimisinéir Teanga agus don Ombudsman ag an am.

D’fhógair an Rialtas go gcuirfí deireadh leis an scéim marcanna bónais in earcaíocht agus ardú céime sa stát seirbhís i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo chomh maith, ach de réir ráiteas an Choimisinéara Teanga i dTithe an Oireachtais inniu, léiríonn taighde ar fhigiúirí oifigiúla ón Roinn Oideachais agus Scileanna go dtógfadh an córas nua atá beartaithe ag an Rialtas a chur ina áit thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn sin le líofacht i nGaeilge a mhéadú ón 1½% atá ann faoi láthair go dtí 3% – dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an mbealach is dearfaí é.

An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Chuireánn ag comhrá le Julian de Spáinn
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá muinín phobal na Gaeilge agus Gaeltacht ag an gCoimisinéir Teanga. Tá obair den scoth déanta aige agus ag a oifig le breis agus 9 mbliana anuas agus is buille tubaisteach é don Ghaeilge go mbeidh sé ag éirí as.
“In ainneoin a bhfuil ráite ag an gCoimisinéir Teanga gur beag eile a d’fhéadfadh sé a bhaint amach sa dhá bhliain eile dá chonradh atá fágtha, impíonn Conradh na Gaeilge air athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh seasamh siar ó chreideann muid go láidir gur chun cúil ar fad a rachaidh an troid ar son chearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta in uireasa Sheáin Uí Chuirreáin.
“Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga inniu, mar bhunchéim riachtanach agus Acht na dTeangacha Oifigiúla á leasú mar chuid de chlár an Rialtais, go gcaithfear foráil shoiléir a chur ann a chinnteoidh go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll.
“Aontaíonn Conradh na Gaeilge go hiomlán le ráiteas an Choimisinéara Teanga nach féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit, agus creideann go gcaithfear athchuairt a thabhairt láithreach ar cheist na teanga san earcaíocht agus i gcomórtais arduithe céime sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí.
“Tá géarchéim ann agus is gá tabhairt faoin ngéarchéim sin go práinneach. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas éisteacht le gach pointe atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga don Chomhchoiste Oireachtais inniu agus tabhairt faoi na fadhbanna a réiteach láithreach i bpáirt leis an gCoimisnéir agus leis an bpobal.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment