Tuít brónach! |
Os rud go bhfuil curam na Gaeltachta, Pobal na Gaeltachta agus an Teanga Náisiúnta faoin churam na Roinne, ceapfá ar a laghad go ndéanafai iarracht áirithe eolas ar a cuid ghnó a scaipeadh ar na meán sóisialta go dhá theangach. Ach níl mar a shíltear bítear.
Seo a thárla ó tus 2017 (1 - 18 Eanáir 2017):
Deireann Aire Heather Humphreys i ráiteas (nár scaipeadh ach an leagan Béarla de ar twitter ag an roinn!) go bhfuil "sainchúram fairsing iléagsúil ag mo Roinn, lena n-áirítear na healaíona, an oidhreacht agus an cultúr a chur chun cinn, tacú leis an nGaeilge agus le pobal na Gaeltachta, agus ceantar tuaithe na hÉireann a athbheochan."
Nach bhfuil teachtaireacht thar a bheith shoiléir agus láidir á léiriú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta sna meáin shóisialta?
Nach léiríonn sé firinne an ráiteas ag an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh anuireadh nuair a labhair sé faoi "Box-ticking!" (4/10/2016). Nó níos luaithe ag Seán Ó Cuirreáin nuair a dúirt sé go raibh "an státchóras le leanúint de bheith ag rá le pobal na Gaeltachta: 'Labhraígí Gaeilge le chéile ach ná labhraígí linne í.'" (24/1/2014).
No comments:
Post a Comment