20.4.10

Dlítheangeolaithe de dhith!

Cúrsa ullmhúcháin do chainteoirí Gaeilge ar mian leo cur isteach ar phoist mar dhlítheangeolaithe in Institiúidí na hEorpa

De bhrí go bhfuil stádas mar theanga oifigiúil agus oibre den Aontas Eorpach bainte amach ag an nGaeilge, beidh Institiúidí na hEorpa ag earcú dlítheangeolaithe sna blianta atá amach romhainn nach foláir dóibh ardleibhéal scileanna Gaeilge a bheith acu. Beidh cúrsa ullmhúcháin á reáchtáil ag Gaelchultúr Teoranta, i gcomhar le hÓstaí an Rí (Bearla), ó 7 Meitheamh ar aghaidh chun na scileanna cuí a mhúineadh dóibh siúd ar mian leo cur isteach ar na poist a bheidh ag teacht chun cinn sa Bhruiséil.

Mairfidh an cúrsa lánaimseartha seo, atá á mhaoiniú ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go dtí tús mhí Dheireadh Fómhair 2010 agus beidh sé ar siúl in ionad Óstaí an Rí ar Shráid Henrietta i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine a bhfuil céim dlí nó cáilíocht ghairmiúil dlí acu (BL nó Solr), mar aon le caighdeán maith Gaeilge scríofa. Beidh ar gach iarrthóir dul faoi thástáil teanga agus cuirfear torthaí na tástála seo san áireamh agus áiteanna á mbronnadh ar an gcúrsa. Ní bheidh aon táille le híoc ag na rannpháirtithe.

Ní mór d’iarratais ar áit ar chúrsa na bliana seo a bheith faighte ag Óstaí an Rí faoi 4.00 p.m., Dé hAoine, 7 Bealtaine 2010.

Tá bróisiúr ina bhfuil eolas mar gheall ar an gcúrsa, mar aon le foirm iarratais, le fáil ar shuíomh Óstaí an Rí (Béarla).
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment