An rud is suimiúla dúinne Gael ná go bhfuil ar deireadh cothram na féine á thabhairt don Ghaeilge agus na litreacht ar aon mhéid agus sa chló céanna leis na h-ainmneacha coitianta (trualaithe) Béarla.
Bhí píosaí sna nuachtáin Béarla ar líne agus ó bheith á léamh cheapfá go mbeadh an tuafás le caitheamh ortha ach i ndairíre níl sin fíor mar de réir dalramh ní bheadh aon chostas breise ag baint leis na comharthaí seo ós rud é nach mbeadh na comharthaí nua á gcrochadh go dtí go mbíonn cinn nua ag teastáil.
I annamh gur féidir liom Aire sa Rialtas seo a mholadh, go mór mór i gcúrsaí teanga agus mar sin scríobh mé litir chuige le buíochas dó as a jab a dhéanamh sa chás seo!
Seo nóta beag le buíochas a gabháil leat as dearadh na chómharthaí bóthaire nua. Dár liom tá siad deas, níos soiléara agus níos glaine ná na sean chinn. Tá áthas orm bheith i ndán nóta mar seo a scríobh chuig Aire sa Rialtas seo mar de gnáth is ag gearán atá mé - go mór mór más cúrsaí Gaeilge nó Gaeltachta atá i gceist. Beir bua Eoin Ó Riain |
No comments:
Post a Comment