23.12.21

Deich mbliain agus mí amháin ag fás.

Shínigh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2019 (Leasú) tráthnóna inniu agus tá Acht níos láidre ó dheas, tar éis 10 mbliain d'fheachtasaíocht leis sin a chinntiú, agus ba chóir go mbeidh seirbhís as Gaeilge do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ón státchóras i bhfad Éireann níos fearr curtha ar fáil amach anseo.

Brú ar an bpic chun é a léamh!
Chuir Chonradh na Gaeilge fáilte roimh an nuacht agus tá roinnt cáipéisí curtha amach faoi. Tá amlíne foilsithe acu (ar dheis) agus tá léiriú ar chéard atá san Acht agus tuairimí an Chonartha ar phríomh fhorálacha an Achta (pdf) foilsithe chomh maith.

“Ba mhaith le Conradh na Gaeilge aitheantas agus moladh faoi leith a thabhairt do gach ball den eagraíocht agus gach duine eile i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a sheas an fód in aghaidh na moltaí an-lag don reachtaíocht ó na Rialtais idir 2011 go 2016, a chinntigh neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga, agus a chinntigh idir 2017 agus 2021 reachtaíocht go bhfuil bunús agus deis ann le seirbhísí sásúla Gaeilge a bhaint amach don phobal Gaeilge agus Gaeltachta amach anseo," a dúirt Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge. "Ba mhaith linn chomh maith aitheantas agus ardmholadh a thabhairt d’Uachtarán na hÉireann, don Aire reatha, na hAirí Gaeltachta agus na hAirí Rialtais eile a thacaigh thar na blianta, na polaiteoirí sa fhreasúra (go háirithe baill an Chomhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta), na Coimisinéirí Teanga, na Feidhmeannaigh i Roinn na Gaeltachta agus eile a raibh ról acu i bhforbairt an Achta.”

“Ní haon áibhéil a rá go raibh bóthar fada againn le 10 mbliana anuas le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a uasdátú." arsa Julian de Spáinn. "Thosaíomar amach ag cosaint neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga agus ag cur i gcoinne lagú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Rinne an Conradh seo i bpáirt le Guth na Gaeltachta i 2011 agus, thar an chéad 10 mbliana eile, is iomaí grúpa, duine sa phobal agus polaiteoir a thacaigh lenár n-éileamh. Tá dul chun cinn déanta. Ní amháin gur éirigh linn Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách ach baineadh na rudaí a leanas amach san Acht leasuithe:

  1. 20% ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí le bheith inniúil i nGaeilge faoi 31 Nollaig 2030 ar a dhéanaí
  2. 20% fógraíocht de chomhlachtaí poiblí le bheith as Gaeilge agus 5% de bhuiséad fógraíochta na gcomhlachtaí le caitheamh ar na meáin Ghaeilge
  3. Na seirbhísí ó na comhlachtaí poiblí ar fad le bheith curtha ar fáil don Ghaeltacht as Gaeilge (ach níl spriocbhliain luaite leis seo)
  4. Aitheantas oifigiúil agus córas le bunú chun go mbeidh an pobal in ann a n-ainmneacha agus a seoltaí, le síntí fada más mian leo, a úsáid le comhlachtaí poiblí (agus nach mbeidh orthu teideal a úsáid mura mian leo)
  5. Comhlachtaí san earnáil príobháideach ag soláthar seirbhísí don phobal, ar son chomhlachtaí poiblí, le cloí le forálacha áirithe den Acht
  6. Cothromaíocht agus cinnteacht don Ghaeilge le bheith in ábhar margaíochta comhlachtaí poiblí
  7. Lógónna reatha as Béarla amháin ag comhlachtaí poiblí le hathrú go lógónna dátheangach, nó go Gaeilge amháin, nuair a bheidh na lógónna le hathnuachan nó le hathrú
  8. Ainmneacha oifigiúla ar chomhlachtaí poiblí nua le bheith as Gaeilge amháin, agus cinnteoidh seo go mbeidh lógó gach comhlacht poiblí nua as Gaeilge amháin nó dátheangach
  9. Foirmeacha oifigiúla áirithe ag comhlachtaí poiblí le bheith dátheangach nó as Gaeilge amháin
  10. Ionadaíocht ar an gCoiste Comhairleach le bheith ag duine mar ionadaí ó limistéir pleanála teanga Gaeltachta agus ag duine eile mar ionadaí ó lasmuigh den Ghaeltacht
  11. Cathaoirleach an Choiste Comhairligh, a bheidh i mbun plean náisiúnta a chur le chéile a thógfaidh earcaíochta gus soláthar seirbhísí san áireamh, le bheith inniúil i nGaeilge
  12. Caighdeáin teanga le bheith ann in ionad scéimeanna teangaAn tAire Gaeltachta le bheith freagrach as comhordú cur i ngníomh an Phlean Náisiúnta ag na comhlachtaí poiblí
  13. Cumhacht breise faireacháin le bheith ag an gCoimisinéir Teanga ar reachtaíocht reatha
  14. Struchtúr bainistíochta sinsearacha le bheith freagrach as cur i bhfeidhm an Achta sna Comhlachtaí Poiblí
  15. An Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le bheith in úsáid do dhaoine ag soláthar seirbhísí stáit

"Níl aon amhras ar an gConradh ach go bhfuil dúshlán eile os ar gcomhair agus go mbeidh brú leanúnach ag teastáil le cinntiú go gcuirfear Plean Náisiúnta sásúil agus uaillmhianach le chéile agus go gcuirfear i bhfeidhm ina iomlán é, chomh maith leis na forálacha ar fad eile san áireamh san Acht a chur i bhfeidhm. Leanfaidh Conradh na Gaeilge ag brú leis seo a bhaint amach agus spreagfar rannpháirtíocht leanúnach ón bpobal.”


Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment