21.12.10

Straitéis: 6.3 RÉIMSÍ GNÍMH – AN TEAGHLACH AG CUR NA TEANGA AR AGHAIDH – IDIRGHABHÁIL LUATH

Tá an-tábhacht leis na gníomhartha atá beartaithe sa réimse a bhaineann leis an teaghlach ó thaobh an teanga a chur ar aghaidh. Tá an cuspóir seo a leanas i Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006:

Cuspóir 3:
Tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga theaghlaigh. Chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Is gné fhíorthábhachtach ó thaobh an phróisis pleanála teanga an teanga a chur ar aghaidh sa teaghlach chuig an gcéad ghlúin eile agus is cloch choirnéil é san obair ó thaobh cur leis an méid cainteoirí líofa.

Tá níos mó aitheantais á thabhairt ar fud an domhain anois ar chur ar aghaidh na teanga sa teaghlach mar cheann de na príomhcheisteanna a gcaithfear a chíoradh má tá teangacha neamhfhorleathana le tabhairt slán.

Teastaíonn treoir agus comhairle ó theaghlaigh ina labhraíonn na tuismitheoirí Gaeilge faoin gcaoi inar féidir leo a gcuid leanaí a thógáil mar chainteoirí cothroma dátheangacha, go háirithe mura labhraíonn ach tuismitheoir amháin an teanga.

Tá fíorthábhacht leis an mbaile, leis an teaghlach agus leis an gcomharsanacht - an chéim sin d’idirghníomhú neamhfhoirmiúil cainte ó lá go lá idir seantuistí, tuismitheoirí agus leanaí - ó thaobh an Ghaeilge a choinneáil mar theanga bheo. Is é an teaghlach an chloch choirnéil ó thaobh a leithéid de chur ar aghaidh teanga. Thar aon ní eile, is sa teaghlach a chothaítear, a roinntear agus a mhúnlaítear ceangal dlúth le teanga agus le gníomhaíochtaí teanga ina bhféiniúlacht phearsanta agus shóisialta chomh maith le féiniúlacht teanga agus cultúir. B’fhéidir nach dtuigeann tuismitheoirí go hiomlán na buntáistí eacnamaíochta, fostaíochta agus oideachais a bhaineann le Gaeilge a labhairt lena gcuid leanaí. Baineann na hidirghabhálacha atá molta sa réimse seo mar sin le spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí a gcuid leanaí a thógáil go dátheangach ar thaobh amháin agus, ar an taobh eile, le heolas fíriciúil a chur ar fáil agus cur le feasacht faoi na buntáistí nádúrtha a bhaineann leis an leanbh a bheith ábalta níos mó ná teanga amháin a labhairt.

Is é an aidhm a bheidh ag tacaíochtaí Stáit mar sin ó thaobh chur ar aghaidh na teanga sa teaghlach ná:

• comhairle, treoir agus tacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh ina labhraítear an Ghaeilge sa teach; agus

• níos mó tuisceana faoi dhátheangachas praiticiúil sa timpeallacht teaghlaigh a chur chun cinn.


Is é seo a bheidh i gceist leis sin, i dtéarmaí praiticiúla:

• cur le feasacht i measc tuismitheoirí, daoine a bheidh ina dtuismitheoirí amach anseo, agus i measc an phobail tríd is tríd faoi bhuntáistí an dátheangachais;

• tacú le hathrú patrúin teanga teaghlach ina labhraíonn tuismitheoir amháin Gaeilge d’fhonn cur leis an líon leanaí a labhraíonn idir Ghaeilge agus Bhéarla sa bhaile; agus

• na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas a chur in iúl ina gcuid oibre ó lá go lá do na soláthraithe seirbhísí sóisialta agus sláinte a chuireann comhairle ar thuismitheoirí nua.


Tá go leor taithí i ndlínsí eile, lena n-áirítear an Bhreatain Bheag agus Tír na mBascach, maidir le tacaíocht do thuismitheoirí a bhíonn ag tógáil clainne le dhá theanga. Agus muid ag tógáil ar an taithí in
Éirinn, ó thaobh tacú le gréasáin de theaghlaigh a labhraíonn Gaeilge ach go háirithe agus ó thaobh tacaíocht teanga a chur ar fáil do leanaí i scoileanna Gaeltachta, agus ag tógáil ar an dea-chleachtas
idirnáisiúnta, socrófar raon beart praiticiúil d’fhonn tacú leis an nGaeilge a tharchur sa teaghlach:

• Leathnófar Scéim na gCúntóirí Teanga atá ag feidhmiú i scoileanna Gaeltachta chuig gach gaelscoil;

• Tabharfaimid tacaíocht níos fearr do ghréasáin de theaghlaigh a labhraíonn Gaeilge ag an leibhéal áitiúil;


• Tacóimid le cláir chun cuidiú le seantuistí agus le daoine scothaosta eile an teanga a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile;

• Socrófar deiseanna foghlama teanga a bheidh dírithe d’fhonn cuidiú le teaghlaigh nach labhraíonn ach tuismitheoir amháin iontu an Ghaeilge;

• Cuirfidh na Coláistí Samhraidh Gaeltachta níos mó béime ar thaithí foghlama teanga do theaghlaigh chun gur féidir gréasáin ina n-úsáidtear an Ghaeilge go nádúrtha a chur chun cinn trí mheicníochtaí ina leanfar leo sin i measc teaghlach agus grúpaí cairde nuair a bhíonn an tréimhse sa Choláiste Samhraidh thart;

• Cuirfimid le feasacht faoi na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas in obair phríomhshrutha gairmithe sláinte agus cúraim shóisialta a bhíonn ag obair le teaghlaigh óga; agus

• Is é Údarás nua na Gaeilge agus na Gaeltachta a chomhlíonfaidh feidhmeanna na gcoistí contae cúram leanaí sa todhchaí maidir leis an earnáil réamhscolaíochta ar fud an Stáit
.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment