27.10.09

Cara sa chúirt?

An Ghaeilge sa Chúirt
feachtas eolais seolta ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, le dul i ngleic leis an tuairim go bhfuil “Béarla éigeantach” i bhfeidhm i gcúrsaí dlí, trí phobal labhartha na Gaeilge a chur ar an eolas faoina gceart reachtúil an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt.


“Is cosúil go bhfuil go leor de phobal labhartha na Gaeilge, fiú sna ceantair Ghaeltachta is láidre, nach bhfuil ar an eolas faoina gcearta an Ghaeilge a úsáid i ngnóthaí cúirte nó atá den tuairim láidir gur chun a leasa féin a bheadh sé a gcearta agus a rogha teanga a fhágáil ar leataobh agus dul i muinín an Bhéarla mar theanga réamhshocraithe an dlí,” a dúirt sé.

Níl an drogall seo le feiceáil i measc lucht labhartha teangacha eile. Rinneadh os cionn 10,000 iarratas ar an tSeirbhís Chúirteanna anuraidh d’ateangairí maidir le 71 teanga éagsúil. Bhí an Pholainnis ar bharr an liosta don bhunseirbhís seo atá riachtanach do cheartriaradh an dlí. Ba iad na príomhtheangacha eile Rómáinis, Liotuáinis, Rúisis, Sínis Mhandairín, Laitvis, Portaingéilis, Fraincis, Seicis agus Araibis. “Ní raibh an Ghaeilge fiú i measc na chéad deich dteanga,” a dúirt Seán Ó Cuirreáin.

Is cosúil ó thuairiscí sna meáin chumarsáide go gcosnaíonn an tseirbhís ateangaireachta sna cúirteanna os cionn dhá mhilliún euro sa bhliain. De réir figiúirí oifigiúla a chuir an tSeirbhís Chúirteanna ar fáil don Choimisinéir Teanga, bhí caiteachas faoi bhun €2,000 ar sheirbhísí ateangaireachta Gaeilge sa bhliain 2006 agus thit sé go dtí €1,012 sa bhliain 2007.

“Léiríonn na staitisticí seo a scéal féin,”
a dúirt Seán Ó Cuirreáin. “Ar ndóigh, téann cásanna cúirte áirithe ar aghaidh trí Ghaeilge gan ateangaireacht ar bith sa chás go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag an mbreitheamh agus ag na daoine eile atá páirteach sa chás, ach bheadh céatadán na gcásanna sin fíoríseal ar bhonn bliantúil agus ar scála náisiúnta.”

Tá sé de cheart ag duine an Ghaeilge a úsáid sa chúirt mar fhinné, mar chosantóir, mar ghearánach nó mar íospartach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ní féidir leis an gcúirt aon stró nó caiteachas breise a chur ar dhuine de bharr gur roghnaigh sé nó sí an Ghaeilge seachas an Béarla.

Baineann an ceart seo le haon chúirt agus is ar an gcúirt féin a thiteann sé cibé socrú is cuí a dhéanamh d’ateangaireacht.

Cinntíonn an reachtaíocht teanga freisin nach féidir iallach a chur ar dhuine fianaise a thabhairt in aon teanga ach an teanga oifigiúil is rogha leis nó léi féin. “Ní chuireann an reachtaíocht cosc ar aon bhealach le húsáid teangacha iasachta sa chúirt agus is treascairt ar chearta daonna a bheadh ann a bheith os comhair cúirte gan tuiscint ar theanga na cúirte,” a dúirt an Coimisinéir.

Rinne an Coimisinéir Teanga tagairt do shuirbhé a rinne Ipsos Mori d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (suíomh i mBéarla amháin) i gceantair sa Ghaeltacht sa bhliain 2007 a léirigh go ndúirt 75% den phobal gur fearr a bhí siad ábalta iad féin a chur in iúl trí Ghaeilge ná trí Bhéarla agus iad ag déileáil le lucht gairmiúil leighis.

“Luíonn sé le réasún go mbeadh an scéal amhlaidh agus iad ag déileáil leis na cúirteanna agus le cúrsaí dlí. Tá sé fíorriachtanach go mbeadh tuilleadh eolais ag daoine faoina gcearta teanga agus muinín breise acu nach mbeidís faoi aon mhíbhuntáiste dá roghnóidís an Ghaeilge,” a dúirt Seán Ó Cuirreáin.

“Aithnítear go hidirnáisiúnta gur féidir teangacha atá faoi bhrú a chur i mbaol a gcaillte má chuirtear srianta nó teorainn leis na háiteanna inar féidir iad a úsáid. Má chruthaítear áit níos lárnaí don Ghaeilge sna cúirteanna i gcomhréir leis an reachtaíocht, is chun leas na teanga a bheidh sé,”
a dúirt sé.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment